10.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 157/1 |
TREOIR CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/905 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Meitheamh 2022
lena leasaítear Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a mhéid a bhaineann leis na prótacail chun scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (1), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a) agus pointe (b) de,
Ag féachaint do Threoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síol glasraí a mhargú (2), agus go háirithe Airteagal 7(2), pointe (a) agus pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Is é is aidhm do Threoracha 2003/90/CE (3) agus 2003/91/CE (4) ón gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonann na cineálacha speiceas plandaí talmhaíochta agus speiceas glasraí a chuireann na Ballstáit ina gcatalóga náisiúnta na prótacail a bhunaigh an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (CPVO). Go háirithe, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir leis na saintréithe atá le cumhdach mar íoscheanglas le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe speiceas plandaí talmhaíochta agus glasraí. I gcás na speiceas nach gcumhdaítear le prótacail CPVO, is é is aidhm do na Treoracha sin a áirithiú go gcomhlíonfar treoirlínte an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (“UPOV”). |
(2) |
Bhunaigh CPVO prótacail bhreise agus tá nuashonrú déanta aige ar na cinn atá ann cheana, go háirithe maidir le garbhfhéar, meidic na mbó, meidic ghainimh, tiomóid bheag, tiomóid, seamair dhearg, fíorchnáib, seagal, triteacál, biatas bán nó seardas, cabáiste saváí, cabáiste bán agus cabáiste dearg, siocaire duilleach, mealbhacán uisce, mealbhacán, finéal, leitís oigheargheal, tráta, spionáiste, agus fréamhstoic trátaí. Ba cheart na forbairtí sin a léiriú i ndlí an Aontais. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE a leasú dá réir. |
(4) |
Cuirfidh na Ballstáit na rialacha nua i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, i gcás cineálacha áirithe nár glacadh lena n-áireamh sa Chatalóg Choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta nó glasraí, cuireadh tús le scrúduithe oifigiúla, nach bhfuil tugtha chun críche go fóill, roimh an 1 Eanáir 2023 i gcomhréir le Treoir 2003/90/CE nó Treoir 2003/91/CE mar a bhí siad sular leasaíodh iad leis an Treoir seo. Ionas nach gcuirfear isteach ar na scrúduithe sin, ba cheart iad a bheith faoi réir na rialacha sin roimhe seo. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2003/90/CE
Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/90/CE.
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2003/91/CE
Cuirtear an téacs a leagtar amach i gCuid B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo in ionad na nIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2003/91/CE.
Airteagal 3
Trasuí
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl láithreach don Choimisiún. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
I gcás scrúduithe oifigiúla ar chineálacha a tosaíodh roimh an 1 Eanáir 2023 ach nach bhfuil tugtha chun críche go fóill, beidh feidhm ag Treoracha 2003/90/CE agus 2003/91/CE mar a bhí sular leasaíodh iad leis an Treoir seo maidir leis na scrúduithe sin.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Seolaithe
Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meitheamh 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 193, 20.7.2002, lch. 1.
(2) IO L 193, 20.7.2002, lch. 33.
(3) Treoir 2003/90/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/53/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 254, 8.10.2003, lch. 7).
(4) Treoir 2003/91/CE ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2003 lena leagtar amach bearta cur chun feidhme chun críoch Airteagal 7 de Threoir 2002/55/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na saintréithe íosta atá le cumhdach leis an scrúdú agus na coinníollacha íosta le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar chineálacha áirithe de speicis glasraí (IO L 254, 8.10.2003, lch. 11).
IARSCRÍBHINN
CUID A
“IARSCRÍBHINN I
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh (*1)
Ainm eolaíoch |
Ainm coiteann |
Prótacal CPVO |
Dactylis glomerata L. |
Garbhfhéar |
TP 31/1 an 25.3.2021 |
Festuca arundinacea Schreb. |
Feisciú ard |
TP 39/1 an 1.10.2015 |
Festuca filiformis Pourr. |
Feisciú sléibhe |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Festuca ovina L. |
Féar caorach |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Festuca pratensis Huds. |
Feisciú móinéir |
TP 39/1 an 1.10.2015 |
Festuca rubra L. |
Feisciú dearg |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Festuca trachyphylla (Hack.) Hack. |
Feisciú crua |
TP 67/1 an 23.6.2011 |
Lolium multiflorum Lam. |
Seagalach Iodálach ilbhláthach |
TP 4/2 an 19.3.2019 |
Lolium perenne L. |
Seagalach bhuan |
TP 4/2 an 19.3.2019 |
Lolium x hybridum Hausskn. |
Seagalach hibrideach |
TP 4/2 an 19.3.2019 |
Medicago sativa L. |
Meidic na mbó |
TP /6/1 an 22.12.2021 |
Medicago x varia T. Martyn |
Meidic ghainimh |
TP 6/1 an 22.12.2021 |
Phleum nodosum L. |
Tiomóid bheag |
TP 34/1 an 22.12.2021 |
Phleum pratense L. |
Tiomóid |
TP 34/1 an 22.12.2021 |
Pisum sativum L. (partim) |
Pis mhachaire |
TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 16.3.2020 |
Poa pratensis L. |
Cuise mín |
TP 33/1 an 15.3.2017 |
Trifolium pratense L. |
Seamair dhearg |
TP 5/1 an 22.12.2021 |
Vicia faba L. |
Pónaire mhachaire |
TP 8/1 an 19.3.2019 |
Vicia sativa L. |
Peasair chapaill |
TP 32/1 an 19.4.2016 |
Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb. |
Svaeid |
TP 89/1 an 11.3.2015 |
Raphanus sativus L. var. oleiformis Pers. |
Raidis farae |
TP 178/1 an 15.3.2017 |
Brassica napus L. (partim) |
Ráib svaeid |
TP 36/3 an 21.4.2020 |
Cannabis sativa L. |
Fíorchnáib |
TP 276/2 an 1.2.2022 |
Glycine max (L.) Merr. |
Pónaire shoighe |
TP 80/1 an 15.3.2017 |
Gossypium spp. |
Cadás |
TP 88/2 an 11.12.2020 |
Helianthus annuus L. |
Lus na gréine |
TP 81/1 an 31.10.2002 |
Linum usitatissimum L. |
Líon/Ros lín |
TP 57/2 an 19.3.2014 |
Sinapis alba L. |
Sceallagach |
TP 179/1 an 15.3.2017 |
Avena nuda L. |
Mionchoirce lom, coirce gan cháithleach |
TP 20/3 an 6.3.2020 |
Avena sativa L. (ina bhfuil A. byzantina K. Koch) |
Coirce agus coirce dearg |
TP 20/3 an 6.3.2020 |
Hordeum vulgare L. |
Eorna |
TP 19/5 an 19.3.2019 |
Oryza sativa L. |
Rís |
TP 16/3 an 1.10.2015 |
Secale cereale L. |
Seagal |
TP 58/1 Athbhreithniú an 27.4.2022 |
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor |
Sorgam |
TP 122/1 an 19.3.2019 |
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse |
Sorgam Súdánach |
TP 122/1 an 19.3.2019 |
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor x Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse |
Hibridí a eascraíonn as crosphórú Sorghum bicolor subsp. bicolor agus Sorghum bicolor subsp. drummondii |
TP 122/1 an 19.3.2019 |
xTriticosecale Wittm. ex A. Camus |
Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Triticum agus speicis den ghéineas Secale |
TP 121/3 an 27.4.2022 |
Triticum aestivum L. subsp. aestivum |
Cruithneacht |
TP 3/5 an 19.3.2019 |
Triticum turgidum L. subsp. durum (Desf.) van Slageren |
Cruithneacht chrua (dúram) |
TP 120/3 an 19.3.2014 |
Zea mays L. (partim) |
Arbhar Indiach |
TP 2/3 an 11.3.2010 |
Solanum tuberosum L. |
Práta |
TP 23/3 an 15.3.2017 |
IARSCRÍBHINN II
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh (*2)
Ainm eolaíoch |
Ainm coiteann |
Treoirlíne UPOV |
Beta vulgaris L. |
Biatas farae |
TG/150/3 an 4.11.1994 |
Agrostis canina L. |
Feorainn shlim |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Agrostis gigantea Roth |
Feorainn dhubh |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Agrostis stolonifera L. |
Muiríneach reatha |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Agrostis capillaris L. |
Feorainn mhín |
TG/30/6 an 12.10.1990 |
Bromus catharticus Vahl |
Brómas machaire |
TG/180/3 an 4.4.2001 |
Bromus sitchensis Trin. |
Brómas Alascach |
TG/180/3 an 4.4.2001 |
|
|
|
xFestulolium Asch. et Graebn. |
Hibridí a eascraíonn as crosphórú speicis den ghéineas Festuca agus speicis den ghéineas Lolium |
TG/243/1 an 9.4.2008 |
Lotus corniculatus L. |
Crobh éin |
TG 193/1 an 9.4.2008 |
Lupinus albus L. |
Lúipín bán |
TG/66/4 an 31.3.2004 |
Lupinus angustifolius L. |
Lúipín caol |
TG/66/4 an 31.3.2004 |
Lupinus luteus L. |
Lúipín buí |
TG/66/4 an 31.3.2004 |
Medicago doliata Carmign. |
Meidic spíondíreach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago italica (Mill.) Fiori |
Meidic dhioscach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago littoralis Rohde ex Loisel. |
Meidic chladaigh/Meidic thrá |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago lupulina L. |
Triuf |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago murex Willd. |
Meidic spíonach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago polymorpha L. |
Meidic leadánach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago rugosa Desr. |
Meidic rocach |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago scutellata (L.) Mill. |
Meidic sheilide/Meidic scéithe |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Medicago truncatula Gaertn. |
Meidic bharrscoite |
TG/228/1 an 5.4.2006 |
Trifolium repens L. |
Seamair bhán |
TG/38/7 an 9.4.2003 |
Trifolium subterraneum L. |
Seamair faoi thalamh |
TG/170/3 an 4.4.2001 |
Phacelia tanacetifolia Benth. |
Cloigín gorm Calafoirniach |
TG/319/1 an 5.4.2017 |
Arachis hypogaea L. |
Pis talún |
TG/93/4 an 9.4.2014 |
Brassica juncea (L.) Czern |
Praiseach dhonn |
TG/335/1 an 17.12.2020 |
Brassica rapa L. var. silvestris (Lam.) Briggs |
Ráib tornapa |
TG/185/3 an 17.4.2002 |
Carthamus tinctorius L. |
Cróch bréige |
TG/134/3 an 12.10.1990 |
Papaver somniferum L. |
Poipín |
TG/166/4 an 9.4.2014 |
CUID B
“IARSCRÍBHINN I
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), nach mór dóibh prótacail theicniúla CPVO a chomhlíonadh (*3)
Ainm eolaíoch |
Ainm coiteann |
Prótacal CPVO |
Allium cepa L. (grúpa Cepa) |
Oinniún agus Scailliún |
TP 46/2 an 1.4.2009 |
Allium cepa L. (grúpa Aggregatum) |
Seallóid |
TP 46/2 an 1.4.2009 |
Allium fistulosum L. |
Ciobúl |
TP 161/1 an 11.3.2010 |
Allium porrum L. |
Cainneann |
TP 85/2 an 1.4.2009 |
Allium sativum L. |
Gairleog |
TP 162/1 Ceartaithe an 25.3.2004 |
Allium schoenoprasum L. |
Síobhas |
TP 198/2 an 11.3.2015 |
Apium graveolens L. |
Soilire |
TP 82/1 an 13.3.2008 |
Apium graveolens L. |
Soiliriac |
TP 74/1 an 13.3.2008 |
Asparagus officinalis L. |
Lus súgach |
TP 130/2 an 16.2.2011 |
Beta vulgaris L. |
Biatas lena n-áirítear biatas Cheltenham |
TP 60/1 an 1.4.2009 |
Beta vulgaris L. |
Biatas bán nó Seardas |
TP 106/2 an 14.4.2021 |
Brassica oleracea L. |
Cál catach |
TP 90/1 an 16.2.2011 |
Brassica oleracea L. |
Cóilis |
TP 45/2 Athbhreithniú 2 an 21.3.2018 |
Brassica oleracea L. |
Brocailí nó brocailí Calabrach |
TP 151/2 Athbhreithniú 2 an 21.4.2020 |
Brassica oleracea L. |
Bachlóga Bruiséile |
TP 54/2 Athbhreithniú an 15.3.2017 |
Brassica oleracea L. |
Cálráib |
TP 65/1 Athbhreithniú an 15.3.2017 |
Brassica oleracea L. |
Cabáiste saváí, cabáiste bán agus cabáiste dearg |
TP 48/3 Athbhreithniú 2 an 25.3.2021 |
Brassica rapa L. |
Cabáiste Síneach |
TP 105/1 an 13.3.2008 |
Capsicum annuum L. |
Sillí nó piobar |
TP 76/2 Athbhreithniú 2 Ceartaithe an 21.4.2020 |
Cichorium endivia L. |
Searbhán cas agus searbhán muc |
TP 118/3 an 19.3.2014 |
Cichorium intybus L. |
Siocaire tionsclaíoch |
TP 172/2 an 1.12.2005 |
Cichorium intybus L. |
Siocaire duilleach |
TP 154/1 Athbhreithniú 2 Ceartaithe an 14.4.2021 |
Cichorium intybus L. |
Siocaire bánduille |
TP 173/2 an 21.3.2018 |
Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. et Nakai |
Mealbhacán uisce |
TP 142/2 Athbhreithniú an 14.4.2021 |
Cucumis melo L. |
Mealbhacán |
TP 104/2 Athbhreithniú 2 an 25.3.2021 |
Cucumis sativus L. |
Cúcamar agus gircín |
TP 61/2 Athbhreithniú 2 an 19.3.2019 |
Cucurbita maxima Duchesne |
Gurd |
TP 155/1 an 11.3.2015 |
Cucurbita pepo L. |
Mearóg nó cúirséad |
TP 119/1 Athbhreithniú an 19.3.2014 |
Cynara cardunculus L. |
Bliosán cruinn agus cardún |
TP 184/2 Athbhreithniú an 6.3.2020 |
Daucus carota L. |
Cairéad agus cairéad farae |
TP 49/3 an 13.3.2008 |
Foeniculum vulgare Mill. |
Finéal |
TP 183/2 an 14.4.2021 |
Lactuca sativa L. |
Leitís |
TP 13/6 Athbhreithniú 3 an 27.4.2022 |
Solanum lycopersicum L. |
Tráta |
TP 44/4 Athbhreithniú 5 an 14.4.2021 |
Petroselinum crispum (Mill.) Nyman ex A. W. Hill |
Peirsil |
TP 136/1 Ceartaithe an 21.3.2007 |
Phaseolus coccineus L. |
Pónaire reatha |
TP 9/1 an 21.3.2007 |
Phaseolus vulgaris L. |
Mionphónaire Fhrancach agus pónaire Fhrancach dhreaptha |
TP 12/4 an 27.2.2013 |
Pisum sativum L. (partim) |
Pis rocach, pis chruinn agus pis mhilis |
TP 7/2 Athbhreithniú 3 Ceartaithe an 16.3.2020 |
Raphanus sativus L. |
Raidis, meacan dubh |
TP 64/2 Athbhreithniú Ceartaithe an 11.3.2015 |
Rheum rhabarbarum L |
Biabhóg |
TP 62/1 an 19.4.2016 |
Scorzonera hispanica L. |
Salsabh dubh |
TP 116/1 an 11.3.2015 |
Solanum melongena L. |
Ubhthoradh |
TP 117/1 an 13.3.2008 |
Spinacia oleracea L. |
Spionáiste |
TP 55/5 Athbhreithniú 4 an 27.4.2022 |
Valerianella locusta (L.) Laterr. |
Sailéad uain nó ceathrú uain |
TP 75/2 an 21.3.2007 |
Vicia faba L. (partim) |
Pónaire leathan |
TP 206/1 an 25.3.2004 |
Zea mays L. (partim) |
Grán milis agus grán rósta |
TP 2/3 an 11.3.2010 |
Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner; Solanum lycopersicum L. x Solanum peruvianum (L.) Mill.; Solanum lycopersicum L. x Solanum cheesmaniae (L. Ridley) Fosberg; Solanum pimpinellifolium L. x Solanum habrochaites S. Knapp & D.M. Spooner |
Fréamhstoic trátaí |
TP 294/1 Athbhreithniú 5 an 14.4.2021 |
Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne |
Hibridí idirspeiceasacha de Cucurbita maxima Duchesne x Cucurbita moschata Duchesne lena n-úsáid mar fhréamhstoic |
TP 311/1 an 15.3.2017 |
IARSCRÍBHINN II
Liosta speiceas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), nach mór dóibh treoirlínte tástála UPOV a chomhlíonadh (*4)
Ainm eolaíoch |
Ainm coiteann |
Treoirlíne UPOV |
Brassica rapa L. |
Tornapa |
TG/37/10 an 4.4.2001 |
(*1) Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).
(*2) Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).
(*3) Tá téacs na bprótacal sin le fáil ar shuíomh gréasáin CPVO (www.cpvo.europa.eu).
(*4) Tá téacs na dtreoirlínte sin le fáil ar shuíomh gréasáin UPOV (www.upov.int).