16.5.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 137/1


TREOIR (AE) 2022/738 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Aibreán 2022

lena leasaítear Treoir 2006/1/CE maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I dTreoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) déantar foráil maidir le híosleibhéal oscailt an mhargaidh a mhéid a bhaineann le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar.

(2)

Trí fheithiclí fruilithe a úsáid is féidir na costais ar ghnóthais as earraí a iompar ar a gcuntas féin nó ar fruiliú nó ar luaíocht a laghdú, agus is féidir cur lena solúbthacht oibríochtúil san am céanna. Dá bhrí sin, is féidir rannchuidiú le táirgiúlacht agus iomaíochas na ngnóthas lena mbaineann a mhéadú. Anuas air sin, ós rud é, de ghnáth, gur níos nua na feithiclí fruilithe ná an mheán sa fhlít, ar an meán is sábháiltí iad agus is lú an truailliú á dhéanfaidh siad.

(3)

Faoi Threoir 2006/1/CE ní féidir le gnóthais leas iomlán a bhaint as na buntáistí a bhaineann le feithiclí fruilithe a úsáid. Leis an Treoir sin ceadaítear do na Ballstáit srian a chur le húsáid feithiclí fruilithe ag gnóthais atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach, feithiclí ar mó ná sé thona a meáchan ualaithe incheadaithe iomlán le haghaidh oibríochtaí iompair ar a gcuntas féin. Thairis sin, ní cheanglaítear ar na Ballstáit úsáid feithiclí fruilithe ar a gcríoch féin a cheadú i gcás inar cláraíodh an fheithicil nó inar cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige.

(4)

Ionas gur mó an leas a fhéadfaidh gnóthais a bhaint as na buntáistí a ghabhann le feithiclí fruilithe a úsáid, ba cheart an deis a bheith acu feithiclí arna bhfruiliú in aon Bhallstát a úsáid seachas feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát bunaíochta na ngnóthas sin amháin. Le féidearthacht den sórt sin, d’fhágfadh sin, go háirithe, gurbh fhusa dóibh freastal ar bhuaicphointí éilimh gearrthéarmacha, séasúracha nó sealadacha nó feithiclí lochtacha nó damáistithe a athsholáthar, agus, ag an am céanna, comhlíonadh na gceanglas sábháilteachta is gá a áirithiú agus dálaí oibre leordhóthanacha do thiománaithe a áirithiú.

(5)

Níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit srian a chur, ar a gcríocha faoi seach, le húsáid feithicle arna fruiliú ag gnóthas atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile, i gcás inar cláraíodh an fheithicil nó inar cuireadh i gcúrsaíocht í i gcomhréir leis na dlíthe, na ceanglais sábháilteachta agus na caighdeáin éigeantacha eile is infheidhme i mBallstát agus, más feithicil í lena gceanglaítear cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), gur údaraíodh í lena húsáid ag Ballstát bunaíochta an ghnóthais trí bhíthin na cóipe dílse deimhnithe sin.

(6)

Chun soláthar fianaise ábhartha a shimpliú, ba cheart do na Ballstáit doiciméid i bhfoirm leictreonach a aithint freisin mar mhodh chun a chruthú go gcomhlíontar Treoir 2006/1/CE.

(7)

Tá difear mór fós idir na leibhéil chánach ar iompar de bhóthar atá i bhfeidhm ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, tá údar maith fós le srianta áirithe, lena ndéantar difear go hindíreach freisin don tsaoirse chun seirbhísí fruilithe feithiclí a chur ar fáil, tá údar maith leo fós d’fhonn saobhadh fioscach a sheachaint. Dá thoradh sin, ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit teorainn a chur leis an bhfad ama a fhéadfaidh gnóthas atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach úsáid a bhaint as feithicil fruilithe arna clárú nó arna cur i gcúrsaíocht i mBallstát eile. Ós rud é nach gcomhchuibhítear leis an Treoir seo an cánachas náisiúnta maidir le feithiclí agus go bhfuil nasc idir na rialacha maidir le clárú feithiclí agus cánachas feithiclí, ba cheart an rogha a bheith ag na Ballstáit clárú na feithicle fruilithe a cheangal, ar choinníoll gur féidir leis an bhfeithicil gluaiseacht ar feadh 30 lá ar a laghad sula dtiocfaidh na ceanglais sin chun bheith infheidhme. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit freisin teorainn a chur le líon na bhfeithiclí den sórt sin arna bhfruiliú ag gnóthas atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach. Níor cheart go mbeadh an teorainn sin níos ísle ná sciar áirithe den líon feithiclí atá ar fáil don ghnóthas arna ríomh gan feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát eile agus gan a bheith cláraithe i mBallstát bunaíochta an ghnóthais a áireamh.

(8)

Chun forfheidhmiú srian ag Ballstát, ar úsáid feithiclí fruilithe ag gnólacht arna bhunú ar a chríoch, ar feithiclí fruilithe iad a cláraíodh nó a cuireadh i gcúrsaíocht, a fheabhsú, i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile, ba cheart cead a bheith ag an mBallstát bunaíochta a cheangal nach mbeidh fad an chonartha fruilithe níos faide ná an fad ama a cheadaítear chun an fheithicil lena mbaineann a úsáid. Is féidir an bhailíocht a ghabhann le cóipeanna dílse deimhnithe den cheadúnas Comhphobail arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 a theorannú don tréimhse a chomhfhreagraíonn d’fhad an chonartha fruilithe. Is féidir freisin cláruimhir na feithicle fruilithe a chur in iúl ar na cóipeanna dílse deimhnithe sin.

(9)

Níor cheart, trí fheithiclí fruilithe a chur i gcúrsaíocht, bac a chur ar an bhfaireachán agus an rialú a dhéantar ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí iompair arna ndéanamh ag gnóthais i mBallstáit seachas a mBallstát bunaíochta. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá na huimhreacha clárúcháin feithiclí atá ar fáil do ghnóthas iompair le bheith i gcláir leictreonacha náisiúnta. Ba cheart a áireamh leis sin freisin aon fheithiclí arna bhfruiliú i mBallstát seachas i mBallstát bunaíochta an ghnóthais. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 freisin d’inrochtaineacht na sonraí atá sna cláir leictreonacha náisiúnta ag údaráis inniúla Ballstát eile. Ba cheart a bheith in ann cuardaigh spriocdhírithe a dhéanamh sna cláir leictreonacha náisiúnta maidir le feithiclí a bhfuil cláruimhreacha acu arna n-eisiúint ag Ballstáit seachas an Ballstát bunaíochta.

(10)

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an oibleagáid cláruimhir feithicle fruilithe arna húsáid ag gnóthas a ghabhann d’iompar earraí de bhóthar ar fruilliú nó ar luaíocht a iontráil sna cláir leictreonacha náisiúnta ar bhealach aonfhoirmeach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a bhaineann leis na híoscheanglais maidir leis na sonraí atá le clárú sna cláir leictreonacha náisiúnta. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(11)

Chun gur féidir oibríochtaí iompair ar a gcuntas féin a dhéanamh ar bhonn níos éifeachtúla, níor cheart cead a bheith ag na Ballstáit a thuilleadh srian a chur leis an bhféidearthacht feithiclí fruilithe a úsáid faoi chomhair oibríochtaí den sórt sin. Mar sin féin, chun saincheisteanna fioscacha a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht arb í srian a chur le húsáid feithiclí fruilithe faoi chomhair oibríochtaí iompair ar a gcuntas féin a choimeád d’fheithicil atá cláraithe lasmuigh de Bhallstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil feithiclí á n-úsáid aige.

(12)

Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus iarmhairtí Threoir 2006/1/CE agus tuarascáil a tharraingt suas 4 bliana i ndiaidh dháta thrasuí na Treorach seo ar a dhéanaí. Ba cheart aird chuí a thabhairt sa tuarascáil sin ar thionchar na Treorach seo ar shábháilteacht ar bhóithre, ar an gcomhshaol trí thagairt d’athruithe ar aois agus ar chineál-chomhdhéanamh na gcabhlach feithiclí, agus ar ioncaim chánach, ag féachaint go háirithe don údar atá leis na srianta dá bhforáiltear sa Treoir seo. Ba cheart a mheas sa tuarascáil freisin an raibh deacrachtaí i ndáil le forfheidhmiú na Treorach seo ag baint lena cur chun feidhme, forfheidhmiú rialacha cabatáiste san áireamh. I bhfianaise na tuarascála sin, ba cheart don Choimisiún a mheas an gá gníomhaíocht a dhéanamh sa réimse sin amach anseo.

(13)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr nádúr trasteorann an iompair de bhóthar agus na saincheisteanna ar de chúram na Treorach seo iad, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2006/1/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2006/1/CE mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“1.   Ceadóidh gach Ballstát ar a chríoch féin úsáid feithiclí arna bhfruiliú ag gnóthais atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile ar choinníoll:”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

tá an fheithicil cláraithe nó curtha i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe aon Bhallstáit agus, más infheidhme, úsáidtear í i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009 (*1) agus (CE) Uimh. 1072/2009 (*2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51)."

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).”;"

(b)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

“2.   Soláthrófar cruthúnas ar chomhlíonadh na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d), trí na doiciméid seo a leanas a thíolacadh ar pháipéar nó i bhfoirm leictreonach, a bheidh ar bord na feithicle:”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh gnóthais atá bunaithe ar a gcríocha faoi seach feithiclí fruilithe a úsáid chun earraí a iompar de bhóthar faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le feithiclí ar leo féin iad, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 2.

2.   I gcás ina ndéantar feithicil fhruilithe a chlárú nó a chur i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe Ballstáit eile, féadfaidh Ballstát bunaíochta an ghnóthais iompair de bhóthar:

(a)

teorainn ama a chur le húsáid na feithicle fruilithe ar a chríoch ar choinníoll go gceadófar don ghnóthas iompair de bhóthar céanna an fheithicil fhruilithe a úsáid ar feadh tréimhse 2 mhí, ar a laghad, i ndiaidh a chéile in aon bhliain féilire ar leith; sa chás sin, féadfaidh an Ballstát a cheangal nach mairfidh an conradh fruilithe níos faide ná an teorainn ama arna socrú ag an mBallstát sin;

(b)

a cheangal go gclárófar an fheithicil fhruilithe i gcomhréir lena rialacha náisiúnta clárúcháin tar éis tréimhse nach lú ná 30 lá; féadfaidh an Ballstát a cheangal sa chás sin nach mairfidh an conradh fruilithe níos faide ná an tréimhse cúrsaíochta roimh an gceanglas clárúcháin;

(c)

teorainn a chur le líon na bhfeithiclí fruilithe a fhéadfaidh gnóthas a úsáid ar choinníoll go gceadófar líon íosta feithiclí arb é 25 % ar a laghad den fhlít feithiclí earraí atá ar fáil don ghnóthas de bhun Airteagal 5(1), pointe (g), de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 an 31 Nollaig den bhliain roimh úsáid na feithicle fruilithe nó ar an lá a thosaigh an gnóthas ag úsáid na feithicle fruilithe, de réir mar a chinnfidh an Ballstát; i gcás gnóthas a bhfuil flít níos mó ná feithicil amháin agus níos lú ná ceithre fheithicil ina iomláine aige, áfach, féadfaidh sé feithicil amháin ar a laghad den sórt sin a úsáid; i gcomhréir leis an bpointe sin tagraíonn an líon íosta don fhlít feithiclí earraí atá ar fáil don ghnóthas ar bhonn na bhfeithiclí a cláraíodh nó a cuireadh i gcúrsaíocht i gcomhréir le dlíthe an Bhallstáit sin;

(d)

teorainn a chur le húsáid na bhfeithiclí sin le haghaidh oibríochtaí iompair ar a gcuntas féin.”;

(3)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 3a

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear sa chlár leictreonach náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 cláruimhir feithicle fruilithe arna húsáid ag gnóthas a ghabhann d’iompar earraí de bhóthar ar fruiliú nó ar luaíocht.

2.   Comhoibreoidh údaráis inniúla na mBallstát i ndlúthchomhar le chéile agus tabharfaidh siad cúnamh frithpháirteach agus aon fhaisnéis ábhartha eile dá chéile gan mhoill chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú na Treorach seo a éascú. Chuige sin, ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta a bheidh freagrach as faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit eile.

3.   Déanfar malartú na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 tríd an gClár Eorpach de Ghnóthais Iompair de Bhóthar (ERRU) arna sonrú le Rialachán cur Chun Feidhme (AE) 2016/480 ón gCoimisiún (*3).

4.   Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil de bhun an Airteagail seo ach maidir leis na hábhair ar iarradh í ina leith. Aon phróiseáil a dhéanfar ar shonraí pearsanta, is chun críoch na Treorach seo a chomhlíonadh amháin a dhéanfar í agus, leis an bpróiseáil sin, comhlíonfar Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4).

5.   Cuirfear comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach ar fáil saor in aisce.

6.   Ní chuirfidh iarraidh ar fhaisnéis bac ar na húdaráis inniúla bearta a dhéanamh i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta chun sáruithe líomhnaithe ar rialacha arna n-eascairt as trasuí na Treorach seo a imscrúdú agus a chosc.

7.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh próiseáil na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16(2), pointe (g), de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 mar a shonraítear in Airteagal 16(2), an tríú agus an cúigiú fomhír, agus in Airteagal 16(3) agus (4) den Rialachán sin.

8.   Tráth nach déanaí ná 14 mhí tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le foirmle chomhchoiteann a bhunú chun an rátáil riosca dá dtagraítear in Airteagal 9(1), an dara fomhír, de Threoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5) a ríomh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagtar síos na híoscheanglais a bhaineann leis na sonraí atá le hiontráil sna cláir leictreonacha náisiúnta chun idirnascadh na gclár a chumasú, agus chun na feidhmiúlachtaí atá riachtanach chun an fhaisnéis sin a dhéanamh inrochtana do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair. Leis na híoscheanglais agus na feidhmiúlachtaí sin, déanfar na híoscheanglais agus na feidhmiúlachtaí a bhunaítear de bhun Airteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 a chomhlíonadh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 5b(2) den Treoir seo.

9.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na sonraí dá dtagraítear sa chéad mhír inrochtana do na húdaráis inniúla le linn seiceálacha cois bóthair.

(*3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/480 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2016 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna a bhaineann le hidirnascadh na gclár leictreonach náisiúnta ar ghnóthais iompair de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh 1213/2010 (IO L 87, 2.4.2016, lch. 4)."

(*4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1)."

(*5)  Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh.165/2014 agus Treoir 2002/15/CE a mhéid a bhaineann le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar, agus lena n-aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).”."

(4)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 5a

Faoin 7 Lúnasa 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme agus iarmhairtí na Treorach seo. Áireofar sa tuarascáil sin faisnéis faoi úsáid feithiclí arna bhfruiliú i mBallstát eile seachas Ballstát bunaíochta an ghnóthais a bhfuil an fheithicil fruilithe aige. Tabharfar aird sa tuarascáil sin freisin ar na tionchair ar shábháilteacht ar bhóithre, ar an gcomhshaol, ar ioncam cánach agus ar fhorfheidhmiú na rialacha cabatáiste i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009. Ar bhonn na tuarascála sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú arís an gá bearta forlíontacha a mholadh.

Airteagal 5b

1.   Déanfaidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7).

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

(*6)  Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1)."

(*7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).”."

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 6 Lúnasa 2023. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh in Strasbourg, 6 Aibreán 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)   IO C 129, 11.4.2018, lch. 71.

(2)   IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2019 (IO C 411, 27.11.2020, p. 258) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 20 Nollaig 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (IO L 33, 4.2.2006, lch. 82).

(5)  Rialachán (CE) Uimh 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).