9.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/141


MOLADH (AE) 2022/2415 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2022

maidir leis na treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 182(5) agus an chéad abairt agus an dara habairt d’Airteagal 292 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Aibreán 2008, ghlac an Coimisiún Moladh 2008/416/CE (1) a bhaineann le bainistiú maoine intleachtúla i ngníomhaíochtaí i ndáil le faisnéis a mhalartú agus maidir le Cód Cleachtais d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí eile um thaighde poiblí. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an Moladh sin agus an Cód Cleachtais agus thacaigh sí leo ina Rún an 30 Bealtaine 2008 (2). Leis an Moladh sin agus leis an gCód Cleachtais le chéile spreagadh go leor táirgeoirí eolais a mhaoinítear go poiblí. Rinne roinnt Ballstát infheistíochtaí straitéiseacha i mbonneagair agus seirbhísí aistrithe eolais, amhail oifigí aistrithe teicneolaíochta agus idirghabhálaithe eile, agus chuir cuid díobh beartais a bhaineann go sonrach le maoin intleachtúil chun feidhme. Forbraíodh tuilleadh gníomhaíochtaí lena gcuirtear aistriú eolais chun cinn ar leibhéal an Aontais mar chuid den Aontas Nuálaíochta (2010).

(2)

Meastar sna conclúidí ón gComhairle an 29 Bealtaine 2018 maidir le “Dlús a chur le cúrsaíocht eolais san Aontas”, nach mór don Aontas lánúsáid a bhaint as an eolas ábhartha eolaíoch agus teicneolaíoch a tháirgeann sé agus féachaint chuige go dtarlaíonn aistriú níos éifeachtaí ar a mbíonn de thorthaí ar thionscnaimh thaighde agus nuálaíocht (T&N) chuig an tsochaí agus chuig earnáil na tionsclaíochta chun tionchar na hinfheistíochta T&N a uasmhéadú. D’iarr an Chomhairle freisin ar na Ballstáit dlús a chur lena ndua maidir le scrúdú agus comhroinnt na ndea-chleachtas faoi aistriú eolais agus d’iarr sí ar an gCoimisiún straitéis le haghaidh scaipeadh agus úsáid a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun infhaighteacht agus úsáid thorthaí tionscadail T&N a mhéadú a thuilleadh agus dlús a chur leis an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu.

(3)

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal A New Industrial Strategy for Europe (Straitéis Thionsclaíoch nua don Eoraip) agus san uasdátú a rinneadh uirthi in 2021, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le bainistiú maoine intleachtúla, go háirithe feasacht an phobail taighde ar mhaoin intleachtúil a mhúscailt, agus fógraíodh straitéis maidir le caighdeánú chun tacú le seasamh níos ceannasaí maidir le leasanna an Aontais. Ar phríomhthosaíochtaí Phlean Gníomhaíochta an Aontais an 25 Samhain 2020 (3) maidir le maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais, áirítear úsáid agus imlonnú éifeachtach maoine intleachtúla a chur chun cinn agus rochtain níos éasca ar shócmhainní atá faoi chosaint maoine intleachtúla agus comhroinnt na sócmhainní sin a áirithiú in aimsir géarchéime.

(4)

I Straitéis an Aontais um Chaighdeánú, leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le feasacht straitéiseach maidir le caighdeánú a ardú i measc taighdeoirí agus nuálaithe, agus an pobal taighde agus nuálaíochta a mhealladh go luath sa chaighdeánú, mar bhealach chun saineolas agus scileanna ábhartha a fhorbairt. Luaitear sa Straitéis freisin go bhforbróidh an Coimisiún Cód Cleachtais do thaighdeoirí maidir le caighdeánú chun an nasc idir caighdeánú agus T&N a neartú.

(5)

Sna conclúidí ón gComhairle an 1 Nollaig 2020 maidir leis an “Limistéar Eorpach Taighde Nua”, aithníodh go raibh gá le hiarrachtaí breise chun sócmhainní intleachtúla agus eolaíocha an Aontais a thiontú ina dtáirgí agus ina seirbhísí nua a chomhlíonann éilimh na sochaí. Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an tionscnamh ón gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Mholadh 2008/416/CE, i gcomhréir leis an Straitéis Thionsclaíoch nua don Eoraip.

(6)

Sna conclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2021 maidir leis “an Limistéar Eorpach Taighde Nua a Dhoimhniú: gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú”, cuireadh i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacú le hathchóirithe sna córais náisiúnta taighde chun tarraingteacht gairmeacha taighde a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht sna leibhéil luacha saothair agus, san am céanna, feabhas a chur ar na córais luaíochta agus mheasúnaithe.

(7)

I Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle (4) maidir le “Comhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip”, sainaithnítear luachshocrú eolais mar cheann de na réimsí tosaíochta le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach chun tacú leis an limistéar Eorpach taighde (LET). Aithnítear leis an gComhshocrú sin freisin cruthú luacha agus tionchar sochaíoch agus eacnamaíoch mar chuid de shraith choiteann luachanna agus prionsabal le haghaidh T&N san Aontas ar cheart do na Ballstáit iad a chur san áireamh agus a gcórais T&N á bhforbairt acu.

(8)

Cuimsítear i gClár Oibre Beartais LET do 2022-2024 atá i gceangal leis na conclúidí ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir le “Rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde amach anseo” gníomh chun an treoir a thugann an tAontas a uasghrádú ar mhaithe le luachshocrú eolais níos fearr. Is é an chéad toradh a bheidh air sin Treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais a fhorbairt agus a fhormhuiniú. Áirítear leis an ngníomhaíocht sin freisin Cód Cleachtais a fhorbairt maidir le húsáid chliste maoine intleachtúla agus Cód Cleachtais do thaighdeoirí maidir le caighdeánú chun treoir níos mionsonraithe a sholáthar faoi conas gnéithe áirithe de luachshocrú eolais a chur chun feidhme.

(9)

Modh caighdeánach í an eolaíocht oscailte, ar cur chuige í i leith an phróisis atá bunaithe ar obair chomhoibríoch oscailte, uirlisí agus scaipeadh eolais, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlamaint na hEorpa agus ón gComhairle (5) chun oibriú faoi chreatchláir an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht agus sainaithnítear í mar réimse tosaíochta eile le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach í a leagtar amach i Moladh (AE) 2021/2122. Le Moladh ón gCoimisiún (AE) 2018/790 (6), moltar do na Ballstáit beartais náisiúnta a leagan amach agus a chur chun feidhme maidir le foilseacháin eolaíochta a scaipeadh agus rochtain oscailte orthu agus maidir le sonraí taighde a bhainistiú, go háirithe tríd an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte. I dtuarascáil dheiridh an Ardáin Beartais le haghaidh Eolaíocht Oscailte (7) liostaítear an fheasacht ar luach maoine intleachtúla agus ar bhainistiú sócmhainní maoine intleachtúla i measc na ngnéithe nach mór iad a chur san áireamh i gcóras comhroinnte taighde don nuálaíocht. Sna conclúidí ón gComhairle an 10 Meitheamh 2022 maidir le “Measúnú ar Thaighde agus cur chun feidhme na hEolaíochta Oscailte”, tugtar le fios gur cheart luachshocrú eolais, inter alia, a chuimsiú in éabhlóid na gcóras measúnaithe taighde san Eoraip.

(10)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal “A European strategy for data” (Straitéis Eorpach maidir le Sonraí), spreagtar daoine chun an deis atá á soláthar le sonraí ar mhaithe leis an leas sóisialta agus eacnamaíoch a thapú agus meastar gur cheart an acmhainn sonraí a chur ag obair chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais daoine aonair agus, ar an dóigh sin, luach a chruthú don gheilleagar agus don tsochaí. Is féidir buntáistí ollmhóra a sholáthar leis an nuálaíocht sonraíbhunaithe do shaoránaigh, mar shampla trí chógais phearsantaithe fheabhsaithe, soghluaisteacht nua, agus tríd an méid a chuirfidh sí leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

(11)

Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 dar teideal “Better regulation: Joining forces to make better laws” (Rialáil níos fearr: Teacht le chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh), léirítear go bhfuil fianaise eolaíoch ar cheann de bhunchlocha na rialála níos fearr, go bhfuil sí ríthábhachtach chun cur síos cruinn a dhéanamh ar an bhfadhb, chun fíorthuiscint a fháil ar chúisíocht agus dá bhrí sin ar loighic idirghabhála; agus chun tionchar a mheas. Ní féidir taighde ardchaighdeáin a dhéanamh laistigh de thréimhse fhíorghearr ama, mar sin ní mór a áirithiú go bhfuil fianaise ábhartha ar fáil nuair is gá chun riachtanais na fianaise a réamh-mheas agus a chomhordú ar bhealach níos fearr. Ciallaíonn sé freisin an pobal taighde a shlógadh agus a mhealladh ar bhealach níos fearr sa phróiseas rialála.

(12)

Tá cothú scileanna trasnaí amhail fiontraíocht, cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil agus rannpháirtíocht shibhialta i measc chuspóirí na dTeachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, maidir le “straitéis Eorpach d’ollscoileanna” agus maidir leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht. Le creat straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO), cuirtear comhoibriú agus piarfhoghlaim idir na Ballstáit agus príomh-gheallsealbhóirí chun cinn, mar shampla i bhfoirm meithleacha.

(13)

Tá athrú as cuimse tagtha ar an éiceachóras T&N ó bhí Moladh 2008/416/CE ann, moladh a bhí dírithe go príomha ar eagraíochtaí taighde phoiblí (8). Teastaíonn nuashonrú, chun díriú ar luach na sócmhainní eolais go léir a chruthaíonn cineálacha éagsúla gníomhaithe a uasmhéadú in éiceachóras dinimiciúil T&N. Ní mór aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus forbairtí nua, amhail luachshlabhraí eolais atá ag éirí níos casta i gcónaí, deiseanna nua margaidh arna gcruthú le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, cineálacha nua comhoibrithe idir an lucht tionscail agus an lucht acadúil agus idir an earnáil phoiblí agus an lucht tionscail agus rannpháirtíocht na saoránach, chomh maith le cur isteach agus cómhalartacht eachtrach i mbainistiú sócmhainní intleachtúla i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta T&N.

(14)

Ba cheart éagsúlacht na mbealaí agus na n-uirlisí luachshocraithe eolais (9) a léiriú chun aghaidh a thabhairt ar inbhuanaitheacht, ar dhúshláin shóisialta agus ar thosaíochtaí beartais earnála eile agus chun comhoibrithe ildisciplíneacha a spreagadh, ní hamháin laistigh de réimse traidisiúnta an aistrithe eolais i réimsí teicneolaíochta, ach freisin a bhaineann le disciplíní amhail na heolaíochtaí sóisialta, na daonnachtaí agus na healaíona, lena n-áirítear féachaint ar na hidirnaisc idir beartais shóisialta agus beartais chomhshaoil nó idir beartais eacnamaíocha agus chomhshaoil.

(15)

Ba cherat é a bheith d’aidhm ag treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais líne choiteann a ghlacadh maidir le bearta agus tionscnaimh bheartais chun luachshocrú eolais san Aontas a fheabhsú, go háirithe tríd an méid seo a leanas: (a) raon feidhme na ngníomhaithe agus na ngníomhaíochtaí a leathnú i gcomparáid le Moladh 2008/416/CE ón gCoimisiún; (b) a thabhairt le tuiscint go ndírítear ar éiceachóras T & N ina iomláine agus ar a naisc, ar chomhchruthú idir gníomhaithe agus ar luach sochaíoch a chruthú; (c) a raon feidhme a leathnú chun bainistiú sócmhainní intleachtúla a áireamh agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé cultúr, cleachtais agus scileanna fiontraíochta a fhorbairt; agus (d) béim a leagan ar riachtanais nua chun tionchar T&N a mhéadú, amhail aghaidh a thabhairt ar dhúshláin bheartais nua agus leanúnacha, rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú agus dea-chleachtais a chomhroinnt i measc gníomhaithe éagsúla T&N.

(16)

Is mar seo a leanas ba cheart na príomhchoincheapa sna treoirphrionsabail le haghaidh luachshocrú eolais a shainmhíniú:

Is éard is luachshocrú eolais ann an próiseas chun luach sóisialta agus eacnamaíoch a chruthú ó eolas trí réimsí agus earnálacha éagsúla a nascadh lena chéile agus trí shonraí, fios gnó agus torthaí taighde a aistriú go táirgí, seirbhísí, réitigh agus polasaithe eolasbhunaithe a théann chun tairbhe don tsochaí. Trí dhíriú ar luachshocrú eolais, is gá raon feidhme Mholadh 2008/416/CE a leathnú, chun éiceachóras iomlán T&N agus a ghníomhaithe, atá ag dul in éagsúlacht, a chuimsiú.

Is éard is luachshocrú eolais ann, aistriú paraidíme lena dtugtar isteach gnéithe nua lena n-uasmhéadófar luach T&I, agus na sócmhainní eolais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear eolas intuigthe, is éard is eolas intuigthe ann ná aon eolas nach féidir a chódú agus a tharchur mar fhaisnéis trí dhoiciméadú, páipéir acadúla, léachtaí, comhdhálacha nó bealaí cumarsáide eile. Aistrítear eolas den sórt sin ar bhealach níos éifeachtaí i measc daoine aonair a bhfuil comhthéacs sóisialta agus gaireacht fhisiceach choiteann acu (10). Beidh tairbhí don cheapadh beartas mar thoradh ar luachshocrú eolais chomh maith le bealaí nua chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar T&N trí tháscairí agus uirlisí tomhais a fhorbairt. Beidh tionchar aige ar mhaoiniú T&N agus cuirfidh sé luach le heolaíocht agus le taighde agus lena dtorthaí. Maidir leis an luachshocrú eolais, teastaíonn rannpháirtíocht na ngníomhaithe san éiceachóras T&N agus na n-úsáideoirí/na dtairbhithe eolais agus nuálaíochta, béim ar leith á leagan ar úsáid agus ar athúsáid agus ar mhalartú an eolais i measc earnálacha éagsúla chun leas na sochaí. Mar sin, is coincheap é atá níos leithne ná scaipeadh a bhaineann le heolas agus torthaí a chur in iúl agus a dhéanamh inrochtana. Ar deireadh, táthar ag súil go rannchuideoidh an luachshocrú eolais le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ó na Náisiún Aontaithe (11) agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Meastar go gcuimsíonn sócmhainní intleachtúla aon torthaí, seirbhísí nó táirgí a ghintear le haon ghníomhaíochtaí T&N, amhail paitinní, cóipchearta, trádmharcanna, foilseacháin, sonraí, fios gnó, fréamhshamhlacha, próisis, cleachtais, teicneolaíochtaí, aireagáin, bogearraí nó samhlacha gnó. Leathnófar na deiseanna cruthaithe luacha trí leathnú a dhéanamh ar an raon feidhme ó fhócas cúng ar chearta maoine intleachtúla a bhainistiú agus a chosaint. Chun luach iomlán na sócmhainní intleachtúla a chruthaítear le gníomhaíochtaí T&N a threisiú ní mór d’eagraíochtaí a dhéanann gníomhaíochtaí T&N sócmhainní intleachtúla a bhainistiú sa chiall is leithne, na cinn ar féidir iad a chosaint go dlíthiúil amhail paitinní, cóipchearta agus trádmharcanna agus sócmhainní intleachtúla eile a d’fhéadfaí a úsáid i ngníomhaíochtaí luachshocraithe. Éilítear leis sin straitéisí bainistíochta a fhorbairt agus scileanna sonracha agus trasnaí a chur chun cinn chun luach iomlán na sócmhainní intleachtúla a chruthaítear a threisiú. Tá bainistiú éifeachtúil sócmhainní intleachtúla ríthábhachtach le haghaidh luachshocrú eolais.

(17)

Tacaíonn oscailteacht, mar phrionsabal, le cruthú luacha agus d’fhéadfadh sé a bheith mar thoradh ar uirlisí bainistíochta sócmhainní intleachtúla a úsáid go mbainfí úsáid níos fearr as torthaí, go gcuirfí méid dearfach leis an nuálaíocht agus go méadófaí breisluach iomlán na dtorthaí eolaíocha (12). Faoi réir urramú rialacha maoine intleachtúla, leis an bprionsabal “a oscailte is féidir, a iata is gá” tá sé tábhachtach a aithint go mbaintear úsáid agus leas san Eolaíocht Oscailte agus Nuálaíocht Oscailte (13), arb é bunchloch an dara ceann an próiseas nuálaíochta a oscailt do na gníomhaithe gníomhacha go léir ionas gur féidir an t-eolas a scaipeadh ar bhealach níos neamhshrianta agus gur féidir é a chlaochlú ina tháirgí agus ina seirbhísí lena gcruthófar margaí nua, rud a chothóidh cultúr fiontraíochta níos láidre, as na huirlisí le haghaidh bainistiú sócmhainní intleachtúla. Le úsáid chiallmhar as na torthaí taighde chun tairbhí socheacnamaíocha a chruthú cuirfear le luach agus tábhacht fhoriomlán an taighde eolaíoch don tsochaí.

(18)

Is comhpháirteanna riachtanacha de thionscnaimh rathúla um luachshocrú eolais iad cleachtais, próisis, inniúlachtaí agus scileanna fiontraíochta agus na cinn lena n-éascaítear rannpháirtíocht le saoránaigh, leis an tsochaí shibhialta agus le lucht ceaptha beartas. Chun luach nuálach a dhéanamh d’eolas, beag beann ar an mbaineann sé le nuálaíochtaí incriminteacha nó suaiteacha, ceapadh beartais bunaithe ar fhianaise, nó folláine saoránach, teastaíonn dearcthaí, cleachtais nó cultúir rannpháirtíochta réamhghníomhacha/fhiontraíochta nó chomh- chruthaitheacha/thrasearnála mar aon le hiarrachtaí fiontraíochta ag roinnt céimeanna nó ag gach céim den phróiseas luachshocraithe. Ar an dóigh sin, d’fhéadfadh an próiseas luachshocraithe coigeartuithe sna córais oideachais agus i ngairmeacha taighdeoirí a spreagadh ionas go bhfreastalóidís ar bhealach níos fearr ar na scileanna, na hinniúlachtaí agus na hiompraíochtaí a mbeadh cruthaitheacht níos airde agus cruthú luacha shochaíoch níos airde mar thoradh orthu. Dá bhrí sin, tá forbairt agus úsáid cur chuige fiontraíochta agus cur chuige éagsúlachta agus rannpháirtíochta/comhoibrithe ríthábhachtach chun go mbeidh luachshocrú éifeachtach.

(19)

Is fionnachtain bunaithe ar thurgnaimh iad próisis agus modhanna fiontraíochta, gníomhartha comhchruthaithe a chuimsíonn boird eagraíochtúla agus lena mbaineann go leor inniúlachtaí comhlántacha. Sa chomhthéacs seo, meastar gur modh bunaithe ar fhionnachtain é an próiseas fiontraíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna a bhaineann leis an margadh agus leis an tsochaí trí shócmhainní intleachtúla a fhorbairt agus a shaothrú go turgnamhach i luachanna (nuálaíochtaí) atá núíosach agus úsáideach do shraith áirithe geallsealbhóirí. Éilítear le próisis agus modhanna den sórt sin na scileanna agus na cumais fiontraíochta sóisialta is gá chun iarmhairtí eolais shóisialta thar thráchtálú a éascú. Trí úsáid a bhaint as líonraí, uirlisí agus ionstraimí comhordaithe modha oscailte ón ERA agus ó chreat straitéiseach an LEO, spreagfar luachshocrú eolais agus forbairt scileanna gaolmhara.

(20)

Ba cheart, dá bhrí sin, go gcumhdófaí sna treoirphrionsabail forbairt, úsáid agus bainistiú cleachtas, próiseas agus scileanna fiontraíochta ar gach leibhéal den tsochaí san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí a bhfuil baint acu le luachshocrú eolais. Éilítear leis an raon feidhme nua sin ar lucht ceaptha beartas a gcuspóirí beartais a ailíniú dá réir agus cuir chuige nua atá riachtanach le haghaidh luachshocrú eolais a chur i bhfeidhm. Tá sé mar aidhm leis na treoirphrionsabail sin cuidiú le lucht ceaptha beartas sna Ballstáit chun ceanglais den sórt sin a chomhlíonadh.

(21)

Dá bhrí sin, ba cheart go mbainfeadh na treoirphrionsabail sa Mholadh seo le tionscnaimh bheartais a dhírítear ar gach catagóir gníomhaithe éiceachórais a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí T&N, amhail:

an saol acadúil, ollscoileanna agus institiúidí ardoideachais eile, eagraíochtaí taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochta agus eagraíochtaí taighde poiblí eile, acadaimh agus sochaithe léannta, agus tionscnaimh agus líonraí idir-rialtasacha, amhail Eureka;

eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus saoránach;

infheisteoirí príobháideacha agus eagraíochtaí um maoiniú agus infheistíocht, lena n-áirítear fondúireachtaí agus carthanais;

daoine aonair, amhail nuálaithe, fiontraithe, taighdeoirí, eolaithe, múinteoirí agus mic léinn;

an tionscal lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), gnólachtaí nuathionscanta, seach-chuideachtaí, gnólachtaí atá ag méadú agus fiontair shóisialta;

idirghabhálaithe, amhail gairmithe aistrithe eolais agus teicneolaíochta, gorlanna, páirceanna eolaíochta, moil nó braislí nuálaíochta an Aontais, náisiúnta agus réigiúnacha, saineolaithe maoine intleachtúla, sainchomhairleoirí agus gairmithe tacaíochta nuálaíochta, foirne cumarsáide eolaíochta agus rannpháirtíochta beartais, eolas d’eagraíochtaí comhairle beartais/eolaíochta agus gairmithe rannpháirtíochta saoránach;

údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus lucht ceaptha beartas;

eagraíochtaí taighde phríobháidigh, soláthraithe seirbhíse poiblí agus príobháideacha amhail ospidéil, soláthraithe iompair phoiblí agus soláthraithe fuinnimh;

bonneagair thaighde, bonneagair theicneolaíochta agus saoráidí agus líonraí eile a thacaíonn le gníomhaíochtaí T&N;

comhlachtaí um chaighdeánú.

(22)

Ba cheart na treoirphrionsabail a cheapadh go mbeidís infheidhmithe maidir leis na catagóirí uile a liostaítear in Aithris 21 nó maidir le formhór acu. Ba cheart cur chun feidhme na dtreoirphrionsabal a oiriúnú do na spriocghníomhaithe, trí dhoiciméid an Chóid Cleachtais, eadhon Cód Cleachtais maidir le húsáid chliste maoine intleachtúla agus Cód Cleachtais do thaighdeoirí maidir le caighdeánú. Más gá, d’fhéadfaí doiciméid ábhartha eile de chuid an Chóid Chleachtais a chruthú le páirtithe leasmhara.

(23)

Ba cheart go mbeadh na treoirphrionsabail neamhcheangailteach. Ba cheart go n-urramófaí le cur i bhfeidhm na dtreoirphrionsabal an dlí idirnáisiúnta, de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta agus ba cheart iad a chuimsiú sna hiarrachtaí atá á ndéanamh chun go dtacóidh creat dlíthiúil an Aontais Eorpaigh le luachshocrú eolais. Ba cheart na treoirphrionsabail a chur i bhfeidhm agus é mar aidhm acu an úsáid shochaíoch is leithne is féidir a bhaint astu, lena n-áirítear rannchuidiú leis an tsochaí inbhuanaithe i gcomhréir le treoirlínte an Aontais chun dul i ngleic le trasnaíocht eachtrach T & N (14). I gcás inar féidir, agus ag brath ar an gcomhthéacs, ba cheart riachtanais na sochaí agus tairbhí na sochaí, seachas spreagthaí traidisiúnta brabúis, a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí luachshocruithe. Sampla amháin is ea ceadúnú atá freagrach go sóisialta, i gcás ar cheart a áirithiú le ceadúnú sócmhainní intleachtúla nach mbaineann an bonn den inrochtaineacht le socrú praghsanna na dtáirgí agus na seirbhísí deiridh. Ba cheart leis na treoirphrionsabail sin díriú ar luach infheistíochtaí T&N a uasmhéadú thar aistriú traidisiúnta eolais agus ar pháirt a thabhairt do na gníomhaithe uile in éiceachóras T&N.

(24)

Is próiseas casta é luachshocrú eolais óna dteastaíonn acmhainní suntasacha lena áirithiú go ndéanfar an réimse scileanna agus cumais inscálaithe is gá a fhorbairt agus a choinneáil san Aontas. Beidh gá le hinfheistíocht leanúnach agus mhéadaithe a dhéanamh i bhforbairt gairmithe agus éascaitheoirí aistrithe eolais agus bróicéireachta a ghníomhaíonn mar idirghabhálaithe idir gníomhaithe ábhartha T&N. Tá sé thar a bheith tábhachtach FBManna a spreagadh chun páirt a ghlacadh trí éiceachórais láidre nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha. Ina theannta sin, ba cheart an réamhghníomhaíocht i ngnólachtaí nuathionscanta agus i ngnólachtaí atá i mbun fáis de gach méid a spreagadh agus ba cheart a chur ina luí ar chomhpháirtithe tionsclaíocha a bheith oscailte do rioscaí a ghlacadh,

AG MOLADH LEIS SEO:

go gcuirfeadh na Ballstáit agus an Coimisiún Eorpach, na treoirphrionsabail seo a leanas i bhfeidhm maidir le luachshocrú eolais:

1.

Luachshocrú eolais i mbeartas taighde agus nuálaíochta

(a)

A áirithiú go bhfuil struchtúir thacaíochta aontais, náisiúnta agus réigiúnacha i bhfeidhm chun cuidiú le heagraíochtaí eolas a fháil faoi raon feidhme an mholta seo maidir le luachshocrú eolais, measúnú a dhéanamh ar a impleachtaí dóibh, i gcás inarb iomchuí, acmhainní airgeadais agus neamhairgeadais a úsáid chun an moladh seo a chur i ngníomh agus na straitéisí agus na cleachtais riachtanacha a fhorbairt chun é a chur chun feidhme agus a phoibliú.

(b)

A áirithiú go ndéanfar beartais agus cleachtais um chruthú luacha a shainiú, a chur chun feidhme, a chomhroinnt agus a phoibliú ar leibhéal ábhartha na heagraíochta.

(c)

A áirithiú go gcuirfear san áireamh i ngníomhaíochtaí T&N arna maoiniú go poiblí an úsáid shochaíoch agus an luachshocraithe is mó agus is féidir maidir le sócmhainní intleachtúla a chruthaítear trí ghníomhaíochtaí T&N agus saincheisteanna ceannasachta a chur san áireamh agus ról a thabhairt do ghníomhaithe uile an éiceachórais.

(d)

Próisis agus cleachtais a neartú maidir le húsáid torthaí taighde agus eolas eolaíochta chun beartais phoiblí a dhearadh agus a chur chun feidhme agus chun caighdeáin a fhorbairt agus a athbhreithniú.

(e)

Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn chomh maith le claontacht inscne a sheachaint i gcuspóirí agus i ngníomhaíochtaí luachshocraithe eolais, agus sna daoine a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin, mar shampla trí fhoirne taighde éagsúla agus ábhar T&N éagsúil, lena léirítear dearcthaí, iompar agus riachtanais grúpaí éagsúla sa tsochaí.

2.

Scileanna agus cumais

(a)

Forbairt na n-inniúlachtaí, na scileanna agus na gcumas a chur chun cinn a theastaíonn chun tacú le hoibríochtaí luachshocruithe eolais, ina mbeidh na páirtithe leasmhara go léir idir mhic léinn, thaighdeoirí agus chumadóirí, fhiontraithe agus idirghabhálaithe gairmiúla, agus úsáideoirí eolais agus lucht ceaptha beartas páirteach.

(b)

A áirithiú go mbeidh scéimeanna soghluaisteachta i bhfeidhm idir an lucht acadúil, an lucht tionscail agus an earnáil phoiblí chun forbairt scileanna agus tras-choipeadh inniúlachtaí, cultúr, agus cleachtas a éascú, agus mar phróiseas foghlama ar feadh an tsaoil freisin, i measc gníomhaithe luachshocraithe eolais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

(c)

A áirithiú go n-aithnítear eolas intuigthe na ndaoine a chruthaíonn na sócmhainní intleachtúla mar cheann de na gnéithe sa phróiseas luachshocraithe. Tá sé tábhachtach cuir chuige maidir le comhoibriú rannpháirtíochta a chur chun cinn a fhágann gur féidir tallanna, scileanna agus eolas intuigthe a chuimsiú sa nuálaíocht agus sa luachshocrú

(d)

Comhoibriú ildisciplíneach agus idirdhisciplíneach a spreagadh agus a éascú a théann níos faide ná réimsí teicneolaíochta agus a bhfuil baint acu le disciplíní amhail na heolaíochtaí sóisialta, na daonnachtaí agus na healaíona, chomh maith le cuir chuige um chomhchruthú.

3.

Córas dreasachtaí

(a)

Córas ábhartha agus cothrom a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun gach gníomhaí éiceachórais T & N a dhreasú, go háirithe taighdeoirí, nuálaithe, mic léinn agus baill foirne ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde phoiblí, chun go mbeidh siad ábalta foghlaim faoi luachshocrú eolais, é a chur i bhfeidhm agus é a chleachtadh agus chun tallann a mhealladh agus a choinneáil.

(b)

Bearta a chur ar fáil do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, don tsochaí shibhialta, do shaoránaigh, d’úsáideoirí deiridh agus d’údaráis phoiblí le bheith ina gcomhpháirtithe gníomhacha maidir le nuálaíocht bhreisluacha a chomhchruthú, agus ar an tslí sin, rochtain ar eolas agus úsáid as eolas a fheabhsú, agus gnóthú scileanna a mhéadú, agus turgnamh comhpháirteach a spreagadh.

(c)

Eagraíochtaí a dhéanann luachshocrú eolais a spreagadh, tacú leo agus iad a dhreasú chun meadarachtaí a bhailiú, a chomhroinnt agus a úsáid lena gcuirfear feabhas ar fhoghlaim agus ar fheidhmíocht gníomhaithe luachshocraithe eolais san Aontas.

4.

Bainistíocht sócmhainní intleachtúla

(a)

A áirithiú go ndéanfar beartais agus cleachtais maidir le bainistiú sócmhainní intleachtúla a shainiú, a chur chun feidhme, a chomhroinnt, a phoibliú agus a chur chun cinn i ngach eagraíocht a bhfuil baint acu le luachshocrú eolais.

(b)

Feasacht a mhúscailt i measc ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, údaráis phoiblí agus gnólachtaí ar a thábhachtaí atá sé sócmhainní intleachtúla a bhainistiú i dtimpeallacht idirnáisiúnta, agus saincheisteanna ceannasachta á gcur san áireamh.

(c)

A áirithiú go ndéanfar sócmhainní intleachtúla arna bhforbairt ag gníomhaíochtaí T&N arna maoiniú go poiblí san Aontas a bhainistiú agus a rialú ar bhealach ina ndéanfar an tairbhe shocheacnamaíoch, lena n-áirítear cur le hinbhuanaitheacht don Aontas ina iomláine, a chur san áireamh agus a uasmhéadú.

(d)

Feasacht agus glacadh um chleachtais agus uirlisí bainistíochta sócmhainní intleachtúla a mhéadú san Eolaíocht Oscailte agus sa Nuálaíocht Oscailte chun úsáid torthaí agus sonraí don nuálaíocht a éascú.

(e)

Bainistíocht éifeachtúil sócmhainní intleachtúla a mhéadú, mar shampla trí thacú le punanna a fhorbairt go gníomhach agus trí ardáin a chur chun cinn lena nasctar an tairiscint agus an t-éileamh ar shócmhainní intleachtúla, chun cruthú luacha a uasmhéadú do gach duine lena mbaineann.

5.

Ábharthacht i scéimeanna um maoiniú poiblí

(a)

Machnamh a dhéanamh ar conas cur i bhfeidhm na bprionsabal maidir le luachshocrú eolais a neartú i dtaighde atá maoinithe go poiblí.

(b)

Breithniú a dhéanamh ar scéimeanna um maoiniú ar leith chun maoiniú taighde a chomhlánú lena áirithiú go spreagtar luachshocrú eolais go luath, lena n-áirítear tacaíocht d’idirghabhálaithe.

6.

Piarfhoghlaim

(a)

Próisis agus cleachtais phiarfhoghlama náisiúnta agus trasnáisiúnta a chur chun cinn agus tacú leo chun comhroinnt dea-chleachtas (15), cás-staidéar, eiseamláirí agus ceachtanna a foghlaimíodh a scaipeadh agus a spreagadh agus chun sonraíochtaí comhchoiteanna maidir le luachshocrú eolais a fhorbairt.

(b)

Eagraíochtaí, éiceachórais agus ar tionscnaimh rathúla um luachshocrú eolais a thagarmharcáil chun comhchoincheapa, samhlacha agus dreasachtaí a fhorbairt agus a chur chun cinn chun feidhmiú mar threoir chun bainistiú agus próisis luachshocraithe eolais a mheasúnú agus a chur chun feidhme. Chomh maith leis sin, úsáid a bhaint as an saineolas, as na líonraí agus as na ceachtanna a foghlaimíodh ó eagraíochtaí ábhartha, amhail Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Oifig na bPaitinní Eorpacha, an Líonra Fiontar Eorpach, an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus a bpobail eolais agus nuálaíochta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, Eorpacha, náisiúnta nó réigiúnacha eile.

(c)

Ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde phoiblí a spreagadh lena n-acmhainní, a saineolas, a sonraí agus a mbonneagar a chomhthiomsú ar fud disciplíní, tíortha agus réigiún chun níos mó cleachtais phiarfhoghlama a chur chun cinn.

7.

Meadarachtaí, faireachán agus meastóireacht

(a)

Iarrachtaí comhoibríocha a chur chun cinn chun sainmhínithe, meadarachtaí agus táscairí coiteanna comhaontaithe a ghlacadh, lena gcuimsítear éagsúlacht na mbealaí luachshocraithe, chun cuidiú le feidhmíocht luachshocrú eolais an Aontais a fheabhsú, agus na difríochtaí comhthéacsúla idir na Ballstát agus gníomhaithe luachshocraithe eolais agus sainiúlachtaí earnálacha éagsúla á gcur san áireamh.

(b)

A áirithiú go ndéanfar na cleachtais faireacháin agus meastóireachta a úsáidtear chun measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar oibríochtaí luachshocraithe eolais a ailíniú le creat faireacháin níos leithne LET agus an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar gheallsealbhóirí a íoslaghdú, agus sineirgí á bhforbairt le gníomhaíochtaí beartais ábhartha eile LET ag an am céanna.

Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh 2008/416/CE

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Moladh 2008/416/CE ón gCoimisiún an 10 Aibreán 2008 maidir le maoin intleachtúil i ngníomhaíochtaí aistrithe eolais a bhainistiú agus Cód Cleachtais d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí taighde poiblí eile (IO L 146, 5.6.2008, lch. 19).

(2)  Rún ón gComhairle maidir le bainistiú maoin intleachtúla i ngníomhaíochtaí aistrithe eolais agus maidir le Cód Cleachtais d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí taighde phoiblí eile.

(3)   Making the most of the EU’s innovative potential. An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience (An leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálaíochta an Aontais – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais).

(4)  Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir leis an gComhshocrú um Thaighde agus um Nuálaíocht san Eoraip, (IO L 431, 2.12.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(6)  Moladh (AE) 2018/790 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2018 maidir le rochtain ar fhaisnéis eolaíoch agus caomhnú na faisnéise sin, (IO L 134, 31.5.2018, lch. 12).

(7)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Mendez, E., Progress on open science: towards a shared research knowledge system : final report of the open science policy platform, Lawrence, R.(eagarthóir), Oifig na bhFoilseachán, 2020.

(8)  Cuimsítear sa téarma “eagraíocht taighde phoiblí” saineagraíochtaí taighde teicneolaíochta agus institiúidí ardoideachais araon a ghabhann do thaighde agus do ghníomhaíochtaí forbartha agus oiliúna taighde (TFO) le tacaíocht chistiúcháin shuntasach ó fhoinsí poiblí agus ó fhoinsí samhailphoiblí (e.g. eagraíochtaí carthanachta agus seachbhrabúsacha).

(9)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Research & innovation valorisation channels and tools : boosting the transformation of knowledge into new sustainable solutions, Oifig na bhFoilseachán, 2020.

(10)  Tuarascáil ECFE Global Competition for Talent: Mobility of the Highly Skilled.

(11)  Rún a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015, Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development (I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe) (A/RES/70/1).

(12)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Open science and intellectual property rights: How can they better interact? State of the art and reflections, executive summary, 2022 (An eolaíocht oscailte agus cearta maoine intleachtúla. Conas is féidir leo idirghníomhú níos fearr? Staid na healaíne agus machnamh:achoimre feidhmiúcháin, 2022.])

(13)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Open innovation, open science, open to the world : a vision for Europe, (Nuálaíocht oscailte, eolaíocht oscailte, oscailte don domhan: fís don Eoraip) Oifig na bhFoilseachán, 2016, lch. 13.

(14)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, Tackling R&I foreign interference (Ag dul i ngleic le cur isteach eachtrach ar T&N), doiciméad inmheánach oibre, Oifig na bhFoilsecháin, 2022.

(15)  Tá stór samplaí dea-chleachtais ar fáil ar ardán luachshocraithe eolais an Choimisiúin Eorpaigh atá oscailte go leanúnach chun samplaí nua dea-chleachtais a chur isteach.