30.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 309/12


MOLADH (AE) 2022/2337 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Samhain 2022

maidir le Sceideal Eorpach na ngalar ceirde

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Moladh 2003/670/CE ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2003 maidir le sceideal Eorpach na ngalar ceirde (1), mhol an Coimisiún do na Ballstáit sraith beart a chur chun feidhme, arb é is cuspóir dóibh gnéithe éagsúla dá mbeartais a bhaineann le galair cheirde a nuashonrú agus a fheabhsú. Baineann na bearta sin le haithint, cúiteamh agus cosc na ngalar ceirde, socrú na gcuspóirí náisiúnta chun breoiteachtaí ceirde a laghdú, tuairisciú agus taifeadadh na ngalar ceirde, bailiú sonraí maidir le heipidéimeolaíocht galar, cur chun cinn an taighde i réimse na dtinneas a bhaineann le gníomhaíocht cheirde, feabhas a chur ar dhiagnóisiú na ngalar ceirde, scaipeadh na sonraí staidrimh agus eipidéimeolaíochta maidir le galair cheirde, agus ról gníomhach a chur chun cinn le haghaidh córais náisiúnta sláinte poiblí agus cúraim sláinte i dtaca le galair cheirde a chosc.

(2)

Rinne ráig COVID-19 difear do na Ballstáit uile ó bhí tús 2020 ann, rud a chuir isteach go mór ar na hearnálacha agus ar na seirbhísí uile, agus a rinne difear do shláinte agus do shábháilteacht oibrithe ar fud an Aontais Eorpaigh (AE). Sa lá atá inniu ann, tá feabhas tagtha ar an staid eipidéimeolaíoch san Aontas a bhaineann le COVID-19, a bhuí go príomha le vacsaíní a bheith ar fáil go forleathan, ach tá dúshlán fós ann, go háirithe i bhfianaise ráigeanna nua COVID-19 a d’fhéadfadh a bheith ann agus theacht chun cinn athraithigh víreas SARS-CoV-2, chomh maith le cásanna de COVID fadmharthanach.

(3)

Sa chomhthéacs sin, d’fhógair an Coimisiún, i measc bearta eile, sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘EU strategic framework on health and safety at work 2021-2027 - Occupational safety and health in a changing world of work’  (2) (“Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair 2021-2027 — Sábháilteacht agus sláinte ceirde i saol oibre atá ag athrú”] (“Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh”), go ndéanfadh sé nuashonrú ar Mholadh 2003/670/CE ón gCoimisiún chun COVID-19 a chur san áireamh, d’fhonn aitheantas ó na Ballstáit do COVID-19 mar ghalar ceirde a chur chun cinn agus d’fhonn cóineasú a spreagadh.

(4)

Tar éis ghlacadh Chreat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh, bhunaigh an Coiste Comhairleach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (ACSH) Meitheal thiomnaithe ag a bhfuil an sainordú dréacht-tuairim a ullmhú lena glacadh ag ACSH maidir leis an nuashonrú ar Mholadh 2003/670/CE chun COVID-19 a chur san áireamh. An 18 Bealtaine 2022, ghlac ACSH an tuairim ghaolmhar, ina moltar COVID-19 a chur san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Moladh 2003/670/CE trí bhíthin iontráil nua, Uimh. 408, a chur isteach, lena dtagraítear do COVID-19 arb í obair i ndáil le galair a chosc, obair i gcúram sláinte agus i gcúram sóisialta agus obair i gcúnamh baile, nó, i gcomhthéacs paindéime, obair in earnálacha ina bhfuil ráig i ngníomhaíochtaí ar cruthaíodh go bhfuil riosca ionfhabhtaithe ina leith is cúis léi.

(5)

Cuirtear san áireamh sa Mholadh seo tuairim ACSH agus cuirtear COVID-19 isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh. Ba cheart an téarma “cúram sláinte agus cúram sóisialta” a thuiscint mar thagairt do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha faoi roinn Q d’aicmiú staidrimh NACE Ath. 2 (3). A mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha seachas na gníomhaíochtaí sin a thagann faoi roinn Q d’aicmiú staidrimh NACE Ath. 2, ba cheart na coinníollacha a leagtar síos, i.e. gurb ann do “chomhthéacs paindéime” agus gurb ann do “ráig i ngníomhaíochtaí ar cruthaíodh go bhfuil riosca ionfhabhtaithe ina leith”, a thuiscint mar choinníollacha a leagtar síos go carnach. Maidir leis sin, ba cheart a thuiscint go bhfuil “comhthéacs paindéime” ann nuair a dhearbhaíonn comhlachtaí idirnáisiúnta inniúla, amhail an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), gur paindéim dhomhanda atá i ráigeanna galar áirithe. Ba cheart do na Ballstáit “ráig” de réir bhrí fhoráil nua an Mholta a shainiú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta. Is ann do riosca ionfhabhtaithe “ar tugadh cruthúnas ina leith” i ngníomhaíochtaí ar ina leith, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, a bunaíodh nasc cúisíoch idir obair sna gníomhaíochtaí sin agus nochtadh méadaithe do SARS-CoV-2.

(6)

I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus i bhfianaise inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i réimsí na sláinte poiblí agus an bheartais shóisialta faoi na Conarthaí, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé, ag gníomhú dóibh i gcomhréir iomlán le dlí an Aontais, lena n-áirítear reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht agus sláinte ceirde, cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta sláinte poiblí atá le glacadh i gcomhthéacs aon phaindéime, lena n-áirítear na bearta sin a bhfuil feidhm acu maidir le hionaid oibre agus cuideachtaí, chomh maith leis an toradh gurb ann do ráig i ngníomhaíochtaí ar cruthaíodh go bhfuil riosca ionfhabhtaithe ina leith. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird a thabhairt go háirithe ar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mórbhagairtí trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (2020/0322(COD)) (4).

(7)

I dtuarascáil 2021 Eurostat dar teideal “An fhéidearthacht atá ann COVID-19 a aithint mar ghalar de thionscnamh ceirde ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha an Aontais agus i dtíortha CSTE” (5) léirítear go n-aithníonn formhór na mBallstát COVID-19 mar ghalar ceirde nó mar thionóisc ag an obair, i gcomhréir leis na coinníollacha a shainítear ar an leibhéal náisiúnta.

(8)

Cé gur ábhar é aitheantas na ngalar ceirde a bhfuil dlúthbhaint aige le dearadh córas slándála sóisialta, ar inniúlacht Ballstáit é, cuireann an Coimisiún chun cinn aitheantas na ngalar ceirde atá liostaithe ag na Ballstáit i sceideal Eorpach na ngalar ceirde. Mar a luaitear i gCreat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh, tá gá fós le béim níos mó a leagan ar ghalair cheirde. I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá ann maidir le cosc, prionsabail atá ina gcuid lárnach de Threoir Réime 1989 maidir le Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (6) agus de na treoracha gaolmhara maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, ba cheart an Moladh seo a bheith ina phríomhionstraim chun galair cheirde a chosc ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, tá sé tábhachtach freisin tacaíocht a thabhairt d’oibrithe atá ionfhabhtaithe, go háirithe le COVID-19, agus do theaghlaigh a chaill baill teaghlaigh mar gheall ar nochtadh oibre.

(9)

I gcomhréir le Creat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh, ba cheart iarraidh ar na Ballstáit páirt ghníomhach a thabhairt do na gníomhaithe uile, go háirithe do na comhpháirtithe sóisialta, i dtaca le bearta a fhorbairt chun galair cheirde a chosc go héifeachtach.

(10)

I gCreat Straitéiseach an Aontais Eorpaigh, tagraítear don ghá atá le bonn fianaise neartaithe chun bonn taca a chur faoin reachtaíocht agus faoin mbeartas, agus le taighde agus le bailiú sonraí, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta araon, mar réamhchoinníoll chun galair agus tionóiscí a bhaineann leis an obair a chosc. Tá comhar agus malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais ríthábhachtach le haghaidh anailís agus cosc feabhsaithe ar fud an Aontais.

(11)

Is ábhartha fós an moladh do na Ballstáit sonraí staidrimh agus eipidéimeolaíocha maidir le galair cheirde a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara, agus Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) á chur san áireamh, agus i bhfianaise forbairtí a bhaineann leis na hoibreacha píolótacha i leith Staidreamh Eorpach um Ghalair Cheirde (EODS).

(12)

Is é an ról atá ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, arna bunú le Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), inter alia, an fhaisnéis oibiachtúil theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch atá ar fáil a sholáthar d’institiúidí agus do chomhlachtaí an Aontais agus do na Ballstáit agus an saineolas cáilithe a theastaíonn uathu a sholáthar dóibh chun beartais bhreithiúnacha éifeachtacha a leagan amach agus a chur chun feidhme, ar beartais iad arna gceapadh chun sábháilteacht agus sláinte oibrithe a chosaint, agus chun faisnéis theicniúil, eolaíoch agus eacnamaíoch a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh sna Ballstáit. Dá réir sin, ba cheart don Ghníomhaireacht ról tábhachtach a bheith aici freisin i malartú faisnéise, taithí agus dea-chleachtais maidir le galair cheirde a chosc.

(13)

Is féidir le córais náisiúnta sláinte poiblí agus cúraim sláinte ról tábhachtach a bheith acu i dtaca le feabhas a chur ar chosc na mbreoiteachtaí ceirde, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt i measc foirne leighis d’fhonn feabhas a chur ar eolas agus ar dhiagnóisiú na mbreoiteachtaí sin.

(14)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, agus á chur san áireamh, ar thaobh amháin, go bhfuil cuimsiú COVID-19 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo íogair ó thaobh ama de, go háirithe i bhfianaise ráigeanna nua COVID-19 a d’fhéadfadh a bheith ann agus teacht chun cinn athraithigh víreas SARS-CoV-2, agus, ar an taobh eile, go bhfuil Moladh 2003/670/CE fós ábhartha den chuid is mó agus oiriúnach dá fheidhm, ba cheart COVID-19 a bheith san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Moladh seo agus ábhar Mholadh 2003/670/CE a athdhearbhú, gan dochar do nuashonruithe breise ar an Moladh seo ag céim níos déanaí,

AG MOLADH:

Airteagal 1

Gan dochar do dhlíthe nó do rialacháin náisiúnta níos fabhraí, moltar do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

1.

an sceideal Eorpach in Iarscríbhinn I a thabhairt isteach a luaithe is féidir ina ndlíthe, ina rialacháin nó ina bhforálacha riaracháin náisiúnta maidir le galair cheirde a aithnítear go heolaíoch atá faoi dhliteanas cúitimh agus atá faoi réir bearta coisctheacha;

2.

bearta a dhéanamh chun an ceart atá ag oibrí chun cúiteamh a fháil i leith galair cheirde a thabhairt isteach ina ndlíthe, ina rialacháin nó ina bhforálacha riaracháin náisiúnta i gcás ina bhfuil tinneas ar an oibrí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I ach ar féidir a chruthú gur tinneas de thionscnamh agus de chineál ceirde é, go háirithe má tá an tinneas liostaithe in Iarscríbhinn II;

3.

bearta coisctheacha éifeachtacha a fhorbairt agus a fheabhsú maidir leis na galair cheirde a luaitear sa sceideal Eorpach in Iarscríbhinn I, agus páirt ghníomhach a thabhairt do na gníomhaithe uile agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis, taithí agus dea-chleachtas a mhalartú tríd an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair;

4.

cuspóirí náisiúnta cainníochtaithe a tharraingt suas d’fhonn rátaí galar ceirde aitheanta a laghdú, go háirithe na galair sin a áirítear sa sceideal Eorpach in Iarscríbhinn I;

5.

a áirithiú go dtuairisceofar gach cás de ghalair cheirde agus go mbeidh a staidreamh maidir le galair cheirde ag luí go comhleanúnach leis an sceideal Eorpach in Iarscríbhinn I, i gcomhréir leis an obair atá á déanamh ar an gcóras chun staidreamh Eorpach maidir le galair cheirde a chomhchuibhiú, ionas go mbeidh faisnéis faoin oibreán nó faoin bhfachtóir is cúis leis, faoin diagnóis leighis agus faoi ghnéas an othair ar fáil do gach cás de ghalar ceirde;

6.

córas a thabhairt isteach chun faisnéis nó sonraí a bhailiú maidir le heipidéimeolaíocht na ngalar atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus maidir le heipidéimeolaíocht aon ghalair eile de chineál ceirde;

7.

taighde a chur chun cinn i réimse na dtinneas atá nasctha le gníomhaíocht ghairme, go háirithe na tinnis atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus na neamhoird de chineál síceasóisialta a bhaineann leis an obair;

8.

a áirithiú go scaipfear go forleathan doiciméid chun cuidiú le diagnóisiú galar ceirde a áirítear ina sceidil náisiúnta, agus na fógraí maidir le diagnóisiú galar ceirde arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún á gcur san áireamh go háirithe;

9.

sonraí staidrimh agus eipidéimeolaíocha maidir le galair cheirde a aithnítear ar an leibhéal náisiúnta a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara, go háirithe tríd an líonra faisnéise a bhunaigh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair;

10.

ról gníomhach a chur chun cinn do chórais náisiúnta cúraim sláinte i dtaca le galair cheirde a chosc, go háirithe trí fheasacht a mhúscailt i measc foirne leighis d’fhonn feabhas a chur ar eolas agus ar dhiagnóisiú na mbreoiteachtaí sin.

Airteagal 2

Is iad na Ballstáit féin a chinnfidh na critéir chun gach galar ceirde a aithint i gcomhréir leis na dlíthe nó leis na cleachtais náisiúnta atá i bhfeidhm.

Airteagal 3

Cuirtear an Moladh seo in ionad Mholadh 2003/670/CE.

Airteagal 4

Iarrtar ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2023, faoi na bearta a rinneadh nó atá beartaithe mar fhreagairt ar an ítim nua, Uimh. 408, den Mholadh seo. Iarrtar ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas tráth ar bith a dhéantar aon bheart nua i ndáil le cur chun feidhme an Mholta seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Nicolas SCHMIT

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 238, 25.9.2003, lch. 28.

(2)  COM(2021) 323 final.

(3)  https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3859598/5902521/KS-RA-07-015-EN.PDF

(4)  Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

(5)  https://ec.europa.eu/eurostat/documents/7870049/13464590/KS-FT-21-005-EN-N.pdf/d960b3ee-7308-4fe7-125c-f852dd02a7c7?t=1632924169533

(6)  Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (IO L 354, 31.12.2008, lch. 70).

(8)  Rialachán (AE) 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lch. 58).


IARSCRÍBHINN I

Sceideal Eorpach na ngalar ceirde

Na galair a luaitear sa sceideal seo, ní mór iad a nascadh go díreach leis an ngairm bheatha. Cinnfidh an Coimisiún na critéir chun gach ceann de na galair cheirde a liostaítear thíos a aithint:

1.   Galair arb iad na hoibreáin cheimiceacha seo a leanas is cúis leo:

100

Aicrilinítríl

101

Arsanaic nó comhdhúile di

102

Beirilliam (glúiciniam) nó comhdhúile de

103.01

Aonocsaíd charbóin

103.02

Ocsaclóiríd charbóin

104.01

Aigéad hidricianach

104.02

Ciainídí nó comhdhúile díobh

104.03

Isicianáití

105

Caidmiam nó comhdhúile de

106

Cróimiam nó comhdhúile de

107

Mearcair nó comhdhúile de

108

Mangainéis nó comhdhúile di

109.01

Aigéad nítreach

109.02

Ocsaídí nítrigine

109.03

Amóinia

110

Nicil nó comhdhúile di

111

Fosfar nó comhdhúile de

112

Luaidhe nó comhdhúile di

113.01

Ocsaídí sulfair

113.02

Aigéad sulfarach

113.03

Déshuilfíd charbóin

114

Vanaidiam nó comhdhúile de

115.01

Clóirín

115.02

Bróimín

115.04

Iaidín

115.05

Fluairín nó comhdhúile de

116

Hidreacarbóin alafatacha nó hidreacarbóin ailichiogacha a dhíorthaítear ó bhiotáille pheitriliam nó ó pheitreal

117

Díorthaigh halaiginithe na hidreacarbón alafatach nó na hidreacarbón ailichiogach

118

Alcól búitile, alcól meitile, agus alcól iseapróipile

119

Gliocól eitiléine, gliocól dé-eitiléine, 1,4-bútáindhé-ól agus díorthaigh níotráitithe de na gliocóil agus de ghliocról

120

Éitear meitile, éitear eitile, éitear íseapróipile, éitear vinile, éitear déchlóiriseapróipile, guaidheacól, éitear meitile agus éitear eitile de ghliocól eitiléine

121

Aicéatón, clóraicéatón, brómaicéatón, heicsafluaraicéatón, céatón eitile meitile, céatón n-búitile meitile, céatón iseabúitile meitile, alcól dé-aicéatóin, ocsaíd mheisitile, 2-meitilcioglaiheacsanón

122

Eistir orgánafosfair

123

Aigéid orgánacha

124

Formaildéad

125

Díorthaigh níotráitithe alafatacha

126.01

Beinséin nó contrapháirteanna di (sainmhínítear na contrapháirteanna de bheinséin leis an bhfoirmle seo a leanas: CnH2n-6)

126.02

Naftailéin nó contrapháirteanna de naftailéin (sainmhínítear an chontrapháirt de naftailéin leis an bhfoirmle seo a leanas: CnH2n-12)

126.03

Vinilbeinséin agus dévinilbeinséin

127

Díorthaigh halaiginithe hidreacarbón aramatach

128.01

Feanóil nó contrapháirteanna nó díorthaigh halaiginithe díobh

128.02

Naftóil nó contrapháirteanna nó díorthaigh halaiginithe díobh

128.03

Díorthaigh halaiginithe na n-ocsaídí ailciolairile

128.04

Díorthaigh halaiginithe na sulfónáití ailciolairile

128.05

Beinseacuineoin

129.01

Aimíní aramatacha nó hiodraisíní aramatacha, nó díorthaigh halaiginithe, díorthaigh fheanólacha, díorthaigh nítrithe, díorthaigh níotráitithe nó díorthaigh shulfónáitithe díobh

129.02

Aimíní alafatacha nó díorthaigh halaiginithe díobh

130.01

Díorthaigh níotráitithe de na hidreacarbóin aramatacha

130.02

Díorthaigh níotráitithe d’fheanóil nó dá gcontrapháirteanna

131

Antamón nó díorthaigh de

132

Eistir d’aigéad nítreach

133

Suilfíd hidrigine

135

Einceifileapaití i ngeall ar thuaslagóirí orgánacha nach dtagann faoi cheannteidil eile

136

Polainéarapaití i ngeall ar thuaslagóirí orgánacha nach dtagann faoi cheannteidil eile

2.   Galair craicinn arb iad na substaintí agus na hoibreáin nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo

201

Galair craicinn agus ailsí craicinn arb iad na nithe seo a leanas is cúis leo:

201.01

Súiche

201.03

Tarra

201.02

Biotúman

201.04

Pic

201.05

Antraicéin nó comhdhúile di

201.06

Ola mhianrach agus olaí eile

201.07

Pairifín amh

201.08

Carbasól nó comhdhúile de

201.09

Seachtháirgí as driogadh guail

202

Tinnis craicinn ceirde arb iad na substaintí lena spreagtar ailléirgí nó na substaintí greannacha a aithnítear go heolaíoch agus nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo

3.   Galair arb é ionanálú na substaintí nó na n-oibreán nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo

301

Galair an chórais riospráide agus ailsí

301.11

Sileacóis

301.12

Sileacóis i gcomhcheangal le heitinn scamhóige

301.21

Aispeastóis

301.22

Méisitéilióma tar éis deannach aispeiste a ionanálú

301.31

Niúmaconóis arb iad deannaigh sileacáití is cúis léi

302

Aimhréidh aispeiste i bhfoirm ailse broincigh

303

Tinnis bhroncascamhógacha arb iad deannaigh ó mhiotail shintéaraithe is cúis leo

304.01

Ailbheolaíteas ailléirgeach eistreach

304.02

Galair scamhóige arb é ionanálú deannach agus snáithíní ó chadás, líon, cnáib, siúit, siseal agus bagás is cúis leo

304.04

Tinnis riospráide arb é ionanálú deannach ó chóbalt, stán, bairiam agus graifít is cúis leo

304.05

Sidearóis

305.01

Galair ailseacha sa chonair riospráide uachtarach arb é deannach ó adhmad is cúis leo

304.06

Asma ailléirgeach arb é ionanálú substaintí is cúis leis, substaintí a aithnítear go comhsheasmhach mar shubstaintí is cúis le hailléirgí agus a bhaineann go sonrach leis an gcineál oibre

304.07

Riníteas ailléirgeach arb é ionanálú substaintí is cúis leis, substaintí a aithnítear go comhsheasmhach mar shubstaintí is cúis le hailléirgí agus a bhaineann go sonrach leis an gcineál oibre

306

Galair fiobróise an phleora, lena ngabhann srianadh riospráide, arb í aispeist is cúis leo

307

Broincíteas toirmeascach ainsealach nó eimfiséime ar mhianadóirí a bhíonn ag obair i mianaigh ghuail faoi thalamh

308

Ailse scamhóg tar éis deannach aispeiste a ionanálú

309

Tinnis bhroncascamhógacha arb iad deannaigh nó múch ó alúmanam nó ó chomhdhúile de is cúis leo

310

Tinnis bhroncascamhógacha arb iad deannaigh ó shlaig bhunata is cúis leo

4.   Galair thógálacha agus sheadánacha

401

Galair thógálacha nó sheadánacha a tharchuirtear chuig an duine trí ainmhithe nó trí iarsmaí d’ainmhithe

402

Teiteanas

403

Bruisealóis

404

Heipitíteas víreasach

405

Eitinn

406

Aiméibiáis

407

Galair thógálacha eile arb í obair i ndáil le galair a chosc, obair i gcúram sláinte, obair i gcúnamh baile agus gníomhaíochtaí inchomparáide eile ar cruthaíodh go bhfuil riosca ionfhabhtaithe ina leith is cúis leo

408

COVID-19 arb í obair i ndáil le galair a chosc, obair i gcúram sláinte agus i gcúram sóisialta agus obair i gcúnamh baile, nó, i gcomhthéacs paindéime, obair in earnálacha ina bhfuil ráig i ngníomhaíochtaí ar cruthaíodh go bhfuil riosca ionfhabhtaithe ina leith is cúis léi

5.   Galair arb iad na hoibreáin fhisiceacha seo a leanas is cúis leo:

502.01

Catarachtaí arb í radaíocht teasa is cúis leo

502.02

Tinnis thoinníteacha tar éis nochtadh do radaíocht ultraivialait

503

Hiopacúis nó bodhaire de dheasca torainn

504

Galar arb é comhbhrú nó dí-chomhbhrú atmaisféarach is cúis leo

505.01

Galair oisté-altacha na lámh agus na rostaí arb é creathadh meicniúil is cúis leo

505.02

Galair angainéaróiseacha arb é creathadh meicniúil is cúis leo

506.10

Galair sna saic phear-artacha i ngeall ar bhrú

506.11

Saicíníteas réamhphláitíneach agus fophláitíneach

506.12

Saicíníteas olacranóin

506.13

Saicíníteas gualainne

506.21

Galair i ngeall ar róstangadh thruaillí an teannáin

506.22

Galair i ngeall ar róstangadh an pheireiteannáinéim

506.23

Galair i ngeall ar róstangadh na n-ionsánna matánacha agus ionsánna na dteannán

506.30

Loit meiniscis tar éis tréimhsí fada oibre ar na glúine nó cromtha síos

506.40

Pairilis sna néaróga i ngeall ar bhrú

506.45

Siondróm na conaire carpasaí

507

Nisteagmas mianadóra

508

Galair arb í radaíocht ianúcháin is cúis leo


IARSCRÍBHINN II

Liosta breise de na galair a mheastar gur de thionscnamh ceirde iad, galair ba cheart a bheith faoi réir fógra agus a fhéadfar a mheas lena gcuimsiú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an sceideal Eorpach ag céim níos déanaí

2.1   Galair arb iad na hoibreáin seo a leanas is cúis leo:

2.101

Ózón

2.102

Hidreacarbóin alafatacha seachas na cinn dá dtagraítear faoi cheannteideal 1.116 d’Iarscríbhinn I

2.103

Défheinil

2.104

Deacailin

2.105

Aigéid aramatacha - ainhidrídí aramatacha nó a gcuid díorthach halaiginithe

2.106

Ocsaíd défheinile

2.107

Teitrihidreafúrán

2.108

Tiaipéin

2.109

Meataicrilinítríl

2.110

Aicéitinítríl

2.111

Tia-alcóil

2.112

Mearcaptain agus tiai-éitir

2.113

Tailliam nó comhdhúile de

2.114

Alcóil nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.118 d’Iarscríbhinn I

2.115

Gliocóil nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.119 d’Iarscríbhinn I

2.116

Éitir nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.120 d’Iarscríbhinn I

2.117

Céatóin nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.121 d’Iarscríbhinn I

2.118

Eistir nó a gcuid díorthach halaiginithe nach dtagraítear dóibh faoi cheannteideal 1.122 d’Iarscríbhinn I

2.119

Fúrfúral

2.120

Tiaifeanóil nó contrapháirteanna nó díorthaigh halaiginithe díobh

2.121

Airgead

2.122

Seiléiniam

2.123

Copar

2.124

Sinc

2.125

Maignéisiam

2.126

Platanam

2.127

Tantalam

2.128

Tíotáiniam

2.129

Teirpéiní

2.130

Bóráin

2.140

Galair arb é ionanálú deannaigh néamhainn is cúis leo

2.141

Galair arb iad substaintí hormónacha is cúis leo

2.150

Cáiréas fiacla a bhaineann le hobair i dtionscal na seacláide, i dtionscal an tsiúcra agus i dtionscal an phlúir

2.160

Ocsaíd siliciam

2.170

Hidreacarbón il-timthriallacha aramatacha nach dtagann faoi cheannteidil eile

2.190

Démheitiolformaimíd

2.2   Galair craicinn arb iad na substaintí agus na hoibreáin nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo

2.201

Tinnis ailléirgeacha agus ortailléirgeacha craicinn nach n-aithnítear in Iarscríbhinn I

2.3   Galair arb é ionanálú na substaintí nach n-áirítear faoi cheannteidil eile is cúis leo

2.301

Fiobróis scamhóige i ngeall ar mhiotail nach n-áirítear sa sceideal Eorpach

2.303

Tinnis agus ailsí broncascamhógacha a bhaineann le nochtadh do na nithe seo a leanas:

súiche

tarra

biotúman

pic

antraicéin nó comhdhúile di

ola mhianrach agus olaí eile

2.304

Tinnis bhroncascamhógacha arb iad snáithíní mianracha de dhéantús an duine is cúis leo

2.305

Tinnis bhroncascamhógacha arb iad snáithíní sintéiseacha is cúis leo

2.307

Tinnis riospráide, go háirithe asma, arb iad greannaitheoirí nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I is cúis leo

2.308

Ailse na larainge tar éis deannach aispeiste a ionanálú

2.4   Galair thógálacha agus sheadánacha nach dtugtar tuairisc orthu in Iarscríbhinn I

2.401

Galair sheadánacha

2.402

Galair thrópaiceacha

2.5   Galair arb iad oibreáin fhisiceacha is cúis leo

2.501

Tréantarraingt i ngeall ar róstangadh na starrtha spíonacha

2.502

Galair dhioscabhunaithe sa cholún veirteabrach lumbach arb iad éifeachtaí ingearacha athfhillteacha chreathadh an choirp iomláin is cúis leo

2.503

Nóidíní ar na cordaí gutha de dheasca iarracht leanúnach gutha a bhaineann leis an obair