MOLADH (AE) 2022/1431 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Lúnasa 2022
maidir le faireachán ar shubstaintí sárfhluarailcile i mbia
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Úsáideadh substaintí sárfhluarailcile (PFASanna) go fairsing agus úsáidtear cuid acu fós go fairsing i bhfeidhmeanna éagsúla tomhaltóra lena n-áirítear bratuithe smálfhriotaíocha le haghaidh fabraicí agus cairpéad, bratuithe olafhriotaíocha le haghaidh ábhair teagmhála bia déanta as páipéar agus cairtchlár, cúir comhraic dóiteáin, dromchlaghníomhaithe tobar ola, snasanna urlár agus ullmhóidí feithicídí. De dheasca na húsáide forleithne a bhaintear astu, mar aon lena marthanacht sa chomhshaol, tá éilliú comhshaoil forleathan ann. Tarlaíonn éilliú bia leis na substaintí sin go háirithe mar thoradh ar bhithbhailiú i slabhraí bia uisceacha agus talún, agus mar thoradh ar úsáid ábhair teagmhála bia ina bhfuil PFASanna. Is iad aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS) agus aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA) agus a salainn na PFASanna atá le fáil i mbia agus i ndaoine sna tiúchaintí is airde.
|
|
(2)
|
Dá bhrí sin, d’iarr an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ar a Phainéal Eolaíoch maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra tuairim a ullmhú maidir le tábhacht an bhia agus maidir le rannchuidiú coibhneasta na dtáirgí bia agus na n-ábhar éagsúla teagmhála bia i dtaca le nochtadh an duine do PFOS, PFOA agus a salainn agus comhairle a thabhairt maidir le céimeanna breise i ndáil le measúnú riosca PFASanna.
|
|
(3)
|
Ghlac an Painéal Eolaíoch maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra tuairim eolaíoch maidir le PFOS, PFOA agus a salainn an 21 Feabhra 2008 (1), tuairim inar luadh go molfaí tuilleadh sonraí maidir le leibhéil PFASanna i mbia agus i ndaoine, go háirithe i ndáil le faireachán a dhéanamh ar threochtaí i nochtadh an duine.
|
|
(4)
|
Bailíodh sonraí minicíochta breise maidir le PFASanna éagsúla i mbia faoi Mholadh 2010/161/AE ón gCoimisiún (2).
|
|
(5)
|
In 2020, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, thug an tÚdarás a mheasúnú riosca ar PFOS agus PFOA cothrom le dáta agus leathnaigh sé é go dtí aigéad sárfhluaranaonánóch (PFNA) agus aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS), agus an fhaisnéis eolaíoch is déanaí agus na sonraí minicíochta a bailíodh faoi Mholadh 2010/161/AE á gcur san áireamh aige. Sa tuairim uaidh maidir leis an riosca do shláinte an duine a bhaineann le substaintí sárfhluarailcile (3), tháinig sé ar an gconclúid go sáraíonn codanna de dhaonra na hEorpa an iontógáil sheachtainiúil infhulaingthe. Thug an tÚdarás dá aire, áfach, go bhfuil tacar ionadaíoch sonraí minicíochta fós in easnamh i gcás go leor bianna agus, dá bhrí sin, mhol sé na sonraí sin a bhailiú le haghaidh réimse leathan PFASanna i réimse leathan bianna a chaitear go forleathan. Thairis sin, ós rud é nach bhfuarthas na tiúchaintí tomhaiste de PFASanna i mbianna áirithe ach le modhanna anailíse an-íogair, nach féidir le formhór na saotharlann a dhéanamh faoi láthair, mhol sé modhanna íogaire anailíse a chur chun feidhme chun anailís a dhéanamh ar PFASanna.
|
|
(6)
|
I bhfianaise na tuairime ón Údarás, ba cheart sonraí minicíochta i leith réimse leathan PFASanna a bhailiú i mbianna atá ábhartha maidir le nochtadh an duine do PFASanna chun tacú le measúnú ar nochtadh cothaithe agus chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann na substaintí sin a rialáil i dtráchtearraí sonracha. Chun na críche sin, ba cheart faireachán a dhéanamh ar bhianna sonracha ó chineálacha sonracha táirgthe nó ar bhianna a bhfuil saintréithe sonracha acu, ar bianna iad a bhfuil sonraí ina leith in easnamh, agus ba cheart meastachán ar na fachtóirí próiseála a bhaineann le táirgí próiseáilte éagsúla a chur ar fáil.
|
|
(7)
|
Tá gá le himscrúduithe leantacha i leith na bhfoinsí éillithe chun go bhféadfar bearta leantacha a chur chun feidhme ionas nach mbeidh PFASanna i mbia. D’fhonn treoraíocht a chur ar fáil i ndáil leis sin, is iomchuí leibhéil tháscacha thiúchaintí PFASanna i mbia a shocrú. Níor cheart go ndéanfadh na leibhéil sin difear don fhéidearthacht aon bhia a chur ar an margadh, ach ba cheart imscrúduithe a dhéanamh nuair a sháraíonn na tiúchaintí PFASanna i dtáirge bia na leibhéil sin. D’fhonn tiúchaintí PFASanna sna cainníochtaí ina mbíonn siad ann a chainníochtú, ba cheart modhanna atá sách íogair a úsáid. Ba cheart é sin a spreagadh trí sprioctheorainneacha cainníochtaithe a mholadh.
|
|
(8)
|
Cuireann bia de bhunadh ainmhíoch go mór le nochtadh an duine do PFASanna. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go n-aistrítear PFASanna ó bheatha go bia a dhíorthaítear ó ainmhithe, agus go mbíonn difríochtaí soiléire idir na speicis agus idir na cineálacha PFASanna. D’fhéadfaí PFASanna a aistriú ar an gcaoi sin freisin ó ithir a ionghabhann ainmhithe feirme ar thóir bia agus ó uisce óil le haghaidh ainmhithe. Dá bhrí sin, maidir leis na n-imscrúduithe leantacha arb é is aidhm dóibh cúiseanna an éillithe a chinneadh, i gcás ina sáraítear na huasleibhéil PFASanna i mbia de bhunadh ainmhíoch a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (4), tá sé tábhachtach go mbeidh na saotharlanna in ann beatha, uisce óil ainmhithe agus an ithir ina maireann ainmhithe a sheiceáil freisin. Níl ach beagán sonraí ar fáil faoi láthair, áfach, maidir le PFASanna a bheith i mbeatha an Aontais agus lenar féidir staidéar a dhéanamh ar bheatha mar fhoinse PFASanna i mbia de bhunadh ainmhíoch. Ós rud é nach bhfuil ach líon teoranta saotharlann in ann anailís a dhéanamh ar PFASanna i mbeatha, tá obair bhreise á déanamh ag an tSaotharlann Tagartha Eorpach maidir le thruailleáin orgánacha mharthanacha halaiginithe i mbeatha agus i mbia, chun cabhrú leis na saotharlanna an cumas sin a fhorbairt. Cé gur cheart go gceadófaí leis an obair sin tuilleadh moltaí maidir le PFASanna i mbeatha a ghlacadh amach anseo, a luaithe a bheidh cumas leordhóthanach anailíse i measc na saotharlann, go dtí sin, ba cheart a mholadh do na Ballstáit sin a bhfuil a saotharlanna in ann anailís a dhéanamh ar PFASanna i mbeatha cheana féin, é sin a dhéanamh cheana féin agus, sna Ballstáit sin nach bhfuil an cumas anailíse riachtanach acu go fóill, ba cheart do na saotharlanna modhanna anailíse do PFASanna i mbeatha a bhailíochtú cheana féin.
|
|
(9)
|
Chun a áirithiú go bhfuil na samplaí ionadaíoch don luchtóg shampláilte, ba cheart cloí leis na modhanna samplála faoi mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1428 ón gCoimisiún (5) lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun leibhéil substaintí sárfhluarailcile i dtáirgí bia áirithe a rialú.
|
AG MOLADH AN MHÉID SEO A LEANAS:
|
1.
|
Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar le hoibreoirí gnó bia, faireachán a dhéanamh ar láithreacht PFASanna i mbia i rith na mblianta 2022, 2023, 2024 agus 2025.
Ba cheart do na Ballstáit tástáil a dhéanamh maidir le láithreacht na PFASanna seo a leanas i mbia:
|
(a)
|
Aigéad sulfónach sárfhluarochtáin (PFOS);
|
|
(b)
|
Aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA);
|
|
(c)
|
Aigéad sárfhluaranaonánóch (PFNA);
|
|
(d)
|
Aigéad sulfónach sárfhluaraiheacsáin (PFHxS).
|
Ba cheart do na Ballstáit, más féidir, tástáil a dhéanamh freisin le haghaidh láithreacht comhdhúile atá cosúil le PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS, ach a bhfuil slabhra ailcile eile acu agus a mbíonn minicíocht ábhartha acu i mbia, in uisce óil agus/nó i séiream daonna amhail:
|
(a)
|
Aigéad sárfhluarabútánóch (PFBA);
|
|
(b)
|
Aigéad sárfhluaraipeantánóch (PFPeA);
|
|
(c)
|
Aigéad sárfhluaraiheacsánóch (PFHxA);
|
|
(d)
|
Aigéad sárfhluaraiheaptánóch (PFHpA);
|
|
(e)
|
Aigéad sárfhluaraideacánóch (PFDA);
|
|
(f)
|
Aigéad sárfhluaraondeacánóch (PFUnDA);
|
|
(g)
|
Aigéad sárfhluaradóideacánóch (PFDoDA);
|
|
(h)
|
Aigéad sárfhluaraitrídeacánóch (PFTrDA);
|
|
(i)
|
Aigéad sárfhluaraiteitrideacánóch (PFTeDA);
|
|
(j)
|
Aigéad sulfónach sárfhluarabútáin (PFBS);
|
|
(k)
|
Aigéad sárfhluaraipeantánsulfónach (PFPS);
|
|
(l)
|
Aigéad sulfónach sárfhluaraiheaptáin (PFHpS);
|
|
(m)
|
Aigéad sulfónach sárfhluaranaonáin (PFNS);
|
|
(n)
|
Aigéad sulfónach sárfhluaradeacáin (PFDS);
|
|
(o)
|
Aigéad sulfónach sárfhluaraondeacáin (PFUnDS);
|
|
(p)
|
Aigéad sulfónach sárfhluardóideacáin (PFDoDS);
|
|
(q)
|
Aigéad sulfónach sárfhluairtrídeacáin (PFTrDS);
|
|
(r)
|
Sulfainiolaimíd sárfhluarochtáin (FOSA).
|
Ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar thástáil le haghaidh láithreacht na PFASanna seo a leanas i mbia, ar PFASanna iad atá ag teacht chun cinn:
|
(a)
|
2-[(6-clór-1,1,2,2,3,3,4,4,5,5,6,6-dóideacafluaraiheicsil)ocsa]-1,1,2,2-aigéad teitreafluaireatánsulfónach (foirm aigéadach F53B);
|
|
(b)
|
2,3,3,3-teitreafluar-2-(heipteafluarprópocsa)-aigéad própánóch (foirm aigéadach GenX);
|
|
(c)
|
(2,2,3-Trífhluar-3-[1,1,2,2,3,3-heicseafluar-3-(trífhluairmeatocsaí)própocsa]-aigéad próipianach (foirm aigéadach ADONA);
|
|
(d)
|
1-Própánaimíniam, N,N-démheitil-N-ocsaíd-3-[[(3,3,4,4,5,5,6,6,7,7,8,8,8-trídheiceafluaraochtail)sulfóinil]aimíni]-, hiodrocsaíd (Capstone A);
|
|
(e)
|
1-Própánaimíniam, N,N-carbocsaimeitil)-N,N-démheitil-3-[[(3,3,4,4,5,5,6,6,7,7,8,8,8-trídheiceafluaraochtail)sulfóinil]aimíni]-, hiodrocsaíd (Capstone B);
|
|
(f)
|
Alcóil fhluaraiteiliméire agus sulfónáití.
|
|
|
2.
|
Ba cheart faireachán a dhéanamh ar réimse leathan táirgí bia de réir nósanna tomhaltais, lena n-áirítear torthaí, glasraí, fréamhacha stáirsiúla agus tiúbair, feamainn, gránaigh, cnónna, olashíolta, bia do naíonáin agus do leanaí óga, bia de bhunadh ainmhíoch, deochanna neamhalcólacha, fíon agus beoir.
Ba cheart sonraí a bhailiú i leith an réimse seo a leanas de chineálacha táirgthe nó de saintréithe táirge:
|
(a)
|
i leith táirgí ó chineálacha éagsúla táirgthe, lena n-áirítear táirgeadh orgánach;
|
|
(b)
|
maidir le táirgí ainmhithe, i leith táirgí ó ainmhithe a bhfuil rochtain amuigh faoin aer acu ar ithir nó ar uisce agus i leith táirgí ó ainmhithe nach bhfuil rochtain amuigh faoin aer acu ar ithir nó ar uisce;
|
|
(c)
|
maidir le táirgí ainmhithe, i leith táirgí ó réimse leathan speiceas saothraithe agus fiáin, ar táirgí iad atá ionadaíoch do na nósanna náisiúnta tomhaltais;
|
|
(d)
|
maidir le prátaí, i leith prátaí scafa nó, i gcás cineálacha prátaí a itear leis an gcraiceann, i leith prátaí neamhscafa, ar choinníoll go léirítear sin go soiléir agus na sonraí á gcur isteach;
|
|
(e)
|
maidir le fungais, i leith fungais fiáin agus feirme.
|
Níor cheart ach an chuid inite de na táirgí bia a anailísiú. Ba cheart torthaí, glasraí, fréamhacha stáirsiúla agus tiúbair a ní roimh an tsampláil, agus a áirithiú ag an am céanna nach dtugtar isteach éilliú breise le PFASanna tríd an uisce níocháin. Ba cheart anailís a dhéanamh ar bhia tirim nó leachtach do naíonáin agus do leanaí óga, de réir mar a mhargaítear na bianna sin.
Ba cheart sonraí a bhailiú i leith bianna a tháirgtear i réigiúin neamhthruaillithe, ach féadfar sonraí i leith bianna ó réigiúin thruaillithe a thuairisciú freisin, ar choinníoll go léirítear sin go soiléir agus na sonraí á dtuairisciú don Údarás.
|
|
3.
|
Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar le hoibreoirí gnó bia, faisnéis a bhailiú maidir le tiúchaintí PFASanna i dtáirgí amha agus i dtáirgí próiseáilte ón mbaisc chéanna táirgí amha agus ba cheart dóibh fachtóirí próiseála a chinneadh i leith táirgí próiseáilte éagsúla, go háirithe cáis, púdar meidhg, buíocán uibhe, earraí míne bácála ina bhfuil cion ard uibheacha agus táirgí feola ina bhfuil ae.
|
|
4.
|
Ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an cumas anailíse acu anailís a dhéanamh ar PFASanna i mbeatha faireachán a dhéanamh freisin ar PFASanna i mbeatha. Na Ballstáit nach bhfuil an cumas anailíse riachtanach acu fós, ba cheart dóibh modhanna anailíse le haghaidh PFASanna a bhailíochtú i mbeatha.
|
|
5.
|
Ba cheart do na Ballstáit cloí leis na modhanna samplála faoi mar a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1428 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun leibhéil substaintí sárfhluarailcile i dtáirgí bia áirithe a rialú.
|
|
6.
|
Ba cheart na hanailísí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) trí úsáid a bhaint as modh anailíse a bhfuil sé cruthaithe go ngineann sé torthaí iontaofa. Ba cheart teorainneacha cainníochtaithe na modhanna anailíse a bheith faoi bhun nó ag:
|
(a)
|
0,002 μg/kg le haghaidh PFOS, 0,001 μg/kg le haghaidh PFOA, 0,001 μg/kg le haghaidh PFNA agus 0,004 μg/kg le haghaidh PFHxS i dtorthaí, i nglasraí, i bhfréamhacha stáirsiúla agus tiúbair agus i mbia do naíonáin agus do leanaí óga
|
|
(b)
|
0,010 μg/kg le haghaidh PFOS, 0,010 μg/kg le haghaidh PFOA, 0,020 μg/kg le haghaidh PFNA agus 0,040 μg/kg le haghaidh PFHxS i mbainne
|
|
(c)
|
0,10 μg/kg le haghaidh PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS i bhfeoil iasc agus i bhfeoil ainmhithe talún
|
|
(d)
|
0,30 μg/kg le haghaidh PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS in uibheacha, i gcrústaigh agus i moilisc.
|
|
(e)
|
0,50 μg/kg le haghaidh PFOS, PFOA, PFNA agus PFHxS i scairteach inite ainmhithe talún agus in ola éisc.
|
Na Ballstáit a úsáideann modhanna nach féidir leo na teorainneacha cainníochtaithe sin a bhaint amach, féadfaidh siad torthaí a fuarthas trí mhodhanna a bhfuil teorainneacha cainníochtaithe níos airde acu a chur isteach. Mar sin féin, ba cheart do na Ballstáit sin an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun spriocteorainneacha cainníochtaithe a bhaint amach a luaithe is féidir.
|
|
7.
|
Ba cheart tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar chúiseanna an éillithe nuair a sháraítear na leibhéil tháscacha seo a leanas:
|
(a)
|
0,010 μg/kg le haghaidh PFOS, 0,010 μg/kg le haghaidh PFOA, 0,005 μg/kg le haghaidh PFNA agus 0,015 μg/kg le haghaidh PFHxS i dtorthaí, i nglasraí (seachas i bhfungais fhiáine), i bhfréamhacha stáirsiúla agus i dtiúbair;
|
|
(b)
|
1,5 μg/kg le haghaidh PFOS, 0,010 μg/kg le haghaidh PFOA, 0,005 μg/kg le haghaidh PFNA agus 0,015 μg/kg le haghaidh PFHxS i bhfungais fhiáine;
|
|
(c)
|
0,020 μg/kg le haghaidh PFOS, 0,010 μg/kg le haghaidh PFOA, 0,050 μg/kg le haghaidh PFNA agus 0,060 μg/kg le haghaidh PFHxS i mbainne;
|
|
(d)
|
0,050 μg/kg le haghaidh PFOS, 0,050 μg/kg le haghaidh PFOA, 0,050 μg/kg le haghaidh PFNA agus 0,050 μg/kg le haghaidh PFHxS i mbia do naíonáin (7).
|
|
|
8.
|
Ba cheart do na Ballstáit na sonraí faireacháin a sholáthar don Údarás ar bhonn rialta, mar aon leis an bhfaisnéis agus san fhormáid tuairiscithe leictreonach mar atá leagtha amach ag an Údarás, lena dtiomsú in aon bhunachar sonraí amháin. Ba cheart do na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
sonraí ó réigiúin arb eol go bhfuil truailliú ard comhshaoil iontu a thuairisciú mar shamplaí amhrasta, go háirithe maidir le hiasc, le géim, le héanlaith chlóis saor-raon agus le héanlaith chlóis amuigh faoin aer, le torthaí amuigh faoin aer agus le glasraí amuigh faoin aer;
|
|
(b)
|
an cineál táirgthe a shonrú, go háirithe i gcás táirgí ainmhithe (is é sin táirgeadh de chineál fiáin, de chineál bailithe nó de chineál fiaigh, in aghaidh táirgeadh neamhorgánach saothraithe nó táirgeadh orgánach saothraithe; táirgeadh saor-raoin nó táirgeadh amuigh faoin aer in aghaidh modhanna táirgthe faoi dhíon) agus fungais (is é sin táirgeadh de chineál fiáin nó de chineál bailithe in aghaidh táirgeadh saothraithe);
|
|
(c)
|
i gcás feoil ghéim agus scairteach, tuairiscigh aois na n-ainmhithe, i gcás inar féidir; agus
|
|
(d)
|
i gcás bia do naíonáin agus do leanaí óga, tuairiscigh na príomh-chomhábhair (bainne bó, pónairí soighe, iasc, feoil ainmhithe talún, gránaigh, glasraí nó torthaí).
|
|
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) Opinion of the Scientific Panel on Contaminants in the Food chain on Perfluorooctane sulfonate (PFOS), perfluorooctanoic acid (PFOA) and their salts [Tuairim ón bPainéal Eolaíoch maidir le hÉilleáin sa Slabhra Bia maidir le Sulfónáit sárfhluarochtáin (PFOS), aigéad sárfhluarochtánóch (PFOA) agus a salainn], EFSA Journal [Iris EFSA] (2008) 653, lgh. 1-131.
(2) Moladh 2010/161/AE ón gCoimisiún an 17 Márta 2010 maidir le faireachán ar shubstaintí sárfhluarailcilithe i mbia (IO L 68, 18.3.2010, lch. 22).
(3) Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra (CONTAM); Scientific opinion on the risk to human health related to the presence of perfluoroalkyl substances in food [Tuairim eolaíoch maidir leis an riosca do shláinte an duine a bhaineann le substaintí sárfhluarailcile a bheith i mbia], EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(9):6223.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i dtáirgí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1428 ón gCoimisiún an 24 Lúnasa 2022 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun rialú a dhéanamh ar shubstaintí sárfhluarailcile in earraí bia áirithe (féach leathanach 66 den Iris Oifigiúil seo).
(6) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(7) Bia do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35).