|
9.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 469/1 |
MOLADH ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Samhain 2022
maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus lena n-ionadaítear an Moladh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
(2022/C 469/01)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 165 agus 166 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
1. |
I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (1), leagtar béim sa chéad phrionsabal agus san aonú prionsabal déag ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas cuimsitheach ardcháilíochta a spreagadh do chách, ó aois óg ar aghaidh. Braitheann cur chun feidhme éifeachtach na bprionsabal sin ar dhiongbháilteacht agus ar ghníomhaíocht na mBallstát. Féadann gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais a bheith ina gcomhlánú ar ghníomhaíochtaí náisiúnta agus chuir an Coimisiún a rannchuidiú i láthair i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (2). |
|
2. |
An 30 Meán Fómhair 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach Teachtaireacht maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, agus cuimsitheacht ar cheann dá shé ghné (3). An 18 Feabhra 2021, d’fhormheas an Chomhairle an Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030) (4), agus é d’aidhm aige feabhas a chur ar cháilíocht, cothroime, cuimsiú agus rath do chách san oideachas agus san oiliúint mar chéad tosaíocht straitéiseach. |
|
3. |
Is é is aidhm do Bhliain Eorpach na hÓige 2022 (5) daoine óga a spreagadh agus a chumhachtú chun a dtodhchaí agus todhchaí na hEorpa a mhúnlú, agus deiseanna breise a thabhairt dóibh a bheith páirteach i gcinntí a dhéanann difear dá saol. |
|
4. |
Sa tuarascáil ar thoradh críochnaitheach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa, iarrann na saoránaigh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit Limistéar Eorpach Oideachais cuimsitheach a bhunú faoi 2025 ina mbeidh rochtain chomhionann ag na saoránaigh uile ar oideachas ardcháilíochta agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear iad siúd i gceantair thuaithe agus iargúlta (6). Le Teachtaireacht 2020 ón gCoimisiún, sainaithnítear cuimsiú agus comhionannas inscne mar phríomhghné den Limistéar Eorpach Oideachais atá le baint amach faoi 2025, agus iarrtar go ndéanfaí torthaí oideachais a dhíchúpláil ó stádas socheacnamaíoch. Chomhaontaigh an Chomhairle gur cheart, faoi 2030, an sciar de dhaltaí 15 bliana d’aois atá lagchumasach sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus san eolaíocht a bheith níos lú ná 15 %, agus gheall sí an sciar de luathfhágálaithe an oideachais agus na hoiliúna a laghdú go dtí níos lú ná 9 %. |
|
5. |
Cé go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar ráta na luathfhágálaithe ar leibhéal an Aontais, ós rud é go raibh laghdú 3.9 pointe céatadáin air le linn na tréimhse ó 2010 go 2021, tá go leor foghlaimeoirí fós ag fágáil an oideachais róluath. Ba é 9.7 % sciar luathfhágálaithe an oideachais agus na hoiliúna san Aontas trí chéile in 2021, céatadán atá díreach faoi bhun sprioc ET 2020 de 10 % ar leibhéal an Aontais a socraíodh le haghaidh 2020. Mar sin féin, is luathfhágálaithe oideachais agus oiliúna iad breis agus 3.2 milliún duine óg san Aontas (18 go 24 bliana d’aois). Tá difríochtaí móra ann fós idir tíortha agus laistigh díobh, agus neamhionannas ann fós i measc grúpaí sonracha (e.g. ní éiríonn chomh maith sin le himircigh, fir óga, mionlaigh eitneacha amhail na Romaigh, ná le daoine óga i gceantair thuaithe agus iargúlta). |
|
6. |
Léiríonn torthaí Chlár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) 2018 de chuid ECFE go raibh treocht chun donachta in a lán tíortha maidir le líon na ndaltaí lagchumasacha sna bunscileanna le linn na tréimhse ó 2009 go 2018. Sa lá atá inniu ann, ní bhíonn inniúlachtaí leordhóthanacha léitheoireachta, matamaitice ná eolaíochta ag duine as gach cúigear Eorpach atá 15 bliana d’aois. Thairis sin, léiríonn torthaí an International Computer and Information Literacy Study (ICILS) [Staidéir Idirnáisiúnta ar an Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise] 2018 nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag an gcúigiú cuid de na daoine óga san Aontas, agus nochtar neamhréireachtaí feidhmíochta tromchúiseacha ann freisin i dtéarmaí stádais shocheacnamaíoch, rud lena ngabhann riosca go ndéanfaí an bhearna dhigiteach níos mó (7). |
|
7. |
Dearbhaíonn na sonraí gurb é an cúlra socheacnamaíoch is mó a dhéanann torthaí oideachais a thuar. I bhformhór thíortha an Aontais, tá ró-ionadaíocht ann ar fhoghlaimeoirí a thagann ó chúlra faoi mhíbhuntáiste i measc na bhfoghlaimeoirí nach bhfuil cáilíocht meánscoile uachtaraí bainte amach acu agus iad ag fágáil an oideachais agus na hoiliúna. Léirigh Pisa 2018 go bhfuil cion na ndaltaí lagchumasacha sa léitheoireacht i bhfad níos mó i bhformhór thíortha an Aontais sa cheathrú íochtarach d’innéacs an stádais eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha (ESCS) ná mar atá sé sa cheathrú uachtarach; suas le 40 pointe céatadáin i roinnt Ballstát. Dearbhaítear sa litríocht acadúil go mbíonn níos mó deacrachtaí ag daltaí a bhfuil cúlra socheacnamaíoch íseal acu scileanna acadúla agus teanga a fhorbairt. Bíonn fadhbanna iompraíochta i dtaca leis an bhfoghlaim acu níos minice, léiríonn siad spreagadh níos ísle i leith na foghlama, fágann siad an t-oideachas agus an oiliúint níos luaithe, agus bíonn cáilíochtaí níos ísle acu agus iad ag fágáil na scoile, chomh maith le hinniúlachtaí nach leor iad chun gur féidir leo páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí. |
|
8. |
Le blianta beaga anuas, tá na Ballstáit tar éis líon ard imirceach ó thríú tíortha (lena n-áirítear dídeanaithe (8)) atá in aois scoile a lánpháirtiú ina gcórais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear cuid acu a bhfuil leibhéal an-íseal bunscileanna acu nuair a thagann siad. Tá dúshláin eile ag teacht chun cinn i gcomhthéacs daoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin, ar leanaí in aois scoile sciar mór díobh a dteastaíonn tacaíocht foghlama spriocdhírithe uathu (lena n-áirítear teanga na scolaíochta a shealbhú), chomh maith le tacaíocht shíceasóisialta. |
|
9. |
In PISA 2015 agus 2018 tugadh chun suntais freisin go bhfuil braistint na ndaltaí a bheith ina bpáirt de shaol na scoile ag dul i laghad agus go bhfuil an bhulaíocht/an chibearbhulaíocht forleathan, agus í ag dul i méid. Leagtar béim sa taighde ar a thábhachtaí atá an dea-bhail mhothúchánach, shóisialta agus choirp i scoileanna maidir leis na deiseanna a bhíonn ag leanaí agus ag daoine óga a bheith rathúil san oideachas agus sa saol a mhéadú. Dearbhaítear ann gur millteanach an tionchar a bhíonn ag saincheisteanna meabhairshláinte, mar aon le foréigean agus bulaíocht, ciníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe agus idirdhealaithe, ar dhea-bhail mhothúchánach agus ar thorthaí oideachais leanaí agus daoine óga. Léirítear sa taighde freisin gur mó an baol go ndéanfaí bulaíocht ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, agus go bhfuil braistint chómhuintearais níos laige ag foghlaimeoirí ó scoileanna atá lonnaithe i dtimpeallachtaí faoi mhíbhuntáiste soch-eacnamaíoch ná mar atá ag a bpiaraí atá níos fearr as sa saol. |
|
10. |
Is tábhachtaí fós é aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin mar gheall ar phaindéim COVID-19. Tugtar le fios i roinnt staidéar gur mó an dóchúlacht atá anois ann de dheasca na géarchéime go n-éireoidh foghlaimeoirí atá i mbaol tarraingt siar ón scoil as ar fad, agus tugtar le fios go raibh tionchar díobhálach ag an ngéarchéim ar mheabhairshláinte agus ar dhea-bhail na bhfoghlaimeoirí i gcoitinne (9). |
|
11. |
In 2011, ghlac an Chomhairle Moladh maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú (10). Tá obair fhairsing déanta ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta chun an Moladh a chur chun feidhme, go háirithe trí phiarfhoghlaim agus trí mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit faoi chuimsiú ET 2020 le haghaidh comhar beartais Eorpach. Tá raon leathan acmhainní, samplaí de bhearta rathúla agus ábhair acmhainní ar fáil ar líne tríd an mBosca Uirlisí Eorpach le haghaidh na Scoileanna agus trí bhosca uirlisí gairmoideachais agus oiliúna Cedefop chun dul i ngleic le luathfhágáil na scoile. Leis an measúnú neamhspleách ar chur chun feidhme an Mholta, a foilsíodh in 2019 (11), tugtar comhartha láidir gur spreag an Moladh sin agus sraith uirlisí beartais an Aontais a ghabhann leis claochluithe laistigh d’institiúidí agus beartais oideachais agus oiliúna agus gur thacaigh sé le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a laghdú. Cuirtear i dtábhacht ann freisin na réimsí ina bhfuil gá le tuilleadh oibre. |
|
12. |
Tá clár Erasmus+ tar éis tacú le roinnt tionscadal trasnáisiúnta maidir le cuimsiú in earnálacha éagsúla oideachais, tionscadail lena dtugtar aghaidh ar thearcghnóthachtáil agus luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna. Tá an cuimsiú ar cheann de thosaíochtaí uileghabhálacha Erasmus+ le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2027. Áirítear leis an gclár freisin tosaíocht bheartais shonrach chun dul i ngleic leis an míbhuntáiste foghlama, le luathfhágáil na scoile agus le lagchumas sna bunscileanna, agus beidh geallsealbhóirí lena mbaineann cistiú Erasmus+in ann moltaí beartais a chur chun feidhme. |
|
13. |
Tá infheistíochtaí móra slógtha trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) 2014–2020 chun dul i ngleic le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna, lena dtacaítear le tionscadail iomadúla ar mórscála i gcomhréir le Moladh 2011 ón gComhairle. Tacaíonn Ciste Sóisialta na hEorpa+ le daoine aonair, le réigiúin agus le Ballstáit a bhfuil dúshláin ar leith rompu, idir théarnamh ó phaindéim COVID-19 agus spriocanna an Aontais maidir leis an aeráid, fostaíocht, cuimsiú sóisialta, agus oideachas a bhaint amach. Baintear úsáid as CSIE agus cistí beartais chomhtháthaithe 2021–2027, faoi threoir, i measc rudaí eile, na moltaí tírshonracha a eisítear faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh. |
|
14. |
Leis an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, tugtar an deis do na Ballstáit tacaíocht a fháil, ach sin a iarraidh, d’athchóirithe saincheaptha i réimsí éagsúla, amhail torthaí oideachais leanaí a fheabhsú, oideachas agus cúram na luath-óige a fheabhsú, straitéisí náisiúnta agus pleananna gníomhaíochta a leagan síos maidir le haghaidh a thabhairt ar luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna agus cosc a chur uirthi, uirlisí a fhorbairt chun tacú le hearcú múinteoirí agus le forbairt ghairmiúil, nó athchóiriú curaclaim a ullmhú agus a sheoladh. Bhain roinnt Ballstát úsáid as an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil agus as an gClár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach a tháinig roimh an ionstraim, chun tacú le hathchóirithe maidir le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chosc, go háirithe a mhéid a bhaineann le leanaí ó chúlraí leochaileacha. |
|
15. |
Is gá do leanaí agus do dhéagóirí sraith chothrom d’inniúlachtaí cognaíocha, sóisialta agus mothúchánacha a bheith acu chun torthaí dearfacha a bhaint amach sa scoil agus sa saol. Sa Mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil (12) déantar “inniúlacht phearsanta agus shóisialta agus inniúlacht maidir le foghlaim conas foghlaim” a shainiú. Áirítear leis sin an cumas dul i ngleic le héiginnteacht agus castacht, tacú leis an dea-bhail choirp agus mhothúchánach phearsanta, an tsláinte coirp agus an mheabhairshláinte a chothú, caidreamh comhoibríoch dearfach a fhorbairt le daoine, agus cloí le saol atá dírithe ar an dea-shláinte agus ar an todhchaí, agus coinbhleacht a bhainistiú i gcomhthéacs cuimsitheach tacúil. |
|
16. |
Iarrtar, sna Conclúidí ón gComhairle maidir le cothroime agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint chun rath san oideachas a chur chun cinn do chách (13), ar na Ballstáit uile bearta beartais oideachais a chur chun feidhme agus athchóirithe ar chórais oideachais agus oiliúna a shaothrú, de réir mar is iomchuí, ag féachaint do réimse iomlán an oideachais agus na hoiliúna agus le cur chuige institiúide iomlán, chun comhionannas deiseanna agus cuimsiú a fheabhsú agus chun rath san oideachas ar gach leibhéal agus i ngach cineál oideachais agus oiliúna a chur chun cinn. |
|
17. |
Aithnítear sna conclúidí ón gComhairle maidir le múinteoirí agus oiliúnóirí Eorpacha don todhchaí (14) gurb iad na múinteoirí, na hoiliúnóirí agus na ceannairí scoile atá ina gceann feadhna bunriachtanach san oideachais agus san oiliúint, agus cuirtear i dtábhacht sna conclúidí gur gá a n-inniúlachtaí siúd a fhorbairt a thuilleadh agus a thabhairt cothrom le dáta. Aithníodh i dteachtaireacht maidir le Limistéar Eorpach Oideachais agus sa Rún ón gComhairle an ról ríthábhachtach atá ag múinteoirí agus oiliúnóirí. |
|
18. |
Leis an Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2019 maidir le córais oideachais agus cúraim luath-óige ar ardcháilíocht (15), cuirtear i dtreis go rannchuidíonn an rochtain ar sheirbhísí oideachais agus cúraim luath-óige ag gach leanbh lena bhforbairt shláintiúil agus lena rathúlacht oideachais, go gcabhraíonn sí le héagothromaíochtaí sóisialta a laghdú agus go laghdaíonn sí an bhearna inniúlachta idir leanaí ó chúlraí eacnamaíocha éagsúla. |
|
19. |
Leis an Moladh ón gComhairle an 29 Samhain 2021 maidir le cineálacha cur chuige foghlama cumaiscthe i gcomhair bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach ardcháilíochta (16), cuirtear cuir chuige i leith foghlaim chumaisc chun cinn lena gcomhcheanglaítear timpeallachtaí na láithreach scoile agus na cianfhoghlama, mar aon le huirlisí foghlama digiteacha agus neamhdhigiteacha, d’fhonn córais oideachais agus oiliúna níos athléimní agus níos cuimsithí a fhorbairt. Fágann na cleachtais sin gur féidir cuir chuige agus uirlisí éagsúlaithe agus idirdhealaithe a úsáid chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do gach dalta – go háirithe daltaí a bhfuil riachtanais shonracha acu nó do dhaltaí ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste – agus chun feabhas a chur ar a spreagadh chun foghlaim. |
|
20. |
Sainítear sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip (17) gníomhaíochtaí chun an t-iomaíochas inbhuanaithe a neartú, athléimneacht a chothú chun freagairt ar ghéarchéimeanna agus chun cabhrú le daoine aonair agus le gnólachtaí tacar ábhartha scileanna a fhorbairt, bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19. Sa Mholadh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint le haghaidh an iomaíochais inbhuanaithe (18), na cothroime sóisialta agus na hathléimneachta, moltar fís bheartais Aontais athnuaite i ndáil le gairmoideachas agus gairmoiliúint, a mbeidh ról lárnach aici maidir le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chosc agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn. |
|
21. |
Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (19) gníomhaíochtaí chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú le haghaidh an aistrithe dhigitigh, chun a áirithiú nach bhfágfar aon fhoghlaimeoir ar lár agus go mbeidh na hinniúlachtaí ag céimithe a bhfuil gá leo sa mhargadh saothair. Déantar foráil ann maidir le treoirlínte comhchoiteanna a fhorbairt le haghaidh múinteoirí agus foirne oideachais chun an litearthacht dhigiteach a chothú agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, maidir le Creat Inniúlachta Digití na hEorpa a thabhairt cothrom le dáta agus maidir le togra le haghaidh moladh ón gComhairle i ndáil le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint. Ina theannta sin, moltar sa Phlean Gníomhaíochta go ndéanfaí iarrachtaí chun an bhearna idir na hinscní in STEM a laghdú. |
|
22. |
Le Moladh (AE) 2021/1004 ón gComhairle an 14 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí (20), iarrtar ar na Ballstáit rochtain éifeachtach shaor ar ghníomhaíochtaí oideachais agus ar ghníomhaíochtaí scoilbhunaithe a ráthú le haghaidh leanaí atá ar an ngannchuid (i.e. i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta, go háirithe na Romaigh). I straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh (21), iarrtar oideachas cuimsitheach ardcháilíochta a chothú. I straitéis nua an Aontais maidir le hidirlíon níos fearr do leanaí (BIK+) (22), iarrtar go ndéanfaí timpeallacht dhigiteach a thógáil ina ndéanfaí leanaí a chosaint, a chumhachtú agus a urramú agus cuirtear i dtábhacht inti gur cheart comhionannas deiseanna a bheith ag leanaí atá i staideanna leochaileacha chun leas a bhaint as na deiseanna a d’fhéadfadh eascairt as an deacáid dhigiteach. |
|
23. |
Sa ghlúin nua de straitéisí Aontais um chomhionannas agus creataí beartais um chuimsiú a glacadh in 2020 agus 2021 (23) leagadh béim láidir ar an gcothroime agus ar an gcuimsiú a chur chun cinn agus ar an idirdhealú san oideachas a chomhrac trí thacaíocht spriocdhírithe do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus is mó a dhéantar idirdhealú orthu. |
|
24. |
Sa Mholadh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020A Bridge to Jobs – Reinforcing the Youth Guarantee [Nasc leis an bhFostaíocht – An Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú] agus lena n-ionadaítear an Moladh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (24), moltar gur cheart cabhrú le daoine óga filleadh ar an oideachas agus an oiliúint a dhéanamh tríd an tairiscint oideachais leanúnaigh a éagsúlú, lena n-áirithítear, i gcás inarb iomchuí, bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Ina theannta sin, cabhraíonn an tionscnamh ALMA (Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh) le daoine óga faoi mhíbhuntáiste atá idir 18 agus 30 bliain d’aois nach bhfuil fostaithe ná ag gabháil d’oideachas agus oiliúint (NEETanna) a mbealach a aimsiú chuig an margadh fostaíochta ina dtír dhúchais trí thacaíocht d’oideachas, do ghairmoiliúint nó d’fhostaíocht a chomhcheangal le socrúchán oibre i mBallstát eile den Aontas, chun a scileanna, a n-eolas agus a dtaithí a fheabhsú. |
|
25. |
Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme Mholadh 2011 ón gComhairle, ar léargais nua ón taighde, agus ar chomhairliúcháin le geallsealbhóirí, iarrtar cur chuige níos leithne, níos cuimsithí agus níos córasaí i leith rathúlacht scoile, cur chuige lena dtabharfar aghaidh go comhuaineach ar an sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le bunscileanna agus ar an sprioc maidir le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna, agus lena ndaingneofar gné na dea-bhaile ina hiomláine. Leis an gcur chuige sin, ba cheart forbairt na n-inniúlachtaí a bhfuil gá leo a áirithiú chun go n-éireodh le daltaí san oideachas agus sa saol, agus ba cheart taithí fhóinteach foghlama, caidreamh, rannpháirtíocht níos leithne sa phobal agus aistriú rianúil chuig aosacht chobhsaí agus saoránacht ghníomhach a bheith i ndán dóibh mar thoradh air. |
|
26. |
An cuspóir maidir le tearcghnóthachtáil agus luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a laghdú agus maidir le rathúlacht scoile a chur chun cinn, ní mór do na Ballstáit aghaidh a thabhairt air go córasach ar fud an Aontais. Ar leibhéal an chórais, tá gá le comhsheasmhacht na mbeart beartais, comhordú le réimsí beartais ábhartha eile (amhail an óige, an tsláinte, cultúr, seirbhísí sóisialta, fostaíocht, tithíocht, ceartas, imirce agus lánpháirtiú), agus comhar éifeachtach idir na gníomhaithe éagsúla ar gach leibhéal (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil, scoile) chun tacaíocht chomhordaithe a thabhairt do leanaí, do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh. In éineacht leis sin, ba cheart cur chuige uile-scoile a chur chun cinn, i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, agus gach réimse gníomhaíochta a ionchorprú (teagasc agus foghlaim, pleanáil agus rialachas, etc.) leis na príomhghníomhaithe go léir rannpháirteach (foghlaimeoirí, ceannairí scoile, baill foirne teagaisc agus eile, tuismitheoirí agus teaghlaigh, pobail áitiúla agus pobail níos leithne) (25). |
|
27. |
Urramaítear go hiomlán leis an Moladh ón gComhairle seo prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. |
AG MOLADH LEIS SEO DO NA BALLSTÁIT:
|
1. |
Straitéis chomhtháite chuimsitheach (26) maidir le rathúlacht scoile a fhorbairt nó, i gcás inarb iomchuí, a neartú a thuilleadh faoi 2025, ar an leibhéal iomchuí, i gcomhréir le struchtúr a gcórais oideachais agus oiliúna, d’fhonn éifeachtaí stádais shocheacnamaíoch ar thorthaí an oideachais agus na hoiliúna, an cuimsiú san oideachas a chur chun cinn agus luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a laghdú a thuilleadh, mar aon le tearcghnóthachtáil sna bunscileanna, agus na bearta éagsúla a leagtar amach sa chreat beartais san Iarscríbhinn á gcur san áireamh. Ba cheart aird ar leith a dhíriú ar an dea-bhail ar scoil mar chuid lárnach den rathúlacht scoile. Ba cheart a áireamh i straitéis den chineál sin bearta coisctheacha, idirghabhála agus cúitimh (lena n-áirítear bearta a thairgtear mar chuid den Ráthaíocht threisithe don Aos Óg (27)), ba cheart í a bheith fianaisebhunaithe agus bearta uilíocha a bheith comhcheangailte inti le forálacha spriocdhírithe agus/nó pearsantaithe le haghaidh foghlaimeoirí a bhfuil gá acu le haird agus tacaíocht bhreise i dtimpeallachtaí cuimsitheacha (amhail foghlaimeoirí ó chúlra faoi bhuntáiste socheacnamaíoch, cúlra imirceach, cúlra dídeanaí nó cúlra Romach, foghlaimeoirí faoi mhíchumas infheicthe agus dofheicthe, agus foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais nó fadhbanna meabhairshláinte acu agus foghlaimeoirí a bhfuil cónaí orthu i gceantair atá scoite, oileánach nó iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí san Aontas, de réir cúinsí náisiúnta). Straitéis den chineál sin, ba cheart í a bheith bunaithe freisin ar chomhar struchtúrtha idir gníomhaithe a dhéanann ionadaíocht do réimsí beartais, leibhéil rialachais agus leibhéil oideachais agus oiliúna éagsúla, ba cheart cistiú leordhóthanach a bheith ar fáil di agus ba cheart plean cur chun feidhme agus meastóireachta a bheith ag gabháil léi. |
|
2. |
Córais bailithe sonraí agus faireacháin a fhorbairt, nó i gcás inarb iomchuí, a neartú a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, córais lena bhféadfar faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a bhailiú go córasach faoi fhoghlaimeoirí agus faoi na tosca a mbíonn tionchar acu ar thorthaí foghlama, go háirithe cúlra socheacnamaíoch. Caithfidh na córais sin a bheith i gcomhréir le cosaint sonraí pearsanta agus leis an reachtaíocht náisiúnta. Ba cheart a áirithiú leo, a mhéid is féidir, go mbeidh sonraí agus faisnéis imdhealaithe faoi raon leathan gnéithe (lena n-áirítear tuairimí na bhfoghlaimeoirí féin) ar fáil ar leibhéil éagsúla beartais agus go n-úsáidfear iad (i bhfoirm anaithnid de réir mar is iomchuí) le haghaidh anailíse, coisc agus luath-idirghabhála, ceapadh beartais, agus chun na straitéisí thuas a stiúradh agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu. |
|
3. |
I gcomhthéacs straitéise comhtháite cuimsithí agus i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta, bearta coisctheacha, idirghabhála agus cúitimh a chomhcheangal amhail na bearta sin a leagtar amach sa chreat beartais san Iarscríbhinn chun tacú leis an méid seo a leanas:
|
|
4. |
An úsáid is fearr is féidir a bhaint, de réir na riachtanas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, as acmhainní náisiúnta agus Aontais le haghaidh infheistíocht i mbonneagar, in oiliúint, in uirlisí agus in acmhainní chun cur leis an gcuimsiú, an comhionannas agus an dea-bhail san oideachas, lena n-áirítear cistí agus saineolas Aontais le haghaidh athchóirithe agus infheistíocht i mbonneagar, uirlisí, oideolaíocht agus timpeallachtaí sláintiúla foghlama a chruthú, go háirithe Erasmus+, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, etc., agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil úsáid na gcistí ag teacht leis an straitéis fhoriomlán. |
|
5. |
Tuairisc a thabhairt ar a straitéis, ar na bearta a rinneadh, ar na socruithe ábhartha faireacháin agus meastóireachta agus ar an mbuiséad arna leithdháileadh laistigh de na socruithe tuairiscithe atá ann cheana sa Limistéar Eorpach Oideachais (lena n-áirítear laistigh den chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (2021-2030)) agus ag cur leis an Seimeastar Eorpach freisin. |
|
6. |
Daoine óga a spreagadh le bheith rannpháirteach go gníomhach i gcur chun feidhme an Mholta ón gComhairle, inter alia trí Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh, chun a áirithiú go gcuirfear san áireamh agus go gcluintear tuairimí, dearcthaí agus riachtanais daoine óga, lena n-áirítear iad siúd ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. |
AG IARRAIDH AR AN gCOIMISIÚN LEIS SEO:
|
1. |
Tacú leis an Moladh ón gComhairle a chur chun feidhme, chomh maith leis na tionscnaimh ghaolmhara amhail an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus an Ráthaíocht threisithe don Aos Óg, trí fhoghlaim fhrithpháirteach agus malartuithe a éascú i measc na mBallstát agus na ngeallsealbhóirí ábhartha uile maidir le rathúlacht oideachais do chách tríd an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Tacú le forbairt, scaipeadh agus úsáid dheonach ábhair treorach agus acmhainní maidir le rathúlacht oideachais le haghaidh gach foghlaimeora (maidir le himircigh a lánpháirtiú agus foghlaim teangacha freisin), i gcomhar leis na Ballstáit, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí thuilleadh forbartha agus cur chun cinn a dhéanamh ar an mBosca Uirlisí Eorpach le haghaidh na Scoileanna maidir leis an oideachas cuimsitheach a chur chun cinn agus dul i ngleic le luathfhágáil na scoile, ar an gcoimre cleachtas spreagúil maidir le hoideachas cuimsitheach saoránachta, agus ar bhosca uirlisí gairmoideachais agus gairmoiliúna Cedefop chun luathfhágáil a chomhrac. |
|
3. |
Tacú le deiseanna forbartha gairmiúla le haghaidh baill foirne oideachais agus geallsealbhóirí eile tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
|
4. |
Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Mholta ón gComhairle laistigh de na socruithe atá ann cheana sa Limistéar Eorpach Oideachais (lena n-áirítear laistigh den chreat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint) agus cur, lena chois sin, leis an Seimeastar Eorpach (lena n-áirítear an Scórchlár Sóisialta athbhreithnithe). |
|
5. |
Faireachán a dhéanamh, chomh maith le tuairisciú tréimhsiúil, ar an dul chun cinn ionsar na spriocanna ar leibhéal an Aontais faoi chuimsiú na dtuarascálacha ar an Limistéar Eorpach Oideachais; i ndlúthchomhar leis an mBuanghrúpa um Tháscairí agus Tagarmharcanna, machnamh a dhéanamh ar conas is féidir faireachán ar leibhéal an Aontais a fheabhsú, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar tháscairí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus, más iomchuí agus más gá, cinn nua a mholadh, go háirithe maidir le cuimsiú agus cothroime. |
Cuirfear an Moladh seo in ionad Mholadh ón gComhairle an 28 Meitheamh 2011 maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
V. BALAŠ
(1) IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(2) COM(2021) 102 final.
(3) COM(2020) 625 final.
(4) IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.
(5) Cinneadh (AE) 2021/2316 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Nollaig 2021 maidir le Bliain Eorpach na hÓige (2022) (IO L 462, 28.12.2021, lch. 1).
(6) Conference on the Future of Europe – Report on the Final Outcome [An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa – Tuarascáil ar an Toradh Críochnaitheach] Bealtaine 2022, Togra 46, (lch 88).
(7) Cé go bhfuil scileanna digiteacha le meas i measc na mbunscileanna, ní thugtar aghaidh orthu go sainráite leis an Moladh reatha, toisc gur cuid lárnach iad cheana de thionscnaimh eile amhail an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach.
(8) Sa doiciméad reatha seo, is sa chiall leathan pholaitiúil a úsáidtear an téarma “dídeanaí” seachas de réir mar a shainítear é i gCoinbhinsiún na Ginéive agus in acquis an Aontais maidir le cúrsaí tearmainn.
(9) Féach mar shampla: Koehler, C., Psacharopoulos, G., agus Van der Graaf, L., The impact of COVID-19 on the education of disadvantaged children and the socio-economic consequences thereof [Tionchar COVID-19 ar oideachas leanaí faoi mhíbhuntáiste agus na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann leis], tuarascáil NESET-EENEE, Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022; An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Impacts of COVID-19 on school education [Tionchair COVID-19 ar oideachas scoile], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2022; Blaskó, Z., da Costa, P., agus Schnepf, S. V., Learning Loss and Educational Inequalities in Europe: Mapping the Potential Consequences of the COVID-19 Crisis, [Caillteanas Foghlama agus Éagothromaíochtaí Oideachais san Eoraip: Mapáil a dhéanamh ar Iarmhairtí Féideartha Ghéarchéim COVID-19], Plépháipéár 14298 IZA, Bonn, 2021.
(10) IO C 191, 1.7.2011, lch. 1.
(11) An Coimisiún Eorpach, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr, Donlevy, V., Day, L., Andriescu, M., Downes, P., Assessment of the implementation of the 2011 Council Recommendation on policies to reduce early school leaving: final report [Measúnú ar chur chun feidhme Mholadh 2011 ón gComhairle maidir le beartais chun luathfhágáil na scoile a laghdú], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2019.
(12) IO C 189, 4.6.2018, lch. 1.
(13) IO C 221, 10.6.2021, lch. 3.
(14) IO C 193, 9.6.2020, lch. 11.
(15) IO C 189, 5.6.2019, lch. 4.
(16) IO C 504, 14.12.2021, lch. 21.
(17) COM(2020) 274 final.
(18) IO C 417, 2.12.2020, lch. 1.
(19) COM(2020) 624 final.
(20) IO L 223, 22.6.2021, lch. 14.
(21) COM(2021) 142 final.
(22) COM(2022) 212 final.
(23) Straitéis maidir le comhionannas inscne 2020–2025 (2020), plean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh maidir le frithchiníochas 2020–2025 (2020), creat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (2020) agus an Moladh ón gComhairle a bhaineann leis (2021), Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020–2025 (2020), Plean gníomhaíochta um lánpháirtiú agus cuimsiú 2021–2027 (2020), Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021–2030 (2021), straitéis an Aontais maidir leis an bhfrithsheimíteachas a chomhrac agus an saol Giúdach a chothú 2021-2030 (2021).
(24) IO C 372, 4.11.2020, lch. 1.
(25) Féach an sainmhíniú sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2022) 176 final.
(26) Is féidir straitéis den sórt sin a áireamh i ndoiciméid straitéiseacha náisiúnta ábhartha.
(27) Moladh an 30 Deireadh Fómhair 2020 ón gComhairle maidir le Droichead chun na Fostaíochta – Ráthaíocht don Aos Óg a Threisiú agus a chuirtear in ionad Mholadh an 22 Aibreán 2013 ón gComhairle maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Creat beartais le haghaidh rathúlacht scoile
Moltar san Iarscríbhinn seo creat beartais a fhónann mar uirlis tagartha do lucht ceaptha beartas náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus do chleachtóirí oideachais agus oiliúna lenar féidir freagairt chórasach beartais a spreagadh chun torthaí oideachais níos fearr a áirithiú do gach foghlaimeoir.
Cuirtear síos sa chreat beartais seo ar chur chuige sistéamach chun an rathúlacht ar scoil a fheabhsú le haghaidh gach foghlaimeora, gan beann ar a shaintréithe pearsanta, ná ar a chúlra teaghlaigh, cultúrtha agus socheacnamaíoch. Sainaithnítear ann príomhchoinníollacha agus príomhbhearta darb aidhm luathfhágáil na scoile agus tearcghnóthachtáil sna bunscileanna a laghdú, bunaithe ar fhianaise agus ar dhea-chleachtais a aithníodh i mBallstáit an Aontais agus i dtaighde úrscothach. Tá sé bunaithe ar chur chuige leathan cuimsitheach i leith rathúlacht scoile, cur chuige nach mbaineann le torthaí acadúla amháin ach a chuireann gnéithe amhail forbairt phearsanta, shóisialta agus mhothúchánach agus dea-bhail na bhfoghlaimeoirí ar scoil san áireamh freisin. Tógtar é ar roinnt coinníollacha uileghabhálacha (pointí 1 agus 2) agus sraith gníomhaíochtaí féideartha atá le cur chun cinn ar leibhéal na scoile agus ar leibhéal an chórais i gcomhréir leis na córais náisiúnta oideachais faoi seach.
1.
Chun gur féidir le gach foghlaimeoir an rathúlacht ar scoil a shaothrú, gan beann ar a shaintréithe pearsanta, ná ar a chúlra teaghlaigh, cultúrtha agus socheacnamaíoch, éilítear straitéis chomhtháite chuimsitheach i leith na rathúlachta ar scoil ar an leibhéal iomchuí beartais (náisiúnta, réigiúnach, áitiúil), de réir na n-imthosca náisiúnta agus struchtúr an chórais oideachais agus oiliúna. Ba cheart an méid seo a leanas, mar shampla, a bheith i gceist leis an straitéis sin:|
a) |
comhordú a áirithiú le réimsí eile beartais (amhail óige, sláinte, cultúr, seirbhísí sóisialta, fostaíocht, tithíocht, ceartas, cuimsiú dídeanaithe agus imirceach eile, agus neamh-idirdhealú) agus comhar leanúnach a chruthú idir leibhéil éagsúla rialachais an chórais oideachais agus oiliúna, chomh maith le hidirphlé córasach leis na geallsealbhóirí ábhartha uile (lena n-áirítear foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus teaghlaigh agus iad siúd a dhéanann ionadaíocht do ghrúpaí níos imeallaithe) ó chéim an cheaptha chomh fada leis an gcur chun feidhme agus an mheastóireacht; |
|
b) |
sraith chothrom chomhtháite chomhordaithe de bhearta beartais a bheith ann, ina mbeadh cosc, idirghabháil agus cúiteamh i dteannta a chéile, agus béim láidir á leagan ar ghníomhaíochtaí coisctheacha agus idirghabhála; |
|
c) |
na cuir chuige straitéiseacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i leith chosc luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna a chomhcheangal (de réir mar is iomchuí) leis na cuir chuige atá dírithe ar na bunscileanna a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar an mbulaíocht agus ar an gcibearbhulaíocht (lena n-áirítear bulaíocht inscnebhunaithe agus gnéaschiapadh) agus tacú leis an dea-bhail; |
|
d) |
bearta uilíocha uilescoile le haghaidh gach foghlaimeora a chomhcheangal go córasach, i dtimpeallachtaí cuimsitheacha, le bearta spriocdhírithe le haghaidh roinnt foghlaimeoirí nó grúpaí foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais chomhchosúla acu nó lena mbaineann riosca measartha, agus bearta níos pearsantaithe le haghaidh foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais chasta nó riachtanais ainsealacha acu agus a mbaineann an baol is airde leo; |
|
e) |
aird ar leith a dhíriú ar leanaí agus ar dhaoine óga atá i mbaol míbhuntáiste nó idirdhealaithe, cur chuige trasnach a áirithiú agus bearta iomchuí a chur san áireamh le haghaidh grúpaí atá i mbaol, amhail leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, ó chúlra imirceach nó Romach, dídeanaithe, foghlaimeoirí a bhfuil míchumais infheicthe agus dofheicthe orthu, lena n-áirítear lagú fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach, bíodh sé sin fadtéarmach nó gearrthéarmach, agus iad siúd a bhfuil riachtanais speisialta oideachais nó fadhbanna meabhairshláinte acu, i gcomhar le saineolaithe sóisialta agus sláinte; |
|
f) |
aird a tabhairt ar éagothromaíochtaí inscne a shainaithint san oideachas agus san oiliúint, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí fhaireachán daingnithe ar fheidhmíocht buachaillí agus cailíní, agus trí ghníomhaíochtaí sonracha a chur i bhfeidhm de réir mar is iomchuí; |
|
g) |
é a chur san áireamh a thábhachtaí atá próisis oideachais sheachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla le haghaidh rathúlacht foghlama agus rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe ábhartha uile; |
|
h) |
cur chuige a úsáid a bheidh bunaithe ar fhianaise, agus córais láidre bailithe sonraí agus faireacháin mar bhonn agus mar thaca acu (féach pointe 2 thíos), le tacaíocht ón taighde cainníochtúil agus cáilíochtúil is déanaí, agus na cleachtais agus na huirlisí á gcur san áireamh a n-éiríonn go follasach leo cabhrú le rathúlacht oideachais a bhaint amach le haghaidh gach foghlaimeora. Áirítear leis sin spreagadh a fháil ó acmhainní a sholáthraítear ar an leibhéal Eorpach, amhail an Bosca Uirlisí Eorpach le haghaidh na Scoileanna, an choimre cleachtas spreagúil maidir le hoideachas cuimsitheach saoránachta agus bosca uirlisí gairmoideachais agus gairmoiliúna Cedefop chun luathfhágáil a chomhrac agus fardal na gcóras treoraithe agus na gcleachtas ar feadh an tsaoil; |
|
i) |
acmhainní comhréireacha a leithdháileadh, lena n-áirítear cistí náisiúnta agus cistí Aontais a úsáid, chomh maith le tacaíocht eile le haghaidh athchóirithe agus infheistíochta in uirlisí oideachais, bonneagar agus oideolaíocht (go háirithe Erasmus+, an tSaoráid Téarnamh agus Athléimneachta, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, agus an scéim cistiúcháin lena nasctar Saoráidí Eorpacha (CEF2)); |
|
j) |
foráil a dhéanamh maidir le plean cur chun feidhme ina mbeidh spriocanna agus garspriocanna soiléire, plean faireacháin agus meastóireachta agus sásra nó struchtúr comhordúcháin a chruthú, ar an leibhéal is iomchuí do na cúinsí náisiúnta, chun comhar a éascú, tacú le cur chun feidhme, agus faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú beartais a chumasú. |
2.
Chun a bheith éifeachtach, ba cheart do straitéis chomhtháite a bheith bunaithe ar chórais láidre bailithe sonraí agus faireacháin sna Ballstáit, ar an leibhéal is iomchuí do na himthosca náisiúnta, agus níor cheart di ualach riaracháin breise nach bhfuil gá leis a fhorchur ar institiúidí oideachais. Ba cheart do na córais sin an méid a leanas, mar shampla, a dhéanamh:|
a) |
anailís a cheadú, ar gach leibhéal beartais (náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil), ar raon feidhme agus minicíocht na gcúiseanna féideartha leis an tearcghnóthachtáil agus le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí thuairimí foghlaimeoirí agus teaghlach imeallaithe a bhailiú; |
|
b) |
iad a úsáid chun forbairt beartais a cheapadh agus a stiúradh, chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht na mbeart a ghlactar; |
|
c) |
brath agus sainaithint luath a chumasú i gcás foghlaimeoirí atá i mbaol an t-oideachas agus an oiliúint a fhágáil go luath agus na foghlaimeoirí a rinne amhlaidh, chun gur féidir tacaíocht thráthúil iomchuí a sholáthar, gan lipéad a chur ar na foghlaimeoirí sin nó a bheith anuas orthu; |
|
d) |
bunús a sholáthar chun treoir agus tacaíocht éifeachtach a fhorbairt le haghaidh scoileanna. |
Maidir leis na sonraí agus an fhaisnéis, ba cheart dóibh, go hidéalach, gach leibhéal oideachais agus oiliúna a chumhdach (oideachas agus cúram na luath-óige, bunoideachas, meánoideachas íochtarach, meánoideachas uachtarach), chomh maith le gach cineál oideachais agus oiliúna (lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint), ba cheart iad a bheith ar fáil ar leibhéil éagsúla bheartais, agus ní mór dóibh an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh. Ba cheart faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil a bhailiú, de réir na n-imthosca náisiúnta, agus leibhéal ard imdhealaithe á chur i bhfeidhm (mar shampla, maidir le hinscne, cúlra socheacnamaíoch, cúlra imirceach, agus difríochtaí réigiúnacha, etc.), agus maidir le raon leathan fachtóirí a bhfuil tionchar diúltach nó dearfach acu ar thorthaí foghlama (amhail rannpháirtíocht in oideachas agus cúram na luath-óige, freastal scoile, rannpháirtíocht i bpróisis foghlama, gnóthachtáil sna bunscileanna, an dea-bhail ar scoil, meabhairshláinte, braistint na ndaltaí gur páirt de shaol na scoile iad, saincheisteanna iompraíochta, eispéiris an idirdhealaithe, etc.).
3.
Chun tacú le foghlaimeoirí, rinneadh na dea-chleachtais seo a leanas a shainaithint, dea-chleachtais ar gné ríthábhachtach dá gcur chun feidhme é tiomantas na ngníomhaithe ábhartha uile (ceannairí scoile, múinteoirí, oiliúnóirí nó foirne ábhartha eile, teaghlaigh agus na foghlaimeoirí iad féin), ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus scoile, i gcomhréir leis na himthosca náisiúnta agus le struchtúr an chórais oideachais agus oiliúna:|
|
Bearta coisctheacha
|
|
|
Bearta idirghabhála
|
|
|
Bearta comhcheangailte idirghabhála / cúitimh
|
4.
Tá ról ríthábhachtach ag ceannairí scoile, múinteoirí, oiliúnóirí agus foirne eile, lena n-áirítear i gcúram na luath-óige, sa straitéis. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfreagracht dhúshlánach sin, is gá tacaíocht a bheith acu agus iad a bheith ullamh chun neamhionannas oideachasúil, tearcghnóthachtáil oideachasúil agus díscor foghlaimeoirí den oideachas a thuiscint agus dul i ngleic leo. Ní hé amháin go gcuidíonn an méid sin leo an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a bhfuil gá leo a ghnóthú, éilítear leis freisin dálaí oibre iomchuí i dtéarmaí ama, spáis agus modhanna. Rinneadh na dea-chleachtais seo a leanas a shainaithint:|
|
Bearta coisctheacha
|
|
|
Bearta idirghabhála
|
5.
Maidir le rathúlacht oideachais a chur chun cinn le haghaidh gach foghlaimeora, tá sé léirithe go bhfuil éifeacht faoi leith ag baint le “cuir chuige uilescoile”, ina nglacfaidh gach ball de phobal na scoile (ceannairí scoile, múinteoirí, oiliúnóirí agus foirne oideachais eile, foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus teaghlaigh), chomh maith le raon leathan geallsealbhóirí (seirbhísí sóisialta agus sláinte, seirbhísí don óige, oibrithe cúraim for-rochtana, síceolaithe, sainchomhairleoirí mothúchán/teiripeoirí, altraí, teiripeoirí urlabhra agus teanga, speisialtóirí maidir le treoir ghairme, oibrithe óige, údaráis áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtasacha, gnólachtaí, ceardchumainn, saorálaithe, etc.) agus an pobal i gcoitinne páirt ghníomhach i gcomhar le chéile. Féadfaidh na beartais seo leanas a bheith i measc na mbeartas rathúil:|
|
Bearta coisctheacha
|
|
|
Bearta coisctheacha agus idirghabhála comhcheangailte
|
6.
Chun rathúlacht oideachais a chur chun cinn le haghaidh gach foghlaimeora, tá sé riachtanach idirghabháil a dhéanamh maidir le gnéithe ar leibhéal an chórais ar féidir leo cur isteach ar chothroime agus ar chuimsiú san oideachas agus san oiliúint ar bhealaí éagsúla agus an comhar trasearnála a neartú. Is féidir na bearta struchtúracha seo a leanas a mheas agus straitéis chomhtháite chuimsitheach á forbairt:|
a) |
Rochtain chothrom ar oideachas agus cúram luath-óige inacmhainne ar ardchaighdeán a áirithiú do chách, oideachas agus cúram a mbeidh foireann leordhóthanach ann lena n-aghaidh agus a bheidh in ann feabhas a chur ar dea-bhail agus ar fhorbairt chognaíoch na leanaí, agus ar a bhforbairt shóisialta agus mhothúchánach i gcoitinne, rud a sholáthróidh an bunús is gá dóibh chun go mbeadh rath orthu san oideachas agus sa saol. |
|
b) |
Gairmoideachas agus gairmoiliúint tharraingteach sholúbtha ar ardchaighdeán a neartú, lena gcomhcheanglaítear príomhinniúlachtaí le sealbhú scileanna gairme. |
|
c) |
Beartais ghníomhacha frith-leithscartha a chur chun cinn, go háirithe trí rialacha iontrála a ghlacadh lena gcumasófar comhdhéanamh scoile ilchineálach agus beartais a bheidh dírithe ar cháilíocht na foghlama, agus lena músclófar feasacht maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an éagsúlacht sa seomra ranga chun na torthaí oideachais a fheabhsú do gach foghlaimeoir. |
|
d) |
Tacú le foghlaimeoirí faoi mhíchumas agus/nó ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais a chuimsiú i scoileanna príomhshrutha, agus tacaíocht éifeachtach á soláthar ag oideachasóirí oilte agus ag baill foirne/comhairleoirí oideachais eile, nó ag gairmithe sláinte. San am céanna, ba cheart fáil réidh le bacainní fisiciúla i dtimpeallacht na scoile, ábhair foghlama i bhformáidí iomchuí a chur ar fáil, agus leas a bhaint as cuir chuige éagsúlaithe phearsantaithe teagaisc agus foghlama. |
|
e) |
Athdhéanamh grád a sheachaint a mhéad is féidir agus ionstraimí a chur chun cinn lena ndéanfar faireachán go luath ar riachtanais foghlama agus ar dheacrachtaí leanaí agus daoine óga agus lena ndéanfar na riachtanais sin a thabhairt le fios, agus tacaíocht spriocdhírithe níos pearsantaithe a chur ar fáil, de réir mar is iomchuí. |
|
f) |
Breathnú ar roghanna eile seachas an luathrianú chun idirghníomhaíocht dhearfach a chur chun cinn idir foghlaimeoirí a bhfuil leibhéil chumais éagsúla acu i ngrúpaí ilchineálacha, agus an tionchar atá ag an gcúlra socheacnamaíoch ar fheidhmíocht foghlaimeoirí a laghdú trí leithscaradh acadúil. |
|
g) |
Solúbthacht agus tréscaoilteacht na gconairí oideachais a mhéadú, mar shampla trí chúrsaí a mhodúlú, cúrsaí gairme a chur ar fáil nó solúbthacht a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le fad agus pointí iontrála na gcúrsaí. Aistrithe a éascú idir leibhéil agus cineálacha oideachais agus oiliúna agus idir an scoil agus an fhostaíocht sa todhchaí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí shocruithe maidir le haitheantas agus bailíochtú, trí threoir ghairme arna soláthar ag cleachtóirí cáilithe, agus trí chomhar gníomhach le geallsealbhóirí, gnólachtaí san áireamh. |
|
h) |
Bealaí ar ais chuig an oideachas agus an oiliúint phríomhshrutha a chur ar fáil agus a áirithiú go mbeidh rochtain saor in aisce ag luathfhágálaithe uile an oideachais agus na hoiliúna ar chláir dara deis ar ardchaighdeán, rud a d’fhéadfaí a mholadh freisin mar chuid den Ráthaíocht threisithe don Aos Óg. |