13.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 158/53


MOLADH (AE) 2022/915 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Meitheamh 2022

maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 87(3) agus Airteagal 89, i gcomhar le hAirteagal 292 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá an comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála i limistéar Schengen, agus chun feidhmiú cuí limistéir Schengen a áirithiú. Tá sé riachtanach cosc a chur ar dhaoine éalú ó údaráis forfheidhmithe dlí agus gan le déanamh acu ach gluaiseacht ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Cabhróidh comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí feabhsaithe idir údaráis forfheidhmithe dlí uile na mBallstát chun cosc, brath agus imscrúdú cionta coiriúla san Aontas a fheabhsú. Cumhdóidh comhar feabhsaithe den sórt sin gníomhaíochtaí trasteorann idir dhá Bhallstát nó níos mó, amhail tóireacha trasteorann agus faireachas trasteorann agus gníomhaíochtaí trasnáisiúnta, amhail oibríochtaí comhpháirteacha, ina ndéantar oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a imscaradh i mBallstáit eile.

(2)

Is uirlisí riachtanacha um chomhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí iad an tóir thrasteorann agus an faireachas trasteorann ós rud é gur féidir le daoine teorainn a thrasnú chun éalú ó údaráis forfheidhmithe dlí dá n-uireasa, agus buntáiste á bhaint acu as athrú go dlínse eile agus easpa leanúnachais i ngníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí. Ba cheart a mholadh go dtabharfadh na Ballstáit aghaidh ar na srianta atá ann cheana agus atá curtha i bhfeidhm ag roinnt Ballstát, ós rud é go gcuireann siad bacainní ar ghníomhaíochtaí den sórt sin a chur i gcrích ar a gcríoch. Is gá freisin, agus inniúlachtaí na n-údarás breithiúnach i ngach Ballstát á n-urramú, rialacha aontaithe comhraic áirithe maidir le hoibríochtaí trasteorann forfheidhmithe dlí a choigeartú chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine agus iad a choinneáil le linn faireachais trasteorann, tóireacha trasteorann, agus oibríochtaí comhpháirteacha.

(3)

Is gá patróil chomhpháirteacha bhuana agus cumais eile le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha a bhunú chun dul i ngleic le gníomhaíochtaí coiriúla agus leis na dúshláin a bhíonn ag comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí a ghabhann le soghluaisteacht bhuan agus mhéadaitheach daoine, earraí agus seirbhísí laistigh den Aontas. Trí fhaisnéis a mhalartú, imríonn na struchtúir atá ann cheana, amhail na Lárionaid um Chomhar Póilíneachta agus Custaim, ról tábhachtach sa chomhrac in aghaidh na coireachta trasteorann. I gcás inarb ábhartha, ba cheart do na Lárionaid um Chomhar Póilíneachta agus Custaim a bheith in ann tacú le patróil chomhpháirteacha agus le hoibríochtaí comhpháirteacha eile bunaithe ar anailís roinnte riosca agus ar mheasúnú ar riachtanais, i gcomhréir leis na ceanglais dlí is infheidhme, chun coireanna trasteorann arna ndéanamh i limistéir theorainneacha inmheánacha an Aontais a chosc agus a bhrath agus chun tacú le himscrúduithe ar na coireanna trasteorann sin.

(4)

Chun go bhfaighidh na Ballstáit, an Chomhairle agus an Coimisiún léargas beacht cainníochtúil ar an staid reatha maidir le gníomhaíochtaí comhair trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí a chur chun feidhme san Aontas, ba cheart a mholadh go ndéanfadh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, sonraí a bhailiú agus staidreamh a thiomsú i ndáil lena gcomhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí agus an staidreamh sin a thuairisciú. Le sonraí neamhphearsanta den sórt sin d'fhéadfaí eolas mionsonraithe agus tuiscint níos críochnúla ar riachtanais na mBallstát agus ar aon saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar gá aghaidh a thabhairt orthu ar leibhéal an Aontais.

(5)

Baineann líonraí coiriúla buntáiste as easpa rialuithe ag teorainneacha inmheánacha an Aontais chun a ngníomhaíochtaí coiriúla a shaothrú. Is uirlisí luachmhara iad patróil chomhpháirteacha agus oibríochtaí comhpháirteacha eile chun dul i ngleic le gach cineál coireachta trasteorann.

(6)

I gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann na moltaí maidir le comhar trasteorann i bhforfheidhmiú oibríochtúil an dlí a chur chun feidhme i gcomhthéacs an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla chun dul i ngleic leis na bagairtí sainaitheanta agus tosaíochta a thagann ón gcoireacht idirnáisiúnta thromchúiseach eagraithe. Mar shampla, is ionstraim sholúbtha iad patróil chomhpháirteacha spriocdhírithe atá bunaithe ar phóilíneacht bunaithe ar fhaisnéis agus is féidir leis na húdaráis ábhartha forfheidhmithe dlí na patróil chomhpháirteacha spriocdhírithe sin a thionscnamh. D’fhéadfadh na Ballstáit patróil chomhpháirteacha spriocdhírithe a úsáid freisin in éineacht le gníomhaíochtaí oibríochtúla eile i bpleananna gníomhaíochta oibriúcháin an Ardáin Eorpaigh Ildisciplínigh i gCoinne Bagairtí Coiriúla chun dul i ngleic le réimsí tosaíochta na coireachta sonracha.

(7)

Ós rud é nach bhfuil ach líon teoranta oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí ar féidir leis na Ballstáit iad a imscaradh thar lear agus de thoradh an easpa imscaradh comhordaithe bunaithe ar réamhanailís chomhpháirteach, is féidir leis an imscaradh forfheidhmithe dlí i mBallstáit eile a bheith neamhéifeachtach. Chun bainistiú riaracháin agus lóistíochtúil ar phatróil chomhpháirteacha agus oibríochtaí comhpháirteacha eile a shimpliú, ba cheart a mholadh go mbunófaí ardán tacaíochta a mbeadh gné uile-Eorpach aige. Tríd ardán tacaíochta den sórt sin, d’fhéadfadh na Ballstáit faisnéis maidir lena gcuid riachtanas a mhalartú agus imscaradh éifeachtach agus éifeachtúil na patróil chomhpháirteacha sin agus na n-oibríochtaí comhpháirteacha eile sin a éascú chun an t-ord poiblí agus an tsábháilteacht phoiblí a chothabháil agus a fheabhsú, chun cionta coiriúla a chosc agus chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar rabhartaí sonracha coireachta i láithreacha tábhachtacha, ag amanna sonracha agus i gcásanna sonracha. I gcás inarb iomchuí, d’fhéadfadh cistiú ón Aontas, agus tacaíocht riaracháin agus lóistíochtúil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) a bheith chun leasa an ardáin tacaíochta.

(8)

Tá cumarsáid agus rochtain ar an bhfaisnéis atá ar fáil ríthábhachtach do chomhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí trasteorann rathúil. Ba cheart a mholadh go dtabharfadh na Ballstáit cead d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí atá ag gníomhú i mBallstát eile rochtain fíor-ama a bheith acu ar fhaisnéis a choinnítear i gcórais faisnéise de chuid an Aontais, tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach, agus ar a mbunachair sonraí náisiúnta ábhartha trí réitigh mhóibíleacha, amhail gléasanna iniompartha nó ríomhairí forfheidhmithe dlí atá suite i ngluaisteán, i gcomhréir leis na cearta rochtana is infheidhme agus le dlí an Aontais agus náisiúnta is infheidhme. Ba cheart a mholadh go mbeadh an fhaisnéis a sholáthraítear do na húdaráis forfheidhmithe dlí ó Bhallstát eile teoranta don fhaisnéis a éilíonn na hoifigigh um fhorfheidhmiú an dlí chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh le linn an chomhair thrasteorann i bhforfheidhmiú an dlí. Ba cheart a mholadh freisin go dtabharfaí modhanna cumarsáide móibílí atá iontaofa agus slán, in-idirnasctha i bhfíor-am do na hoifigigh um fhorfheidhmiú an dlí atá ag gníomhú i mBallstát eile, amhail uirlisí teachtaire mheandraigh, a fheidhmíonn thar theorainneacha chun cumarsáid dhíreach a dhéanamh lena n-údaráis agus le húdaráis an Bhallstáit óstaigh. Tá gá le hidirnascacht na modhanna cumarsáide sláine a áirithiú thar theorainneacha lena gcumasófar, ar a laghad, úsáid shlán modhanna cumarsáide móibílí fíor-ama, chomh maith le geoshuíomh feithiclí forfheidhmithe dlí arna n-úsáid ag oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí, mar shampla trí rianú GPS nó le ladrainn, le linn oibríocht trasteorann forfheidhmithe dlí.

Dá bhrí sin, ba cheart a mholadh go mbainfeadh na Ballstáit, de réir a riachtanas sonrach, úsáid as na réitigh theicniúla atá le cur ar fáil ag Europol, mar shampla, ar chomhairle a shaotharlainne nuálaíochta agus trí leas a bhaint as obair agus tionscadail ábhartha Mhol Nuálaíochta an Aontais maidir leis an tslándáil inmheánach, ag grúpaí saineolaithe amhail Croímheitheal maidir le Cumarsáid Shlán agus Líonra Eorpach na Seirbhísí Teicneolaíochtaí um Fhorfheidhmiú an Dlí, agus trí thionscadail amhail tionscadal Broadway. Is féidir leis na Ballstáit idirnascacht den sórt sin a áirithiú freisin trí chórais oidhreachta a idirnascadh le Ballstáit chomharsanachta.

(9)

Le comhar éifeachtach trasteorann i bhforfheidhmiú oibríochtúil an dlí a bhaint amach, ní mór bogadh i dtreo cultúr coiteann maidir le forfheidhmiú dhlí an Aontais. Maidir le cúrsaí comhoiliúna tosaigh a bhunú, amhail na cúrsaí comhoiliúna tosaigh a bhunaigh an Spáinn agus an Fhrainc in Valdemoro, cláir mhalartaithe a chur ar bun idir daltaí um fhorfheidhmiú an dlí maidir le hábhair a bhaineann leis an gcomhar sin agus cúrsaí forbartha leanúnacha maidir leis na hábhair sin a chur ar fáil d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí agus d’imscrúdaitheoirí coireachta, is den ríthábhacht a leithéidí chun scileanna, eolas agus muinín a fhorbairt. Tá sé tábhachtach go n-áiritheodh na Ballstáit, laistigh dá gcúrsaí comhoiliúna tosaigh náisiúnta do dhaltaí um fhorfheidhmiú an dlí, an fhéidearthacht chun freastal ar chúrsa maidir le comhar trasteorann i bhforfheidhmiú oibríochtúil an dlí. Tá sé tábhachtach freisin go bhféachfadh na Ballstáit le dearadh nó coigeartú a dhéanamh, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/2219 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ar chúrsaí maidir le comhar oibríochtúil trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí, agus go gcuirfeadh na Ballstáit oiliúint teanga ar fáil le haghaidh oiliúint leanúnach náisiúnta oifigeach.

D’fhéadfaí foráil a dhéanamh do chonairí gairme do dhaltaí agus d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a n-éiríonn leo na cúrsaí oiliúna sin a chur i gcrích. Ba cheart a mholadh go leanfadh na Ballstáit den leas is fearr is féidir a bhaint as CEPOL trína gcuid riachtanas oiliúna a chur in iúl do CEPOL, trí thacú le gníomhaíochtaí CEPOL, agus trí rannchuidiú lena bpunann oiliúna a ailíniú leis na tosaíochtaí a bhaineann le comhar trasteorann I bhforfheidhmiú an dlí arna leagan síos sna Measúnuithe ar Riachtanais Oiliúna Straitéisí AE. Ba cheart a mholadh go ndéanfadh na Ballstáit machnamh ar an bhféidearthacht comhchláir oiliúna agus malartaithe uile-Eorpacha a chur ar bun ar mórscála agus go fadtéarmacha do dhaltaí agus d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí i réimse an chomhair trasteorann i ndáil le forfheidhmiú oibríochtúil an dlí.

(10)

I bhfianaise a thábhachtaí atá comhordú agus comhar i ndáil leis na saincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu sa Mholadh seo, agus go háirithe cur chun feidhme an Mholta, ba cheart go ndéanfaí buanphlé sa mheitheal ábhartha de chuid na Comhairle maidir le comhar oibríochtúil trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí. D’fhéadfadh an mheitheal sin feidhmiú mar buanfhóram do na Ballstáit chun saincheisteanna sin a phlé, lena n-áirítear a rialacha agus a gcomhaontuithe a chóineasú, mar aon le bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht oibríochtaí comhair trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí, tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann leis an treoir agus leis na dea-chleachtais is gá.

(11)

Ba cheart a mholadh go dtabharfaí éifeacht don Mholadh seo laistigh de thréimhse réasúnta ama. Ba cheart a mholadh freisin go ndéanfadh na Ballstáit, a luaithe is féidir sin a dhéanamh go réasúnta, próiseas a thionscnamh chun athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha agus iomchuí, ar na rialacha náisiúnta agus ar na comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha le Ballstáit eile chun éifeacht a thabhairt don Mholadh seo.

(12)

Ní dhéanfaidh an Moladh seo difear do rialacha maidir le harmáin seirbhíse a iompar agus a úsáid, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear iad le daoine eile a chosaint, úsáid pribhléidí tráchta bóthair, úsáid modhanna teicniúla chun faireachas trasteorann a dhéanamh nó seiceálacha céannachta a dhéanamh agus i gcás ina mbíonn daoine ag iarraidh seiceálacha den sórt sin a sheachaint. Ar an gcaoi chéanna, maidir le rialacha lena gcinntear an méid a chuimsítear faoi raon feidhme an chomhair bhreithiúnaigh nó an méid a éilíonn údarú ó údarás breithiúnach, níor cheart go ndéanfaí difear dóibh ach oiread.

(13)

Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart na sainmhínithe agus na ráthaíochtaí atá sa Mholadh seo a bheith bunaithe ar dhlí an Aontais is infheidhme agus ba cheart iad a léirmhíniú, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, go háirithe an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile a chur chun feidhme (3) (CISA) go háirithe Airteagail 39 go 46 de, agus Cinntí 2008/615/CGB (4) agus 2008/616/CGB (5) ón gComhairle (Cinntí Prüm), go háirithe Airteagail 17 go 19 de Chinneadh 2008/615/CGB. Is amhlaidh atá agus tagairtí á ndéanamh don ghá atá le dlí náisiúnta a urramú i gcás ina dtagraíonn dlí de chuid an Aontais do chaighdeáin náisiúnta cheana féin.

(14)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh tar éis tréimhse áirithe ama ar an dul chun cinn atá déanta maidir le héifeacht a thabhairt don Mholadh seo. Dá bhrí sin, dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis an Moladh seo a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta agus tuarascáil a thíolacadh ar dhul i gcomhairle leis na Ballstáit. Ba cheart an tuarascáil sin a phlé sa Chomhairle d’fhonn inter alia don Choimisiún a mholadh gníomhartha atá ceangailteacha ó thaobh dlí de chuid dhlí an Aontais má tá gá le gníomhartha den sórt sin i réimse an chomhair oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí.

(15)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Mholta seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Moladh seo le acquis Schengen, ba cheart don Danmhairg a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse 6 mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Moladh seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(16)

Is é atá sa Mholadh seo, cé is moite de ranna 2.1, 2.2 agus 2.3, forbairt ar fhorálacha acquis Schengen ina mbíonn Éire rannpháirteach, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, agus le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (6); Tá Éire rannpháirteach, dá bhrí sin, i nglacadh an Mholta seo.

(17)

Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (7) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (8).

(18)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (9) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe H d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (10) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (11).

(19)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Mholadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (12) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13) agus le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (14).

(20)

Maidir leis an gCipir, is é atá i ranna 2.1 agus 2.2 den Mholadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

(21)

Maidir leis an mBulgáir agus leis an Rómáin, is é atá i gcodanna 2.1 agus 2.2 den Mholadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005.

(22)

Maidir leis an gCróit, is é atá i ranna 2.1 agus 2.2 den Mholadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2011,

AG MOLADH:

CREAT GINEARÁLTA

(a)

Á chur san áireamh nach bhfuil an Moladh seo ceangailteach ó thaobh dlí, moltar go ndéanfaidh na Ballstáit éifeacht a thabhairt do na bearta a leagtar amach ann i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme, go háirithe iad siúd atá ceangailteach ó thaobh dlí.

(b)

Níor cheart a thuiscint go bhfuil an Moladh seo ag iarraidh difear a dhéanamh do na rialacha náisiúnta lena bhforáiltear do chumhachtaí, róil, inniúlachtaí, teorainneacha, coimircí nó coinníollacha nach ndírítear orthu go sonrach sa Mholadh seo agus a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíochtaí ábhartha trasteorann maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí de bhun gníomhartha de chuid dhlí an Aontais a bhfuil feidhm cheangailteach ó thaobh dlí acu, lena n-áirítear CISA agus Cinntí Prüm, agus an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.

(c)

Tá an Moladh seo i gcomhréir leis an oibleagáid chun na cearta bunúsacha agus na prionsabail dhlíthiúla, mar a chumhdaítear in Airteagal 6 CAE iad, a urramú, lena n-áirítear an ceart leigheas éifeachtach agus an ceart chun triail chóir a fháil chomh maith leis na hardchaighdeáin cosanta sonraí a leagtar síos i ndlí an Aontais, go háirithe i dTreoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).

(d)

Féadfaidh na Ballstáit rialacha a choimeád i bhfeidhm nó a ghlacadh agus comhaontuithe a thabhairt i gcrích lena bhforáiltear do chomhar níos dlúithe ná na bearta a leagtar amach sa Mholadh seo.

(e)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit éifeacht a thabhairt don Mholadh seo gan dochar don Choinbhinsiúin a tarraingíodh suas ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le cúnamh frithpháirteach agus comhar idir riaracháin chustaim (16) (Napoli II).

CUSPÓIR AGUS RAON FEIDHME

Is é is cuspóir don Mholadh seo comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí a neartú idir údaráis forfheidhmithe dlí.

Cumhdaítear leis an gcomhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí cásanna ina n-oibríonn údaráis forfheidhmithe dlí ó Bhallstát amháin i gcríoch Bhallstáit eile i gcomhthéacs gníomhaíochtaí trasteorann agus gníomhaíochtaí trasnáisiúnta eile idir dhá Bhallstát nó níos mó, mar shampla le linn tóir thrasteorann, faireachais trasteorann, patról comhpháirteach nó oibríochtaí comhpháirteacha eile, nó i ndáil leis an séasúr turasóireachta nó oll-imeacht.

1.   SAINMHÍNITHE

Chun críocha an Mholta seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn “údarás forfheidhmithe dlí” an t-údarás inniúil de réir bhrí Airteagal 87(1) CFAE;

(b)

ciallaíonn “tóir thrasteorann” oibríocht forfheidhmithe dlí ina ndéanann oifigigh ó údarás forfheidhmithe dlí Ballstáit amháin duine amháin nó níos mó a shaothrú sa Bhallstát sin agus, le linn na tóra sin, trasnaíonn siad an teorainn chuig Ballstát eile agus leanann siad den tóir sin ar chríoch Ballstáit amháin eile nó níos mó tar éis don duine nó do na daoine an teorainn a thrasnú;

(c)

ciallaíonn “faireachas trasteorann” oibríocht forfheidhmithe dlí ina ndéanann oifigigh ó údaráis forfheidhmithe dlí Ballstáit amháin, mar chuid d’imscrúdú coiriúil sa Bhallstát sin, duine amháin nó níos mó a choinneáil faoi fhaireachas, agus ina leanann siad d’fhaireachas sin a dhéanamh ar chríoch Ballstáit amháin eile nó níos mó, tar éis don duine nó do na daoine an teorainn a thrasnú;

(d)

ciallaíonn “oibríochtaí comhpháirteacha” oibríochtaí forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear patróil chomhpháirteacha agus oibríochtaí comhpháirteacha eile, i réimse an oird phoiblí, na slándála poiblí agus chosc na coireachta, arna ndéanamh go comhpháirteach ag oifigigh ó údaráis forfheidhmithe dlí dhá Bhallstáit nó níos mó, ina n-oibríonn oifigigh ó Bhallstát amháin ar chríoch Bhallstáit eile;

(e)

ciallaíonn “pointe teagmhála aonair” an comhlacht lárnach náisiúnta arna ainmniú le haghaidh an chomhair idirnáisiúnta i bhforfheidhmiú an dlí, agus i gcomhréir le roinn “an Chreata Ghinearálta” sa Mholadh seo;

(f)

ciallaíonn “Lárionad um Chomhar Póilíneachta agus Custaim” struchtúr comhpháirteach um fhorfheidhmiú an dlí arb é is aidhm dó faisnéis a mhalartú agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí eile forfheidhmithe dlí i limistéir teorann inmheánacha an Aontais, arna bhunú ag Ballstát ar bhonn chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó agus atá suite díreach in aice leis na teorainneacha idir na Ballstáit lena mbaineann;

(g)

tagraíonn “staidreamh” do na sonraí neamhphearsanta arna mbailiú ag na Ballstáit agus arna dtuairisciú don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le hoibríochtaí comhair trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí mar a leagtar amach i roinn 2.

2.   AGHAIDH A THABHAIRT AR BHACAINNÍ AR CHOMHAR OIBRÍOCHTÚIL I bhFORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS OIFIGIGH UM FHORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AG GNÍOMHÚ I mBALLSTÁT EILE

2.1.   Tóir thrasteorann:

(a)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(i)

a áirithiú go gcumhdófar leis na cineálacha coireanna atá incháilithe le haghaidh tóireacha trasteorann ar a gcríoch na cionta coiriúla a liostaítear san Iarscríbhinn chomh maith le gach cion coiriúil eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le heiseachadadh nó tabhairt suas agus, i gcás ina gcomhlíontar an dlí náisiúnta, le seiceálacha ó na húdaráis forfheidhmithe dlí a sheachaint;

(ii)

tóireacha trasteorann, trasna teorainneacha talún, abhann, locha agus aeir, a cheadú ina gcríoch;

(iii)

a cheadú go leanfadh tóireacha trasteorann ar aghaidh ina gcríoch gan aon teorainn gheografach ná ama, go dtí go dtiocfadh na hoifigigh ón údarás forfheidhmithe dlí;

(iv)

ar bhonn bliantúil, sonraí a bhailiú agus staidreamh a thiomsú i ndáil leis na tóireacha trasteorann a rinne na húdaráis forfheidhmithe dlí agus an staidreamh sin a thuairisciú don Chomhairle agus don Choimisiún. Áirítear ar na staidrimh sin an méid seo a leanas:

líon na dtóireacha trasteorann a rinneadh;

na Ballstáit ar ar a gcríocha a ndearnadh na tóireacha trasteorann;

(b)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oifigigh ó údarás forfheidhmithe dlí Ballstáit eile a bheidh i mbun tóireacha trasteorann ar a gcríoch an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

a n-armáin seirbhíse agus a n-armlón agus a dtrealamh seirbhíse eile a iompar;

(ii)

a n-armáin seirbhíse a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, agus chun daoine eile a chosaint i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh;

(iii)

pribhléidí maidir le trácht bóithre atá infheidhme sna Ballstáit ina ndéantar an tóir trasteorann a úsáid;

(iv)

i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhállstáit óstaigh, a gcórais GPS a úsáid chun feithiclí na n-oifigeach a dhéanann tóireacha trasteorann a rianú ag údarás forfheidhmithe dlí an Bhallstáit eile sin ;

(v)

modhanna cumarsáide slána fíor-ama a oibriú trasna teorainneacha;

(c)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit breithniú ar chead a thabhairt d’oifigigh ó údarás forfheidhmithe dlí Ballstáit eile a dhéanfaidh tóir thrasteorann ar a gcríoch duine atá á shaothrú a stopadh agus a choinneáil go sealadach i gcomhréir leis na nósanna imeachta faoi dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh, lena n-áirítear trí chomhéigean agus fórsa fisiciúil, agus an ceart acu cuardach slándála a dhéanamh, go dtí go dtiocfaidh oifigigh údarás forfheidhmithe dlí an Bhallstáit óstaigh.

2.2.   Faireachas trasteorann

(a)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(i)

a cheadú faireachas trasteorann ina gcríoch a dhéanamh i ndáil le daoine a bhfuil drochamhras fúthu gur ullmhaigh siad ceann amháin nó níos mó de na cionta coiriúla a liostaítear san Iarscríbhinn, nó go ndearna siad ceann amháin nó níos mó de na cionta sin nó gur ghlac siad páirt iontu, chomh maith le gach cion coiriúil eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le heiseachadadh nó tabhairt suas, ach freisin i ndáil le daoine a bhféadfadh daoine den sórt sin atá faoi dhrochamhras a shainaithint nó a rianú;

(ii)

a áirithiú go bhféadfar faireachas trasteorann a dhéanamh chun a fháil amach an ndearnadh cionta coiriúla nithiúla nó an bhfuil siad á n-ullmhú,;

(iii)

faireachas trasteorann, trasna teorainneacha talún, farraige, abhann, locha agus aeir, a cheadú ar a gcríoch;

(iv)

bunaithe ar nósanna imeachta arna gcomhaontú go comhpháirteach, comhthiomsú ábhair a cheadú agus a éascú, chun faireachas trasteorann a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla;

(v)

údarás lárnach nó údaráis lárnacha a ainmniú chun faireachas trasteorann isteach agus amach a chomhordú, a bheidh mar chuid den phointe teagmhála aonair, nó a oibreoidh i ndlúthchomhar leis, agus a bheidh in ann iarrataí ar údarú a phróiseáil agus a sholáthar 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine;

(b)

Moltar do ndéanfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oifigigh údarás forfheidhmithe dlí Ballstáit eile atá i mbun faireachais thrasteorann ar a gcríoch an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

a n-armáin seirbhíse agus a n-armlón agus a dtrealamh seirbhíse eile a iompar;

(ii)

a n-armáin seirbhíse a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, agus chun daoine eile a chosaint i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh;

(iii)

i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit óstaigh, úsáid a bhaint as aon mhodh teicniúil is gá chun an faireachas trasteorann a dhéanamh, lena n-áirítear rianairí GPS, ladrainn, closthrealamh agus trealamh físe;

(iv)

modhanna cumarsáide slána fíor-ama a oibriú trasna teorainneacha.

2.3.   Oibríochtaí comhpháirteacha

(a)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’oifigigh ó údarás forfheidhmithe dlí Ballstáit eile atá bainteach le hoibríochtaí comhpháirteacha arna seoladh ar a gcríoch, ar choinníoll go ndeonaítear cumhachtaí comhchosúla agus go dtugtar trealamh comhchosúil, lena n-áirítear éide d’oifigigh a n-údarás forfheidhmithe dlí féin, chun an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(i)

seiceálacha céannachta a dhéanamh agus aon duine a dhéanann iarracht seiceáil céannachta a sheachaint a choinneáil go sealadach;

(ii)

a n-éide a chaitheamh agus a n-armáin seirbhíse agus a n-armlón agus a dtrealamh seirbhíse eile a iompar;

(iii)

a n-armáin seirbhíse a úsáid mar fhéinchosaint dhlisteanach, agus chun daoine eile a chosaint;

(iv)

modhanna cumarsáide slána fíor-ama a oibriú trasna teorainneacha nó deiseanna eile a sholáthar le haghaidh cumarsáid trasteorann, chun na críche sin, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na réamhchoinníollacha teicniúla riachtanacha le haghaidh cumarsáid fhíor-ama atá slán;

(b)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit oibríochtaí comhpháirteacha a chomhoibriú i gcásanna ina ndéantar oibríochtaí iolracha trína n-údaráis forfheidhmithe dlí .

(c)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, sonraí a bhailiú agus staidreamh a thiomsú maidir le patróil agus oibríochtaí comhpháirteacha eile a dhéanann a n-údaráis forfheidhmithe dlí ar chríoch Ballstát eile agus an staidreamh sin a thuairisciú don Chomhairle agus don Choimisiún. Airítear ar na staidrimh bhliantúla an méid seo a leanas:

(i)

líon na bpatról comhpháirteach agus líon na n-oibríochtaí comhpháirteacha eile a chuirtear i gcrích;

(ii)

na Ballstáit ar ar a gcríocha a ndearnadh na patróil chomhpháirteacha nó oibríochtaí comhpháirteacha eile;

3.   LÁRIONAD UM CHOMHAR PÓILÍNEACHTA AGUS CUSTAIM

(a)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit a óstálann Lárionad um Chomhar Póilíneachta agus Custaim nó a ghlacann páirt ann a áirithiú go gcuirfidh na Lárionaid um Chomhar Póilíneachta agus Custaim, de bhreis ar an méid a dhíríonn siad faoi láthair ar mhalartú faisnéise, na cúraimí seo a leanas i gcrích:

(i)

patróil chomhpháirteacha agus oibríochtaí comhpháirteacha eile i limistéir teorann inmheánacha an Aontais a éascú, tacú leo, agus i gcás inarb ábhartha, comhordú a dhéanamh orthu;

(ii)

rannchuidiú le hanailís chomhpháirteach ar choireanna trasteorann a bhaineann go sonrach lena limistéar teorann inmheánach AE nó an anailís sin a tháirgeadh agus, i gcás inarb iomchuí, anailís den sórt sin a roinnt tríd an bpointe teagmhála aonair náisiúnta leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, leis na Ballstáit eile agus leis na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí inniúla de chuid an Aontais, amhail Europol, an Garda Teorann agus Cósta Eorpach a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) a bunaíodh le Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún (18);

(iii)

tacú le himscrúduithe ar choireanna trasteorann a tharlaíonn i limistéir inmheánacha teorann an Aontais.

(b)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit an comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí a neartú agus dea-chleachtais a ghlacadh maidir leis an gcomhar sin leis na Stáit chomharsanachta, ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach, lena n-áirítear trí stáisiúin phóilíneachta chomhpháirteacha agus trí Lárionaid um Chomhar Póilíneachta agus Custaim.

4.   ARDÁN TACAÍOCHTA DO PHATRÓIL CHOMHPHÁIRTEACHA AGUS D’OIBRÍOCHTAÍ COMHPHÁIRTEACHA EILE

(a)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit ardán tacaíochta a chur ar bun lena bhféadfaí riachtanais gach Ballstát a shainaithint agus a thaifeadadh go lárnach gan aon sonraí pearsanta a tharchur a mhéid a bhaineann le patróil chomhpháirteacha nó oibríochtaí comhpháirteacha eile a eagrú:

(i)

in áiteanna a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo chun an choireacht a chosc agus a chomhrac, amhail moil choiriúla ríthábhachtacha nó ceantair turasóireachta a dtugann turasóirí ó Bhallstáit eile cuairt orthu;

(ii)

le linn ollchruinnithe agus mórimeachtaí ar dócha go meallfaidh siad cuairteoirí ó Bhallstáit eile amhail imeachtaí móra spóirt nó cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta;

(iii)

i gcás tubaiste nó tionóisc thromchúiseach, i gcomhar leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, agus go háirithe leis an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha (ERCC) (19);

(b)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(i)

faisnéis a sholáthar don ardán tacaíochta maidir lena riachtanais agus maidir le cúinsí na hiarrata an t-ord poiblí agus an tslándáil phoiblí a choinneáil agus cionta coiriúla a chosc;

(ii)

pointe teagmhála iomchuí a ainmniú, ag brath ar chineál na n-oibríochtaí comhpháirteacha, mar phointe teagmhála náisiúnta maidir le patróil chomhpháirteacha den sórt sin agus maidir le hoibríochtaí comhpháirteacha eile agus maidir le faisnéis ábhartha a tharchur.

5.   ROCHTAIN ÉIFEACHTACH AR FHAISNÉIS AGUS AR CHUMARSÁID A ÁIRITHIÚ

(a)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit a áirithiú maidir leis na hoifigigh óna n-údarás forfheidhmithe dlí atá bainteach leis an gcomhar trasteorann i bhforfheidhmiú oibríochtúil an dlí a chumhdaítear leis an Moladh seo agus ag gníomhú dóibh i gcríoch Bhallstáit eile:

(i)

go mbeidh cianrochtain shlán acu ar a mbunachair sonraí náisiúnta féin agus ar bhunachair sonraí an Aontais agus ar bhunachair sonraí idirnáisiúnta tríd an Tairseach Chuardaigh Eorpach, mar a cheadaítear faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta, rud a chuirfeadh ar a gcumas a bhfeidhmeanna forfheidhmithe dlí a dhéanamh ar chríoch Bhallstáit eile mar chuid de chomhar trasteorann oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí, amhail seiceálacha céannachta a dhéanamh;

(ii)

gur féidir leo úsáid a bhaint as modhanna cumarsáide fíor-ama slána atá in ann oibriú i gcríoch Bhallstáit eile, rud a chuirfeadh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh go díreach leis an údarás forfheidhmithe dlí ina mBallstáit agus le hoifigigh na n-údarás forfheidhmithe dlí sa Bhallstát eile nó sna Ballstáit eile lena mbaineann;

(b)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit cumarsáid dhíreach fhíor-ama thar theorainneacha a áirithiú trí úsáid a bhaint as na réitigh theicniúla atá le cur ar fáil ag Europol, mar shampla, grúpaí saineolaithe tiomnaithe nó tionscadail atá á maoiniú ag an Aontas, nó trí chórais leagáide a idirnascadh le Ballstát comharsanachta.

6.   OILIÚINT CHOMHPHÁIRTEACH AGUS FORBAIRT GHAIRMIÚIL A BHAINEANN LE COMHAR OIBRÍOCHTÚIL TRASTEORANN I bhFORFHEIDHMIÚ AN DLÍ

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

an fhéidearthacht cúrsa maidir le comhar oibríochtúil trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí a áireamh ar an oiliúint tosaigh chun daltaí um forfheidhmiú an dlí a chur ar an eolas faoi chultúr Eorpach fhorfheidhmiú an dlí;

(b)

a mhéid is féidir a chur chun feidhme go réasúnach laistigh de struchtúir náisiúnta, cúrsaí comhoiliúna tosaigh agus cláir mhalartaithe a chur ar bun, i gcomhar le Ballstáit chomharsanachta, dá gcuid daltaí um fhorfheidhmiú an dlí maidir le comhar oibríochtúil trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí;

(c)

iarracht a dhéanamh a gcúrsaí náisiúnta maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí a cheapadh nó a choigeartú, i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) arna iarraidh sin do na Ballstáit, ar cúrsaí iad a bheidh le húsáid le haghaidh oiliúint leanúnach náisiúnta i ndáil le forbairt ghairmiúil d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí;

(d)

cúrsaí agus tionscnaimh chomhpháirteacha leanúnacha um fhorbairt ghairmiúil a chur ar bun d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí chun scileanna agus eolas a fhorbairt maidir le comhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí, go háirithe maidir le dlíthe ábhartha, rialacha rannpháirtíochta, uirlisí, teicnící, sásraí, nósanna imeachta agus dea-chleachtais;

(e)

féachaint le conairí gairme a cheapadh agus a thairiscint d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí a chuireann cúrsaí comhoiliúna tosaigh i gcrích, cláir mhalartaithe nó cúrsaí sonracha trasteorann maidir le comhar oibríochtúil i bhforfheidhmiú an dlí;

(f)

oiliúint agus oiliúint teanga a chur ar fáil d’oifigigh ó na húdaráis forfheidhmithe dlí ar dócha go mbeidh baint acu le comhar oibríochtúil trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí maidir le nósanna imeachta oibríochtúla, an dlí riaracháin agus coiriúil, nósanna imeachta coiriúla Ballstát eile agus na húdaráis le dul i dteagmháil leo i mBallstáit eile;

(g)

agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na mBallstát, féachaint lena bpunann oiliúna a ailíniú leis na tosaíochtaí a bhaineann le comhar oibríochtúil trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí a leagtar amach sna Measúnuithe ar Riachtanais Oiliúna Straitéisí AE;

(h)

CEPOL a chur ar an eolas faoina riachtanais oiliúna a bhaineann le comhar trasteorann i bhforfheidhmiú oibríochtúil an dlí agus tacú le gníomhaíochtaí ábhartha CEPOL, ionas go bhféadfadh CEPOL rannchuidiú le hoiliúint oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí;

(i)

machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht comhchláir oiliúna agus malartaithe uile-Eorpacha a chur ar bun ar mórscála agus go fadtéarmacha do dhaltaí agus d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí i réimse an chomhair trasteorann i ndáil le forfheidhmiú oibríochtúil an dlí.

7.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(a)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit na saincheisteanna a chumhdaítear leis an Moladh seo a phlé agus a thabhairt ar aghaidh, go háirithe saincheisteanna a bhaineann lena chur chun feidhme;

(b)

Moltar go ndéanfaidh na Ballstáit leas iomlán a bhaint as an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil tríd an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht ghéarchéime a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (an Ciste Slándála Inmheánaí – Póilíní) chun comhar oibríochtúil trasteorann a fheabhsú agus a threisiú;

(c)

Agus éifeacht á tabhairt don Mholadh seo, moltar go ndéanfaidh na Ballstáit, a luaithe is féidir le réasún tar éis an dáta a nglacfar an Moladh seo agus, i gcás inarb ábhartha, tús a chur le hathbhreithniú ar a rialacha náisiúnta agus ar a gcomhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha maidir le comhar i bhforfheidhmiú oibríochtúil an dlí le Ballstáit eile.

(d)

Moltar go ndéanfaidh an Coimisiún, dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis an dáta a nglacfar an Moladh seo, measúnú ar an éifeacht a thug na Ballstáit don Mholadh seo agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, tuarascáil a fhoilsiú agus í a chur faoi bhráid na Comhairle.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 9 Meitheamh 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

É. DUPOND-MORETTI


(1)  Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (OJ L 135, 24.5.2016, p. 53).

(2)  Rialachán (AE) 2015/2219 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), agus a ghabhann ionad Chinneadh 2005/681/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an cinneadh sin (OJ L 319, 4.12.2015, p. 1).

(3)  IO L 239, 22.09.2000, lch. 19.

(4)  Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).

(5)  Cinneadh 2008/616/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).

(6)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

(7)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(8)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

(9)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(10)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1).

(11)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

(12)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(13)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

(14)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le haontachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch 1).

(15)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun críocha cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

(16)  IO C 24, 23.1.1998, lch. 2.

(17)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

(18)  Cinneadh 1999/352/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (IO L 136, 31.5.1999, lch. 20).

(19)  Le linn géarchéimeanna agus éigeandálaí (a bhfuil baint acu go príomha le tubaistí nó le mórthionóiscí), féadfaidh aon Bhallstát nó tríú tír lena mbaineann cosaint shibhialta nó cúnamh daonnúil a éileamh tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Déanann ERCC freagairt na mBallstát ar an iarratas ar chúnamh a chomhordú, a éascú agus a chómhaoiniú ansin.

(20)  Rialachán (AE) uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle (IO L 150, 20.5.2014, lch. 93).


IARSCRÍBHINN

Liosta na gcionta coiriúla dá dtagraítear i bhfo-ranna 2.1 agus 2.2

rannpháirteachas in eagraíocht choiriúil;

sceimhlitheoireacht;

gáinneáil ar dhaoine;

teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí;

gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha agus ar shubstaintí síceatrópacha;

gáinneáil aindleathach ar airm, lón cogaidh agus pléascáin;

eilliú, lena n-áirítear an bhreabaireacht;

calaois, lena n-áirítear an chalaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar a shainítear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1);

sciúradh fáltas ón gcoiriúlacht;

airgeadra, lena n-áirítear an euro, a ghóchumadh;

coireacht atá bainteach le ríomhaireacht;

coireacht chomhshaoil, lena n-áirítear gáinneáil aindleathach ar speicis ainmhithe atá faoi bhagairt agus ar speicis agus cineálacha plandaí atá faoi bhagairt;

teacht isteach agus cónaí neamhúdaraithe a éascú;

dúnmharú agus mórdhíobháil choirp;

trádáil aindleathach in orgáin dhaonna agus fíochán daonna;

fuadach, srianadh neamhdhleathach agus gabháil giall;

ciníochas agus seineafóibe;

robáil eagraithe nó armtha;

gáinneáil aindleathach ar earraí cultúir, lena n-áirítear seandachtaí agus saothair ealaíne;

caimiléireacht;

cambheartaíocht agus sracaireacht;

góchumadh agus píoráideacht táirgí;

brionnú doiciméad riarachán agus gáinneáil orthu;

brionnú modhanna íocaíochta;

gáinneáil aindleathach ar shubstaintí hormónacha agus ar thionscnóirí fáis eile;

gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha;

gáinneáil ar fheithiclí goidte;

éigniú;

coirloscadh;

coireanna laistigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta;

urghabháil neamhdhleathach aerárthaí/long, spásárthaí;

sabaitéireacht.


(1)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).