7.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 153/1


MOLADH ÓN GCOMHAIRLE

an 5 Aibreán 2022

maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro

(2022/C 153/01)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136 i gcomhar le hAirteagal 121(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú (1), a neartú, agus go háirithe Airteagal 5(2) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (2), agus go háirithe Airteagal 1 de,

Ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Beartas Eacnamaíoch,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tar éis cúlú an-domhain in 2020, tá geilleagar an limistéir euro ag téarnamh go láidir agus go tapa. Bhí fás olltáirgeachta intíre (OTI) sa dara ráithe de 2021 níos fearr ná mar a rabhthas ag súil leis agus, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch Fhómhar 2021 ó sheirbhísí an Choimisiúin, meastar gur tháinig méadú 5,0 % ar OTI an limistéir euro in 2021. Bhain geilleagar an limistéir euro amach an leibhéal OTI a bhí ann roimh an ngéarchéim arís sa ráithe dheireanach de 2021. Faoin dara ráithe de 2021, bhí na leibhéil OTI a bhí acu roimh an ngéarchéim bainte amach arís ag seacht dtír sa limistéar euro cheana féin. Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú 4,3 % ar OTI bliantúil an limistéir euro in 2022, ach meastar nach mbeidh an téarnamh cothrom i measc na dtíortha ná na n-earnálacha. Is é an t-éileamh intíre an príomhthiománaí fáis OTI, agus é nasctha le srianta a bhaineann le paindéim COVID-19 a mhaolú tar éis leathadh amach céimneach an vacsaínithe, feabhsuithe de réir a chéile sna margaí saothair, coigilteas breise a fabhraíodh le linn na dtréimhsí dianghlasála a tharraingt anuas, agus fás láidir infheistíochta a bhaineann tairbhe as coinníollacha fabhracha maoiniúcháin, agus as an tacaíocht ó NextGenerationEU, an ionstraim théarnaimh a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle (3). Mar a moladh, tá bearta déanta ag Ballstáit an limistéir euro, ina n-aonar agus i dteannta a chéile sa Ghrúpa Euro, chun seasamh beartais a áirithiú lena dtacaítear leis an téarnamh as géarchéim COVID-19. Agus muid ag breathnú romhainn, tá cuid mhór éiginnteachta ann i gcónaí, agus rioscaí suntasacha i gceist, lena n-áirítear na rioscaí sin a bhaineann le forás na paindéime, laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon, agus fágann an leibhéal sin gur gá dlúthfhaireachán a dhéanamh.

(2)

Le linn na bliana 2021, d’fhreastail fás láidir ar an éileamh intíre ar shrianta ó thaobh an tsoláthair de, ganntanas ionchuir agus suaitheadh lóistíochta san áireamh. Ina theannta sin, tá na ganntanais saothair agus scileanna ina n-ábhar imní atá ag dul i méid anois i roinnt earnálacha agus i roinnt Ballstát. Tar éis roinnt blianta de rátaí an-íseal a bheith ann, tá méadú tagtha ar an mboilsciú sa limistéar euro ó thús 2021, go háirithe mar gheall ar bhunéifeachtaí, ar mhéadú praghsanna fuinnimh agus ar scrogaill soláthair, rudaí a thugann le fios go bhfuil feiniméan neamhbhuan ann a bhaineann le próiseas an choigeartaithe tar éis na dianghlasála. Boilsciú 4,9 % a bhí i limistéar an euro i mí na Samhna 2021. De réir réamhaisnéis eacnamaíoch Fhómhar 2021 ó sheirbhísí an Choimisiúin , táthar ag tuar go laghdóidh sé go 2,2 % in 2022 agus go 1,4 % in 2023.

(3)

In 2021, dhírigh an straitéis téarnaimh don Eoraip ar NextGenerationEU, agus ar an ionstraim is mó dá cuid, - an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), a bhunaíodh le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chur i bhfeidhm. Faoi lár mhí na Samhna 2021, bhí pleananna téarnaimh agus athléimneachta 22 Bhallstát glactha ag an gComhairle, 18 dtír sa limistéar euro san áireamh, tar éis don Choimisiún measúnú dearfach a dhéanamh orthu. Sna blianta a bheidh le teacht, beidh tionchar mór dearfach ag cur chun feidhme éifeachtach athchóirithe agus infheistíochtaí faoi RRF ar fheidhmiú gheilleagair Bhallstáit an limistéir euro. Ach an RRF a chur chun feidhme go héifeachtach, cothófar cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta ar fud Bhallstáit an limistéir euro, i bhfianaise na heochrach a úsáidtear chun a hacmhainní a leithdháileadh. Tá an mhuinín treisithe ag RRF freisin, agus rannchuidítear leis tacú leis an bhfás agus leis an gcobhsaíocht mhacra-airgeadais, agus ar an gcaoi sin, déantar an meascán beartais a chomhardú agus gníomhaíochtaí an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) a chomhlánú. Sa bhreis ar thacaíocht a thabhairt don téarnamh, is é is aidhm do RRF geilleagair na mBallstát a athrú ó bhonn ó thaobh struchtúir de, go háirithe maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach. Is é is aidhm do chur chun feidhme infheistíochtaí agus athchóirithe comhleanúnacha faoi RRF, mar aon le húsáid chistí an bheartais comhtháthaithe, athléimneacht an limistéir euro a mhéadú i gcoinne suaití a d’fhéadfadh tarlú amach anseo, aschur féideartha a mhéadú ar bhealach marthanach, tacú le fostaíocht agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta. Ina theannta sin, má eisíonn an tAontas fiachas ainmnithe in euro chun RRF a mhaoiniú, cuirfear doimhneacht agus leachtacht le margaí caipitil na hEorpa, agus rannchuideofar le neartú an euro mar airgeadra idirnáisiúnta. Trí bhannaí glasa a eisiúint faoi NextGenerationEU, cabhrófar a thuilleadh le hinfheistíocht inbhuanaithe a chur chun cinn.

(4)

Le cur chun feidhme na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a áirítear sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta, beifear in ann cistiú RRF a eisíoc agus cuideofar go héifeachtach le tosaíochtaí beartais an limistéir euro a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (5) Bainfidh cur chun feidhme den sórt sin, inter alia, le creataí institiúideacha náisiúnta a neartú, tacú le hinfheistíocht phoiblí ar ardchaighdeán, agus bearta beartais chun tacú leis an gcomhtháthú sóisialta, agus le haistriú glas agus aistriú digiteach atá cóir. Ba cheart, le cur chun feidhme den sórt sin, go gcuideofaí le téarnamh inbhuanaithe cuimsitheach a áirithiú, le hacmhainneacht fáis a chothú agus le hathléimneacht a fheabhsú. Tá an méid sin i gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Samhain 2021 dar teideal “Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe 2022” agus leis na ceithre ghné den inbhuanaitheacht iomaíoch, eadhon inbhuanaitheacht chomhshaoil, táirgiúlacht, cothroime, agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch.

(5)

Rinneadh cobhsú maicreacnamaíoch éifeachtach a áirithiú le beartais eacnamaíocha tacúla iomchuí a threisíonn a chéile, agus cuimsíodh iontu an tionchar ar thorthaí an mhargaidh saothair, agus rioscaí díobhála fadtéarmaí á maolú agus tacaíocht á tabhairt do théarnamh tapa eacnamaíoch. Beidh meascán fónta de bheartais airgeadaíochta agus fhioscacha mar aon le hathchóirithe struchtúracha agus beartais airgeadais ríthábhachtach i gcónaí ar mhaithe le feidhmiú cuí an limistéir euro, agus róil faoi seach na mBallstát agus na n-institiúidí faoin gConradh á gcomhlíonadh go hiomlán.

(6)

Is é is aidhm do bhearta bheartas airgeadaíochta BCE feidhmiú rianúil na ndeighleog éagsúil sna margaí airgeadais a áirithiú, agus na bealaí tarchuir airgeadaíochta a choimeád slán, agus ar deireadh, an chobhsaíocht mheántéarmach praghsanna a chosaint. I mí Iúil 2021, d’fhoilsigh BCE a straitéis nua maidir lena bheartas airgeadaíochta lena nglactar sprioc boilscithe siméadrach 2 % sa mheántéarma. Dheimhnigh Comhairle Rialaithe BCE freisin go bhfuil sraith rátaí úis BCE mar phríomhionstraim aige i gcónaí maidir le beartas airgeadaíochta. I mí Dheireadh Fómhair 2021, sheol BCE céim imscrúdúcháin dhá bhliain maidir le heisiúnt féadartha euro digiteach. Bheadh gá le hidirghabháil ó reachtóirí de chuid an Aontais chun euro digiteach a chruthú, agus tá sé i gceist ag an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh ar bhonn Airteagal 133 den Chonradh. Ag brath ar dhearadh an airgeadra dhigitigh, d’fhéadfadh airgeadra digiteach bainc ceannais den sórt sin, inter alia, soláthar airgid phoiblí a thairiscint i bhfoirm dhigiteach, tacú leis an nuálaíocht in íocaíochtaí miondíola agus í a spreagadh go gníomhach. Thairis sin, d’fhéadfadh sé cur le ról idirnáisiúnta an euro agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a neartú.

(7)

An 19 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal The EU economy after COVID-19: implications for economic governance [Geilleagar AE : impleachtaí do rialachas eacnamaíoch] lena cuireadh tús arís leis an díospóireacht maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch chun teacht ar chomhaontú ginearálta maidir leis an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, dul i ngleic le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhioscacha ar bhealach a bheidh oiriúnach d’aistriú agus lena gcothófar fás, agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 á gcur san áireamh.

(8)

Tuaradh go sroichfeadh an t-easnamh rialtais ghinearálta sa limistéar euro ina iomláine 7,1 % d’OTI in 2021 ach go dtitfeadh sé go 3,9 % in 2022. Measadh, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch Fhómhar 2021 ó sheirbhísí an Choimisiúin, go leanfadh staid fhioscach an limistéir euro de bheith fabhrach in 2021, le leathnú os coinn 1,75 % d’OTI, agus in 2022, le leathnú gar do 1 % d’OTI. In 2022, cuirfidh an infheistíocht phoiblí, arna maoiniú go náisiúnta agus ag an Aontas araon, leis an staid fhabhrach sin. Ó mhí na Samhna 2021 ar aghaidh, leis na 18 bplean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta sa limistéar euro a d’fhormheas an Chomhairle an tráth sin, cuirfear tacaíocht airgeadais ar mórscála ar fáil do Bhallstáit an limistéir euro - suas le EUR 262 bhilliún i bhfoirm deontas agus EUR 139 mbilliún i bhfoirm iasachtaí don tréimhse go dtí 2026. Tá comhordú na mbeartas náisiúnta fioscach, agus lánurraim á tabhairt don Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ríthábhachtach chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar an suaitheadh eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leis, chun téarnamh inbhuanaithe agus dhea-fheidhmiú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) a áirithiú. Cé go mbeidh an clásal éalaithe ginearálta fós i bhfeidhm in 2022, meastar go ndéanfar é a dhíghníomhachtú ó 2023. Agus an téarnamh eacnamaíoch ar bun, tá foirm an bheartais fhioscaigh ag athrú ó bhearta éigeandála sealadacha go bearta spriocdhírithe tacaíochta téarnaimh. Léirigh an méadú i gcóimheasa fiachais rialtais ó 85,5 % d’OTI in 2019 go 100 % d’OTI in 2021 éifeachtaí comhcheangailte an chraptha ar aschur agus an fhreagairt bheartais ba ghá ar thurraing mhór COVID-19. Mar sin féin, ós rud é go raibh na cóimheasa fiachais ard cheana féin i roinnt Ballstát sa limistéar euro roimh an ngéarchéim sin, beidh laghdú fiachais atá leanúnach, céim ar chéim agus a chuireann leis an bhfás ina chuspóir beartais i gcuid mhór den limistéar euro.

(9)

Sa chomhthéacs sin, is cosúil go bhfuil ábharthacht ar leith ag baint le feabhas a chur ar chomhdhéanamh an airgeadais phoiblí, lena n-áirítear tríd an infheistíocht a chur chun cinn, feabhas a chur ar cháilíocht na mbeart buiséadach, agus inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear i bhfianaise an athraithe aeráide agus na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Le buiséadú glas, athbhreithnithe caiteachais, scéimeanna dea-fheidhmiúla bainistithe infheistíochta poiblí, agus creataí éifeachtacha soláthair phoiblí, is féidir feabhas a chur ar thrédhearcacht agus éifeachtacht an airgeadais phoiblí agus spás fioscach a chruthú d’infheistíochtaí poiblí breise. Is tábhachtaí ná riamh na hathchóirithe le haghaidh beartas ioncaim níos éifeachtúla agus níos cothroime i ndiaidh ghéarchéim COVID-19. Tá deis ann fós córais chánach an limistéir euro a oiriúnú níos fearr don fhás agus don chomhshaol, go háirithe trí aghaidh a thabhairt ar shaobhadh, agus tríd an ding chánach, atá fós ard i bhformhór na mBallstát sa limistéar euro, a laghdú . Trí bhearta lena dtugtar aghaidh ar phleanáil ionsaitheach cánach, ar sheachaint cánach agus ar imghabháil cánach is féidir córais chánach a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos córa, agus ag an am céanna tacaíocht a thabhairt don téarnamh agus an t-ioncam a mhéadú. Mar gheall ar dhomhandú, ní mór an creat cánachais a chur in oiriúint do gheilleagar atá ag éirí níos digiteáilte. Táthar tagtha ar chomhaontú laistigh den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta agus laistigh de Chreat Cuimsitheach G20 um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis maidir le cánachas domhanda a athchóiriú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digiteáil an gheilleagair agus chun iomaíochas díobhálach cánach a theorannú.

(10)

Bhí éifeacht leis an bhfreagairt bheartais ghasta, bhrúidiúil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear trí NextGenerationEU, maidir le tionchar na géarchéime ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí a mhaolú. A bhuí leis an ngníomhaíocht chomhordaithe sin, is lú na méaduithe ar na héagsúlachtaí ná mar a rabhthas ag súil leis ar dtús, agus rinneadh díobháil fhadtéarmach a mhaolú. Le tacaíocht bheartais, lena n-áirítear socruithe maidir le hobair ghearr-ama agus bearta eile chun poist a choinneáil, bhí gnólachtaí in ann leanúint dá n-obair le linn na géarchéime agus cuireadh teorainn leis an méadú ar an ráta dífhostaíochta agus ar an laghdú ar ioncam indiúscartha. Cé go bhfuil rátaí dócmhainneachta ag méadú, rinneadh na rátaí a shrianadh in 2021 in ainneoin na bearta tacaíochta a bheith á mbaint de réir a chéile. Tá feabhas le feiceáil de réir a chéile sna margaí saothair freisin, agus tá an ráta fostaíochta cothrom le 72,1 % sa dara ráithe de 2021, i gcomparáid leis an mbuaicphointe 72,9 % a bhí ann roimh COVID sa cheathrú ráithe de 2019. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar dearfach ag glacadh gasta na teicneolaíochta digití le linn ghéarchéim COVID-19 ar an táirgiúlacht, má mhaireann sé. Mar sin féin, bhí impleachtaí suntasacha críochacha, earnálacha agus dáileacháin ag an ngéarchéim sin, agus beidh gá le hath-leithdháileadh a dhéanamh laistigh de thíortha agus earnálacha agus eatarthu araon, agus bainfidh costais mhóra aistrithe leis sin d’oibrithe agus do chuideachtaí.

(11)

Cé go bhfuil méadú na bhféimheachtaí teoranta go dtí seo, tá an-chuid gnólachtaí a bhfuil cláir chomhardaithe lagaithe acu de dheasca ghéarchéim COVID-19, rud a d’fhéadfadh srian a chur lena gcumas tionscadail infheistíochta a mhaoiniú sa ghearrthéarma agus a gcumas aisíocaíochta a chur i mbaol. Agus an téarnamh ar bun, ba cheart deireadh a chur de réir a chéile leis an tacaíocht agus í a dhéanamh níos spriocdhírithe. Dá mbainfí níos lú úsáide as ionstraimí fiachais, chuirfí teorainn le dliteanais theagmhasacha agus chuideofaí le cumas infheistíochta gnólachtaí a chaomhnú. Is é atá i gceist le bearta tacaíochta beartais a tharraingt siar go tráthúil ná gníomh cothromaíochta lena ndéantar tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht agus d’fhostaíocht agus teipeanna gnólachta inmharthana a sheachaint, gan bac a chur ar imeacht ordúil na ngnólachtaí neamh-inmharthana sa mheántéarma. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú do chuideachtaí, cláir chomhardaithe gnólachtaí a neartú agus feabhas a chur ar chumas agus éifeachtúlacht na gcreataí dócmhainneachta. Tá éagsúlachtaí suntasacha idir na córais náisiúnta dócmhainneachta ar fud an limistéir euro, agus beidh gá le gníomhaíochtaí feabhsaithe cumais chun córas éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a éascú. Trí chreataí dócmhainneachta a fheabhsú, beidh cláir chomhardaithe níos fónta san earnáil baincéireachta agus beidh tionchar dearfach ar an soláthar creidmheasa. Tá Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht, lena bhféachtar le híoschaighdeáin a thabhairt isteach sna Ballstáit uile maidir le hathstruchtúrú coisctheach agus urscaoileadh fiachais d’fhiontraithe, le trasuí sa dhlí náisiúnta faoin 17 Iúil 2022. Ina theannta sin, tá comhtháthú mhargaí caipitil an Aontais ríthábhachtach chun foinsí malartacha cistiúcháin a chur ar fáil do chuideachtaí chun iasachtaí bainc a chomhlánú. Le dul chun cinn in aontas na margaí caipitil, is féidir feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú do ghnólachtaí sa limistéar euro, infheistíochtaí fadtéarmacha a shlógadh i dteicneolaíochtaí nua glasa agus sa bhonneagar, infheistíocht chothromais a chur chun cinn agus bacainní trasteorann ar infheistíocht a bhaint, lena n-áirítear trí ghnéithe áirithe den dlí substainteach maidir le himeachtaí dócmhainneachta a chomhchuibhiú.

(12)

Cé go bhfuil an fhostaíocht i mbun téarnamh tapa, meastar go mbeidh tionchar fadtéarmach ag géarchéim COVID-19 agus ag an iarracht láidir atá á déanamh chun an geilleagar a ghlasú agus dlús a chur leis an digiteáil ar roinnt earnálacha, ar roinnt chatagóirí sonracha oibrithe agus ar roinnt réigiúin. Bhí tionchar ar leith ar dhaoine óga, ar dhaoine ar bheagán oiliúna agus ar dhaoine a bhfuil cúlra imirceach acu. D’fhéadfadh sé tarlú nach mbeidh na poist nua atá á gcruthú ar aon dul leis na poist a cailleadh mar gheall ar an ngéarchéim chéanna. Tá dúshláin struchtúracha, ó thaobh lánpháiritiú i margadh an tsaothair de, fós roimh roinnt grúpaí, lena n-áirítear mná. D’fhéadfadh scrogaill sa slabhra soláthair agus méadú ar phraghsanna fuinnimh moill a chur ar an athléim fostaíochta in earnálacha áirithe. Dá bhrí sin, beidh bearta beartais lena n-éascófar aistrithe post agus lánpháiritiú i margadh an tsaothair ríthábhachtach chun tacú leis an gcoigeartú agus chun tionchar sóisialta a mhaolú, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh. Thíolaic an Coimisiún Moladh (AE) 2021/042 (7) maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19, lena n-iarrtar ar Bhallstáit pacáistí comhleanúnacha beartais a chruthú ina gcomhcheanglófaí bearta atá dírithe ar an nganntanas scileanna a laghdú agus cabhrú le daoine dul i ngleic go rathúil leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach. Bheadh trí chomhpháirt i bpacáistí den sórt sin: (i) dreasachtaí fruilithe agus aistrithe dea-cheaptha a bhfuil teorainn ama leo agus tacaíocht don fhiontraíocht; (ii) deiseanna uas-scilithe agus athscilithe atá nasctha le riachtanais an mhargaidh saothair; agus (iii) tacaíocht fheabhsaithe ó sheirbhísí fostaíochta. Idir an dá linn, ar mhaithe le comhtháthú an limistéir euro, tá an chosaint shóisialta ríthábhachtach i gcónaí i bhfianaise na ngéarchéimeanna sláinte agus eacnamaíocha agus d’fhonn aistrithe glasa agus digiteacha a áirithiú. Is é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta an compás i gcónaí don fhostaíocht, do scileanna agus do ghníomhaíocht beartais shóisialta lena gcothaítear cóineasú eacnamaíoch agus sóisialta feabhsaithe agus dálaí oibre agus maireachtála níos fearr sna Ballstáit. I bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a glacadh i mí an Mhárta 2021, leagtar amach trí phríomhsprioc de chuid an Aontais maidir le (i) fostaíocht, (ii) foghlaim aosach agus (iii) laghdú bochtaineachta faoi 2030, lena rannchuideoidh gníomhaíochtaí beartais ábhartha. Ba dhíol sásaimh iad na spriocanna sin do cheannairí an Aontais ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto an 8 Bealtaine 2021 agus ag an gComhairle Eorpach an 24–25 Meitheamh 2021.

(13)

Tá pleananna uaillmhianacha athchóirithe agus infheistíochta ceaptha ag na Ballstáit, le tacaíocht airgeadais agus beartais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus tá cur chun feidhme na bpleananna sin ríthábhachtach. Beidh sé ríthábhachtach cáilíocht na n-institiúidí a mhéadú, go háirithe tríd an gcumas riaracháin a neartú, lena áirithiú go ndéanfar na cistí gaolmhara a ionsú go tapa agus, ag an am céanna, dúbláil agus cur isteach ar ionstraimí eile de chuid an Aontais a sheachaint. Féadfaidh na Ballstáit feabhas a chur ar na creatdálaí le haghaidh infheistíocht phríobháideach trí fheabhas a chur ar an timpeallacht ghnó. Beidh ríthábhacht ag baint le hathléimneacht an tslabhra soláthair sa mhargadh aonair a chaomhnú agus a neartú, trí ghanntanais soláthair agus scrogaill a bhrath agus déileáil leo, mar aon leis na margaí oscailte, cóineasú caighdeán, chomh maith le héagsúlú níos mó, ciorclaíocht agus éifeachtúlacht acmhainní a chaomhnú agus a neartú, chun feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair a áirithiú. Is ábhartha i gcónaí Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, ina n-iarrtar go ndéanfaí an margadh aonair d’earraí agus do sheirbhísí a chomhtháthú a thuilleadh, lena n-áirítear an margadh aonair digiteach, trí dheireadh a chur le srianta nach gá, trí fhaireachas margaidh a fheabhsú agus trí chumas riaracháin leordhóthanach a ráthú.

(14)

Mar thoradh ar athchóirithe a rinneadh roimhe seo, tá sé léirithe ag an earnáil baincéireachta go bhfuil athléimneacht inti ar an iomlán nuair a bhíonn strus mór eacnamaíoch roimpi. Go dtí seo, mar gheall ar an tacaíocht fhorleathan beartais a tugadh i ndoimhne na géarchéime agus ar an téarnamh láidir a taifeadadh in 2021, is lú an imní atá ann faoi chláir chomhardaithe chorparáideacha atá níos laige. D’fhéadfadh sé áfach, go dtiocfadh meath éigin ar cháilíocht sócmhainní a bheith i ndán do bhainc sa limistéar euro. Tá sé tábhachtach faireachán tráthúil a dhéanamh ar rioscaí, rannpháirtíocht réamhghníomhach le féichiúnaithe agus bainistiú gníomhach a dhéanamh ar iasachtaí neamhthuillmheacha, mar aon le brabúsacht neartaithe agus creat rialála láidir, chun cobhsaíocht na hearnála baincéireachta agus a cumas an téarnamh eacnamaíoch a mhaoiniú a choinneáil.

(15)

Le linn ghéarchéim COVID-19, bhí éifeacht cobhsaíochta ar fud an domhain ag méid eacnamaíoch agus ag comhtháthú an limistéir euro, mar aon leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an ngéarchéim sin . I bhfianaise a idirnasctha atá na geilleagair, sna blianta amach romhainn, caithfidh Ballstáit an limistéir euro na hinfheistíochtaí agus na hathchóirithe a comhaontaíodh a chur i gcrích ionas go mbeidh siad níos láidre agus iad ag teacht slán as an ngéarchéim, agus caithfear AEA a dhoimhniú a thuilleadh ag an am céanna chun a athléimneacht i leith suaití amach anseo a mhéadú agus chun a chumas chun seasamh níos láidre a bheith aige ar an ardán idirnáisiúnta a mhéadú. Bíonn iarmhairtí díreacha ag forbairtí i ngeilleagair atá sárfhorbartha agus iontu siúd atá ag teacht chun cinn ar an limistéar euro ar shlite éagsúla, lena n-áirítear maidir le sláinte agus an beartas vacsaínithe, conairí beartas airgeadaíochta, sreabha airgeadais, slabhraí luacha domhanda agus trádáil. Is fianaise bhreise iad na srianta ar shlabhraí soláthair domhanda a tháinig chun cinn tar éis an téarnaimh don idirnascthacht eacnamaíoch dhomhanda atá ag dul i méid. Idir an dá linn, lean barrachas an chuntais reatha sa limistéar euro air ag dul i laghad de réir a chéile agus in 2020, shroich sé leibhéal atá gar do leibhéal arna mholadh ag bunphrionsabail. Meastar, áfach, go n-ardóidh sé ó 2,6 % go 3,4 % idir 2020 agus 2023. Trí ról idirnáisiúnta an euro ag neartú, ar ról é a d’fhan cobhsaí go ginearálta le blianta beaga anuas, lena n-áirítear trí euro digiteach a fhorbairt, d’fhéadfaí neamhspleáchas eacnamaíoch agus airgeadais an limistéir euro agus an Aontais a fheabhsú, agus cobhsaíocht airgeadais dhomhanda a fheabhsú.

(16)

Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go ndéanfaí AEA a dhoimhniú. Is tionscadail a threisíonn a chéile iad an tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil chun fás a chur chun cinn, cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus tacú le fíor-AEA. Dá líonfaí na bearnaí atá fós ann, mhéadófaí cobhsaíocht agus athléimneacht an limistéir euro, chabhrófaí le borradh a chur faoi gheilleagair an limistéir euro agus neartófaí ról idirnáisiúnta an euro. Tá sé ríthábhachtach i gcónaí go ndéanfaí an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích, mar aon le daingniú tráthúil na gcomhaontuithe leasaitheacha a ghabhann leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (8) agus leis an gComhaontú maidir le Ranníocaí leis an gCiste Réitigh Aonair a Aistriú agus a Fhrithpháirtiú, arna dhéanamh sa Bhruiséil an 21 Bealtaine 2014, agus go ndéanfaí Aontas na Margaí Caipitil a chur i gcrích. Ach an méid sin a bheith déanta, tacófar chomh maith leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach a bhfuil gá le hinfheistíochtaí suntasacha ina leith. Athdhearbhaíodh i gCruinniú Mullaigh Euro an 25 Meitheamh 2021 an gealltanas maidir leis an Aontas Baincéireachta a chur i gcrích agus iarradh ar an nGrúpa Euro i bhformáid chuimsitheach teacht ar chomhaontú gan mhoill agus ar bhonn comhthoiliúil maidir le plean oibre céim ar chéim a bheidh faoi cheangal ama maidir leis na gnéithe uile atá fós gan réiteach. Iarradh freisin ag an gCruinniú Mullaigh Euro go gcuirfí chun feidhme go pras Plean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 2020, a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses-new action plan [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnóthaí plean gníomhaíochta nua], i gcomhréir leis na tosaíochtaí a leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta sin. Is ábhartha i gcónaí Moladh ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro, ina n-iarrtar go ndéanfaí AEA a chur i gcrích agus ról idirnáisiúnta an euro a neartú,

AG MOLADH, LEIS SEO, go ndéanfadh Ballstáit an limistéir euro gníomhaíocht, ina n-aonar, lena n-áirítear trína bpleananna téarnaimh agus athléimneachta a chur chun feidhme, agus le chéile sa Ghrúpa Euro, sa tréimhse 2022-2023 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(1)

leanúint de bheartais náisiúnta fhioscacha a úsáid agus a chomhordú ó Bhallstát go chéile chun taca éifeachtach a chur faoi théarnamh cuimsitheach inbhuanaithe. Seasamh fioscach measartha tacúil a choinneáil ar fud an limistéir euro in 2022, agus buiséid náisiúnta agus an maoiniú a chuirtear ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta á gcur san áireamh. Bearta fioscacha a iompú de réir a chéile i dtreo infheistíochtaí lena gcuirtear téarnamh inbhuanaithe agus cuimsitheach chun cinn, a bheidh ag teacht leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, agus aird ar leith á tabhairt ar cháilíocht na mbeart buiséadach. Mar léiriú ar an leibhéal neamhchinnteachta, an beartas fioscach a bheith solúbtha ionas go mbeifear in ann freagairt d’éabhlóid phaindéim COVID-19. Idirdhealú a dhéanamh idir beartais fhioscacha agus neart an téarnaimh á chur san áireamh, inbhuanaitheacht fhioscach a áirithiú agus infheistíochtaí a fheabhsú, agus aird á tabhairt ar an ngá atá le héagsúlachtaí a laghdú.

(2)

beartais a chur chun cinn lena dtéitear i ngleic le pleanáil ionsaitheach cánach, le himghabháil cánach agus le seachaint cánach chun córais chánach chothroma agus éifeachtúla a áirithiú. Oibriú chun iomaíochas díobhálach cánach a theorannú, lena n-áirítear tríd an réiteach domhanda atá bunaithe ar chomhthoil a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digiteáil agus domhandú an gheilleagair. An ding chánach ar shaothar a laghdú agus aistriú ó chánachas saothair go cánacha nach bhfuil an saobhadh céanna ag baint leo a chur chun cinn. Aistriú ó bhearta éigeandála go bearta téarnaimh i margaí an tsaothair trí bheartais ghníomhacha éifeachtacha maidir leis an margadh saothair a áirithiú mar a leanas: (i) tacú le haistrithe post, go háirithe i dtreo geilleagar glas agus geilleagar digiteach; (ii) bearta a chur le chéile chun dul i ngleic le ganntanas scileanna, uas-sciliú agus athsciliú a neartú, dreasachtaí earcaíochta spriocdhírithe a sholáthar; agus (iii) feabhas a chur ar chumas na seirbhísí poiblí fostaíochta aghaidh a thabhairt ar mhí-oiriúintí sa mhargadh saothair. Córais chuimsitheacha oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán a neartú. Lánpháirtiú daoine óga, ban agus grúpaí leochaileacha i margadh an tsaothair a chur chun cinn, dálaí oibre leormhaithe a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar dheighilt mhargadh an tsaothair, córais chosanta sóisialta a fhorbairt agus a oiriúnú i gcás inar gá, agus rochtain a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as géarchéim COVID-19 agus as na dúshláin sin a bhaineann leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach. Rannpháirtíocht éifeachtach na gcomhpháirtithe sóisialta i gceapadh beartais a áirithiú, an t-idirphlé sóisialta a neartú agus cómhargáil a chur chun cinn. Roinnt dea-chleachtas i margadh an tsaothair agus i mbeartais shóisialta a chuireann leis an athléimneacht eacnamaíoch agus sóisialta a áirithiú, agus cóineasú i dtreo na ndea-chleachtas sin.

(3)

faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na bpacáistí tacaíochta beartais do chuideachtaí, díriú ar thacaíocht níos spriocdhírithe do shócmhainneacht gnólachtaí inmharthana ar ar tháinig strus le linn ghéarchéim COVID-19, agus úsáid níos mó a bhaint as ionstraimí de chineál cothromais. Cumas creataí dócmhainneachta a mhéadú chun déileáil go héifeachtach agus go tráthúil le féimheacht agus athstruchtúrú fiachais, caomhnú luacha a uasmhéadú agus leithdháileadh éifeachtúil caipitil san fhíorgheilleagar agus infheistíochtaí trasteorann a chur chun cinn. Dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir le hAontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú - a bhfuil tograí reachtacha ina leith curtha i gcrích ag an gCoimisiún ina ndírítear ar thacú le maoiniú an gheilleagair -, deiseanna infheistíochta a fheabhsú do ghnólachtaí agus do dhaoine aonair, agus bacainní trasteorann gan údar ar infheistíochtaí sa mhargadh aonair a bhaint.

(4)

leanúint de chreataí náisiúnta institiúideacha a neartú agus athchóirithe a shaothrú chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar infheistíocht agus ar ath-leithdháileadh caipitil, agus d’úsáid chistí an Aontais ar bhealach éifeachtúil tráthúil a áirithiú. An t-ualach riaracháin do ghnólachtaí a laghdú agus an timpeallacht ghnó a fheabhsú. Éifeachtacht agus digiteáil an riaracháin phoiblí a neartú. Bainistiú airgeadais phoiblí a fheabhsú, lena n-áirítear trí bhuiséadú glas agus trí éifeachtacht creataí bainistithe infheistíochta poiblí a fheabhsú, agus úsáid a bhaint as athbhreithnithe caiteachais chun comhdhéanamh agus cáilíocht an airgeadais phoiblí a fheabhsú, go háirithe cáilíocht na n-infheistíochtaí poiblí agus an infheistíocht i ndaoine agus i scileanna, agus chun caiteachas poiblí a dhíriú ar shlí níos fearr ar riachtanais téarnaimh agus athléimneachta.

(5)

cobhsaíocht mhacra-airgeadais a áirithiú, agus na bealaí creidmheasa chuig an ngeilleagar a choinneáil ar bun, leanúint d’aghaidh a thabhairt ar iasachtaí neamhthuillmheacha trí fhaireachán a dhéanamh, i measc nithe eile, ar cháilíocht sócmhainní, rannpháirtíocht thráthúil agus réamhghníomhach le féichiúnaithe anásta, go háirithe cinn inmharthana, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mhargaí tánaisteacha i gcomhair iasachtaí neamhthuillmheacha. Leanúint den obair chun an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích, trí bhíthin plean oibre céim ar chéim a bheidh faoi cheangal ama maidir leis na gnéithe go léir atá fós gan réiteach agus a bhfuil an leibhéal céanna uaillmhéine ag baint leis, agus chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú. Leanúint de thacaíocht a thabhairt don fhiosrú féachaint an bhféadfaí euro digiteach a thabhairt isteach.

Agus céimeanna breise á dtógáil chun AEA a dhoimhniú, ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó fhreagairt chuimsitheach bheartas eacnamaíoch an Aontais ar ghéarchéim COVID-19 a chur san áireamh. Ba cheart an dul chun cinn chun AEA a dhoimhniú a shaothrú agus margadh inmheánach an Aontais á urramú go hiomlán agus ar bhealach oscailte, trédhearcach i leith na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

(2)  IO L 306, 23.11.2011, lch. 25.

(3)  Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L I 433, 22.12.2020, lch. 23).

(4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(5)  IO C 283, 15.7.2021, lch. 1.

(6)  Treoir (AE) 2019/1023 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le creataí um athstruchtúrú coisctheach, maidir le hurscaoileadh fiachais, agus maidir le dícháilíochtaí agus maidir le bearta chun éifeachtúlacht nósanna imeachta a bhaineann le hathstruchtúrú, dócmhainneacht agus urscaoileadh fiachais a fheabhsú, agus lena leasaítear Treoir (AE) 2017/1132 (an Treoir maidir le hathstruchtúrú agus dócmhainneacht) (IO L 172, 26.6.2019, lch. 18).

(7)  Moladh (AE) 2021/402 ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (IO L 80, 8.3.2021, lch 1).

(8)  Conradh lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach idir Ríocht na Beilge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Poblacht na hEastóine, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na hIodáile, Poblacht na Cipire, Poblacht na Laitvia, Poblacht na Liotuáine, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Poblacht na hUngáire, Poblacht Mhálta, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Polainne, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin, Poblacht na Slóivéine, Poblacht na Slóvaice, Poblacht na Fionlainne, arna dhéanamh sa Bhruiséil on 2 Feabhra 2012.