10.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 29/44


Ceartúchán ar Mholadh (AE) 2022/108 ón gComhairle an 25 Eanáir 2022 lena leasaítear Moladh (AE) 2020/1632 maidir le cur chuige comhordaithe chun taisteal sábháilte i limistéar Schengen a éascú le linn phaindéim COVID-19

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 18 an 27 Eanáir 2022 )

(1)

Ar leathanach 124, aithris (6) agus aithris (7):

in ionad:

“(6)

Chun forbairtí i bhforbairt phaindéim COVID-19 ó glacadh Moladh (AE) 2020/1475 a chur san áireamh, tá an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, tar éis Moladh (AE) 2022/108 a chur in ionad an Mholta sin.

(7)

Chun a áirithiú go mbeidh na critéir chomhchoiteanna, na tairseacha comhchoiteanna agus an creat comhchoiteann beart a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun taisteal sábháilte a éascú laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha le linn phaindéim COVID-19 i gcónaí cothrom le dáta agus ailínithe go hiomlán leis an gcur chuige comhchoiteann atá ceaptha chun saorghluaiseacht a éascú mar a leagtar síos i Moladh (AE) 2022/108, ba cheart an tagairt do Mholadh (AE) 2022/108 a chur in ionad na tagartha i Moladh (AE) 2020/1632 ón gComhairle do Mholadh (AE) 2020/1475.”,

léitear:

“(6)

Chun forbairtí i bhforbairt phaindéim COVID-19 ó glacadh Moladh (AE) 2020/1475 a chur san áireamh, tá an Chomhairle, ar bhonn togra ón gCoimisiún, tar éis Moladh (AE) 2022/107 a chur in ionad an Mholta sin.

(7)

Chun a áirithiú go mbeidh na critéir chomhchoiteanna, na tairseacha comhchoiteanna agus an creat comhchoiteann beart a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm chun taisteal sábháilte a éascú laistigh den limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha le linn phaindéim COVID-19 i gcónaí cothrom le dáta agus ailínithe go hiomlán leis an gcur chuige comhchoiteann atá ceaptha chun saorghluaiseacht a éascú mar a leagtar síos i Moladh (AE) 2022/107, ba cheart an tagairt do Mholadh (AE) 2022/107 a chur in ionad na tagartha i Moladh (AE) 2020/1632 ón gComhairle do Mholadh (AE) 2020/1475.”.

(2)

Ar leathanach 126:

in ionad:

“Sa mholadh aonair, cuirtear ‘Moladh 2022/108 ón gComhairle’ in ionad ‘Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle’.”,

léitear:

“Sa mholadh aonair, cuirtear ‘Moladh (AE) 2022/107 ón gComhairle’ in ionad ‘Moladh (AE) 2020/1475 ón gComhairle’.”.