30.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 338/4 |
CINNEADH (AE) 2022/2585 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Samhain 2022
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Phrótacail lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (2022-2026)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tugadh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (1) (“an Comhaontú”) le Cinneadh 2014/146/AE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 28 Eanáir 2014. |
(2) |
Sa chéad phrótacal (3) a ghabhann leis an gComhaontú, leagadh amach na deiseanna iascaireachta a deonaíodh, ar feadh tréimhse 3 bliana, do shoithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís agus an ranníocaíocht airgeadais arna deonú ag an Aontas. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm an phrótacail sin in éag an 27 Eanáir 2017. |
(3) |
Sa dara prótacal (4) a ghabhann leis an gComhaontú, leagadh amach na deiseanna iascaireachta a deonaíodh, ar feadh tréimhse 4 bliana, do shoithí de chuid an Aontais in uiscí Oileán Mhuirís agus an ranníocaíocht airgeadais arna deonú ag an Aontas. Chuaigh tréimhse chur i bhfeidhm an phrótacail sin in éag an 7 Nollaig 2021. |
(4) |
Údaraíodh comhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas agus Oileán Mhuirís (5) le Cinneadh (AE) 2022/614 ón gComhairle lenar cuireadh síneadh le cur i bhfeidhm an dara prótacal a ghabhann leis an gComhaontú go dtí an 4 Deireadh Fómhair 2022. |
(5) |
An 28 Meán Fómhair 2021, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le hOileán Mhuirís chun prótacal nua a thabhairt i gcrích chun an Comhaontú a chur chun feidhme. |
(6) |
Tugadh an chaibidlíocht sin i gcrích go sásúil agus cuireadh inisealacha le prótacal nua an 7 Bealtaine 2022, lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme (“an Prótocal”) ar feadh tréimhse 4 bliana. |
(7) |
Is é is cuspóir don Phrótacal an Comhaontú a chur chun feidhme ionas go mbeidh an tAontas agus Oileán Mhuirís in ann oibriú níos dlúithe le chéile chun an comhar a chur chun cinn i réimsí an gheilleagair mhuirí, an dobharshaothraithe, fhorbairt inbhuanaithe na n-aigéan, na pleanála spásúla muirí, an fhuinnimh mhuirí agus na muirthimpeallachta, agus fhorbairt an bheartais mhuirí agus an gheilleagair ghoirm, agus ag an am céanna cur le dálaí oibre cuibhiúla in earnáil an iascaigh. |
(8) |
Dá bhrí sin, ba cheart an Prótacal a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. |
(9) |
I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta Oileán Mhuirís agus an ghá atá ann le briseadh i ngníomhaíochtaí den sórt sin a laghdú a oiread is féidir, ba cheart an Prótacal a chur chun feidhme a luaithe is féidir. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, an Prótacal a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach amhail ó dháta a shínithe go dtí go dtabharfar chun críche na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, agus ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm tráth a ghlactha. |
(11) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé a thuaraim uaidh an 24 Deireadh Fómhair 2022, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Prótacal lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Oileán Mhuirís (2022-2026) a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir an prótacal sin a thabhairt i gcrích. (7)
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d'Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Prótacal a shíniú, thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Cuirfear an Prótacal i bhfeidhm ar bhonn sealadach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de, amhail ó dháta a shínithe, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. STANJURA
(1) IO L 79, 18.3.2014, lch. 3.
(2) Cinneadh 2014/146/AE ón gComhairle an 28 Eanáir 2014 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 79, 18.3.2014, lch. 2)
(3) Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 79, 18.3.2014, lch. 9).
(4) Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 279, 28.10.2017, lch. 3).
(5) Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís a bhaineann le síneadh a chur leis an bPrótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Oileán Mhuirís (IO L 115, 13.4.2022, lch. 45).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(7) (Féach leathanach ... den Iris Oifigiúil).