23.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 330/70 |
CINNEADH (AE) 2022/2562 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Deireadh Fómhair 2022
maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach n Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 25 Samhna 2004, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún chun tús a chur le caibidlíocht leis an Téalainn i ndáil le Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (“an Comhaontú”). |
(2) |
Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích go rathúil trí inisealacha a chur leis an gComhaontú an 2 Meán Fómhair 2022 sa Bhruiséil. |
(3) |
Is í is aidhm don Chomhaontú an comhar a neartú i raon leathan réimsí beartais trí chéile, lena n-áirítear cearta an duine, neamhleathadh arm ollscriosta, comharc na sceimhlitheoireachta, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, trádáil, imirce, an comhshaol, fuinneamh, an t-athrú aeráide, iompar, eolaíocht agus teicneolaíocht, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, oideachas agus talmhaíocht. |
(4) |
Ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích tráth níos déanaí. |
(5) |
I bhfianaise an ghá an Comhaontú a chur i bhfeidhm sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm tar éis do na Ballstáit é a dhaingniú, ba cheart forálacha áirithe den Chomhaontú a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, údaraítear an Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht Chuimsitheach agus Comhar Cuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Ríocht na Téalainne, den pháirt eile (“an Comhaontú”) a shíniú thar ceann an Aontais Eorpaigh, faoi réir an comhaontú sin a thabhairt i gcrích. (1)
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige (acu) an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.
Airteagal 3
Go dtí go gcomhlánófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 59 den Chomhaontú agus faoi réir na bhfógraí dá bhforáiltear ann, ní chuirfear na codanna seo a leanas den Chomhaontú i bhfeidhm ar bhonn sealadach (2) idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne, ach amháin a mhéid a chumhdaítear leo ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais, lena n-áirítear ábhair a thagann faoi inniúlacht an Aontais maidir le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála a shainiú agus a chur chun feidhme:
— |
Teideal I |
— |
Teideal II |
— |
Teideal III |
— |
Teideal IV: Airteagail 20, 21, 22, 23, 25, 26, 27, 28, 29 |
— |
Teideal V: Airteagail 30, 31, 32, 34, 35, 36, 37, 38, 39, 40, 41, 42, 43, 44, 45, 46, 47, 48, 49 |
— |
Teideal VI |
— |
Teideal VII |
— |
Teideal VIII |
— |
Dearbhú comhpháirteach maidir le hAirteagal 5 |
— |
Dearbhú comhpháirteach maidir le hAirteagal 23 |
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. HUBÁČKOVÁ
(1) Féach leathanach 72 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Foilseoidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta óna mbeidh na codanna den Chomhaontú le cur i bhfeidhm go sealadach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.