22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/107


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/2543 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Nollaig 2022

lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333.

(2)

Tar éis an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta i gCás T-627/20 (2), ba cheart iontráil a bhaineann le heintiteas amháin atá liostaithe a scriosadh.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)   IO L 206, 1.8.2015, lch. 34.

(2)  Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 28 Meán Fómhair 2022, Libyan African Investment Company (Laico) v. Council, T-627/20.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), Cuid B (Eintitis), scriostar an iontráil seo a leanas:

“1.

Libyan Arab African Investment Company — LAAICO (dá ngairtear freisin LAICO)”.