22.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 328/103 |
CINNEADH (AE) 2022/2541 ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2022
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na Gearmáine,
Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le bheith comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha. |
(2) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025. |
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis do Gabriele MÜLLER-LIST. éirí as oifig. |
(4) |
Mhol Rialtas na Gearmáine Andreas KRUSE, Mitglied im Vorstand der Bundesarbeitsgemeinschaft der Seniorenorganisation e.V. (BAGSO) (Comhalta de Bhord Chomhlachas Náisiúnta na Gearmáine d’Eagraíochtaí Seanóirí (BAGSO)), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Andreas KRUSE, Mitglied im Vorstand der Bundesarbeitsgemeinschaft der Seniorenorganisation e.V. (BAGSO) (Comhalta de Bhord Chomhlachas Náisiúnta na Gearmáine d’Eagraíochtaí Seanóirí (BAGSO)), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 15.
(2) Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1).