22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/101


CINNEADH (AE) 2022/2540 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2022

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Beilge, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Beilge,

Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le bheith comhdhéanta d'ionadaithe d'eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

(2)

An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis do Dominique MICHEL éirí as oifig.

(4)

Mhol Rialtas na Beilge Olivier JORIS, Executive Manager du Centre de compétence Europe et International de la Fédération des Entreprises de Belgique (FEB) (Bainisteoir Feidhmiúcháin, an Roinn Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta, Cónaidhm na bhFiontar sa Bheilg), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Olivier JORIS, Executive Manager du Centre de compétence Europe et International de la Fédération des Entreprises de Belgique (FEB) (Bainisteoir Feidhmiúcháin, an Roinn Gnóthaí Eorpacha agus Idirnáisiúnta. Cónaidhm na bhFiontar sa Bheilg), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 15.

(2)  Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1).