22.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 328/59


CINNEADH (AE) 2022/2524 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2022

maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Meitheamh 2018, thug an Chomhairle údarás don Choimisiún, an 15 Meitheamh 2018, tús a chur le caibidlíocht de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 leis an Nua-Shéalainn maidir le cionroinnt na gcuótaí ráta taraife a áirítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

(2)

Tugadh an chaibidlíocht leis an Nua-Shéalainn i gcrích agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (“an Comhaontú”) an 20 Nollaig 2021.

(3)

Síníodh an Comhaontú thar ceann an Aontais an 20 Iúil 2022, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/781 ón gComhairle (2).

(4)

Ba cheart an Comhaontú a fhormheas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Formheastar leis seo, thar ceann an Aontais, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (3).

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) den Chomhaontú (4).

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. NEKULA


(1)  Toiliú ó 22 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh (AE) 2022/781 an 16 Bealtaine 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Nua-Shéalainn de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) 1994 a bhaineann le modhnú na lamháltas ar na cuótaí ráta taraife uile a chuimsítear i Sceideal AE CLXXV mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (IO L 140, 19.5.2022, lch. 1).

(3)  Féach leathanach 61 den Iris Oifigiúil seo.

(4)  Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.