20.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 325/162 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2509 ÓN gCOIMISIÚN
an 15 Nollaig 2022
lena gcinntear teorainneacha cainníochtúla agus lena leithdháiltear cuótaí do shubstaintí a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9109)
(Is iad na téacsanna Béarla, Bulgáirise, Cróitise, Ollainnise, Fionlainnise, Fraincise, Gaeilge, Gearmáinise, Ungáirise, Iodáilise, Laitvise, Máltaise, Polainnise, Portaingéilise, Seicise, Spáinnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (1), agus go háirithe Airteagal 10(2) agus Airteagal 16(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Tá scaoileadh substaintí rialaithe allmhairithe le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas faoi réir teorainneacha cainníochtúla. |
(2) |
Ceanglaítear ar an gCoimisiún na teorainneacha sin a chinneadh agus cuótaí a leithdháileadh ar ghnóthais. |
(3) |
Thairis sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún cainníochtaí na substaintí rialaithe seachas hidreaclórafluaracarbóin a fhéadfar a úsáid le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse, agus na gnóthais a fhéadfaidh iad a úsáid, a chinneadh. |
(4) |
Le cinneadh na gcuótaí leithdháilte le haghaidh úsáidí fíor-riachtanacha saotharlainne agus anailíse, ní mór a áirithiú go n-urramófar na teorainneacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 10(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009, agus Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm (2). Ós rud é go n-áirítear leis na teorainneacha cainníochtúla sin cainníochtaí hidreaclórafluaracarbón atá ceadúnaithe le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse, ba cheart táirgeadh agus allmhairiú hidreaclórafluaracarbón le haghaidh na n-úsáidí sin a chumhdach leis an leithdháileadh sin freisin. |
(5) |
D’fhoilsigh an Coimisiún fógra chuig gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu substaintí rialaithe a ídíonn an ciseal ózóin a allmhairiú nó a onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach nó ón Aontas Eorpach in 2023 agus chuig gnóthais a bhfuil sé beartaithe acu na substaintí sin a tháirgeadh nó a allmhairiú le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse in 2023 (3), agus dá réir fuair sé dearbhuithe maidir le hallmhairí atá beartaithe in 2023. |
(6) |
Ba cheart na teorainneacha cainníochtúla agus na cuótaí a chinneadh le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, i gcomhréir leis an tuarascáil thimthriallach bhliantúil faoi Phrótacal Montréal um Shubstaintí a Ídíonn an Ciseal Ózóin. |
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Teorainneacha cainníochtúla maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta
Is iad seo a leanas cainníochtaí na substaintí rialaithe atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 a fhéadfar a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta san Aontas in 2023 ó fhoinsí lasmuigh den Aontas:
Substaintí rialaithe |
Cainníocht (ina cileagraim acmhainne ídithe ózóin (ODP)) |
Grúpa I (clórafluaracarbóin 11, 12, 113, 114 agus 115) agus grúpa II (clórafluaracarbóin lán-hailiginithe eile) |
500 550,00 |
Grúpa III (halóin) |
26 559 050,00 |
Grúpa IV (teitreaclóiríd charbóin) |
385 552,20 |
Grúpa V (1,1,1-tríchlóireatán) |
2 500 000,00 |
Grúpa VI (bróimíd mheitile) |
588 835,20 |
Grúpa VII (hidreabrómafluaracarbóin) |
4 788,16 |
Grúpa VIII (hidreaclórafluaracarbóin) |
4 878 559,75 |
Grúpa IX (brómaclóraimeatán) |
264 024,00 |
Airteagal 2
Cuótaí a leithdháileadh maidir le scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta
1. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh clórafluaracarbóin 11, 12, 113, 114 agus 115 agus le haghaidh clórafluaracarbóin lán-hailiginithe eile le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn I a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
2. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh halón le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn II a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
3. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh teitreaclóiríd charbóin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn III a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
4. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh 1,1,1-tríchlóireatáin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn IV a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
5. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh bróimíd mheitile le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn V a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
6. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh hidreabrómafluaracarbón le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn VI a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
7. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh hidreaclórafluaracarbóin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn VII a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
8. Maidir le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh brómaclóraimeatáin le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023, is chun críocha na ngnóthas a léirítear in Iarscríbhinn VIII a bheidh sé agus is ar na gnóthais sin a leithdháilfear na cuótaí sin.
9. Is mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a bheidh na cuótaí aonair le haghaidh gnóthas.
Airteagal 3
Na cuótaí le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse
Leithdháilfear na cuótaí le haghaidh allmhairiú agus táirgeadh substaintí rialaithe le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse sa bhliain 2023 ar na gnóthais a liostaítear in Iarscríbhinn X.
Leagtar amach in Iarscríbhinn XI na cainníochtaí uasta a fhéadfar a tháirgeadh agus a allmhairiú le haghaidh úsáidí riachtanacha saotharlainne agus anailíse in 2023 a leithdháiltear ar na gnóthais sin.
Airteagal 4
Tréimhse bhailíochta
Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na gnóthais seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:
1 |
|
2 |
|
||||||||
3 |
|
4 |
|
||||||||
5 |
|
6 |
|
||||||||
7 |
|
8 |
|
||||||||
9 |
|
10 |
|
||||||||
11 |
|
12 |
|
||||||||
13 |
|
14 |
|
||||||||
15 |
|
16 |
|
||||||||
17 |
|
18 |
|
||||||||
19 |
|
20 |
|
||||||||
21 |
|
22 |
|
||||||||
23 |
|
24 |
|
||||||||
25 |
|
26 |
|
||||||||
27 |
|
28 |
|
||||||||
29 |
|
30 |
|
||||||||
31 |
|
32 |
|
||||||||
33 |
|
34 |
|
||||||||
35 |
|
36 |
|
||||||||
37 |
|
38 |
|
||||||||
39 |
|
40 |
|
||||||||
41 |
|
42 |
|
||||||||
43 |
|
44 |
|
||||||||
45 |
|
46 |
|
||||||||
47 |
|
48 |
|
||||||||
49 |
|
50 |
|
||||||||
51 |
|
52 |
|
||||||||
53 |
|
54 |
|
||||||||
55 |
|
56 |
|
||||||||
57 |
|
58 |
|
||||||||
59 |
|
60 |
|
||||||||
61 |
|
62 |
|
||||||||
63 |
|
64 |
|
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Frans TIMMERMANS
Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin
(1) IO L 286, 31.10.2009, lch. 1.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 537/2011 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2011 maidir leis an sásra le haghaidh leithdháileadh na gcainníochtaí substaintí rialaithe a cheadaítear le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse san Aontas faoi Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 147, 2.6.2011, lch. 4).
IARSCRÍBHINN I
GRÚPAÍ I agus II
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh chlórafluaracarbóin 11, 12, 113, 114 agus 115 agus clórafluaracarbóin lán-hailiginithe a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair agus oibreán próisis le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
Abcr GmbH (DE) |
Solvay Specialty Polymers Italy SpA (IT) |
Tazzetti SAU (ES) |
Tazzetti SpA (IT) |
TEGA - Technische Gase und Gasetechnik GmbH (DE) |
IARSCRÍBHINN II
GRÚPA III
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh halón a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair agus úsáidí criticiúla le linn na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
A-Gas Deutschland GmbH (DE) |
A-Gas Italia s.r.l. (IT) |
Abcr GmbH (DE) |
Arkema France (FR) |
Ateliers Bigata SASU (FR) |
BASF Agri-Production S.A.S. (FR) |
BTC B.V. (NL) |
EAF protect s.r.o. (CZ) |
Gielle Industries di Luigi Galantucci (IT) |
Hugen Maintenance for Aircraft B.V. (NL) |
Hugen Reprocessing Company Dutch Halonbank bv (NL) |
L’Hotellier SAS (FR) |
Lufthansa Technik AG (DE) |
Martec SpA (IT) |
P.U. Poz-PLiszka Sp. z o.o. (PL) |
Savi Technologie sp. z o.o. sp. k. (PL) |
Societe Air France Industries (FR) |
UTM Umwelt-Technik-Metallrecycling GmbH (DE) |
Vatro-Servis d.o.o. (HR) |
IARSCRÍBHINN III
GRÚPA IV
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh teitreaclóiríd charbóin a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair agus úsáidí oibreán próisis le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
Abcr GmbH (DE) |
Arkema France (FR) |
Ceram Optec SIA (LV) |
IARSCRÍBHINN IV
GRÚPA V
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh 1,1,1-tríchlóireatáin a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
Arkema France (FR) |
IARSCRÍBHINN V
GRÚPA VI
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh bróimíd mheitile a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
Abcr GmbH (DE) |
Euroapi France (FR) |
GHC Gerling, Holz & Co. Handels GmbH (DE) |
ICL Europe Cooperatief U.A. (NL) |
Mebrom NV (BE) |
Mebrom Technology NV (BE) |
Sigma-Aldrich Chemie GmbH (DE) |
IARSCRÍBHINN VI
GRÚPA VII
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh hidreabrómafluaracarbón a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
Abcr GmbH (DE) |
Euroapi France (FR) |
Fermion oy (FI) |
Hovione FarmaCiencia SA (PT) |
R.P. Chem s.r.l. (IT) |
Sterling Chemical Malta Limited (MT) |
Sterling SpA (IT) |
Valliscor Europa Limited (IE) |
IARSCRÍBHINN VII
GRÚPA VIII
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh hidreaclórafluaracarbón a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
Abcr GmbH (DE) |
Arkema France (FR) |
Bayer AG (DE) |
Chemours Netherlands B.V. (NL) |
Dyneon GmbH (DE) |
Solvay Fluor GmbH (DE) |
Solvay France S.A (FR) |
Solvay Specialty Polymers Italy SpA (IT) |
Tazzetti SAU (ES) |
Tazzetti SpA (IT) |
IARSCRÍBHINN VIII
GRÚPA IX
Na cuótaí allmhairiúcháin le haghaidh brómaclóraimeatáin a leithdháiltear ar allmhaireoirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 le haghaidh úsáidí bunábhair le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2023.
Cuideachta |
Albemarle Europe SPRL (BE) |
ICL Europe Cooperatief U.A. (NL) |
Laboratorios Miret S.A. (ES) |
Sigma-Aldrich Chemie GmbH (DE) |
Valliscor Europa Limited (IE) |
IARSCRÍBHINN IX
(Íogair ó thaobh na tráchtála de – i modh rúin – níl seo le foilsiú)
IARSCRÍBHINN X
Na gnóthais atá i dteideal a tháirgeadh agus a allmhairiú le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse in 2023
Cuóta na substaintí rialaithe a bhféadfar a úsáid le haghaidh úsáidí saotharlainne agus anailíse, leithdháiltear ar na gnóthais seo a leanas iad:
Cuideachta Abcr GmbH (DE) |
AGC Pharma Chemicals Europe (ES) |
Agilent Technologies Deutschland GmbH (DE) |
Airsense Analytics GmbH (DE) |
Arkema France (FR) |
Bayer AG (DE) |
Biovit d.o.o. (HR) |
CPAChem Ltd (BG) |
Daikin Refrigerants Frankfurt GmbH (DE) |
Fot LTD (BG) |
Gedeon Richter Plc. (HU) |
I2 Analytical Limited sp. z o. o. Oddział w Polsce (PL) |
Interscience B.V. (NL) |
Labmix24 GmbH (DE) |
Laboratory Supplies Ltd T/A Lennox (IE) |
LGC Standards GmbH (DE) |
Neochema GmbH (DE) |
Philipps-Universität Marburg (DE) |
Restek France (FR) |
Restek GmbH (DE) |
Restek S.r.l. (IT) |
Sigma Aldrich Chimie sarl (FR) |
Sigma-Aldrich Chemie GmbH (DE) |
Solvay Fluor GmbH (DE) |
Solvay France S.A (FR) |
Solvay Specialty Polymers Italy SpA (IT) |
Techlab SARL (FR) |
Ultra Scientific Italia srl (IT) |
Valliscor Europa Limited (IE) |
IARSCRÍBHINN XI
(Íogair ó thaobh na tráchtála de – i modh rúin – níl seo le foilsiú)