|
20.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 325/112 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2508 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Nollaig 2022
lena mbunaítear na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT), faoi Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha, le haghaidh thionscal na dteicstílí
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8984)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (1), agus go háirithe Airteagal 13(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é atá i gconclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) an tagairt chun coinníollacha ceada a shocrú le haghaidh suiteálacha a chumhdaítear le Caibidil II de Threoir 2010/75/AE agus ba cheart d’údaráis inniúla teorainnluachanna astaíochta a shocrú lena n-áiritheofar, faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla, nach mó astaíochtaí ná na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil mar a leagtar síos iad sna conclúidí BAT. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Threoir 2010/75/AE, maidir leis an bhfóram, arb é atá ann ionadaithe na mBallstát, na dtionscal lena mbaineann agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn, a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2011 (2), chuir sé a thuairim maidir le hinneachar beartaithe an doiciméid tagartha maidir le BAT le haghaidh thionscal na dteicstílí ar fáil don Choimisiún an 10 Bealtaine 2022. Tá an tuairim sin ar fáil go poiblí (3). |
|
(3) |
Leis na conclúidí BAT a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, cuirtear san áireamh an tuairim ón bhfóram i dtaobh inneachar beartaithe an doiciméid tagartha maidir le BAT. Áirítear iontu príomheilimintí an doiciméid tagartha maidir le BAT. |
|
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bhunú le hAirteagal 75(1) de Threoir 2010/75/AE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT) le haghaidh thionscal na dteicstílí, a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig na Ballstáit.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 334, 17.12.2010, lch. 17.
(2) Cinneadh ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2011 lena mbunaítear fóram chun faisnéis a mhalartú de bhun Airteagal 13 de Threoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO C 146, 17.5.2011, lch. 3).
(3) https://circabc.europa.eu/ui/group/06f33a94-9829-4eee-b187-21bb783a0fbf/library/fdb14511-4fc5-4b90-b495-79033a1787af?p=1&n=10&sort=modified_DESC
IARSCRÍBHINN
1. CONCLÚIDÍ MAIDIR LEIS NA TEICNÍCÍ IS FEARR ATÁ AR FÁIL (BAT) LE hAGHAIDH AN TIONSCADAIL TEICSTÍLÍ
RAON FEIDHME
Baineann na conclúidí BAT seo leis na gníomhaíochtaí seo a leanas a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE:
|
6.2. |
Réamhchóireáil (oibríochtaí amhail níochán, tuaradh, meirsiriú) nó dathú snáithíní teicstíle nó teicstílí i gcás inar mó an acmhainneacht chóireála ná 10 dtona in aghaidh an lae. |
|
6.11. |
Cóireáil fuíolluisce a oibrítear go neamhspleách nach gcumhdaítear le Treoir 91/271/CEE, ar choinníoll go n-eascraíonn an príomh-ualach truailleán as na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT seo. |
Leis na conclúidí BAT seo cumhdaítear na nithe seo a leanas freisin:
|
— |
Na gníomhaíochtaí seo a leanas nuair a bhaineann siad go díreach le gníomhaíochtaí a shonraítear i bpointe 6.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2010/75/AE:
|
|
— |
Cóireáil chomhcheangailte fuíolluisce ó thionscnaimh éagsúla, ar choinníoll go n-eascraíonn an príomh-ualach truailleán as gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT seo agus nach gcumhdaítear an chóireáil fuíolluisce le Treoir 91/271/CEE. |
|
— |
Gléasraí dócháin ar an láthair a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT seo, ar choinníoll go gcuirtear táirgí gásacha dócháin i dtadhall díreach leis na snáithíní teicstíle nó leis na teicstílí (amhail téamh díreach, triomú, socrú teasa) nó nuair a aistrítear teas radanta agus/nó teas seoltach trí bhalla soladach (téamh indíreach) gan úsáid a bhaint as sreabhán traschurtha teasa idirmheánach. |
Leis na conclúidí BAT seo, ní chumhdaítear na nithe seo a leanas:
|
— |
Bratú agus lannú ag a bhfuil toilleadh ídithe tuaslagóirí orgánacha is mó ná 150 kg in aghaidh na huaire nó is mó ná 200 tona in aghaidh na bliana. Cumhdaítear iad sin leis na conclúidí BAT maidir le cóireáil dromchla agus úsáid á baint as tuaslagóirí orgánacha lena n-áirítear caomhnú adhmaid agus táirgí adhmaid le ceimiceáin (STS). |
|
— |
Snáithíní agus snáthanna de dhéantús an duine a tháirgeadh. Féadfar é sin a chumhdach leis na conclúidí BAT lena gcumhdaítear an earnáil táirgthe polaiméirí. |
|
— |
An fionnadh a bhaint de sheithí agus de chraicne. Féadfar é sin a chumhdach leis na conclúidí BAT maidir le súdaireacht a dhéanamh ar sheithí agus ar chraicne (TAN). |
Áirítear an méid seo a leanas sna conclúidí BAT eile agus sna doiciméid tagartha BAT eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir leis na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT seo:
|
— |
Cóireáil dromchla agus úsáid á baint as tuaslagóirí orgánacha lena n-áirítear adhmad agus táirgí adhmaid a chaomhnú le ceimiceáin (STS); |
|
— |
Loscadh Dramhaíola (WI); |
|
— |
Cóireáil Dramhaíola (WT); |
|
— |
Astaíochtaí ó Stóráil (EFS); |
|
— |
Éifeachtúlacht Fuinnimh (ENE); |
|
— |
Córais Fuaraithe Thionsclaíocha (ICS); |
|
— |
Faireachán ar Astaíochtaí san Aer agus san Uisce ó Ghléasraí IED (ROM); |
|
— |
Eacnamaíocht agus Éifeachtaí Trasmheáin (ECM). |
Tá feidhm ag na conclúidí BAT seo gan dochar do reachtaíocht ábhartha eile, e.g. maidir le clárú, meastóireacht, údarú agus srianadh ceimiceán (REACH), maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú (CLP) substaintí agus meascán (CLP), maidir le táirgí bithicídeacha (BPR) nó maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh).
SAINMHÍNITHE
Chun críocha na gconclúidí BAT seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
Téarmaí ginearálta |
|
|
An téarma a úsáidtear |
Sainmhíniú |
|
Cóimheas aer-le-teicstíl |
An cóimheas idir sreabhadh iomlán thoirt an gháis sceite (arna shloinneadh ina Nm3 san uair) ó phointe astaíochta aonaid cóireála teicstíle (e.g. crann triomaithe) le tréchur comhfhreagrach na teicstíle atá le cóireáil (teicstíl thirim, arna shloinneadh ina kg san uair). |
|
Ábhair cheallalóis |
I measc na n-ábhar ceallalóis tá cadás agus vioscós. |
|
Astaíochtaí clasaithe |
Astaíochtaí truailleán san aer trí aon chineál duchta, píopa, simléir, etc. |
|
Tomhas leanúnach |
Tomhas a dhéantar trí úsáid a bhaint as córas uathoibrithe tomhais atá suiteáilte go buan ar an láthair. |
|
Díthreiscíniú |
Réamhchóireáil ábhar teicstíle chun ceimiceáin treiscínithe a bhaint as fabraic fhite. |
|
Astaíochtaí idirleata |
Astaíochtaí neamhchlasaithe chuig an aer. |
|
Sceitheadh díreach |
Sceitheadh i ndobharlach glactha dramhaíola gan tuilleadh cóireála iartheachtaí fuíolluisce. |
|
Tirimghlanadh |
Glanadh ábhar teicstíle le tuaslagóir orgánach. |
|
Gléasra atá ann cheana |
Gléasra nach gléasra nua é. |
|
Táirgeadh fabraice |
Táirgeadh fabraice, e.g. trí fhíodóireacht nó cniotáil. |
|
Bailchríochnú |
Cóireáil fhisiceach agus/nó cheimiceach arb é is aidhm di airíonna úsáide deiridh a thabhairt do na hábhair theicstíle, amhail maisíochtaí físiúla, saintréithe láimhseála, uiscedhíonacht nó neamh-inadhainteacht. |
|
Lannú lasarach |
Nascadh fabraicí ag baint úsáide as leathán cúir theirmeaplaistigh, faoi lé lasrach atá suite os comhair na rollaí lannaithe. |
|
Substaint ghuaiseach |
Substaint ghuaiseach mar a shainmhínítear i bpointe 18 d’Airteagal 3 de Threoir 2010/75/AE. |
|
Dramhaíl ghuaiseach |
Dramhaíl ghuaiseach mar a shainmhínítear í i bpointe 2 d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CEó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) . |
|
Sceitheadh indíreach |
Sceitheadh nach sceitheadh díreach é. |
|
Cóimheas licéir |
I gcás baiscphróisis, cóimheas meáchain idir na hábhair teicstíle tirime agus an licéar próisis a úsáidtear. |
|
comhéifeacht rannach n-Ochtanóil/uisce |
An cóimheas idir tiúchan cothromaíochta substainte tuaslagtha i gcóras dhá chéim ina bhfuil na tuaslagóirí n-Ochtanóil atá domheasctha den chuid is mó agus uisce. |
|
Mór-uasghrádú gléasra |
Mórathrú i ndearadh nó i dteicneolaíocht gléasra le mórchoigeartuithe nó athsholáthar ar an bpróiseas agus/nó ar an teicníc laghdaithe astaíochtaí nó ar na teicnící laghdaithe astaíochtaí agus ar an trealamh gaolmhar. |
|
Sreabhadh maise |
Mais substainte áirithe nó paraiméadair áirithe a astaítear thar thréimhse shainithe ama. |
|
Gléasra nua |
Gléasra a cheadaítear ar dtús ag láthair na suiteála tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo nó gléasra a athsholáthar ina iomláine tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo. |
|
Tuaslagóir orgánach |
Tuaslagóir orgánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(46) de Threoir 2010/75/CE. |
|
Tomhas tréimhsiúil |
Tomhas ag eatraimh shonraithe ama trí úsáid a bhaint as modhanna láimhe nó uathoibrithe. |
|
Glacadh |
I gcás próiseas leanúnach, cóimheas meáchain idir an leacht a ghlacann na hábhair theicstíle agus na hábhair teicstíle tirime. |
|
Ceimiceáin phróisis |
Substaintí agus/nó meascáin mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 de Rialachán CE/1907/2006 (2) a úsáidtear sa phróiseas/sna próisis, lena n-áirítear ceimiceáin treiscínithe, ceimiceáin tuartha, dathanna, taois phriontála agus ceimiceáin bhailchríche. D’fhéadfadh substaintí guaiseacha agus/nó substaintí ar údar mór imní iad a bheith i gceist le ceimiceáin phróisis. |
|
Licéar próisis |
Tuaslagán agus/nó fuaidreán ina bhfuil ceimiceáin phróisis. |
|
Glacadh iarmharach |
An acmhainneacht iarmharach atá ag ábhair teicstíle fliche leacht breise a ionsú (tar éis an ghlactha tosaigh). |
|
Sciúradh |
Réamhchóireáil a dhéanamh ar ábhair theicstíle arb é atá inti an t-ábhar teicstíle isteach a ní. |
|
Barrloscadh |
Na snáithíní a bhaint ar dhromchla na fabraice tríd an bhfabraic a chur trí lasair nó trí phlátaí téite. |
|
Treiscíniú |
Snáth a thuiliú le ceimiceáin phróisis arb é is aidhm dóibh an snáth a chosaint agus bealú a sholáthar le linn fíodóireachta. |
|
Substaintí ar údar mór imní iad |
Substaintí a chomhlíonann na critéir a luaitear in Airteagal 57 agus a áirítear sa Liosta Substaintí Inbhreithnithe le hAghaidh Údarú ar Ábhar Mór Imní Iad, de réir Rialachán REACH ((CE) Uimh. 1907/2006). |
|
Ábhair shintéiseacha |
I measc na n-ábhar sintéiseach tá poileistear, polaimíd agus aicrileach. |
|
Ábhair theicstíle |
Snáithíní teicstíle agus/nó teicstílí. |
|
Cóireáil theirmeach |
Áirítear le cóireáil theirmeach ar ábhair theicstíle fosúchán teirmeach, socrú teasa nó céim phróisis (e.g. triomú, leasú) na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis na conclúidí BAT seo (e.g. bratú, dathú, réamhchóireáil, bailchríochnú, priontáil, lannú). |
|
Truailleáin agus paraiméadair |
|
|
An téarma a úsáidtear |
Sainmhíniú |
|
Antamón |
Folaíonn antamón, arna shloinneadh mar Sb, gach comhdhúil neamhorgánach agus orgánach antamóin, atá tuaslagtha nó atá ceangailte de cháithníní. |
|
AOX |
Áirítear le halaigní asúite arna gceangal go horgánach, arna sloinneadh mar Cl, clóirín, bróimín agus iaidín asúite atá ceangailte go horgánach. |
|
BOD n |
Éileamh bithcheimiceach ar ocsaigin. An méid ocsaigine atá ag teastáil chun ocsaídiú bithcheimiceach an ábhair orgánaigh a dhéanamh go dé-ocsaíd charbóin in n lá (is gnách 5 nó 7 a bheith in n). Is táscaire é BODn ar mhais-tiúchan comhdhúl orgánach in-bhithdhíghrádaithe. |
|
Cróimiam |
Áirítear le cróimiam, arna shloinneadh mar Cr, gach comhdhúil cróimiam neamhorgánach agus orgánach, atá tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
|
CO |
Aonocsaíd charbóin. |
|
COD |
Éileamh ceimiceach ar ocsaigin. An méid ocsaigine is gá le haghaidh ocsaídiú ceimiceach iomlán an ábhair orgánaigh ina dhé-ocsaíd charbóin trí úsáid a bhaint as déchrómáit. Is táscaire é COD ar mhais-tiúchan comhdhúl orgánach. |
|
Copar |
Áirítear le copar, arna shloinneadh mar Cu, gach comhdhúil copair neamhorgánach agus orgánach, tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
|
CMR |
Carcanaigineach, só-ghineach nó tocsaineach don atáirgeadh. Áirítear leis sin substaintí CMR de chatagóirí 1A, 1B agus 2, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus arna leasú, i.e. le cóid don ráiteas guaise: H340, H341, H350, H351, H360 agus H361. |
|
Deannach |
Ábhar cáithníneach iomlán (san aer). |
|
HOI |
Innéacs ola hidreacarbóin. Suim na gcomhdhúl is féidir a eastóscadh le tuaslagóir hidreacarbóin (lena n-áirítear hidreacarbóin aramatacha alafatacha, ailichioglacha, aramatacha nó ailcil-mhalartaithe agus iad fadslabhrúil nó brainseach). |
|
NH3 |
Amóinia. |
|
Nicil |
Áirítear le nicil, arna sloinneadh mar Ni, gach comhdhúil nicile neamhorgánach agus orgánach, atá tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
|
NOX |
Suim na haonocsaíde nítrigine (NO) agus na dé-ocsaíde nítrigine (NO2), arna sloinneadh mar NO2. |
|
SOX |
Suim na dé-ocsaíde sulfair (SO2), na trí-ocsaíde sulfair (SO3) agus an aigéid shulfaraigh i bhfoirm aerasól, a shloinntear mar SO2. |
|
Suilfíd, atá so-scaoilte |
Suim na suilfídí tuaslagtha agus na suilfídí neamhthuaslagtha sin a scaoiltear go réidh ar aigéadú dóibh, a shloinntear mar S2–. |
|
TOC |
Carbón orgánach iomlán, a shloinntear mar C (in uisce), lena n-áirítear gach comhdhúil orgánach. |
|
TN |
Áirítear le nítrigin iomlán, arna shloinneadh mar N, amóinia shaor agus nítrigin amóiniam (NH4-N), nítrigin níotráite (NO2-N), nítrigin níotráite (NO3-N) agus nítrigin atá ceangailte go horgánach. |
|
TP |
Áirítear le fosfar iomlán, arna shloinneadh mar P, gach comhdhúil fosfair neamhorgánaigh agus orgánaigh, atá tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
|
TSS |
Iomlán na solad ar fuaidreamh. Mais-tiúchan na solad uile ar fuaidreamh (in uisce), a thomhaistear trí scagachán le scagairí snáithíní gloine agus meá-mhéadracht. |
|
TVOC |
Comhdhúile so-ghalaithe orgánacha iomlána, a shloinntear mar C (san aer). |
|
VOC |
Áirítear leis sin comhdhúil orgánach sho-ghalaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(45) de Threoir 2010/75/AE. |
|
Sinc |
Áirítear le sinc, a shloinntear mar Zn, gach comhdhúil since neamhorgánach agus orgánach, atá tuaslagtha nó ceangailte de cháithníní. |
ACRAINMNEACHA
Chun críocha na gconclúidí BAT seo, tá feidhm ag na hacrainmneacha seo a leanas:
|
Acrainm |
Sainmhíniú |
|
CMS |
Córas bainistíochta ceimiceán |
|
DTPA |
Aigéad peantaicéiteach triaimín dé-eitiléine |
|
EDTA |
Aigéad eitiléindé-aimínteaicéiteach |
|
EMS |
Córas bainistíochta comhshaoil |
|
ESP |
Deascaire leictreastatach |
|
IED |
An Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (2010/75/AE) |
|
OTNOC |
Dálaí nach gnáthdhálaí oibríochtúla iad |
|
PFASanna |
Substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile |
BREITHNITHE GINEARÁLTA
Na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BAT)
Ní teicnící saintreoracha ná uileghabhálacha iad na teicnící a liostaítear agus a dtugtar tuairisc orthu sna conclúidí BAT seo. Féadfar teicnící eile a úsáid lena n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta comhshaoil ar a laghad.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, tá na conclúidí BAT infheidhme go ginearálta.
Leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí san aer
Leis na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) a thugtar sna conclúidí BAT seo, tagraítear do thiúchan (mais na substaintí astaithe de réir thoirt an dramhgháis) faoi na dálaí caighdeánacha seo a leanas: gás tirim ag teocht 273,15 K, agus ag brú 101,3 kPa, gan ceartúchán don chion ocsaigine, agus a shloinntear ina mg/Nm3.
Maidir le tréimhsí meánaithe BAT-AELanna le haghaidh astaíochtaí san aer, tá feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas.
|
Cineál tomhais |
Tréimhse mheánaithe |
Sainmhíniú |
|
Tréimhsiúil |
Meán thar an tréimhse samplála |
Meánluach trí shampláil/thomhas as a chéile a mhaireann 30 nóiméad an ceann ar a laghad. (4) |
Chun na sreafaí maise a ríomh i ndáil le BAT 9, BAT 26, BAT 27 agus Tábla 1.5 agus Tábla 1.6, maidir le dramhgháis ó chineál foinse amháin (e.g. crann triomaithe) a sceitear trí dhá phointe astaíochta ar leith nó níos mó ná sin, i gcás ina measann an t-údarás inniúil go bhféadfaí iad a sceitheadh trí phointe astaíochta coiteann, déanfar na pointí astaíochta sin a mheas mar phointe astaíochta aonair (féach freisin BAT 23). Is féidir sreafaí maise ar leibhéal an ghléasra/an tsuiteála a úsáid mar mhalairt air sin.
Leibhéil astaíochtaí atá bainteach leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí san uisce
Leis na leibhéil astaíochta a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí san uisce a thugtar sna conclúidí BAT seo, tagraítear do thiúchan (mais na substaintí astaithe de réir thoirt an uisce), a shloinntear ina mg/l.
Le tréimhsí meánaithe a bhaineann leis na BAT-AELanna, tagraítear do cheachtar den dá chás a leanas:
|
— |
I gcás sceitheadh leanúnach, meánluachanna laethúla, i.e. samplaí comhiomlána sreabh-chomhréireacha 24 uair an chloig. |
|
— |
I gcás baisc-sceithte, meánluachanna thar fhad an scaoilte a thógtar mar shamplaí comhiomlána sreabh-chomhréireacha, nó spotsampla a thógtar roimh an sceitheadh ar choinníoll gur meascadh an t-eisilteach ar bhealach iomchuí agus go bhfuil sé aonchineálach. |
Féadfar samplaí comhiomlána am-chomhréireacha a úsáid ar choinníoll go léirítear cobhsaíocht leordhóthanach na sreibhe. De rogha air sin, féadfar spotsamplaí a thógáil, ar choinníoll go bhfuil an t-eisilteach measctha agus aonchineálach go hiomchuí.
I gcás an éilimh iomláin ar charbón orgánach (TOC) agus an éilimh ar ocsaigin cheimiceach (COD), tá ríomh na meánéifeachtúlachta laghdaithe dá dtagraítear sna conclúidí BAT seo (féach Tábla 1.3) bunaithe ar ualach insiltigh agus eisiltigh an ghléasra cóireála fuíolluisce.
Bíonn feidhm ag na BAT-AELanna ag an bpointe a fhágann an astaíocht an gléasra.
Leibhéil feidhmíochta comhshaoil eile
Leibhéil tháscacha maidir le hídiú sonrach fuinnimh
Leis na leibhéil feidhmíochta comhshaoil tháscacha a bhaineann le hídiú sonrach fuinnimh, tagraítear do mheánmhéideanna bliantúla arna ríomh trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:
mar a gciallaíonn:
|
an ráta ídithe fuinnimh |
: |
méid bliantúil iomlán an teasa agus an leictreachais arna thomhailt ag an gcóireáil theirmeach, lúide an teas arna aisghabháil ón gcóireáil theirmeach, arna shloinneadh ina MWh/bliain; |
|
an ráta gníomhaíochta |
: |
méid bliantúil iomlán na n-ábhar teicstíle a cóireáladh sa chóireáil theirmeach, arna shloinneadh ina t/bliain. |
Leibhéil tháscacha maidir le hídiú sonrach uisce
Leis na leibhéil feidhmíochta comhshaoil tháscacha a bhaineann le hídiú sonrach uisce, tagraítear do mheánmhéideanna bliantúla arna ríomh trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:
mar a gciallaíonn:
|
an ráta ídithe uisce |
: |
méid bliantúil iomlán an uisce a thomhlaítear trí phróiseas ar leith (e.g. tuaradh) lena n-áirítear uisce a úsáidtear chun na hábhair theicstíle a ní agus a shruthlú agus chun an trealamh a ghlanadh, lúide an t-uisce a athúsáidtear agus/nó a athchúrsáiltear sa phróiseas, arna shloinneadh ina m3/bliain; |
|
an ráta gníomhaíochta |
: |
méid bliantúil iomlán na n-ábhar teicstíle a cóireáladh i bpróiseas ar leith (e.g. tuaradh), arna shloinneadh ina t/bliain. |
An leibhéal aisghabhála úir olla sonraí a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil
Leis an leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le haisghabháil úr olla shonrach, tagraítear do mheánmhéid bliantúil arna ríomh trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:
mar a gciallaíonn:
|
ráta an úir olla a aisghabhadh |
: |
méid bliantúil iomlán d’úr olla a aisghabhadh ó réamhchóireáil snáithíní amholla trí sciúradh, arna shloinneadh ina kg/bliain; |
|
an ráta gníomhaíochta |
: |
méid bliantúil iomlán snáithíní amholla réamhchóireáilte trí sciúradh, arna shloinneadh ina t/bliain. |
Leibhéal aisghabhála sóide loiscní a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil
Leis an leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le haisghabháil sóide loiscní, tagraítear do mheánmhéid bliantúil arna ríomh trí úsáid a bhaint as an gcothromóid seo a leanas:
mar a gciallaíonn:
|
ráta na sóide loiscní a aisghabhadh |
: |
méid bliantúil iomlán na sóide loiscní a aisghabhadh ó uisce sruthlaithe meirsirithe spíonta, arna shloinneadh ina kg/bliain; |
|
ráta na sóide loiscní roimh an aisghabháil |
: |
méid bliantúil iomlán na sóide loiscní san uisce sruthlaithe meirsirithe spíonta, arna shloinneadh ina kg/bliain. |
1.1. Conclúidí ginearálta BAT
1.1.1. Feidhmíocht ghinearálta chomhshaoil
|
BAT 1. |
Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, is é is BAT ann córas bainistíochta comhshaoil (EMS) a fhorbairt agus a chur chun feidhme ina n-ionchorpraítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
Maidir leis an tionscal teicstíle go sonrach, is é is BAT ann na gnéithe seo a leanas a ionchorprú san EMS freisin:
|
Nóta
Le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, bunaítear scéim an Aontais Eorpaigh um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS), ar sampla é de EMS atá comhsheasmhach leis an BAT seo.
Infheidhmeacht
Go ginearálta bainfidh leibhéal mionsonraithe agus leibhéal foirmlithe an EMS le cineál, scála agus castacht an ghléasra, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith aige.
|
BAT 2. |
Chun an fheidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán a fheabhsú, is é is BAT ann fardal ionchur agus aschur a bhunú, a choinneáil ar bun agus a athbhreithniú go tráthrialta (lena n-áirítear é sin a dhéanamh i gcás ina dtarlaíonn athrú mór), mar chuid den chóras bainistíochta comhshaoil (féach BAT 1), ina n-ionchorpraítear na gnéithe seo a leanas go léir:
|
Infheidhmeacht
Go ginearálta bainfidh raon feidhme (e.g. leibhéal mionsonraithe) agus cineál an fardail le cineál, scála agus castacht an ghléasra, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith aige.
|
BAT 3. |
Chun minicíocht agus tarluithe OTNOC a laghdú agus chun astaíochtaí le linn OTNOC a laghdú, is é is BAT ann plean bainistíochta OTNOC rioscabhunaithe a bhunú agus a chur chun feidhme mar chuid den EMS (féach BAT 1), ar plean é lena n-áirítear gach ceann de na heilimintí seo a leanas:
|
Infheidhmeacht
Go ginearálta bainfidh leibhéal mionsonraithe agus leibhéal foirmlithe phlean bainistíochta OTNOC le cineál, scála agus castacht an ghléasra, agus le raon na dtionchar comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith aige.
|
BAT 4. |
D’fhonn feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ardchórais faireacháin agus rialaithe próisis. |
Tuairisc
Déantar faireachán agus rialú ar phróisis le córais uathoibrithe ar líne atá feistithe le braiteoirí agus rialaitheoirí a bhaineann úsáid as naisc aiseolais chun príomhpharaiméadair phróisis a anailísiú agus a oiriúnú go mear chun dálaí próisis optamacha a bhaint amach (e.g. an glacadh optamach le ceimiceáin phróisis).
I measc na bpríomhpharaiméadair phróisis tá an méid a leanas:
|
— |
toirt, pH agus teocht an licéir phróisis; |
|
— |
an méid ábhar teicstíle atá cóireáilte; |
|
— |
dáileog de cheimiceáin phróisis; |
|
— |
paraiméadair thriomúcháin (féach freisin BAT 13 (d)). |
|
BAT 5. |
Chun feidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán a fheabhsú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as an dá theicníc a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||
1.1.2. Faireachán
|
BAT 6. |
Is é is BAT ann faireachán a dhéanamh ar na nithe seo a leanas uair sa bhliain ar a laghad:
|
Tuairisc
Áirítear go fabhrach ar an bhfaireachán tomhais dhíreacha. Is féidir ríomhanna nó taifeadadh, e.g. úsáid a bhaint as méadair nó sonraisc oiriúnacha, a úsáid freisin. Miondealaítear an faireachán, chomh fada agus is féidir, go leibhéal an phróisis agus breithnítear aon athrú mór ar na próisis.
|
BAT 7. |
Maidir le sruthanna fuíolluisce arna sainaithint ag an bhfardal ionchur agus aschur (féach BAT 2), is é is BAT ann faireachán a dhéanamh ar phríomhpharaiméadair (e.g. faireachán leanúnach ar shreabhadh fuíolluisce, pH agus teocht) ag suíomhanna tábhachtacha (e.g. ag ionraon agus/nó asraon na réamhchóireála fuíolluisce, ag an ionraon chuig an gcóireáil fuíolluisce deiridh, ag an bpointe a fhágann an astaíocht an gléasra). |
Tuairisc
Nuair is príomhpharaiméadair iad an bhith-indíbearthacht/an in-bhithdhíghrádaitheacht agus na héifeachtaí coisctheacha (e.g. féach BAT 19), déantar faireachán sula ndéantar an chóireáil bhitheolaíoch maidir leis na nithe seo a leanas:
|
— |
bith-indíbearthacht/in-bhithdhígrádaitheacht trí úsáid a bhaint as na caighdeáin EN ISO 9888 nó EN ISO 7827, agus |
|
— |
éifeachtaí coisctheacha ar chóireáil bhitheolaíoch trí úsáid a bhaint as na caighdeáin EN ISO 9509 nó EN ISO 8192, le minicíocht íosta faireacháin le cinneadh tar éis tréithriú eisilteach. |
Déantar an tréithriú eisilteach sula gcuirtear tús le hoibriú an ghléasra nó sula nuashonraítear cead don ghléasra den chéad uair tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo, agus tar éis gach athraithe (e.g. athrú ar “oideas”) sa ghléasra a d’fhéadfadh an t-ualach truailleán a mhéadú.
|
BAT 8. |
Is é is BAT ann faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí san uisce de réir na minicíochta a thugtar thíos ar a laghad agus i gcomhréir le caighdeáin EN. Mura bhfuil fáil ar chaighdeáin EN, is é is BAT ann úsáid a bhaint as caighdeáin ISO, náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear go soláthraítear sonraí atá ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 9. |
Is é is BAT ann faireachán a dhéanamh ar astaíochtaí clasaithe san aer de réir na minicíochta a thugtar thíos ar a laghad agus i gcomhréir le caighdeáin EN. Mura bhfuil fáil ar chaighdeáin EN, is é is BAT ann úsáid a bhaint as caighdeáin ISO, náisiúnta nó idirnáisiúnta eile lena n-áirithítear go soláthraítear sonraí atá ar cháilíocht choibhéiseach eolaíoch.
|
1.1.3. Ídiú uisce agus giniúint fuíolluisce
|
BAT 10. |
Chun ídiú uisce agus giniúint fuíolluisce a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as teicnící (a), (b) agus (c), agus as teaglaim iomchuí de theicnící (d) go (j) a thugtar thíos.
Tábla 1.1 Leibhéil feidhmíochta comhshaoil tháscacha maidir le hídiú sonrach uisce
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1.1.4. Éifeachtúlacht fuinnimh
|
BAT 11. |
Chun fuinneamh a úsáid go héifeachtúil, is é is BAT ann úsáid a bhaint as teicnící (a), (b), (c) agus (d), agus as teaglaim iomchuí de na teicnící (e) go (k) a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 12. |
Chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus aer comhbhrúite á úsáid, is é is BAT ann úsáid a bhaint as teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||
|
BAT 13. |
Chun éifeachtúlacht fuinnimh fhoriomlán na cóireála teirmí a mhéadú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as gach ceann de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.2 Leibhéil feidhmíochta comhshaoil tháscacha maidir le hídiú sonrach fuinnimh
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1.1.5. Bainistíocht, tomhaltas agus ionadú ceimiceán
|
BAT 14. |
Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, is é is BAT ann córas bainistíochta ceimiceán (CMS) a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar chuid den EMS (féach BAT 1), ar CMS é ina n-ionchorpraítear gach ceann de na gnéithe seo a leanas:
|
Infheidhmeacht
Go ginearálta bainfidh leibhéal mionsonraithe an CMS le cineál, scála agus castacht an ghléasra.
|
BAT 15. |
Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, is é is BAT ann fardal ceimiceán (CMS) a mhionsaothrú agus a chur chun feidhme mar chuid den CMS (féach BAT 14). |
Tuairisc
Tá an fardal ceimiceán ríomhaire-bhunaithe agus tá eolas ann faoi na nithe seo a leanas:
|
— |
aitheantas na gceimiceán próisis; |
|
— |
cainníochtaí, suíomh agus somheatacht na gceimiceán próisis arna soláthar, arna n-aisghabháil (féach BAT 16 (g)), arna stóráil, arna n-úsáid agus arna gcur ar ais chuig soláthróirí; |
|
— |
comhdhéanamh agus airíonna fisiciceimiceacha ceimiceán próisis (e.g. tuaslagthacht, galbhrú, comhéifeacht rannach n-Ochtanóil/uisce), lena n-áirítear airíonna a bhfuil éifeachtaí díobhálacha acu ar an gcomhshaol agus/nó ar shláinte an duine (e.g. éiceatocsaineacht, bith-indíbearthacht/in-bhithdhíghrádaitheacht). |
Féadfar faisnéis den sórt sin a aisghabháil ó Bhileoga Sonraí Sábháilteachta, ó Bhileoga Sonraí Teicniúla nó ó fhoinsí eile.
|
BAT 16. |
Chun ídiú ceimiceán a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as gach ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 17. |
Chun astaíochtaí substaintí nach bhfuil chomh in-bhithdhíghrádaithe sin in uisce a chosc nó a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as gach ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||||
1.1.6. Astaíochtaí san uisce
|
BAT 18. |
Chun toirt an fhuíolluisce a laghdú, chun na hualaí truailleán a sceitear isteach sa ghléasra cóireála fuíolluisce agus na hastaíochtaí in uisce a chosc nó a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as straitéis chomhtháite maidir le bainistíocht agus cóireáil fuíolluisce lena n-áirítear teaglaim iomchuí de na teicnící a thugtar thíos leis an ord tosaíochta seo a leanas:
|
Tuairisc
Tá an straitéis chomhtháite maidir le bainistíocht agus cóireáil fuíolluisce bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an fardal ionchur agus aschur (féach BAT 2).
|
BAT 19. |
Chun astaíochtaí san uisce a laghdú, is é is BAT ann sruthanna fuíolluisce agus taois (a bhailítear ar leithligh) a réamhchóireáil (e.g. priontáil agus bratú) ina bhfuil ualaí arda truailleán nach féidir cóireáil leordhóthanach a dhéanamh orthu trí chóireáil bhitheolaíoch. |
Tuairisc
Áirítear an méid seo a leanas ar na sruthanna fuíolluisce agus na taois sin:
|
— |
licéir bosa bailchríche, bhratúcháin nó dhathúcháin spíonta ó chóireálacha leanúnacha agus/nó leathleanúnacha; |
|
— |
licéir díthreiscínithe; |
|
— |
taos priontála agus taos brataithe spíonta. |
Déantar an réamhchóireáil mar chuid de straitéis chomhtháite le haghaidh bainistíocht agus cóireáil fuíolluisce (féach BAT 18) agus bíonn gá léi go ginearálta chun:
|
— |
an chóireáil bhitheolaíoch fuíolluisce (iartheachtach) a chosaint ar chomhdhúile coisctheacha nó tocsaineacha; |
|
— |
comhdhúile a bhaint nach ndéantar a laghdú go leordhóthanach le linn cóireáil bhitheolaíoch fuíolluisce (e.g. comhdhúile tocsaineacha, comhdhúile orgánacha nach mbíonn chomh in-bhithdhíghrádaithe sin, comhdhúile orgánacha atá le fáil in ualaí móra nó i miotail); |
|
— |
comhdhúile a d’fhéadfaí a mhiondealú san aer a bhaint ón gcóras bailithe nó le linn cóireáil bhitheolaíoch fuíolluisce (e.g. suilfíd); |
|
— |
comhdhúile a bhfuil éifeachtaí diúltacha eile acu a bhaint (e.g. creimeadh trealaimh, imoibriú neamh-inmhianaithe le substaintí eile; éilliú sloda fuíolluisce). |
Ar na comhdhúile thuasluaite atá le baint, áirítear orgánafosfar agus lasairmhoillithigh bhróimínithe, PFASanna, taláití agus comhdhúile ina bhfuil cróimiam-(VI).
Go ginearálta déantar réamhchóireáil na sruthanna fuíolluisce sin chomh gar agus is féidir don fhoinse d’fhonn caolú a sheachaint. Braitheann na teicnící réamhchóireála a úsáidtear ar na truailleáin a ndírítear orthu agus d’fhéadfadh sé go n-áireofaí leo asúchán, scagachán, deascadh, ocsaídiú ceimiceach nó dí-ocsaídiúchán ceimiceach (féach BAT 20).
Maidir le bith-indíbearthacht/in-bhithdhíghrádaitheacht na sruthanna agus na dtaos fuíolluisce sula seoltar chuig an gcóireáil bhitheolaíoch iartheachtach iad:
|
— |
80 % tar éis 7 lá (i gcás sloda oiriúnaithe), nuair a chinntear é de réir an chaighdeáin EN ISO 9888, nó |
|
— |
70 % tar éis 28 lá nuair a chinntear é de réir an chaighdeáin EN ISO 7827. |
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 7.
|
BAT 20. |
Chun astaíochtaí in uisce a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as teaglaim iomchuí de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.3 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh sceití díreacha
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 8. Tábla 1.4 Leibhéil astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh sceití indíreacha
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 8. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1.1.7. Astaíochtaí in ithir agus i screamhuisce
|
BAT 21. |
D’fhonn astaíochtaí in ithir agus i screamhuisce a chosc nó a laghdú agus chun feidhmíocht fhoriomlán láimhseáil agus stóráil ceimiceán próisis a fheabhsú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as gach ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1.1.8. Astaíochtaí san aer
|
BAT 22. |
Chun astaíochtaí idirleata a laghdú san aer (e.g. VOCanna ó úsáid tuaslagóirí orgánacha), is é is BAT ann astaíochtaí idirleata a bhailiú agus na dramhgháis a sheoladh lena gcóireáil. |
Infheidhmeacht
I gcás gléasraí atá ann cheana, féadfar an infheidhmeacht a shrianadh le srianta oibríochtúla nó leis an ardtoirt aeir atá le heastóscadh.
|
BAT 23. |
Chun aisghabháil fuinnimh agus laghdú ar astaíochtaí clasaithe san aer a éascú, is é is BAT ann líon na bpointí astaíochta a theorannú. |
Tuairisc
Cinntíonn cóireáil chomhcheangailte dramhghás a bhfuil saintréithe comhchosúla iontu cóireáil níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla i gcomparáid le cóireáil ar leithligh ar shruthanna aonair dramhgháis. Braitheann a mhéid is féidir líon na bpointí astaíochta a theorannú ar fhachtóirí teicniúla (e.g. comhoiriúnacht na sruthanna aonair dramhgháis) agus ar fhachtóirí eacnamaíocha (e.g. an fad idir pointí astaíochta éagsúla). Déantar iarracht nach é is toradh theorannú líon na bpointí astaíochta go gcaolaítear astaíochtaí.
|
BAT 24. |
Chun astaíochtaí comhdhúl orgánach san aer mar gheall ar thirimghlanadh agus sciúradh le tuaslagóir orgánach a chosc; is é is BAT ann an t-aer a eastóscadh as na próisis sin, é a chóireáil trí úsáid a bhaint as asúchán le carbón gníomhachtaithe (féach Roinn 1.9.2) agus é a athshruthú go hiomlán. |
|
BAT 25. |
Chun astaíochtaí comhdhúl orgánach san aer ó réamhchóireáil ábhar teicstíle sintéiseach cniotáilte a laghdú, is é is BAT ann iad a ní sula ndéantar fosúchán teirmeach nó socrú teasa. |
Infheidhmeacht
D’fhéadfadh infheidhmeacht a bheith teoranta mar gheall ar dhéantús na fabraice.
|
BAT 26. |
Chun astaíochtaí clasaithe comhdhúil orgánach san aer, mar gheall ar bharrloscadh, cóireáil theirmach, bratú agus lannú, a chosc nó a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.5 Leibhéil astaíochtaí a bhaineann le BAT (BAT-AELanna) le haghaidh astaíochtaí clasaithe comhdhúl orgánach agus formaildéid san aer
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 9. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 27. |
Astaíochtaí clasaithe deannaigh san aer, mar gheall ar bharrloscadh agus cóireálacha teirmeacha, gan fosúchán teirmeach ná socrú teasa san áireamh, chun na hastaíochtaí sin a laghdú; is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.6 Leibhéal astaíochta a bhaineann le BAT (BAT-AEL) i gcás astaíochtaí clasaithe deannaigh san aer mar gheall ar bharrloscadh agus cóireálacha teirmeacha, gan fosúchán teirmeach ná socrú teasa san áireamh
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 9. |
||||||||||||||||
|
BAT 28. |
Astaíochtaí amóinia clasaithe san aer, mar gheall ar bhratú, priontáil agus bailchríochnú, lena n-áirítear cóireálacha teirmeacha a bhaineann leis na próisis sin, chun na hastaíochtaí sin a chosc nó a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
Tábla 1.7 An leibhéal astaíochtaí a bhaineann le BAT (BAT-AEL) i gcás astaíochtaí clasaithe amóinia san aer mar gheall ar bhratú, priontáil agus bailchríochnú, lena n-áirítear cóireálacha teirmeacha a bhaineann leis na próisis sin
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 9. |
||||||||||||||||||||
1.1.9. Dramhaíl
|
BAT 29. |
Chun giniúint dramhaíola a chosc nó a laghdú agus chun cainníocht na dramhaíola a sheoltar lena diúscairt a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as gach ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 30. |
Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán maidir le láimhseáil dramhaíola, go háirithe chun astaíochtaí sa chomhshaol a chosc nó a laghdú, is é is BAT ann an teicníc a thugtar thíos a úsáid sula seoltar dramhaíl lena diúscairt.
|
1.2. Conclúidí BAT maidir le réamhchóireáil snáithíní amholla trí sciúradh
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo maidir le réamhchóireáil snáithíní amholla trí sciúradh agus tá feidhm acu de bhreis ar na conclúidí ginearálta BAT i Roinn 1.1.
|
BAT 31. |
Chun acmhainní a úsáid go héifeachtúil agus chun ídiú uisce agus giniúint fuíolluisce a laghdú, is é is BAT ann úr olla a aisghabháil agus fuíolluisce a athchúrsáil. |
Tuairisc
Déantar fuíolluisce ó sciúradh olla a chóireáil (e.g. trí theaglaim de lártheifneoiriú agus dríodrú) chun úr, salachar agus uisce a dheighilt óna chéile. Déantar úr a aisghabháil, déantar uisce a athchúrsáil go páirteach ar mhaithe le sciúradh a dhéanamh agus seoltar salachar le haghaidh tuilleadh cóireála.
Tábla 1.8
Leibhéil feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPLanna) chun úr olla a aisghabháil ó réamhchóireáil snáithíní amholla trí sciúradh
|
An cineál olla |
Aonad |
BAT-AEPL (Meán bliantúil) |
|
Garbholann (i.e. trastomhas snáithíní olla ar airde é de ghnáth ná 35 μm) |
kg d’úr aisghafa in aghaidh an tona de shnáithíní amholla arna réamhchóireáil trína sciúradh |
10 –15 |
|
Olann sheachmhíne agus olann shármhíneáilte (i.e. trastomhas snáithíní olla atá níos ísle ná 20 μm de ghnáth) |
50 –60 |
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6.
|
BAT 32. |
Chun fuinneamh a úsáid go héifeachtúil, is é is BAT ann úsáid a bhaint as na teicnící uile a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||
|
BAT 33. |
D’fhonn acmhainní a úsáid go héifeachtúil agus an méid dramhaíola a sheoltar lena ndiúscairt a laghdú, is é is BAT ann cóireáil bhitheolaíoch a dhéanamh ar iarmhair orgánacha ó réamhchóireáil snáithíní amholla trí sciúradh (e.g. salachar, sloda cóireála fuíolluisce). |
Tuairisc
Déantar na hiarmhair orgánacha a chóireáil, mar shampla trí mhuiríniú.
1.3. Conclúidí BAT maidir le snáithíní (seachas snáithíní de dhéantús an duine) a shníomh agus fabraic a tháirgeadh
Tá feidhm ag na conclúidí BAT a chuirtear i láthair sa roinn seo maidir le sníomh snáithíní (seachas snáithíní de dhéantús an duine) agus táirgeadh fabraice agus tá feidhm acu de bhreis ar na conclúidí ginearálta BAT i Roinn 1.1.
|
BAT 34. |
Chun astaíochtaí in uisce ó úsáid ceimiceán treiscínithe a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as na teicnící go léir a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||
|
BAT 35. |
Chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán sníofa agus cniotála, is é is BAT ann úsáid olaí mianracha a sheachaint. |
Tuairisc
Cuirtear olaí sintéiseacha agus/nó olaí eistir in ionad olaí mianracha, a bhfuil feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe acu i dtéarmaí in-niteachta agus bith-indíbearthachta/in-bhithdhíghrádaitheachta.
|
BAT 36. |
Chun fuinneamh a úsáid go héifeachtúil, is é is BAT ann teicníc (a) agus ceann amháin de theicnící (b) nó (c) a thugtar thíos nó an dá theicníc sin a úsáid.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1.4. Conclúidí BAT maidir le réamhchóireáil a dhéanamh ar ábhair theicstíle seachas snáithíní amholla
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo maidir le réamhchóireáil ábhar teicstíle seachas snáithíní amholla agus tá feidhm acu freisin i leith na gconclúidí ginearálta BAT i Roinn 1.1.
|
BAT 37. |
Chun acmhainní agus fuinneamh a úsáid go héifeachtúil agus chun tomhaltas uisce agus giniúint fuíolluisce a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as teicnící (a) agus (b) araon, in éineacht le teicníc (c) nó in éineacht le teicníc (d) a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||||
|
BAT 38. |
Chun astaíochtaí in uisce de chomhdhúile agus oibreáin choimpléascúcháin ina bhfuil clóirín a chosc nó a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó an dá cheann de na teicnící a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||
|
BAT 39. |
Chun acmhainní a úsáid go héifeachtúil agus an méid alcaile a sceitear le haghaidh cóireáil fuíolluisce a laghdú, is é is BAT ann aisghabháil a dhéanamh ar shóid loiscneach a úsáidtear le haghaidh meirsiriú. |
Tuairisc
Déantar sóid loiscneach a aisghabháil ón uisce sruthlaithe trí ghalú agus déantar í a íonú a thuilleadh, más gá. Sula ndéantar galú, baintear na heisíontais san uisce sruthlaithe trí úsáid a bhaint as scáileáin agus/nó micreascagachán, mar shampla.
Infheidhmeacht
Féadfaidh infheidhmeacht a bheith srianta mar gheall ar easpa teasa aisghafa atá oiriúnach agus/nó méid íseal sóide loiscní.
Tábla 1.9
An leibhéal feidhmíochta comhshaoil a bhaineann le BAT (BAT-AEPL) chun sóid loiscneach a úsáidtear i gcás meirséiriú a aisghabháil
|
Aonad |
BAT-AEPL (Meán bliantúil) |
|
% den tsóid loiscneach a aisghabhadh |
75 –95 |
Leagtar an faireachán gaolmhar amach in BAT 6.
1.5. Conclúidí BAT maidir le dathú
Tá feidhm ag na conclúidí BAT sa roinn seo maidir le dathúchán, agus tá feidhm acu i dteannta na gconclúidí ginearálta BAT a thugtar i Roinn 1.1.
|
BAT 40. |
Chun acmhainní a úsáid go héifeachtúil agus chun astaíochtaí in uisce mar gheall ar dhathú a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 41. |
Chun acmhainní a úsáid go héifeachtúil agus chun astaíochtaí in uisce mar gheall ar dhathú ábhar ceallalóis a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 42. |
D’fhonn astaíochtaí in uisce mar gheall ar dhathú olla a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann de na teicnící a thugtar thíos san ord tosaíochta seo a leanas.
|
|||||||||||||||||
|
BAT 43. |
Chun astaíochtaí in uisce mar gheall ar dhathú poileistir le dathanna scaipthe a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
|
||||||||||||||||||||||
1.6. Conclúidí BAT maidir le priontáil
Baineann na conclúidí BAT sa roinn seo le priontáil agus leis na conclúidí ginearálta BAT a thugtar i Roinn 1.1 freisin.
|
BAT 44. |
Chun ídiú uisce agus giniúint fuíolluisce a laghdú, is é is BAT ann glanadh an trealaimh priontála a bharrfheabhsú. |
Tuairisc
Áirítear leis sin:
|
— |
an taos priontála a bhaint go meicniúil; |
|
— |
tosú agus stopadh uathoibríoch sholáthar an uisce glantacháin; |
|
— |
athúsáid agus/nó athchúrsáil uisce glantacháin (féach BAT 10 (i)). |
|
BAT 45. |
Chun acmhainní a úsáid go héifeachtúil, is é is BAT ann úsáid a bhaint as teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
BAT 46. |
Astaíochtaí amóinia san aer agus giniúint fuíolluisce ina bhfuil úiré mar gheall ar phriontáil le dathanna imoibríocha ar ábhair cheallalóiseacha, chun na hastaíochtaí sin agus an ghiniúint fuíolluisce sin a chosc, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
||||||||||
|
BAT 47. |
Chun astaíochtaí comhdhúl orgánach (e.g. formaildéad) agus amóinia san aer ó phriontáil le líocha a laghdú, is é is BAT ann ceimiceáin phriontála a bhfuil feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe acu a úsáid. |
Tuairisc
Áirítear leis sin:
|
— |
tiúsóirí gan aon chion comhdhúl orgánach so-ghalaithe nó ina bhfuil cion íseal comhdhúl orgánach so-ghalaithe; |
|
— |
oibreáin fosúcháin a bhfuil acmhainneacht íseal acu maidir le scaoiltí formaildéid; |
|
— |
ceanglóirí a bhfuil cion íseal amóinia iontu agus ag a bhfuil acmhainneacht íseal maidir le scaoiltí formaildéid. |
1.7. Conclúidí BAT maidir le bailchríochnú
Baineann na conclúidí BAT sa roinn seo le bailchríochnú agus leis na conclúidí ginearálta BAT a thugtar i Roinn 1.1 freisin.
1.7.1. Bailchríochnú réidhchúraim
|
BAT 48. |
Astaíochtaí formaildéid san aer mar gheall ar bhailchríochnú réidhchúraim ábhar teicstíle a dhéantar as snáithíní ceallalósacha agus/nó cumaisc snáithíní ceallalósacha agus sintéiseacha, chun na hastaíochtaí sin a laghdú is é is BAT ann oibreáin trasnaisc a úsáid nach bhfuil aon fhéidearthacht ann nó nach bhfuil ach féidearthacht bheag ann go scaoilfí formaildéad. |
1.7.2. Bogadh
|
BAT 49. |
Chun feidhmíocht chomhshaoil fhoriomlán an bhogtha a fheabhsú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann de na teicnící a thugtar thíos.
|
||||||||||
1.7.3. Bailchríoch lasairmhoillitheach
|
BAT 50. |
D’fhonn feidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil de bhailchríoch lasairmhoillitheach a fheabhsú, go háirithe chun astaíochtaí sa chomhshaol agus dramhaíl a chosc nó a laghdú, is é is BAT ann ceann amháin nó an dá cheann de na teicnící a thugtar thíos a úsáid, agus tosaíocht á tabhairt do theicníc (a).
|
|||||||||||||||||||
1.7.4. Bailchríoch ola-éarthach, uisce-éarthach agus ithir-éarthach
|
BAT 51. |
D’fhonn feabhas a chur ar fheidhmíocht fhoriomlán chomhshaoil, go háirithe chun astaíochtaí sa chomhshaol agus dramhaíl a chosc nó a laghdú, maidir le bailchríoch ola-éarthach, uisce-éarthach agus ithir-éarthach, is é is BAT ann éarthaigh ola, éarthaigh uisce agus éarthaigh ithreach ag a bhfuil feidhmíocht chomhshaoil fheabhsaithe a úsáid. |
Tuairisc
Roghnaítear éarthaigh ola, uisce agus ithreach agus an méid a leanas á chur san áireamh:
|
— |
na rioscaí a bhaineann leo, go háirithe i dtéarmaí marthanachta agus tocsaineachta, lena n-áirítear an fhéidearthacht rud eile a úsáid ina n-ionad (e.g. PFASanna, féach BAT 14 pointe I.(d)); |
|
— |
comhdhéanamh agus foirm na n-ábhar teicstíle atá le cóireáil; |
|
— |
sonraíochtaí an táirge (e.g. éarthach ola, uisce, ithreach agus lasairmhoillitheacht in éineacht). |
1.7.5. Bailchríochnú crapadh-dhíonach olla
|
BAT 52. |
Chun astaíochtaí in uisce a laghdú ó bhailchríoch crapadh-dhíonach olla, is é is BAT ann ceimiceáin frithfheiltithe saor ó chlóirín a úsáid. |
Tuairisc
Úsáidtear salainn neamhorgánacha d’aigéad sár-ocsa-monasulfarach le haghaidh bailchríochnú crapadh-dhíonach olla.
Infheidhmeacht
Féadfaidh an infheidhmeacht a bheith srianta mar gheall ar na sonraíochtaí táirgí (e.g. crapadh).
1.7.6. Leamhandíonadh
|
BAT 53. |
Chun ídiú oibreán leamhandíonta a laghdú, is é is BAT ann úsáid a bhaint as ceann amháin nó teaglaim de na teicnící a thugtar thíos.
|
|||||||||||||
1.8. Conclúidí BAT maidir le lannú
Baineann an chonclúidí BAT a chuirtear i láthair sa roinn seo le lannú agus leis na conclúidí ginearálta BAT a thugtar i Roinn 1.1 freisin.
|
BAT 54. |
D’fhonn astaíochtaí comhdhúl orgánach san aer mar gheall ar lannú a laghdú, is é is BAT ann leá-lannú te a úsáid seachas lannú lasair. |
Tuairisc
Cuirtear polaiméirí leáite i bhfeidhm ar theicstílí gan lasair a úsáid.
Infheidhmeacht
Ráineodh nach mbeadh sé sin infheidhme i gcás teicstílí tanaí agus go mbeadh an infheidhmeacht srianta mar gheall ar neart an naisc idir an lannán agus na hábhair theicstíle.
1.9. Tuairisc ar theicnící
1.9.1. Teicníc chun ceimiceáin phróisis a roghnú agus astaíochtaí san aer a chosc nó a laghdú
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
Fachtóirí astaíochta |
Is luachanna ionadaíocha iad fachtóirí astaíochta lena ndéantar iarracht cainníocht substainte a astaítear a nascadh le próiseas a bhaineann le hastú na substainte sin. Díorthaítear fachtóirí astaíochta ó thomhais astaíochtaí de réir prótacal réamhshainithe i bhfianaise na n-ábhar teicstíle agus na gcoinníollacha próiseála tagartha (e.g. am agus teocht an leasaithe). Sloinntear iad mar mhais substainte a astaítear agus í roinnte ar mhais na n-ábhar teicstíle a chóireáiltear de réir na gcoinníollacha próiseála tagartha (e.g. graim de charbón orgánach a astaítear in aghaidh an kg d’ábhair theicstíle a chóireáiltear ag sreabhadh dramhgháis de 20 m3 san uair). Cuirtear cainníocht, airíonna guaiseacha agus comhdhéanamh an mheascáin de cheimiceáin phróisis mar aon lena nglacadh ag an ábhar teicstíle san áireamh. |
1.9.2. Teicnící chun astaíochtaí san aer a laghdú
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
Asúchán |
Truailleáin a bhaint as sruth dramhgháis trína gcoinneáil ar dhromchla soladach (is iondúil go n-úsáidtear carbón gníomhachtaithe mar asúiteoir). D’fhéadfadh asúchán a bheith athghiniúnach nó neamh-athghiniúnach. I gcás asúchán neamh-athghiniúnach, ní athghintear an t-asúiteoir caite ach déantar é a dhiúscairt. I gcás asúchán athghiniúnach, déantar an t-asúiteán a dhíshórú ina dhiaidh sin, e.g. le gal (ar an láthair go minic), lena athúsáid nó lena dhiúscairt agus déantar an t-asúiteán a athúsáid. Le haghaidh oibriú leanúnach, de ghnáth déantar níos mó ná dhá asúiteoir a oibriú go comhthreomhar, agus ceann acu i mód dí-asúcháin. |
|
Comhdhlúthú |
Is teicníc é comhdhlúthú a dhíothaíonn gala de chomhdhúile orgánacha agus neamhorgánacha ó shruth dramhgháis trína theocht a laghdú faoi bhun a phointe drúchta. |
|
Cioclón |
Trealamh chun deannach a bhaint as sruth dramhgháis bunaithe ar fhórsaí lártheifeacha a thabhairt, laistigh de chuasán cónúil de ghnáth. |
|
Deascaire leictreastatach (ESP) |
Oibríonn deascairí leictreastatacha (ESPanna) ar bhealach a ndéantar cáithníní a luchtú agus a dheighilt faoi thionchar réimse leictrigh. Is féidir deascairí leictreastatacha a oibriú faoi raon leathan dálaí. D’fhéadfadh sé go mbraitheann éifeachtúlacht an laghdaithe ar líon na réimsí, ar an aga cónaithe (méid), agus ar ghairis bainte cáithníní réamhtheachtacha. Áirítear iontu idir dhá réimse agus cúig réimse go ginearálta. Úsáidtear deascairí leictreastatacha de chineál tirim nó fliuch, ag brath ar an teicníc a úsáidtear chun an deannach a bhailiú ó na leictreoidí. |
|
Ocsaídiú teirmeach |
Gáis indóite agus bolaígh a ocsaídiú i sruth dramhgháis trí mheascán na n-éilleán a théamh le haer nó ocsaigin go dtí teocht os cionn a phointe uathadhainte i gcuasán dócháin agus iad a choimeád ag teocht ard fada go leor chun a ndóchán go dé-ocsaíd charbóin agus uisce a chur i gcrích. |
|
Fliuchsciúradh |
Truailleáin ghásacha nó cháithníneacha a bhaint as sruth dramhgháis trí mhais a aistriú go huisce nó go tuaslagán uiscí. D’fhéadfadh imoibriú ceimiceach a bheith i gceist leis (e.g. i sciúrthóir aigéadach nó alcaileach). |
1.9.3. Teicnící chun astaíochtaí san uisce a laghdú
|
Teicníc |
Tuairisc |
||||||||
|
Próiseas sloda ghníomhachtaithe |
Ocsaídiú bitheolaíoch truailleán orgánach tuaslagtha le hocsaigin trí úsáid a bhaint as meitibileacht miocrorgánach. I láthair ocsaigin thuaslagtha (a instealltar mar aer nó ocsaigin íon), déantar na comhdhúile orgánacha a chlaochlú ina ndé-ocsaíd charbóin, uisce nó ina meitibilítí agus mbithmhais eile (i.e. an sloda gníomhachtaithe). Coinnítear na miocrorgánaigh ar fuaidreamh i bhfuíolluisce agus déantar an meascán iomlán a aerú go meicniúil. Seoltar an meascán sloda ghníomhachtaithe chuig saoráid deighilte, óna ndéantar an sloda a athchúrsáil chuig an umar aeraithe. |
||||||||
|
Asúchán |
Modh deighilte ina gcoinnítear comhdhúile i leacht (e.g. fuíolluisce) ar dhromchla soladach (carbón gníomhachtaithe de ghnáth). |
||||||||
|
Cóireáil anaeróbach |
Claochlú bitheolaíoch ar thruailleáin thuaslagtha idir orgánach agus neamhorgánach in éagmais ocsaigine trí úsáid a bhaint as meitibileacht miocrorgánach. I measc na dtáirgí claochlaithe tá meatán, dé-ocsaíd charbóin, agus suilfíd. Déantar an próiseas in imoibreoir suaite aerdhíonach. Na cineálacha imoibreoirí is coitianta a úsáidtear ná:
|
||||||||
|
Ocsaídiú ceimiceach |
Ocsaídítear comhdhúile orgánacha ina gcomhdhúile nach bhfuil chomh díobhálach céanna agus atá níos in-bhithdhíghrádaithe. I measc na dteicnící tá ocsaídiú fliuch nó ocsaídiú le hózón nó le sárocsaíd hidrigine, arna thacú de rogha le catalaígh nó radaíocht ultraivialait. Úsáidtear ocsaídiú ceimiceach freisin chun comhdhúile orgánacha a dhíghrádú, rud is cúis le mionfhadhbanna ó thaobh bolaidh, blais agus datha de, agus úsáidtear é freisin chun críoch dífhabhtaithe. |
||||||||
|
Dí-ocsaídiú ceimiceach |
Is é is dí-oscaídiú ceimiceach ann truailleáin a chomhshó trí oibreáin dí-oscaídiúcháin cheimiceacha ina gcomhdhúile nach bhfuil chomh díobhálach céanna. |
||||||||
|
Téachtadh agus flocasú |
Úsáidtear téachtadh agus flocasú chun solaid ar fuaidreamh a dheighilt ó fhuíolluisce agus is minic a dhéantar i gcéimeanna comhleanúnacha iad. Déantar téachtadh trí théachtaigh a chur isteach a bhfuil luchtanna urchomhaireacha acu i gcomórtas leis na solaid ar fuaidreamh. Déantar flocasú trí pholaiméirí a chur isteach, ionas go mbuailfidh micreaflocais in aghaidh a chéile, rud a fhágfaidh go nascfaidh siad le chéile agus go ndéanfar flocais níos mó díobh. Déantar na flocais arna bhfabhrú a dheighilt ina dhiaidh sin trí mhoirtiú, trí aershnámhacht nó trí scagachán. |
||||||||
|
Cothromú |
Sreafaí agus ualaí truailleán a chothromú trí umair nó teicnící bainistíochta eile a úsáid. |
||||||||
|
Galú |
Driogadh a úsáid chun tuaslagáin uiscí de shubstaintí a bhfuil fiuchphointe ard acu a thiúchan lena n-úsáid a thuilleadh, lena bpróiseáil nó lena ndiúscairt (e.g. loscadh fuíolluisce) trí uisce a aistriú go dtí an chéim ghaile. Déantar é de ghnáth in aonaid ilchéime le folúis mhéadaitheacha, chun an t-éileamh fuinnimh a laghdú. Déantar na gala uisce a chomhdhlúthú, le hathúsáid nó le sceitheadh mar fhuíolluisce. |
||||||||
|
Scagachán |
Solaid a dheighilt ó fhuíolluisce trína gcur trí mheán póiriúil, e.g. scagachán gainimh nó scannáin (féach scagachán scannáin thíos). |
||||||||
|
Snámhacht |
Cáithníní soladacha nó leachtacha a dheighilt ó fhuíolluisce trína gceangal de mhínbholgáin gháis, aer de ghnáth. Tagann na cáithníní snámhacha le chéile ar dhromchla an uisce agus bailítear iad le scimíní. |
||||||||
|
Bith-imoibreoir scannáin |
Teaglaim de chóireáil sloda ghníomhachtaithe agus scagachán scannáin. Úsáidtear dhá athraitheach: a) lúb seachtrach athshruthaithe idir an t-umar sloda ghníomhachtaithe agus an modúl scannáin; agus b) tumadh an mhodúil scannáin san umar sloda ghníomhachtaithe aeraithe, áit a scagtar an t-eisilteach trí scannán snáithín folamh, agus an bhithmhais fágtha san umar. |
||||||||
|
Scagachán scannáin |
Tá micreascagachán, ultrascagachán, nanascagadh agus cúlosmóis ina bpróisis scagacháin scannáin trína gcoimeádtar agus trína dtiubhaítear, ar thaobh amháin den scannán, truailleáin ar nós cáithníní ar fuaidreamh agus cáithníní collóideacha a bhíonn i bhfuíolluiscí. Tá siad difriúil ó thaobh mhéideanna póire an scannáin agus brú hidreastatach de. |
||||||||
|
Neodrú |
pH fuíolluisce a choigeartú go leibhéal neodrach (thart ar 7) trí cheimiceáin a chur leis. Is féidir hiodrocsaíd sóidiam (NaOH) nó hiodrocsaíd chailciam (Ca(OH)2) a úsáid chun pH a ardú, agus is féidir aigéad sulfarach (H2SO4), aigéad hidreaclórach (HCI) nó dé-ocsaíd charbóin (CO2) a úsáid chun pH a laghdú. Féadfaidh roinnt truailleán deascadh mar chomhdhúile dothuaslagtha le linn neodraithe. |
||||||||
|
Nítriú/dínítriú |
Próiseas dhá chéim atá ionchorpraithe de ghnáth i ngléasraí cóireála bitheolaíche fuíolluisce. Is é an chéad chéim nítriú aeróbach, ina n-oscaídíonn miocrorgánaigh amóiniam (NH4 +) ina níotráit idirmheánach (NO2 -), a ndéantar a oscaídiú a thuilleadh ina níotráit (NO3 -). Sa chéim ina dhiaidh sin, eadhon dínítriú anocsaineach, dí-ocsaídíonn miocrorgánaigh níotráit go ceimiceach go gás nítrigine. |
||||||||
|
Deighilt ola-uisce |
Deighilt ola agus uisce lena n-áirítear an ola a bhaint ina dhiaidh sin trí dheighilt domhantarraingthe ola saoire, ag baint úsáide as trealamh deighilte nó as briseadh eibleachta (ag baint úsáide as ceimiceáin briste eibleachta amhail salainn mhiotail, aigéid mhianracha, asúiteoirí agus polaiméirí orgánacha). |
||||||||
|
Scagadh agus deighilt grin |
Uisce agus éilleáin dhothuaslagtha amhail gaineamh, snáithín, clúmhach nó ábhair gharbha eile a dheighilt ón eisilteach teicstíle trí scagachán a dhéanamh trí scáileáin nó trí shíothlú imtharraingteach i gcuasáin grin. |
||||||||
|
Deascadh |
Truailleáin thuaslagtha a chomhshó ina gcomhdhúile dothuaslagtha trí dheascóirí a chur leo. Déantar na deascáin sholadacha a chruthaítear a dheighilt ina dhiaidh sin trí mhoirtiú, trí aershnámhacht nó trí scagachán. |
||||||||
|
Moirtiú |
Cáithníní ar fuaidreamh a dheighilt trí shocrú imtharraingteach. |
1.9.4. Teicnící chun ídiú uisce, fuinnimh agus ceimiceán a laghdú
|
Teicníc |
Tuairisc |
|
Baisc-chóireáil bosaíola fhuar |
I gcás baisc-chóireáil bosaíola fhuar, cuirtear an licéar próisis le fabraic trí bhosaíl (e.g. le fúlard) agus déantar an fhabraic thuilithe a rothlú go mall ag teocht an tseomra ar feadh tréimhse fhaidréiseach. Trí bhíthin na teicníce seo laghdaítear ídiú ceimiceán agus ní bhíonn céimeanna de dhíth ina dhiaidh sin amhail fosúchán teirmeach agus dá bhrí sin laghdaítear ídiú fuinnimh. |
|
Córais cóimheasa licéir ísil (le haghaidh baiscphróiseas) |
Is féidir cóimheas licéir íseal a bhaint amach trí fheabhas a chur ar an teagmháil idir na hábhair theicstíle agus an licéar próisis (e.g. trí shuaitheacht a chruthú sa licéar próisis), trí fhaireachán ardleibhéil a dhéanamh ar phróisis, trí dháileog fheabhsaithe agus trí licéar próisis a chur i bhfeidhm (e.g. trí scairdeanna nó spraeáil) agus trí mheascadh licéir próisis le huisce níocháin nó sruthlaithe a sheachaint. |
|
Córais feidhmithe ísealtoirte (le haghaidh próisis leanúnacha) |
Tuiltear an fhabraic le licéar próisis trí na modhanna a leanas; spraeáil, súchán folúis tríd an bhfabraic, cúradh, bosaíl, agus fothú trí rollóirí an chrainn triomaithe (licéar próisis atá sa bhearna idir dhá rollóir) nó in umair toirte laghdaithe, etc. |
(1) IO L 312, 22.11.2008, lch. 3.
(2) IO L 396, 30.12.2006, lch. 1.
(3) Rialachán (CE) uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch 1).
(4) I gcás aon pharaiméadair a bhfuil sé míchuí sampláil/tomhas 30 nóiméad agus/nó meán trí shampláil/thomhas as a chéile a dhéanamh ina leith de dheasca srianta samplála nó anailíseacha agus/nó dálaí oibríochtúla, féadfar nós imeachta samplála/tomhais níos ionadaíche a úsáid.
(5) Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil na substaintí/na paraiméadair (lena n-áirítear grúpaí substaintí nó substaintí aonair i ngrúpa substaintí) lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(6) I gcás sceitheadh indíreach, féadfar minicíocht an fhaireacháin a laghdú go dtí uair amháin gach 3 mhí má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú.
(7) Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás sceitheadh díreach.
(8) Is malairt roghanna iad faireachán TOC agus faireachán COD. Is fearr faireachán a dhéanamh ar TOC toisc nach mbraitheann sé ar chomhdhúile an-tocsaineach a úsáid.
(9) I gcás sceitheadh indíreach, féadfar minicíocht an fhaireacháin a laghdú go dtí uair amháin gach mí má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú.
(10) Má chruthaítear go bhfuil na leibhéil astaíochtaí cobhsaí go leor, féadfar minicíocht faireacháin níos ísle uair sa mhí a ghlacadh.
(11) I gcás sceitheadh indíreach, féadfar minicíocht an fhaireacháin a laghdú go dtí uair amháin gach 6 mhí má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú.
(12) Déantar an tréithriú eisilteach sula gcuirtear tús le hoibriú an ghléasra nó sula nuashonraítear cead don ghléasra den chéad uair tar éis fhoilsiú na gconclúidí BAT seo, agus tar éis gach athraithe (e.g. athrú ar “oideas”) sa ghléasra a d’fhéadfadh an t-ualach truailleán a mhéadú.
(13) Is féidir ceachtar den pharaiméadar tocsaineachta is íogaire nó den teaglaim chuí de na paraiméadair thocsaineachta a úsáid.
(14) A mhéid is féidir, déantar na tomhais ag an staid astaíochta is airde a mheastar a bheidh ann faoi ghnáthdhálaí oibríochtúla.
(15) I gcás sreabhadh maise deannaigh is lú ná 50 g san uair, féadfar an íosmhinicíocht faireacháin a laghdú go huair amháin gach 3 bliana.
(16) Tuairiscítear torthaí an fhaireacháin in éineacht leis an gcóimheas aer-le-teicstíl comhfhreagrach.
(17) Níl feidhm ag an bhfaireachán ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint lena mbaineann ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(18) Ní bheidh feidhm ag an bhfaireachán má úsáidtear gás nádúrtha amháin, nó gás peitriliam leachtaithe amháin, mar bhreosla.
(19) I gcás sreabhadh maise TVOC is lú ná 200 g san uair, féadfar an íosmhinicíocht faireacháin a laghdú go huair amháin gach 3 bliana.
(20) Féadfar foirceann íochtair an raoin a bhaint amach le leibhéal ard athchúrsála uisce (e.g. suíomhanna le bainistíocht chomhtháite uisce le haghaidh roinnt gléasraí).
(21) Tá feidhm ag an raon freisin maidir le dathú baisceanna snátha agus snáithíní scaoilte in éineacht.
(22) Féadfaidh ceann uachtair an raoin a bheith níos airde; agus suas le 100 m3/t le haghaidh gléasraí ina n-úsáidtear teaglaim de phróisis leanúnacha agus baiscphróisis.
(23) Tugtar na tuairiscí ar na teicnící i Roinn 1.9.3.
(24) Féadfar íos-sceitheadh fuíolluisce (e.g. “sceitheadh leachta nialasach”) a bhaint amach trí úsáid a bhaint as teaglaim de theicnící lena n-áirítear ardteicnící cóireála chun an fuíolluisce a athchúrsáil.
(25) Déantar na tréimhsí meánaithe a shainiú sna breithnithe ginearálta.
(26) Níl feidhm ag na BAT-AELanna ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/paraiméadar lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(27) Féadfaidh ceann níos airde raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,8 mg/l agus snáithíní poileistir agus/nó snáithíní modaicrileacha á ndathú.
(28) Bíonn feidhm ag an BAT-AEL le haghaidh COD nó ag an BAT-AEL le haghaidh TOC. Is é an BAT-AEL le haghaidh TOC an rogha ab fhearr toisc nach mbraitheann faireachán TOC ar úsáid comhdhúl an-tocsaineach.
(29) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith suas le 150 mg/l:
|
— |
i gcás ina mbíonn meánmhéid bliantúil rollach mhéid sonrach an fhuíolluisce a sceitear níos lú ná 25 m3/t d’ábhair theicstíle chóireáilte; nó |
|
— |
i gcás ina mbíonn an éifeachtúlacht laghdaithe ≥ 95 % mar mheán bliantúil rollach. |
(30) Níl feidhm ag aon BAT-AEL maidir le héileamh bithcheimiceach ar ocsaigin (BOD). Dá chomhartha sin, i gcoitinne is é ≤ 10 mg/l a bhíonn i leibhéal bliantúil BOD5 go ginearálta san eisilteach ó ghléasra cóireála bitheolaíche fuíolluisce.
(31) Féadfaidh ceann níos airde raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 1,2 mg/l agus snáithíní poileistir agus/nó snáithíní modaicrileacha á ndathú.
(32) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,3 mg/l agus polaimíd, olann nó snáithíní síoda á ndathú le dathanna coimpléisc miotail.
(33) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,2 mg/l agus dathú nó priontáil á ndéanamh le dathanna nó líocha imoibríocha ina bhfuil nicil.
(34) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,8 mg/l agus snáithíní vioscósacha á gcóireáil nó nuair a dhéantar dathú le dathanna caitianacha ina bhfuil sinc.
(35) Ní fhéadfaidh an BAT-AEL a bheith i bhfeidhm i gcás ina bhfuil teocht an fhuíolluisce íseal (e.g. faoi bhun 12 °C) ar feadh tréimhsí faidréiseacha.
(36) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith suas le 50 mg/l:
|
— |
i gcás ina mbíonn meánmhéid bliantúil rollach mhéid sonrach an fhuíolluisce a sceitear níos lú ná 25 m3/t d’ábhair theicstíle chóireáilte; nó |
|
— |
i gcás ina mbíonn an éifeachtúlacht laghdaithe ≥ 95 % mar mheán bliantúil rollach. |
(37) Déantar na tréimhsí meánaithe a shainiú sna breithnithe ginearálta.
(38) D’fhéadfadh sé nach bhfuil feidhm ag na BAT-AELanna má dhéantar an gléasra iartheachtach cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a fheistiú go hiomchuí chun na truailleáin lena mbaineann a laghdú, ar choinníoll nach mbeidh leibhéal truaillithe níos airde sa chomhshaol ina thoradh air sin.
(39) Níl feidhm ag BAT-AELanna ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil an tsubstaint/paraiméadar lena mbaineann ábhartha sa sruth fuíolluisce bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(40) Féadfaidh ceann níos airde raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,8 mg/l agus snáithíní poileistir agus/nó snáithíní modaicrileacha á ndathú.
(41) Féadfaidh ceann níos airde raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 1,2 mg/l agus snáithíní poileistir agus/nó snáithíní modaicrileacha á ndathú.
(42) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,3 mg/l agus polaimíd, olann nó snáithíní síoda á ndathú le dathanna coimpléisc miotail.
(43) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,2 mg/l agus dathú nó priontáil á ndéanamh le dathanna nó líocha imoibríocha ina bhfuil nicil.
(44) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 0,8 mg/l agus snáithíní vioscósacha á gcóireáil nó nuair a dhéantar dathú le dathanna caitianacha ina bhfuil sinc.
(45) Níl feidhm ag an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil formaildéad ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(46) Maidir leis na gníomhaíochtaí a liostaítear faoi phointí 3 agus 9, Cuid 1 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le IED, ní bheidh feidhm ag na raonta BAT-AEL ach amháin sa mhéid go mbíonn leibhéil astaíochtaí níos ísle ná na teorainnluachanna astaíochta i gCodanna 2 agus 4 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le IED mar thoradh orthu.
(47) I gcás próisis bhailchríche le hoibreáin réidhchúraim, éarthaigh uisce/ola/ithreach agus/nó lasairmhoillithigh, féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 10 mg/Nm3.
(48) Baintear amach an ceann is ísle den raon BAT-AEL de ghnáth nuair a bhaintear úsáid as ocsaídiú teirmeach.
(49) Níl feidhm ag an BAT-AEL nuair atá an sreabhadh maise TVOC faoi bhun 200 g san uair i gcás pointí astaíochta sna cásanna a leanas:
|
— |
ní úsáidtear teicnící laghdaithe, agus |
|
— |
ní aithnítear go bhfuil aon substaint CMR ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2. |
(50) Níl feidhm ag an BAT-AEL nuair atá an sreabhadh maise deannaigh faoi bhun 50 g san uair i gcás pointí astaíochta sna cásanna a leanas:
|
— |
nach n-úsáidtear teicnící laghdaithe, agus |
|
— |
nach n-aithnítear go bhfuil aon substaint CMR ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2. |
(51) Níl feidhm an BAT-AEL ach amháin i gcás ina sainaithnítear go bhfuil NH3 ábhartha sa sruth dramhgháis bunaithe ar an bhfardal ionchur agus aschur a luaitear in BAT 2.
(52) Féadfaidh an ceann is airde den raon BAT-AEL a bheith níos airde, agus suas le 20 mg/Nm3 agus sulfamáit amóiniam á húsáid mar lasairmhoillitheach nó amóinia á húsáid le haghaidh leasú (féach BAT 50).