20.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 325/94


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2506 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Nollaig 2022

maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (1), agus go háirithe Airteagal 6(10) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Samhain 2021, chuir an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis chuig an Ungáir de bhun Airteagal 6(4) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, ar thug údaráis na hUngáire freagra uirthi an 27 Eanáir 2022.

(2)

An 27 Aibreán 2022, chuir an Coimisiún fógra i scríbhinn chuig an Ungáir de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, (“an fógra”). San fhógra, chuir an Coimisiún a chuid ábhar imní in iúl agus chuir sé a thorthaí i láthair maidir le roinnt saincheisteanna a bhaineann leis an gcóras soláthair phoiblí san Ungáir, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a)

neamhrialtachtaí, easnaimh agus laigí sistéamacha i nósanna imeachta soláthair phoiblí;

(b)

an ráta ard nósanna imeachta tairisceana aonair agus an déine iomaíochta íseal i nósanna imeachta soláthair;

(c)

saincheisteanna a bhaineann le creat-chomhaontuithe a úsáid;

(d)

coinbhleachtaí leasa a bhrath, a chosc agus a cheartú; agus,

(e)

saincheisteanna a bhaineann le hiontaobhais leasa phoiblí.

(3)

Léiríonn na saincheisteanna sin agus athrá na saincheisteanna sin le himeacht ama neamhábaltacht shistéamach, cliseadh nó neamhthoilteanas, ó thaobh údaráis na hUngáire de, cosc a chur ar chinntí atá ag sárú an dlí is infheidhme, a mhéid a bhaineann le soláthar poiblí agus coinbhleachtaí leasa, agus ar an gcaoi sin, neamhábaltacht, cliseadh nó neamhthoilteanas dul i ngleic go leordhóthanach le rioscaí éillithe. Is sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta iad, go háirithe prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin agus is cúis imní iad maidir le scaradh na gcumhachtaí.

(4)

Leag an Coimisiún amach forais bhreise san fhógra agus chuir sé a thorthaí i láthair maidir le roinnt saincheisteanna a bhaineann le himscrúdú agus ionchúiseamh, agus an creat frithéillithe, lena n-áirítear teorainneacha ar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach gníomhaíochta coiriúla líomhnaithe, eagrúchán na seirbhísí ionchúisimh, agus easpa creata frithéillithe feidhmiúil éifeachtaigh go hiarbhír. Is sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta iad na saincheisteanna sin, go háirithe maidir le deimhneacht dhlíthiúil, toirmeasc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin agus cosaint bhreithiúnach éifeachtach.

(5)

San fhógra, leag an Coimisiún amach na heilimintí fíorasacha agus na forais shonracha ar ar bhunaigh sé a chuid torthaí agus d’iarr sé ar an Ungáir freisin faisnéis agus sonraí áirithe a chur ar fáil maidir leis na gnéithe fíorasacha agus na forais sin. Thug an Coimisiún 2 mhí san fhógra d’údaráis na hUngáire a mbarúlacha a thíolacadh.

(6)

An 27 Meitheamh 2022, thug an Ungáir freagra ar an bhfógra (“an chéad fhreagra”). Le litreacha dar dáta an 30 Meitheamh agus an 5 Iúil 2022, thíolaic an Ungáir tuilleadh faisnéise chun an chéad fhreagra a chomhlánú. Thairis sin, an 19 Iúil 2022, sheol an Ungáir litir bhreise inar moladh roinnt beart feabhais chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí san fhógra.

(7)

Rinne an Coimisiún measúnú ar na barúlacha a tíolacadh sa chéad fhreagra agus tháinig sé ar an gconclúid nár mhaolaigh siad a ábhair imní agus a thorthaí a leagadh amach san fhógra. Thairis sin, mheas an Coimisiún nach raibh bearta feabhais leordhóthanacha a gealladh go hiomchuí i gcomhthéacs Rialachán (AE Euratom) 2020/2092 sa chéad fhreagra ná sna litreacha breise a seoladh an 30 Meitheamh agus an 5 Iúil 2022. Toisc gur tíolacadh an litir dar dáta an 19 Iúil 2022 go déanach, níor féadadh í a chur san áireamh sa mheasúnú ar an gcéad fhreagra. Chuir an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile sa litir sin san áireamh le linn na chéad chéime eile den nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, áfach, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis leis na Ballstáit.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 6(7) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, sheol an Coimisiún litir chuig an Ungáir an 20 Iúil 2022 (“an litir intinne”) chun an Ballstát a chur ar an eolas faoina mheasúnú de bhun Airteagal 6(6) den Rialachán sin agus faoi na bearta a bhí beartaithe ag an gCoimisiún a mholadh lena nglacadh ag an gComhairle de bhun Airteagal 6(9) den Rialachán sin, in éagmais gealltanas ón Ungáir bearta feabhais leordhóthanacha a dhéanamh. Sa litir intinne, thug an Coimisiún an deis don Ungáir a barúlacha a thíolacadh go háirithe maidir le comhréireacht na mbeart atá beartaithe.

(9)

D’fhreagair an Ungáir an litir intinne an 22 Lúnasa 2022 (“an dara freagra”), inar sholáthair sí a barúlacha maidir le torthaí an Choimisiúin, an nós imeachta agus comhréireacht na mbeart dá dtagraítear sa litir intinne. D’ainneoin gur chuir sí in aghaidh thorthaí an Choimisiúin, mhol an Ungáir bearta feabhais áirithe chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a d’ardaigh an Coimisiún. An 13 Meán Fómhair 2022, sheol an Ungáir litir chuig an gCoimisiún ina raibh soiléiriú agus gealltanais bhreise atá ábhartha maidir leis na bearta feabhais a moladh. Is é tuairim na hUngáire gur tugadh aghaidh iomlán ar ábhair imní an Choimisiúin leis na bearta feabhais, lena n-áirítear na gealltanais bhreise sa litir dar dáta an 13 Meán Fómhair 2022, agus nár cheart, dá bhrí sin, go mbeadh aon bhearta molta ag an Choimisiún don Chomhairle.

(10)

Ós rud é gur comhlíonadh, an 18 Meán Fómhair 2022, na coinníollacha chun Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 a chur i bhfeidhm, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le bearta chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir (“an togra ón gComisiún”).

(11)

De réir na dtorthaí a leagtar amach sa togra ón gCoimisiúin, ar an gcéad dul síos, tá neamhrialtachtaí, easnaimh agus laigí sistéamacha dáiríre sna nósanna imeachta soláthair phoiblí san Ungáir. Aimsíodh neamhrialtachtaí den sórt sin tar éis iniúchtaí comhleanúnacha a rinne seirbhísí an Choimisiúin maidir le clárthréimhsí 2007-2013 agus 2014-2020 araon. Dúnadh na hiniúchtaí sin le méideanna foriomlána suntasacha de cheartúcháin airgeadais, chomh maith le roinnt imscrúduithe ó Oifig Eorpach Fhrith-Chalaoise (OLAF) as ar eascair moltaí airgeadais chun méideanna suntasacha a aisghabháil ón Ungáir. Ina theannta sin, léiríonn na sonraí atá ar fáil gur ann do chéatadáin arda neamhghnácha de chonarthaí a dámhadh tar éis nósanna imeachta ina raibh aon tairgeoir amháin; de chonarthaí a sannadh do chuideachtaí sonracha, cuideachtaí a bhfuil sciartha móra den mhargadh á bhfáil acu de réir a chéile; chomh maith le heasnaimh thromchúiseacha i sannadh na gcreat-chomhaontuithe. Thairis sin, tá ábhar imní ann maidir le neamhchur i bhfeidhm rialacha soláthair phoiblí agus coinbhleachta leasa maidir le “hiontaobhais leasa phoiblí” agus na heintitis a bhainistíonn siad, agus tá ábhar imní ann maidir leis an easpa trédhearcachta maidir le bainistíocht cistí ag na hiontaobhais sin. Léiríonn na saincheisteanna sin agus atarlú na saincheisteanna sin le himeacht ama neamhábaltacht shistéamach, cliseadh nó neamhthoilteanas, ó thaobh údaráis na hUngáire de, cosc a chur ar chinntí atá ag sárú an dlí is infheidhme, a mhéid a bhaineann le soláthar poiblí agus coinbhleachtaí leasa, agus ar an gcaoi sin, dul i ngleic go leordhóthanach le rioscaí éillithe. Is sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta iad, go háirithe prionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin agus is cúis imní iad a mhéid a bhaineann le scaradh na gcumhachtaí.

(12)

Ar an dara dul síos, tá saincheisteanna breise ann maidir le teorainneacha ar imscrúdú agus ionchúiseamh éifeachtach gníomhaíochta coiriúla líomhnaithe, eagrú na seirbhísí ionchúisimh, agus easpa creata frithéillithe atá feidhmiúil agus éifeachtach. Go háirithe, tá easpa leigheasanna breithiúnacha éifeachtacha ó chúirt neamhspleách i gcoinne chinntí na seirbhíse ionchúisimh gan imscrúdú nó ionchúiseamh a dhéanamh ar éilliú líomhnaithe, calaois líomhnaithe nó cionta coiriúla eile a chuireann isteach ar leasanna airgeadais an Aontais, easpa ceanglais chun cúiseanna a thabhairt nuair a dhéantar cásanna den sórt sin a shannadh nó a athshannadh, agus easpa rialacha chun cinntí treallacha a chosc ina leith. Ina theannta sin, tá easpa straitéise cuimsithí frithéillithe ann lena gcumhdaítear na réimsí is ábhartha maidir le héilliú a chosc; tearcúsáid réimse iomlán na n-uirlisí coisctheacha chun cuidiú le himscrúdú éillithe, go háirithe maidir le cásanna éillithe ardleibhéil; chomh maith le heaspa ginearálta de chosc éifeachtach agus cionta calaoise agus éilithe coiriúla a chur faoi chois. Is sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta iad na saincheisteanna sin, go háirithe maidir le deimhneacht dhlíthiúil, toirmeasc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin agus cosaint bhreithiúnach éifeachtach.

(13)

Dar leis an gCoimisiún, ní thugtar aghaidh leordhóthanach ar na torthaí a leagtar amach san fhógra agus sa litir intinne leis na barúlacha a cuireadh chun cinn sna freagraí ón Ungáir. Go háirithe, níor tugadh aon fhianaise sna freagraí tar éis na bhfeabhsuithe a rinne an Ungáir le déanaí ina córas soláthair (a mhéid a bhaineann le trédhearcacht, déine na hiomaíochta, seiceálacha maidir le coinbhleachtaí leasa). Cé go ndearnadh roinnt athruithe ar chóras soláthair phoiblí na hUngáire tar éis iniúchtaí sheirbhísí an Choimisiúin, ní thugann aon ní le fios go raibh tionchar ag na hathruithe sin ar mhargadh na hUngáire ar leibhéal na hiomaíochta. Léirítear sna sonraí atá ar fáil don Choimisiún nach amháin go bhfuil méadú tagtha ar chomhchruinniú na ndámhachtainí sa soláthar poiblí, ach go bhfuil méadú tagtha freisin ar an seans atá ag gníomhaithe pháirtí rialaithe na hUngáire conradh a bhuachan. Fuair an Coimisiún staidéar ina raibh anailís eimpíreach staitistiúil ar níos mó ná 270 000 conradh soláthair phoiblí san Ungáir idir 2005 agus 2021. Comhthacaíodh le barúlacha an staidéir le torthaí scrúdaithe ar shonraí tairisceana áirithe maidir le conarthaí a dámhadh do chuid de na cuideachtaí a sainaithníodh mar chuideachtaí a bhfuil naisc polaitiúil acu. Thairis sin, bhailigh an Coimisiún tuarascálacha ó na meáin chumarsáide agus ó pháirtithe leasmhara sna hearnálacha turasóireachta, cumarsáide agus spóirt. Níor chuir an Ungáir aon fhianaise ar fáil maidir le hinfheidhmeacht rialacha coinbhleachta leasa (ná maidir lena gcur i bhfeidhm i gcleachtas) atá ábhartha maidir le buiséad an Aontais a chosaint i ndáil le hiontaobhais leasa phoiblí.

(14)

Na neamhrialtachtaí, na heasnaimh agus na laigí a sainaithníodh, tá siad go forleathan agus fite fuaite ina chéile, rud a fhágann nach féidir le nósanna imeachta seachas na cinn dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 aghaidh a thabhairt ar na rioscaí do bhuiséad an Aontais ar bhealach níos éifeachtaí. Fiú más féidir modhanna áirithe atá ar fáil faoi rialacha earnála a úsáid, amhail iniúchtaí arna ndéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin, agus ceartuithe airgeadais i leith neamhrialtachtaí nár cheartaigh údaráis na hUngáire, baineann na bearta sin go ginearálta le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún cheana féin agus léirítear le leanúint d’easnaimh thar roinnt blianta nach leordhóthanach na ceartuithe airgeadais sin chun leas airgeadais an Aontais a chosaint ó rioscaí atá ann faoi láthair nó ó rioscaí amach anseo.

(15)

Maidir le hurramú agus faireachán ar na coinníollacha cumasúcháin a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é an t-aon iarmhairt amháin a bheidh ann mura gcomhlíontar coinníoll cumasúcháin a leagtar amach in Airteagal 15(5) den Rialachán sin ná nach n-aisíocfaidh an Coimisiún caiteachas leis an mBallstát atá i gceist, ar caiteachas é a bhaineann le hoibríochtaí atá nasctha leis an gcuspóir sonrach. Le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 tugtar réimse bearta féideartha níos leithne chun buiséad an Aontais a chosaint, lena n-airítear formheas cláir amháin nó níos mó a chur ar fionraí, chomh maith leis na ceanglais faoi bhainistíocht chomhroinnte a chur ar fionraí. Baineann na bearta féideartha faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 le réamh-mhaoiniú freisin, rud nach bhforáiltear dó faoi Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2021/1060.

(16)

A mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm rialacha soláthair phoiblí agus a gcur chun feidhme, le haithris 17 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 soiléirítear gur reachtaíocht airgeadais agus earnáilsonrach reachtaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) den Rialachán sin. Níl nósanna imeachta um shárú bunaithe ar ghníomh reachtach ach tá siad bunaithe go díreach ar Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Ní féidir an fhoráil sin den dlí príomha a mheas mar “reachtaíocht an Aontais” de réir bhrí Airteagal 6(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092.

(17)

Le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) déantar foráil go bhfuil na Ballstáit le gach beart is iomchuí a dhéanamh chun leasa airgeadais an Aontais a chosaint nuair atá bearta á gcur chun feidhme acu faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Chun comhlíonadh Airteagal 22 den Rialachán sin a áirithiú, thíolaic an Coimisiún an 30 Samhain 2022 togra le haghaidh Cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le formheas an mheasúnaithe ar an bplean téarnaimh agus athléimneachta don Ungáir, ina bhfuil garspriocanna ina n-ionchorpraítear na gealltanais a thug an Ungáir faoi na bearta feabhais a comhaontaíodh leis an gCoimisiún faoi chuimsiú an nós imeachta seo.

Is ar na Ballstáit i gcónaí atá an phríomhfhreagracht dlí an Aontais agus dlí náisiúnta a chomhlíonadh agus na bearta á gcur chun feidhme acu faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2021/241, cé gur féidir leis an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 22(5) den Rialachán sin, dul ar aghaidh chuig bearta ceartaitheacha i gcásanna calaoise, éillithe agus coinbhleachtaí leasa a chuireann isteach ar leasanna airgeadais an Aontais nár cheartaigh an Ballstát, nó i gcás sárú tromchúiseach ar oibleagáid a eascraíonn as an gcomhaontú iasachta nó as an gcomhaontú maoinithe. Thairis sin, is coinníollacha iad na garspriocanna nach mór a chomhlíonadh chun go bhféadfaidh an Ungáir iarrataí a chur isteach ar íocaíochtaí amach anseo faoin bPlean Téarnaimh agus Athléimneachta. Dá réir sin, ní féidir leo leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i ndáil le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a dhéanann difear cheana féin do chur chun feidhme clár caiteachais eile san Ungáir arna maoiniú ag buiséad an Aontais, nó a bhfuil an baol ann go ndéanfaidís difear don chur chun feidhme sin, ar bhealach díreach leordhóthanach. Dá bhrí sin, dá gcuirfí forálacha Rialachán (AE) 2021/241 i bhfeidhm, ní chuirfí ar chumas an Choimisiúin buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí sa chás sin.

(18)

I bhfianaise a bhfuil thuas, ní chuirfí ar chumas an Choimisiúin le haon nós imeachta eile faoi dhlí an Aontais buiséad an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí ná an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092.

(19)

Meastar go mbaineann tábhacht shuntasach le tionchar féideartha na sáruithe sainaitheanta ar bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais, ós rud é go bhfuil dlúthnasc ag na sáruithe sin leis an bpróiseas faoina n-úsáideann an Ungáir cistí an Aontais sa mhéid is gurb éard atá iontu feidhmiú míchuí na n-údarás poiblí a dhéanann cinneadh faoi dhámhachtain conarthaí arna maoiniú trí bhuiséad an Aontais. Ina theannta sin, má dhéantar na sáruithe sainaitheanta a chúpláil leis na teorainneacha agus na bacainní atá ann maidir le brath, imscrúdú agus ceartú na calaoise, agus a sainaithníodh mar fhorais bhreise a bhaineann le himscrúdú agus ionchúiseamh agus leis an gcreat frithéillithe, is féidir a mheas go gur suntasaí o mór an tionchar sin.

(20)

I bhfianaise chineál na dtorthaí i ndáil le soláthar poiblí, ba cheart go mbeadh baint ag na bearta iomchuí atá le glacadh faoi Airteagal 4(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 (“na bearta iomchuí”) le cistiú ón Aontas a chuirtear chun feidhme go príomha trí sholáthar poiblí. Leis na hiniúchtaí ón gCoimisiún inar sainaithníodh próisis soláthair phoiblí easnamhacha agus neamhrialta cumhdaíodh réimse an bheartais chomhtháthaithe, agus in ainneoin go ndearnadh ceartú airgeadais ar thionchar na n-easnamh agus na neamhrialtachtaí sin i mbuiséad an Aontais trí na rialacha maidir leis an mbeartas comhtháthaithe a chur i bhfeidhm, léiríonn siad go bhfuil éagumas, mainneachtain nó neamhthoil ann ar bhonn sistéamach ar thaobh údaráis na hUngáire chun cosc a chur ar chinntí a sháraíonn an dlí is infheidhme a mhéid a bhaineann leis an soláthar poiblí agus le coinbhleachtaí leasa, agus dá bhrí sin chun dul i ngleic go leordhóthanach le rioscaí éillithe.

(21)

Is iad na cláir gur cheart do na bearta iomchuí a chosaint mar thosaíocht cláir bheartas comhtháthaithe 2021-2027 a mheastar a chuirfear chun feidhme go príomha tríd an soláthar poiblí de réir análaí maidir leis an gcaoi ar chuir an Ungáir na cláir choibhéiseacha chun feidhme faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020. Is iad na cláir sin Clár Oibríochtúil um an gComhshaol agus um Éifeachtúlacht Fuinnimh Plus, an Clár Oibríochtúil Comhtháite um Iompar Plus, agus an Clár Oibríochtúil um Fhorbairt Chríochach agus Lonnaíochta Plus (“na cláir lena mbaineann”). A mhéid a bhaineann leis na cláir lena mbaineann, meastar gur 85 % go 90 % atá sa leibhéal chur chun feidhme trí sholáthar poiblí.

(22)

Ba cheart go mbainfeadh na bearta iomchuí freisin le gníomhaíochtaí faoi chláir de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, agus dá bhféadfadh iontaobhais leasa phoiblí agus na heintitis a bhainistíonn siad, a mheastar a bheith ina n-eintitis rialtais de réir bhrí Airteagail 2(b) agus 5(1)(a) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, a bheith ina dtairbhithe nó ina n-eintitis cur chun feidhme. A mhéid a bhaineann leis na sáruithe arna sainaithint atá ábhartha maidir le hiontaobhais leasa phoiblí, ba cheart leis na bearta iomchuí díriú ar na cláir uile de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach.

(23)

I gcomhréir leis na ceanglais chomhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, ba cheart leibhéal iomchuí na mbeart atá le cur i bhfeidhm a chinneadh trí úsáid a bhaint as céatadán lena léirítear an riosca a bheidh ann ina dhiaidh sin do bhuiséad an Aontais.

(24)

I bhfianaise thromchúis, mhinicíocht agus fhad na sáruithe sistéamacha a sainaithníodh sa soláthar poiblí, is féidir a mheas go bhfuil an riosca airgeadais i gcomhair bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais an-suntasach agus, dá bhrí sin, tugtar údar do bhearta ag a bhfuil leibhéal tionchair airgeadais an-ard.

(25)

I gcomhréir le hAirteagal 6(6) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, an fhaisnéis a fhaightear agus aon bharúil a dhéanann an Ballstáit lena mbaineann, chomh maith le leordhóthanacht aon bheart feabhais a mholtar, is gá iad sin a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh maidir leis na bearta iomchuí. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta feabhais atá molta ag an Ungáir a áireamh sa mheasúnú.

(26)

Sa dara freagra uaithi, chuir an Ungáir isteach 17 mbeart feabhais, a ndearna sí na gealltanais iontu a chomhlánú ansin le litir a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 13 Meán Fómhair 2022. De réir thuairim na hUngáire, thabharfaidís aghaidh ar na saincheisteanna go léir a d’ardaigh an Coimisiún san fhógra. Seo a leanas na bearta feabhais atá beartaithe:

(a)

athneartú a dhéanamh ar chosc, brath agus ceartú neamhdhleathachtaí agus neamhrialtachtaí a bhaineann le cur chun feidhme chistí an Aontais, trí Údarás Sláine nua-bhunaithe;

(b)

tascfhórsa Frithéillithe;

(c)

an creat frithéillithe a neartú;

(d)

trédhearcacht a áirithiú maidir leis an úsáid a bhaineann fondúireachtaí bainistíochta sócmhainní as tacaíocht ón Aontais;

(e)

nós imeachta sonrach a thabhairt isteach i gcás coireanna speisialta a bhaineann le feidhmiú údaráis phoiblí nó le bainistiú maoine poiblí;

(f)

sásraí iniúchóireachta agus rialaithe a neartú chun úsáid fhónta thacaíocht an Aontais a ráthú;

(g)

laghdú a chur ar sciar na nósanna imeachta tairisceana ina bhfuil tairiscintí aonair a mhaoinítear ó chistí an Aontais;

(h)

laghdú a chur ar sciar na nósanna imeachta tairisceana ina bhfuil tairiscintí aonair a mhaoinítear ón mbuiséad náisiúnta;

(i)

uirlis tuairiscithe tairisceana aonair a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar nósanna imeachta soláthair phoiblí a dhúntar trí thairiscintí aonair;

(j)

an Córas Leictreonach Soláthair Phoiblí a fhorbairt chun an trédhearcacht a mhéadú;

(k)

creat measúnaithe feidhmíochta a fhorbairt lena measúnaítear éifeachtacht agus cost-éifeachtúlacht na soláthar poiblí;

(l)

plean gníomhaíochta a ghlacadh chun an leibhéal iomaíochais sa soláthar poiblí a mhéadú;

(m)

oiliúint le tabhairt do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide maidir le cleachtais soláthair phoiblí;

(n)

scéim tacaíochta a bhunú chun cúiteamh a dhéanamh ar na costais a bhaineann le bheith rannpháirteach i soláthar poiblí micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide;

(o)

ARACHNE, arb éard é uirlis scórála riosca an Choimisiúin, a chur i bhfeidhm;

(p)

comhar le OLAF a neartú; agus,

(q)

gníomh reachtach a ghlacadh lena n-áirithítear trédhearcacht fheabhsaithe i ndail le caiteachas poiblí.

(27)

Leagadh síos, i dtrí cinn déag de na bearta feabhais, Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme atá le comhlíonadh faoin 19 Samhain 2022. Gheall an Ungáir an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 19 Samhain 2022, agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin maidir le cur chun feidhme na mbeart feabhais, lena n-áirítear na gealltanais bhreise atá sa litir ón 13 Meán Fómhair 2022. Maidir le ceithre cinn de na bearta feabhais, eadhon bearta (h) agus (l) go (n), chuir an Coimisiún in iúl nach raibh aon Phríomhchéimeanna Cur Chun Feidhme láithreacha ann, toisc go dteastaíonn tréimhse cur chun feidhme níos faide uathu, agus go ndéanfaidh sé faireachán ar a gcur chun feidhme mar chuid dá fhaireachán ar na bearta feabhais, ar bhonn an tuairiscithe ráithiúla a thug an Ungáir gealltanas ina leith sa litir uaithi an 19 Samhain 2022, go dtí an 31 Nollaig 2028.

(28)

Go ginearálta, gheall an Ungáir go ndéanfaidís na bearta feabhais a moladh sa dara freagra uaithi chun dul i ngleic gan choinníoll leis na saincheisteanna a ardaíodh san fhógra agus go gcoinneoidís na bearta agus an reachtaíocht lena mbaineann i bhfeidhm gan aon teorainn ama agus go bhforfheidhmeoidís na rialacha a leagtar amach iontu.

(29)

Mar a shoiléirigh an Coimisiún sa Mheabhrán Míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún, mheas an Coimisiún go mbeadh na bearta feabhais atá beartaithe, nuair a chuirtear le chéile iad, in ann aghaidh a thabhairt, i bprionsabal, ar na saincheisteanna a bhaineann le neamhrialtachtaí sistéamacha, easnaimh agus laigí sa soláthar poiblí, rioscaí coinbhleachtaí leasa, agus ábhair imní maidir le hiontaobhais leasa phoiblí, chomh maith leis na forais bhreise maidir le himscrúdú, ionchúiseamh agus an creat frithéillithe, ar choinníoll go gcuirtear chun feidhme na bearta uile o gceart agus go héifeachtach.

(30)

Mar sin féin, dúirt an Coimisiún freisin go raibh na rialacha mionsonraithe cur chun feidhme maidir leis na bearta feabhais atá beartaithe fós le cinneadh, go háirithe an chaoi a ndéanfaí príomh-eilimintí na mbeart a thrasuí sna téacsanna dlíthiúla iarbhír atá le glacadh chun na bearta feabhais a chur chun feidhme. Ós rud é go mbaineann roinnt de na saincheisteanna a sainaithníodh san Ungáir ní hamháin le hathruithe ar an gcreat dlíthiúil, ach go háirithe le cur chun feidhme nithiúil na n-athruithe sa chleachtas, éilíonn na hathruithe sin tréimhse ama níos faide chun torthaí nithiúla a bhaint amach, go dtí go gcuirfear chun feidhme ar a laghad na príomheilimintí de roinnt de na bearta feabhais tráth an togra ón gCoimisiún, mar a léirítear in amlínte na mbeart feabhais a thíolaic sa dara freagra uaithi, bhí baol ann fós do bhuiséad an Aontais. Go dtí go dtiocfaidh príomhthéacsanna reachtacha i bhfeidhm lena gcuirfí chun feidhme go leor de na bearta feabhais atá beartaithe, agus an measúnú atá sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún á chur san áireamh, chomh maith leis an bhféidearthacht go mb’fhéidir nach gcuirfí chun feidhme na bearta i gceart, nó go ndéanfadh mionsonraí na mbeart a n-éifeachtacht a laghdú, mheas an Coimisiún go raibh leibhéal riosca le haghaidh bhuiséad an Aontais ag comhfhreagairt do 65 % den chlár lena mbaineann, i.e. 5 phointe céatadáin níos lú ná an riosca a mheastar a bheith ann in éagmais bearta feabhais. Dá bhrí sin, mhol sé don Chomhairle bearta iomchuí a ghlacadh faoi Airteagal 6(9) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092.

(31)

Á chur san áireamh go raibh gealltanas tugtha ag an Ungáir bearta feabhais a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an staid i gcomhréir le féilire mionsonraithe, agus gur mheas an Coimisiún go bhféadfadh na bearta feabhais atá beartaithe, i dteannta a chéile, dá ndéanfaí iad a shonrú agus a chur chun feidhme i gceart, i gcomhréir leis an bhféilire mionsonraithe sin, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna i bprionsabal, chinn an Chomhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022, tar éis iarraidh a fháil ón Ungáir, go raibh imthosca eisceachtúla leordhóthanacha ann de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 chun údar a thabhairt le síneadh 2 mhí eile a chur leis an spriocdháta chun cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh, ionas go mbeidh go leor ama ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle measúnú a dhéanamh ar ghlacadh agus ar chur chun feidhme na mbeart feabhais, agus aird á tabhairt ar a líonmhaire agus ar a chasta go teicniúil atá siad.

(32)

Chun na spriocdhátaí a leagtar síos sna Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme a chomhlíonadh, lean an Ungáir ar aghaidh le glacadh roinnt gníomhartha reachtacha idir deireadh mhí Mheán Fómhair 2022 agus tús mhí Dheireadh Fómhair. Bhí gá le dianphlé breise idir údaráis na hUngáire agus seirbhísí an Choimisiúin chun iarracht a dhéanamh a áirithiú go mbeadh na gníomhartha sin ailínithe go hiomlán leis na bearta feabhais agus go mbeadh siad éifeachtach. Mar thoradh ar an bplé sin, chuir Rialtas na hUngáire “pacáiste seirbhíse”, mar a ghairtear de, faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta an 15 Samhain 2022, agus roinnt leasuithe beartaithe ar na téacsanna dlí a glacadh ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2022 agus ag tús mhí Dheireadh Fómhair.

Tá dhá dhréachtbhille sa phacáiste seirbhíse; ceann amháin (T/2033) lena ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta, a ndearnadh an vótáil chríochnaitheach ina leith an 22 Samhain 2022, agus an dréachtbhille eile (T/2032) lena ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta is infheidhme maidir le gníomhartha bunúsacha (a dteastaíonn tromlach dhá thrian ina leith), a raibh an vótáil chríochnaitheach ina leith an 7 Nollaig 2022. Ghlac an Tionól Náisiúnta an dá ghníomh. Le litreacha a tíolacadh an 19 Samhain, an 26 Samhain, an 6 Nollaig agus an 7 Nollaig 2022, chuir an Ungáir an Coimisiún ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh chun na gealltanais a tugadh roimhe sin a chur chun feidhme.

(33)

An 30 Samhain 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis na bearta feabhais ar thug an Ungáir fógra ina leith, lena gcuireadh measúnú ar fáil don Chomhairle maidir le leordhóthanacht na mbeart feabhais arna nglacadh ag an Ungáir amhail ón 19 Samhain 2022. Tar éis iarraidh ón gComhairle an 6 Nollaig 2022, chuir an Coimisiún measúnú nuashonraithe ar fáil an 9 Nollaig 2022 inar cuireadh san áireamh na bearta breise a rinne an Ungáir go dtí an 7 Nollaig 2022. Is iad Teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Samhain 2022[agus measúnú nuashonraithe an 9 Nollaig 2022, in éineacht leis an Meabhrán Míniúcháin a gabhann leis an togra ón gCoimisiún, atá mar bhonn don phlé sa Chomhairle.

(a)   Athneartú a dhéanamh ar chosc, brath agus ceartú neamhdhleathachtaí agus neamhrialtachtaí a bhaineann le cur chun feidhme chistí an Aontais trí Údarás Sláine nua-bhunaithe

(34)

Thug an Ungáir gealltanas Údarás Sláine a bhunú a mbeidh sé mar chuspóir aige cosc, brath agus ceartú calaoise, coinbhleachtaí leasa agus éillithe a threisiú chomh maith le neamhdhleathachtaí agus neamhrialtachtaí eile i gcur chun feidhme aon tacaíochta airgeadais ón Aontas. Is beart cothrománach é bunú an Údaráis Sláine, comhlacht nua i gcomhthéacs na hUngáire, arb é is aidhm dó leigheas a fháil ar na sáruithe sistéamacha ar phrionsabail an smachta reachta a bhaineann le soláthar poiblí lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé ar cheann de na príomhbhearta feabhais atá molta ag an Ungáir chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá ardaithe ag an gCoimisiún.

(35)

Ar an mbeart feabhais a mholtar, d’áirigh an Ungáir roinnt eilimintí a mheasúnaigh an Coimisiún go dearfach tráth tíolactha an togra ón gCoimisiún, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: (i) aidhm agus cuspóirí an Údaráis Sláine nua; (ii) raon feidhme a shainordaithe agus a chumhachtaí fairsinge, lena n-áirítear cumhachtaí chun treoir a thabhairt d’údaráis chonarthacha tairiscintí a chur ar fionraí, cumhachtaí chun a iarraidh ar chomhlachtaí imscrúdaitheacha riaracháin imscrúduithe a dhéanamh, cumhachtaí chun a mholadh go n-eiseofaí oibreoirí eacnamaíocha sonracha ó chistiú ón Aontas; an ceart chun athbhreithniú breithiúnach a iarraidh ar gach cinneadh ó na húdaráis a bhaineann le nósanna imeachta soláthair phoiblí a bhfuil baint acu le haon tacaíocht ón Aontas (agus a d’fhéadfadh a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach) etc.; (iii) na rialacha maidir le bord an Údaráis Sláine a cheapadh agus maidir le rannpháirteachas “coiste incháilitheachta” atá dírithe ar a ráthú go mbeidh an tÚdarás Sláine go hiomlán neamhspleách. Ina theannta sin, gheall an Ungáir go mbraithfidh an tÚdarás Sláine ar fhíorais a shuitear le cinntí breithiúnacha, go mbeidh sé in ann imeachta I a thabhairt os comhair cúirteanna, agus go mbeidh a chuid cinntí féin faoi réir athbhreithniú breithiúnach.

Ar an gcúis sin, gheall an Ungáir freisin go ndéanfaidh na cúirteanna go léir san Ungáir a éisteann cásanna sibhialta, riaracháin agus coiriúla, lena n-áirítear na cásanna sin atá ábhartha maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, comhlíonadh ar na ceanglais a bhaineann le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht agus le bheith bunaithe le dlí i gcomhréir le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an acquis Aontais ábhartha. Gheall an Ungáir freisin Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme a thabhairt chun an tÚdarás Sláine a chruthú faoin 19 Samhain 2022. Tar éis an togra ón gCoimisiún a chur faoi bhráid na Comhairle, ghlac an Ungáir, an 4 Deireadh Fómhair 2022, an Gníomh lena mbunaítear an tÚdarás Sláine (Gníomh XXVII 2022 maidir le rialú ar úsáid chistí buiséid an Aontais Eorpaigh, “an Gníomh um Údarás Sláine”), a tháinig i bhfeidhm an 11 Deireadh Fómhair 2022. Tugadh isteach tuilleadh leasuithe ar an nGníomh um Údarás Sláine mar chuid den dá dhréachtbhille a bhí sa “phacáiste seirbhíse” a cuireadh faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta an 15 Samhain 2022 agus a vótáladh an 22 Samhain 2022 agus an 7 Nollaig 2022. Mar a cheanglaítear sa bheart feabhais, chuaigh an Ungáir i gcomhairle le Comhairle na hEorpa agus ECFE sa phróiseas as ar tháinig glacadh Ghníomh an Údaráis um Shláine, agus cuireadh moltaí áirithe san áireamh. I gcomhthráth leis na nósanna imeachta reachtacha, an 23 Meán Fómhair 2022, sheol údaráis na hUngáire nós imeachta roghnúcháin agus ceapacháin do chomhaltaí an Choiste Incháilitheachta agus ainsin do chomhaltaí bhord an Údaráis Sláine, an 14 Deireadh Fómhair 2022, ar ceapadh a gcomhaltaí ar deireadh faoin 4 Samhain 2022. Thionóil an tÚdarás Sláine a chéad chruinniú oifigiúil an 18 Samhain 2022.

(36)

Mar sin féin, mar a d’aithin an Coimisiún ina theachtaireacht uaidh an 30 Samhain 2022 agus mar a dheimhnigh sé an 9 Nollaig 2022 tar éis measúnú críochnúil a dhéanamh, ní chomhlíonann an creat rialála don Údarás Sláine, mar a leagtar amach sa Ghníomh um Údarás Sláine é, gealltanais áirithe a tugadh faoin mbeart feabhais, rud nach féidir a mheas, dá bhrí sin, a bheith iomlán éifeachtach ná leordhóthanach de bhun Rialacháin (AE, Euratom) 2020/2092. Is iad seo a leanas go háirithe laigí, rioscaí agus easnaimh an bhirt feabhais, méid a chuireann isteach ar éifeachtacht agus neamhspleáchas an Údaráis Sláine agus ar a chumas aghaidh a thabhairt ar thorthaí an Choimisiúin: (i) easpa rialach soiléire lena sonraítear go gcoinneoidh an tÚdarás Sláine a inniúlacht i gcás ina dtarraingítear tionscadal siar ó mhaoiniú ón Aontas; (ii) laigí an chórais le haghaidh athbhreithniú breithiúnach ar chinntí na n-údarás conarthach nach leanann moltaí an Údaráis Sláine; (iii) laigí an nós imeachta um dífhostú; (iv) cumhachtaí díreacha, seachas cumhachtaí maoirseachta, an Údaráis Sláine maidir leis na grúpaí éagsúla dearbhóirí, agus easpa aistrithe cumhachtaí chuig an Údarás Sláine chun dearbhuithe sócmhainní chomhaltaí an Rialtais a fhíorú; (v) an raon feidhme teoranta a bhaineann le cuimsiú easpach gach “oifigigh ardriosca” i raon feidhme chumhachtaí fíoraithe an Údaráis Sláine i ndáil le dearbhuithe sócmhainní. Measann an Chomhairle, ar na cúiseanna sin mar a nochtadh a thuilleadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún iad, go bhfuil na laigí a sainaithníodh, agus go háirithe na laigí a chuireann srian ar chumhachtaí an Údaráis Sláine, chomh tromchúiseach sin go mbaineann siad an bonn go mór ó acmhainneacht an Údaráis Sláine leigheas a fháil ar sháruithe sistéamacha ar phrionsabail an smachta reachta a bhaineann le soláthar poiblí lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais.

(b)   Tascfhórsa Frithéillithe

(37)

Gheall an Ungáir go mbunófaí Tascfhórsa Frithéillithe ar a mbeadh sé de chúram, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar na bearta in aghaidh an éillithe atá ann cheana agus tograí a ullmhú maidir le feabhas a chur ar chosc, ar bhrath, ar imscrúdú agus ar ionchúiseamh cleachtas éillitheach, agus ar fhorchur smachtbhannaí ina leith. Bhain príomhghné den bheart feabhais le rannpháirtíocht iomlán struchtúrtha éifeachtach na ngníomhaithe neamhrialtasacha atá gníomhach i réimse chomhrac an éillithe in éineacht le hionadaithe rialtais. Thairis sin, gheall an Ungáir comhairliúcháin chuimsitheacha le páirtithe leasmhara náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Coimisiún, agus an dréachtreachtaíocht á hullmhú. Gheall an Ungáir na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme a thabhairt chun an creat rialála a leagan amach don Tascfhórsa Frithéillithe faoin 30 Meán Fómhair 2022. I gcomhréir leis an mbeart feabhais, foráiltear le forálacha ábhartha Ghníomh an Údaráis Sláine go ndéanfaidh 50 % de chomhaltaí an Tascfhórsa nua Frithéillithe ionadaíocht ar ghníomhaithe neamhrialtasacha agus go roghnófar iad bunaithe ar phróiseas roghnúcháin oscailte, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach ag a mbeidh critéir oibiachtúla a bhaineann le saineolas agus tuillteanais. Tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh, chuaigh an Ungáir i gcomhairle le ECFE agus le Comhairle na hEorpa agus rinne sí foráil do bhunú an Tascfhórsa nua Frithéillithe faoi chuimsiú an Ghnímh um Údarás Sláinte. Bunaíodh an Tascfhórsa nua Frithéillithe ar deireadh an 1 Nollaig 2022.

(38)

I bhfianaise na bhforbairtí sin, bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin, measann an Chomhairle gur thug an Ungáir na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme ábhartha agus go gcomhlíonann an creat rialála don Tascfhórsa nua Frithéillithe, mar a leagtar amach sa Ghníomh um Údarás Sláine é, na gealltanais a leagtar síos leis an mbeart feabhais.

(c)   An Creat Frithéillithe a neartú

(39)

Gheall an Ungáir straitéisí frithchalaoise agus frithéillithe a ghlacadh faoin 30 Meán Fómhair 2022, straitéisí lena sainítear cúraimí eintiteas a bhfuil baint acu le cur chun feidhme aon tacaíochta airgeadais ón Aontas maidir le calaois, coinbhleacht leasa agus éilliú a chosc, a bhrath agus a cheartú. Gheall an Ungáir, thairis sin, síneadh a chur le raon feidhme pearsanta agus ábhartha na ndearbhuithe sócmhainní ón 1 Samhain 2022. Chun an t-éilliú a chomhrac agus trédhearcacht sa réimse polaitiúil a áirithiú, is de chineál cothrománach córasach an beart feabhais sin. Dá bhrí sin, tá sé ar na príomhbhearta feabhais atá molta ag an Ungáir.

(40)

Tar éis don Choimisiún an togra uaidh a thíolacadh, thug an Ungáir faoi roinnt céimeanna chun aghaidh a thabhairt ar na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme don bheart feabhais sin. An 30 Meán Fómhair 2022, ghlac an Ungáir an straitéis in aghaidh na calaoise agus an éillithe don chlárthréimhse 2021-2027, agus do chur chun feidhme an Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta (Cinneadh 1470/2022 ón Rialtas). Leasaíodh an Straitéis ina dhiaidh sin, agus glacadh agus foilsíodh leagan nua an 15 Samhain 2022 (Cinneadh 1540/2022 ón Rialtas). Ghlac an Tionól Náisiúnta “an Gníomh maidir le Dearbhuithe Sócmhainní” (Gníomh XXXI 2022) an 25 Deireadh Fómhair 2022, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 2022 cé is moite d’eisceachtaí áirithe. An 15 Samhain 2022 chuir an Ungáir bille leasaitheach maidir leis an “Gníomh maidir le Dearbhuithe Sócmhainní” faoi bhráid an Tionóil Náisiúnta mar chuid den phacáiste seirbhíse a glacadh an 7 Nollaig 2022.

(41)

Maidir leis na straitéisí frithchalaoise agus frithéillithe, d’aithin an Coimisiún sa theachtaireacht uaidh an 30 Samhain 2022, in ainneoin in ainneoin nár chomhlíon an Ungáir an spriocdháta a comhaontaíodh i ngeall ar ghlacadh na leasuithe, mar sin féin, gur chomhlíon an Ungáir na gealltanais a leagadh síos sa bheart feabhais. Maidir leis na dearbhuithe sócmhainní, d’aithin an Coimisiún, i gcomhréir leis an mbeart feabhais, go leathnaítear leis an nGníomh maidir le Dearbhuithe Sócmhainní raon feidhme pearsanta na ndearbhuithe sócmhainní chun daoine ar cuireadh feidhmeanna polaitiúla sinsearacha de chúram orthu agus comhaltaí den Tionól Náisiúnta, chomh maith lena ngaolta atá ina gcónaí leo sa teaghlach céanna, a chur san áireamh. Leis an nGníomh, leathnaítear raon feidhme ábhartha na ndearbhuithe sócmhainní chun gach sócmhainn ábhartha a chur san áireamh. Mar sin féin, ar bhonn an mheasúnaithe ón gCoimisiún, baineann laigí, rioscaí agus easnaimh thábhachtacha i gcónaí leis an gcreat rialála um dhearbhú sócmhainní a bhunaigh an Ungáir, go háirithe an méid seo a leanas: (i) an easpa soiléireachta agus deimhneachta maidir le hoibleagáidí nochta do réadmhaoine lena n-áirítear maoin lasmuigh de dhlínse na hUngáire; (ii) an easpa soiléireachta maidir le raon feidhme pearsanta, ábhartha agus ama an dearbhaithe sócmhainní, ioncaim agus leasanna eacnamaíocha d’fheidhmeannaigh, d’oifigigh agus do Chomhaltaí áirithe den Tionól Náisiúnta, agus dá gcéilí nó dá gcomhchónaitheoirí agus dá leanaí atá ina gcónaí sa teaghlach céanna; (iii) mainneachtain tagairt shainráite do bhunú córais dearbhuithe sócmhainní a áireamh sa Ghníomh maidir le Dearbhuithe Sócmhainní, dearbhuithe a chomhdaítear i bhformáid dhigiteach agus atá le stóráil i mbunachar sonraí poiblí atá inchuardaithe gan táillí nó gan aon ghá le clárú. Measann an Chomhairle, ar na cúiseanna sin mar a leagtar amach a thuilleadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún iad, go bhfágann na laigí a sainaithníodh go bhféadfadh lúba ar lár a bheith sa dlí agus, dá thoradh sin, go mbaineann siad an bonn d’éifeachtacht an bhirt feabhais.

(d)   Trédhearcacht a áirithiú maidir leis an úsáid a bhaineann fondúireachtaí bainistíochta sócmhainní as tacaíocht ón Aontais

(42)

Gheall an Ungáir trédhearcacht a áirithiú maidir leis an úsáid a bhaineann fondúireachtaí bainistíochta sócmhainní um leas an phobail as tacaíocht ón Aontas tríd an gcreat rialála ábhartha a leasú faoin 30 Meán Fómhair 2022. Tar éis don Choimisiún an togra uaidh a thíolacadh, ghlac an Tionól Náisiúnta Gníomh reachtach lena leasaítear Gníomhartha áirithe a bhaineann le fondúireachtaí bainistíochta sócmhainní um leas an phobail a dhéanann dualgas poiblí, an Riarachán Náisiúnta Cánach agus Custaim agus seiceálacha na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise i ndáil leis an úsáid a bhaintear as cistí buiséid an Aontais Eorpaigh a rialú, Gníomh (Gníomh XXIX 2022) a tháinig i bhfeidhm an 13 Deireadh Fómhair 2022.

(43)

I gcomhréir leis an mbeart feabhais, le Gníomh XXIX 2022, tugadh isteach leasuithe lenar méadaíodh raon feidhme na rialacha maidir le soláthar poiblí agus maidir le coinbhleacht leasa chun fondúireachtaí bainistithe sócmhainní um leas an phobail a dhéanann dualgas poiblí a chumhdach freisin. Mar sin féin, ní chuireann an creat rialála cosc fós ar oifigigh ardleibhéil, lena n-áirítear feidhmeannaigh pholaitiúla shinsearacha ón Tionól Náisiúnta agus ó chomhlachtaí uathrialacha na hUngáire, suí ar bhoird fondúireachtaí bainistíochta sócmhainní um leas an phobail, mar a d’iarr an Coimisiún arís agus arís eile. Thairis sin, ón 1 Samhain 2022, thug an Ungáir isteach an athuair (trí bhíthin eisceacht ón toirmeasc ginearálta) an fhéidearthacht d’fheidhmeannaigh pholaitiúla shinsearacha poist íoctha eile a bheith acu, lena n-áirítear ar bhoird fondúireachtaí bainistíochta sócmhainní um leas an phobail. Measann an Chomhairle, ar na cúiseanna sin mar a leagtar amach a thuilleadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún iad, go ngéaraíonn laigí an chreata rialála, maille leis na forbairtí nua reachtacha, an choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar a raibh an beart feabhais ceaptha aghaidh a thabhairt agus, dá bhrí sin, go bhfágann siad nach leor é chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a tharraing an Coimisiún anuas ar dtús.

(e)   Nós imeachta sonrach a thabhairt isteach i gcás coireanna speisialta a bhaineann le feidhmiú údaráis phoiblí nó le bainistiú maoine poiblí

(44)

Gheall an Ungáir go mbunódh sí nós imeachta athbhreithnithe bhreithiúnaigh nua maidir le cionta coiriúla speisialta a bhaineann le feidhmiú údaráis phoiblí nó bainistiú na maoine poiblí. Faoin mbeart feabhais, ní mór don nós imeachta nua foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar chinneadh na seirbhíse ionchúisimh nó an údaráis imscrúdaithe tuarascáil choire a dhíbhe nó deireadh a chur leis na himeachtaí coiriúla (i.e. imscrúdú coiriúil a dhúnadh gan díotáil) maidir le héilliú agus cleachtais a bhaineann le héilliú. Ní mór don nós imeachta nua breitheamh imscrúdaithe a údarú chun tús a chur leis na himeachtaí coiriúla nó leanúint ar aghaidh leo. D’fhéadfadh aon duine nádúrtha agus dlítheanach, cé is moite d’údaráis phoiblí, tairiscintí a chomhdú faoin nós imeachta, as a eascródh an fhéidearthacht díotáil a chomhdú os comhair cúirte. Is beart cothrománach é an beart feabhais sin darb aidhm fadhbanna struchtúracha a leigheas le héifeachtacht na gníomhaíochta ionchúisimh san Ungáir agus lena áirithítear go ndéanfar bearta éifeachtacha díspreagthacha chun cosaint leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 325 CFAE. Dá bhrí sin, tá sé ar cheann de na príomhbhearta feabhais atá molta ag an Ungáir chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní atá ardaithe ag an gCoimisiún.

(45)

Chuimsigh an Ungáir sa bheart feabhais beartaithe roinnt eilimintí ar mheas an Coimisiún a bheith dearfach tráth tíolactha an togra ón gCoimisiún, amhail an fhéidearthacht d’eintitis dhlíthiúla iarratas a dhéanamh ar an nós imeachta athbhreithnithe bhreithiúnaigh, seasamh nós imeachta faoi phribhléid ráthaithe don duine a thuairiscíonn coir, tagairt don fhíoras go ndéanfar inniúlacht eisiach chun na cásanna faoin nós imeachta nua a éisteacht a shannadh do chúirt speisialaithe (i.e. Cúirt Dúiche Lárnach Buda), tagairt don fhíoras go mbeidh na cúirteanna agus na breithiúna imscrúdaitheacha go léir atá rannpháirteach sa nós imeachta nua i gcomhréir le hAirteagal 19(1) CAE agus leis an acquis Aontais ábhartha, agus go mbeidh tréimhse ama réasúnta ann don nós imeachta i gcoitinne. Gheall an Ungáir freisin Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme a thabhairt ionas go nglacfaí agus go gcuirfí i bhfeidhm, faoin 15 Samhain 2022, na leasuithe riachtanacha ar an gCód Nós Imeachta Coiriúil agus ar na rialacháin cur chun feidhme ábhartha. Tar éis don Choimisiún an togra uaidh a thíolacadh, ghlac an Tionól Náisiúnta gníomh lena leasaítear Gníomh XC 2017 maidir leis an gCód um Nós Imeachta Coiriúil (“an Gníomh um Athbhreithniú Breithiúnach”) an 3 Deireadh Fómhair 2022, a tháinig i bhfeidhm an 15 Samhain 2022, agus a modhnaíodh a thuilleadh tar éis malartuithe leis an gCoimisiún agus ar glacadh leagan leasaithe de an 22 Samhain 2022. Chuir an Ungáir tús le hathbhreithniú ex ante os comhair Chúirt Bhunreachtúil na hUngáire a chinn go raibh an Gníomh um Athbhreithniú Breithiúnach i gcomhréir le prionsabal mhonaplacht an ionchúisimh mar a leagtar síos i nDlí Bunúsach na hUngáire. Ar deireadh, chuir an Ungáir na dréacht-Fhoraitheanta faoi bhráid an Choimisiúin lena leagtar síos na rialacháin cur chun feidhme is gá chun an nós imeachta athbhreithnithe nua a chur i bhfeidhm agus gheall sí iad a ghlacadh gan mhoill chun a áirithiú go dtiocfaidh siad i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023.

(46)

Cuireann an Gníomh um Athbhreithniú Breithiúnach roinnt de na gealltanais arna moladh sna bearta feabhais chun feidhme trí leasuithe ábhartha ar an gCód um Nós Imeachta Coiriúil a thabhairt isteach. Chuir an Coimisiún fáilte freisin roimh bhearta breise a ghlac an Ungáir faoi chuimsiú an leasaithe ar an nGníomh um Athbhreithniú Breithiúnach, amhail an chumhacht atá ag an Údarás Sláine tairiscint i gcomhair athbhreithniú nó athbhreithniú arís agus arís eile a chomhdú, agus deireadh a chur le cumhacht an Ard-Ionchúisitheora leigheas urghnách a chomhdú i gcoinne cinntí. Mar sin féin, mar a léiríodh sa mheasúnú a rinne an Coimisiún, tugann forálacha sonracha an Ghnímh um Athbhreithniú Breithiúnach corrlach lánroghnach isteach sa nós imeachta a d’fhéadfaí a úsáid chun tionchar a imirt ar an toradh tar éis tairiscint ar athbhreithniú nó ionchúiseamh, rud a chuirfeadh éifeachtacht agus leordhóthanacht fhoriomlán an bhirt feabhais i mbaol. Go háirithe, (i) ní luaitear go soiléir sna rialacha is infheidhme na hiarmhairtí dlíthiúla don ionchúisitheoir a bhaineann le cinneadh breithiúnach lena gcuirtear a chinneadh i leataobh tar éis tairiscint ar athbhreithniú. Ós rud é nach bhfuil aon ráthaíocht ann go ndéanfar obair leantach chuí ar chinntí athbhreithnithe bhreithiúnaigh trí ghníomhaíocht chuí ionchúisimh, baineann an lánrogha a thugtar don ionchúisitheoir an bonn go mór d’éifeachtacht an bhirt feabhais agus, dá bhrí sin, de leordhóthanacht an bhirt feabhais. Ina theannta sin (ii) maidir leis na cásanna inar féidir tairiscint ar ionchúiseamh a chomhdú, éilíonn an Gníomh um Athbhreithniú Breithiúnach go ndéanfar scrúdú ar an bhforas le haghaidh tairisceana ar ionchúiseamh ag cúirt na trialach in camera agus gan fianaise a éisteacht, rud atá sa bhreis ar an réamhscrúdú ar fhorais fhoirmiúla a bunaíodh faoin nós imeachta nua.

Ar bhonn mheasúnú an Choimisiúin agus na gcúiseanna a fhoráiltear ann, maidir le scrúdú den sórt sin a dhéanfadh cúirt na trialach ar an bhforas don tairiscint ar ionchúiseamh, is ionann é agus scagadh substainteach, lena ngabhfadh baol go ndéanfaí réamhrialú ar na tuillteanais go gcoiscfí an rialú sin, gan an deis a bheith ann fianaise a lorg agus a éisteacht sa chás. Is céim neamhriachtanach í sin agus bhainfí an bonn d’éifeachtacht an bhirt feabhais léi. Ar deireadh, ní shoiléirítear leis an nGníomh um Athbhreithniú Breithiúnach raon feidhme chur i bhfeidhm tráthúil na rialacha nua agus, go háirithe, ní shoiléirítear leis go mbeidh feidhm ag an nós imeachta nua maidir le cionta coiriúla (nach ngabhann tréimhse chinnteachta leo) a rinneadh roimh an 1 Eanáir 2023. Measann an Chomhairle, ar na cúiseanna sin agus ar chúiseanna eile a leagtar amach a thuilleadh sa teachtaireacht ón gCoimisiún, go bhfuil na laigí a sainaithníodh chomh tromchúiseach sin go gcuirfí leordhóthanacht an bhirt feabhais i mbaol nach bhféadfaidh aghaidh a thabhairt leis ar shaincheisteanna a bhaineann le himscrúduithe neamhéifeachtacha, ionchúiseamh agus forchur smachtbhannaí i dtaca le cionta coiriúla i réimse na maoine poiblí.

(f)   Sásraí iniúchóireachta agus rialaithe a neartú chun úsáid fhónta thacaíocht an Aontais a ráthú

(47)

Gheall an Ungáir sásraí iniúchóireachta agus rialaithe a neartú chun úsáid fhónta thacaíocht an Aontais a ráthú trí na forálacha reachtaíochta náisiúnta ábhartha a áireamh lena neartófar rialacha agus nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa in úsáid chistí an Aontais a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach níos éifeachtaí i gcomhréir le hAirteagal 61 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), lena n-áirítear sásra rialaithe éifeachtach maidir le bailíocht dearbhuithe coinbhleachta leasa. Tar éis don Choimisiún an togra uaidh a thíolacadh, thug an Ungáir faoi roinnt céimeanna chun aghaidh a thabhairt ar na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme don bheart feabhais sin. Go háirithe, ghlac an Tionól Náisiúnta Gníomh XXVIII 2022 agus mhodhnaigh siad a thuilleadh é, ar gníomh e lenar bunaíodh Stiúrthóireacht na hIniúchóireachta Inmheánaí agus na Sláine in Oifig an Phríomh-Aire agus lena dtugtar ráthaíochtaí neamhspleáchais agus éifeachtachta di. Áiríodh sa phacáiste seirbhíse sin freisin bille lena n-athraítear an creat rialála lena rialaítear an Ard-Stiúrthóireacht um Iniúchóireacht ar Chistí Eorpacha (“EUTAF”). Ina theannta sin, ghlac an Ungáir Foraithne 373/2022 ón Rialtas, lena leasaítear foraithne 374/2022 mar aon le Foraithne 463/2022 ón Rialtas lena neartaítear na rialacha agus na nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú ar bhealach níos éifeachtaí. Bunaithe ar theachtaireacht ón gCoimisiúin an 30 Samhain 2022 agus ar na cúiseanna dá bhforáiltear ann, measann an Chomhairle go bhfuil na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme glactha ag an Ungáir agus go gcomhlíonann na téacsanna reachtacha ábhartha na gealltanais a leagtar síos leis an mbeart feabhais.

(g)   Sciar na nósanna imeachta tairisceana a laghdú lena ngabhann tairiscintí aonair arna maoiniú le cistí ón Aontas

(48)

Thug an Ungáir fúithi an sciar de nósanna imeachta tairisceana arna maoiniú le cistí ón Aontas agus arna ndúnadh faoi dheireadh 2022 a laghdú agus, de réir an tomhais a rinneadh le modheolaíocht Scórchlár an Mhargaidh Aonair, bhí líon na dtairiscintí aonair faoi bhun 15 % faoin 31 Nollaig 2022. Ba é an Phríomhchéim Chur Chun Feidhme don bheart sin go ndéanfadh EUTAF, faoin 30 Meán Fómhair 2022, an chéad iniúchadh maidir le comhlíonadh mhodheolaíocht Scórchlár an Mhargaidh Aonair. Chuir an Ungáir an tuarascáil sin isteach an 7 Deireadh Fómhair 2022 agus, tar éis barúlacha a fháil ón gCoimisiún, chuir sí leagan críochnaitheach athbhreithnithe isteach an 3 Samhain 2022. Thángthas ar an gconclúid san iniúchadh go raibh an mhodheolaíocht a úsáideadh leordhóthanach agus i gcomhréir leis an modheolaíocht a d’úsáid Scórchlár an Mhargaidh Aonair, cé is moite d’eisceacht amháin, ar cheap EUTAF moladh ina leith. Bunaithe ar mheasúnú an 30 Samhain 2022 ón gCoimisiún agus ar na cúiseanna a sholáthraítear leis an measúnú sin, measann an Chomhairle go bhfuil na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme glactha ag an Ungáir de réir mar a cheanglaítear leis an mbeart feabhais.

(i)   Uirlis tuairiscithe tairisceana aonair a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt ar nósanna imeachta soláthair phoiblí arna ndúnadh trí thairiscintí aonair

(49)

Gheall an Ungáir uirlis faireacháin agus tuairiscithe nua a fhorbairt chun an sciar de nósanna imeachta soláthair a thomhas, faoin 30 Meán Fómhair 2022, ar nósanna imeachta iad a eascraíonn as tairiscintí aonair arna maoiniú ó acmhainní náisiúnta nó ó thacaíocht ón Aontas nó ón dá rud. Tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh, thug an Ungáir faoi roinnt céimeanna chun aghaidh a thabhairt ar na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme don bheart feabhais sin. Go háirithe, d’fhorbair an Ungáir uirlis faireacháin agus tuairiscithe nua a ndearnadh iniúchadh uirthi agus a fuarthas go bhfuil sé oibríochtúil, fheidhmiúil agus in ann faireachán a dhéanamh ar chóimheas na nósanna imeachta soláthair um thairiscintí aonair. I gcomhréir leis an mbeart feabhais, déanfar an uirlis tuairiscithe a fhorbairt a thuilleadh faoin 31 Nollaig 2022 chun sonraí maidir le tásca geografacha a áireamh. Bunaithe ar teachtaireacht ón gCoimisiúin an 30 Samhain 2022 agus ar na cúiseanna dá bhforáiltear ann, measann an Chomhairle go bhfuil na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme glactha ag an Ungáir agus gur forbraíodh an uirlis tuairiscithe ar thairiscintí aonair agus go bhfuil sé oibríochtúil de réir mar a cheanglaítear leis an mbeart feabhais.

(j)   An Córas Leictreonach Soláthair Phoiblí a fhorbairt chun trédhearcacht a mhéadú

(50)

Chun trédhearcacht sa soláthar poiblí a mhéadú, gheall an Ungáir bunachar sonraí a chruthú agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Chórais Leictreonaigh Soláthair Phoiblí, ina mbeadh faisnéis maidir le gach fógra dámhachtana conartha i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí i bhfoirm struchtúrtha, lena n-áirítear uimhreacha aitheantais cuideachta, ainm gach comhalta aonair sna cuibhreannais agus ainmneacha na bhfochonraitheoirí. Déanfar an bunachar sonraí sin a nuashonrú go rialta agus beidh sé ar fáil don phobal saor in aisce. Tar éis don Choimisiún an togra uaidh a thíolacadh, chuir an Ungáir in iúl don Choimisiún go raibh forbairt an bhunachair sonraí ag a bhfuil na feidhmiúlachtaí riachtanacha curtha i gcrích aici faoin 30 Meán Fómhair 2022. Bunaithe ar mheasúnú an Choimisiúin ar fheidhmiúlachtaí an bhunachair sonraí nua, measann an Chomhairle go bhfuil an Phríomhchéim Cur Chun Feidhme ábhartha déanta ag an Ungáir le haghaidh an bhirt sin agus gur chomhlíon sí é.

(k)   Creat measúnaithe feidhmíochta a fhorbairt lena measúnaítear éifeachtúlacht agus cost-éifeachtacht soláthar poiblí

(51)

Chun a gealltanas a chomhlíonadh maidir le creat measúnaithe feidhmíochta a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar chost-éifeachtacht soláthar poiblí faoin 30 Meán Fómhair 2022, a bheidh ag feidhmiú faoin 30 Samhain 2022, an 5 Meán Fómhair 2022 ghlac an Ungáir Cinneadh Rialtais 1425/2022. An 30 Samhain 2022, d’fhoilsigh an Ungáir doiciméad ar shuíomh gréasáin an Chórais Leictreonaigh Soláthair Phoiblí ina leagtar síos an creat measúnaithe feidhmíochta. Bunaithe ar an measúnú a rinne an Coimisiún ar an gcreat a leagtar síos i gCinneadh Rialtais 1425/2022, measann an Chomhairle go bhfuil an Phríomhchéim Cur Chun Feidhme ábhartha glactha ag an Ungáir agus gur chomhlíon sí a gealltanais i leith an bhirt sin.

(o)   Uirlis scórála riosca na Choimisiún, ARACHNE, a chur i bhfeidhm

(52)

A mhéid a bhaineann leis na hábhair imní a ardaíodh i dtaobh chumas na hUngáire feabhas a chur ar sheiceálacha coinbhleachtaí leasa maidir le húsáid chistí an Aontais, thug an Ungáir faoi nósanna imeachta a chur i bhfeidhm le haghaidh úsáid chórasach leathnaithe na bhfeidhmiúlachtaí uile de chuid na huirlise aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca (ARACHNE) a chuireann an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit le haghaidh aon tacaíochta ón Aontas agus le haghaidh na dtréimhsí clársceidealaithe uile, chun coinbhleachtaí leasa, calaois, éilliú, cistiú dúbailte agus neamhrialtachtaí eile a chosc agus a bhrath go héifeachtach. An 30 Meán Fómhair 2022, ghlac Rialtas na hUngáire Foraithne 373/2022 ón Rialtas agus Foraithne leasaitheach 374/2022, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna agus ina leagtar amach forálacha chun tarchur sonraí áirithe chuig ARACHNE ar bhonn rialta a áirithiú. Ar an lá céanna, tarchuireadh an chéad phacáiste sonraí chuig an uirlis ARACHNE. Bunaithe ar an measúnú ón gCoimisiún go leagtar amach i bhForaithne 373/2022 ón Rialtas agus i bhForaithne leasaitheach 374/2022 na rialacha mionsonraithe maidir le húsáid chórasach éifeachtach ARACHNE, measann an Chomhairle go bhfuil an Phríomhchéim Cur Chun Feidhme ábhartha glactha ag an Ungáir agus gur chomhlíon sí a gealltanais i leith an bhirt sin.

(p)   Comhar le OLAF a neartú

(53)

Gheall an Ungáir an comhar le OLAF a neartú, trí údarás inniúil náisiúnta a ainmniú chun cúnamh a thabhairt do OLAF le linn seiceálacha ar an láthair a dhéanamh san Ungáir nuair dhiúltaíonn oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir na seiceálacha sin comhoibriú. Thug an Ungáir gealltanas freisin smachtbhanna de chineál airgeadais a thabhairt isteach atá le forchur i gcás ina ndiúltaíonn oibreoir eacnamaíoch comhoibriú le OLAF chun críocha seiceálacha ar an láthair agus iniúchtaí OLAF. Tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh, an 4 Deireadh Fómhair 2022 ghlac an Tionól Náisiúnta Acht XXIX 2022 lenar leasaíodh an reachtaíocht atá ann cheana chun an Riarachán Náisiúnta Cánach agus Custaim a ainmniú mar an t-údarás náisiúnta inniúil chun cabhrú le OLAF agus chun smachtbhanna airgeadais athchomhairleach a thabhairt isteach a bheidh le forchur i gcás ina ndiúltóidh oibreoir eacnamaíoch comhoibriú le OLAF. Bunaithe ar an measúnú a rinne an Coimisiún, measann an Chomhairle go bhfuil na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme ábhartha glactha ag an Ungáir agus gur chomhlíon sí a gealltanais i leith an bhirt sin.

(q)   Gníomh reachtach a ghlacadh lena n-áirithítear trédhearcacht fheabhsaithe an chaiteachais phoiblí

(54)

Mar chuid den tacar beart feabhais, gheall an Ungáir gníomh reachtach a ghlacadh faoin 31 Deireadh Fómhair 2022 lena n-áiritheofar trédhearcacht fheabhsaithe an chaiteachais phoiblí trí oibleagáid a leagan amach do gach comhlacht poiblí tacar faisnéise réamhshainithe maidir le húsáid cistí poiblí a fhoilsiú go réamhghníomhach i gclár lárnach. Tar éis don Choimisiún an togra a thíolacadh, an 8 Samhain 2022 ghlac an Tionól Náisiúnta Gníomh XL 2022 a leasaíodh ina dhiaidh sin an 22 Samhain 2022 mar chuid den phacáiste seirbhíse. An 7 Nollaig 2022, glacadh leasú breise ar na forálacha maidir le nós imeachta riaracháin breise a bhunú le haghaidh trédhearcachta. Sa mheasúnú ón gCoimisiún cinneadh gur ghlac an Ungáir na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme a bhí ag teastáil, in ainneoin moill ar a gcur chun feidhme. Mar sin féin, ar bhonn an mheasúnaithe ón gCoimisiún mar a tugadh cothrom le dáta é an 9 Nollaig 2022, tá laigí fós sa chreat rialála a bhaineann an bonn dá éifeachtacht, go háirithe an easpa oibleagáide ar gach údarás conarthach faisnéis a fhoilsiú in éagmais sonraí maidir leis an “comhlacht atá freagrach” as caiteachas poiblí, údarás conarthach nó soláthraithe seirbhíse, soláthróirí, agus soláthraithe acmhainneachta sa tacar íosta sonraí atá le huaslódáil sa chlár lárnach.

(55)

Go hachomair, ghlac an Ungáir roinnt céimeanna chun aghaidh a thabhairt ar na Príomhchéimeanna Cur Chun Feidhme (reachtacha agus neamhreachtacha) a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Meabhrán Míniúcháin, agus féadfar a mheas go bhfuil cuid mhaith de na gealltanais a thug an Ungáir sna bearta feabhais comhlíonta, mar a leagtar amach thuas. Ní dochar na measúnuithe dearfacha sin d’fhorbairtí breise i ndáil leis na bearta feabhais sin ar gá a bheith réasúnaithe sa chleachtas nó a éilíonn tréimhse cur chun feidhme níos faide i gcomhréir leis na gealltanais a thug an Ungáir.

(56)

Mar sin féin, tá laigí tábhachtacha, rioscaí agus easnaimh fós i roinnt beart feabhais. Go háirithe, leanann laigí suntasacha de bheith ag baint an bhoinn go mór de leordhóthanacht na mbeart feabhais a bhfuil cineál cothrománach, struchtúrach agus córasach acu agus atá ríthábhachtach chun na sáruithe córasacha ar phrionsabail an smachta reachta a bhaineann le soláthar poiblí, éifeachtacht na gníomhaíochta ionchúisimh agus comhrac an éillithe san Ungáir a leigheas. Dá bhrí sin, cuireann na laigí sin éifeachtacht na mbeart feabhais a rinneadh ina n-iomláine i mbaol.

(57)

Agus aird á tabhairt ar chineál cothrománach, struchtúrach agus córasach na mbeart atá fós le comhlíonadh, ní leor go bhfuil roinnt gealltanas comhlíonta go sásúil ag an Ungáir i ndáil le bearta feabhais ceartaitheacha eile chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta agus an tionchar atá acu nó ar baol a bheith acu ar bhuiséad an Aontais. Mar a shoiléirigh an Coimisiún ina mheasúnú nuashonraithe an 9 Nollaig 2022, cé is moite den bheart feabhais a bhaineann le fondúireachtaí bainistithe sócmhainní leasa phoiblí, ní mór na bearta feabhais a mheasúnú ina n-iomláine, mar phacáiste domhanda, i bhfianaise a leordhóthanacht fhoriomlán chun deireadh a chur leis an staid agus ar bhonn measúnú a bheadh ní hamháin cainníochtúil ach cáilíochtúil freisin.

(58)

Mar thoradh air sin, i bhfianaise an mheasúnaithe a rinneadh thuas, ba cheart a chinneadh maidir leis na bearta feabhais ar thug an Ungáir fógra fúthu, ina n-iomláine, mar a glacadh iad agus i bhfianaise a sonraí agus na héiginnteachta a leanann as iad a chur i bhfeidhm sa chleachtas, nach gcuireann siad deireadh leis na sáruithe aithníodh ar phrionsabail an smachta reachta. Toisc go dtagraíonn na cásanna neamhchomhlíonta a sainaithníodh do sháruithe de chineál córasach, déanann siad difear den chuid is mó do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach leordhóthanach díreach.

(59)

I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, tá sí le bearta a ghlacadh ar leibhéal iomchuí chun a áirithiú go gcosnófar buiséad an Aontais ar an tionchar iarbhír nó ar an tionchar féideartha a eascraíonn as na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a sainaithníodh.

(60)

I bhfianaise na sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta a sainaithníodh sa Chinneadh seo, agus i bhfianaise a dtionchair shuntasaigh ar bhuiséad an Aontais, agus ós rud é go bhfuil laigí suntasacha ag baint leis na bearta feabhais a ghlac an Ungáir go dtí seo, ar laigí iad a chuireann isteach go mór ar a leordhóthanacht chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin, measann an Chomhairle go bhfuil an riosca a leanann as sin do bhuiséad an Aontais fós ard. De réir Aithris (18) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, ba cheart méid comhair an Bhallstáit lena mbaineann a chur san áireamh go cuí agus na bearta atá le glacadh á gcinneadh. Mheas an Coimisiún ar dtús gur comhfhogasú réasúnta é go bhfuil riosca don bhuiséad maidir le 65 % de chistí na gclár lena mbaineann. Ach, i bhfianaise líon agus thábhacht na mbeart feabhais atá curtha chun feidhme go sásúil ag an Ungáir chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe a sainaithníodh ar phrionsabail an smachta reachta, ba “comhfhogasú réasúnta” é a shuíomh go bhfuil riosca don bhuiséad maidir le 55 % de na cláir lena mbaineann. Dá réir sin, ba cheart 55 % de na gealltanais sna cláir lena mbaineann a chur ar fionraí, a luaithe a fhormheasfar iad. Is féidir an leibhéal sin a mheas mar chomhfhogasú réasúnta ar an tionchar a bheadh ag na sáruithe a sainaithníodh ar phrionsabal an smachta reachta ar bhuiséad an Aontais, nó ar na rioscaí tromchúiseacha a bhaineann leis, agus méid comhair na hUngáire le linn an nós imeachta de thoradh na mbeart feabhais á chur san áireamh, agus dá bhrí sin tá sé comhréireach i bhfianaise an chuspóra a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, i.e. buiséad an Aontais a chosaint.

(61)

A mhéid a bhaineann leis an rogha as na cineálacha éagsúla beart dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, measann an Chomhairle go dtabharfaidh fionraí na ngealltanas buiséadach a eascraíonn as na cláir lena mbaineann, ach a bhformheasfar iad, cosaint éifeachtach thráthúil do bhuiséad an Aontais trí chosc a chur ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta a shainaithnítear sa Chinneadh seo difear a dhéanamh don bhuiséad a leithdháiltear ar na clár lena mbaineann. Ag an am céanna, le fionraí na ngealltanas buiséadach, is féidir leis an Ungáir fós tús a chur leis na cláir sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, agus dá bhrí sin caomhnaítear cuspóirí an bheartais comhtháthaithe agus seasamh na dtairbhithe deiridh. Thairis sin, murab ionann agus bearta eile a d’fhéadfadh a bheith ann, is de chineál sealadach é gealltanais bhuiséadacha a chur ar fionraí agus níl éifeachtaí cinntitheacha aige i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092. Dá bhrí sin, is féidir deireadh a chur leis an mbeart faoin nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal sin gan cistiú ón Aontas a chailleadh, ar choinníoll go ndéanfar an cás a leigheas go hiomlán laistigh de 2 bhliain. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is leor, dá bhrí sin, an beart a roghnaíodh chun buiséad an Aontais a chosaint agus, ag an am céanna, is é an beart is lú ualach é, agus cúinsí an cháis á gcur san áireamh.

(62)

Maidir leis na sáruithe a sainaithníodh i ndáil le hiontaobhais leasa phoiblí, tá laigí ag baint leis an gcreat rialála san Ungáir, mar a leagtar amach thuas, rud a chiallaíonn nár leigheasadh an baol coinbhleachta leasa a raibh sé beartaithe aghaidh a thabhairt air leis an mbeart feabhais. I bhfianaise neamh-leordhóthanacht an bhirt feabhais, is ann fós do riosca tromchúiseach do bhuiséad an Aontais agus is fearr a thabharfar aghaidh air sin trí chosc ar ghealltanais nua dhlíthiúla a thabhairt i gcrích le haon iontaobhas leasa phoiblí agus aon eintiteas arna chothabháil acu faoi aon chlár faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Ní dhéanann beart den sórt sin difear do leithdháiltí foriomlána cistí ó chláir de chuid an Aontais faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach, ar féidir iad a úsáid fós le haghaidh eintitis eile agus, dá bhrí sin, is leor é chun buiséad an Aontais a chosaint agus, ag an am céanna, tá sé comhréireach leis an méid a bhfuil fíorghá leis chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(63)

De bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, ní dhéanann an Cinneadh seo difear d’oibleagáidí na hUngáire na cláir agus cistí lena mbaineann an Cinneadh seo a chur chun feidhme, agus go háirithe a hoibleagáidí i leith na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh, lena n-áirítear an oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh faoi na rialacha earnáilsonracha nó airgeadais is infheidhme. Ní mór don Ungáir tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún ar a mhéid a chomhlíonann siad na hoibleagáidí sin gach 3 mhí ó ghlacadh an Chinnidh sin.

(64)

Ba cheart don Ungáir an Coimisiún a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme na mbeart feabhais atá geallta aici, agus go háirithe na bearta sin ar gá a bheith réasúnaithe sa chleachtas nó a éilíonn tréimhsí cur chun feidhme níos faide.

(65)

Ba cheart don Choimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid san Ungáir agus a shainchumais a fheidhmiú, de réir mar is iomchuí, faoin Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh go pras ar aon fhorbairt maidir le cur chun feidhme na mbeart feabhais arna moladh ag an Ungáir chun na tograí is gá a chur faoi bhráid na Comhairle gan mhoill chun na bearta faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 a bhaint i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha lena nglacadh a thuilleadh. Ba cheart don Choimisiún an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Comhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 le haghaidh bearta iomchuí a ghlacadh chun buiséad an Aontais a chosaint ar sháruithe ar phrionsabail an smachta reachta san Ungáir.

2.   Níl na bearta feabhais arna moladh ag an Ungáir ar bhonn Airteagal 6(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 go hiomlán leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí a leagtar amach san fhógra ón gCoimisiún a seoladh chuig an Ungáir an 27 Aibreán 2022.

Airteagal 2

1.   Cuirfear ar fionraí 55 % de na gealltanais bhuiséadacha faoi na cláir oibríochtúla seo a leanas sa Bheartas Comhtháthaithe, a luaithe a fhormheasfar iad:

(a)

Clár Oibríochtúil um an gComhshaol agus um Éifeachtúlacht Fuinnimh Plus;

(b)

Clár Oibríochtúil Comhtháite um Iompar Plus;

(c)

Clár Oibríochtúil um Fhorbairt Chríochach agus Lonnaíochta Plus.

2.   I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme i mbainistíocht dhíreach nó indíreach de bhun Airteagal 62(1), pointí (a) agus (c), de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, ní dhéanfar aon ghealltanais dhlíthiúla le haon iontaobhas leasa phoiblí arna bhunú ar bhonn Acht IX na hUngáire de 2021 nó le haon eintiteas arna chothabháil ag iontaobhas leasa phoiblí den sórt sin.

Airteagal 3

Cuirfidh an Ungáir an Coimisiún ar an eolas faoin 16 Márta 2023, agus gach 3 mhí ina dhiaidh sin, faoi cur chun feidhme na mbeart feabhais ar ina leith a thug an Ungáir gealltanas sa dara freagra uaithi, lena n-áirítear na gealltanais bhreise a áirítear i litir na hUngáire dar dáta an 13 Meán Fómhair 2022.

Airteagal 4

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 5

Is chuig an Ungáir a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  IO L 433I, 22.12.2020, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

(3)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(4)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).