13.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 319/84


CINNEADH (CBES) 2022/2443 ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2022

lena leasaítear Cinneadh 2010/96/CBES maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 15 Feabhra 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/96/CBES (1), lena mbunaítear misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint a chur ar fhórsaí slándála na Somáile (EUTM Somalia).

(2)

An 10 Nollaig 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/2032 (2), lena gcuirtear síneadh le sainordú EUTM Somalia go dtí an 31 Nollaig 2022.

(3)

I gcomhthéacs an Athbhreithnithe Straitéisigh Iomlánaigh ar rannpháirtíocht CBSC sa tSomáil agus i gCorn na hAfraice, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála go gcuirfí síneadh breise le sainordú EUTM Somalia go dtí an 31 Nollaig 2024.

(4)

Ba cheart Cinneadh 2010/96/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2010/96/CBES mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Tacóidh EUTM Somalia, go háirithe, le forbairt an Chórais Oiliúna atá faoi úinéireacht na Somáile d’fhonn freagracht as an oiliúint a thabhairt de réir a chéile do SNAF, i bprionsabal, faoi dheireadh 2024. Déanfaidh EUTM Somalia meantóireacht ar an oiliúint atá faoi úinéireacht na Somáile agus a chuireann an tSomáil ar fáil agus coinneoidh sé a acmhainneacht chun na haonaid atá oilte aige a rianú agus a mheasúnú.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

“3a.   Cuirfidh EUTM Somalia tacaíocht ar fáil freisin, de réir mar is gá agus laistigh dá acmhainní agus dá chumais, do ghníomhaithe eile de chuid an Aontais agus a sainorduithe faoi seach á gcur chun feidhme acu i réimse na slándála agus na cosanta sa tSomáil, go háirithe do EUCAP Somalia, arna bhunú le Cinneadh 2014/389/CBES ón gComhairle (*1), maidir le hidir-inoibritheacht idir SNAF agus fórsaí póilíneachta na Somáile. Thairis sin, déanfaidh EUTM Somalia tacaíocht a chuirtear ar fáil leis an tSaoráid Eorpach Síochána a éascú, arna bhunú le Cinneadh 2021/509/CBES ón gComhairle (*2), go háirithe trí chomhairle a chur ar SNAF maidir leis an gcúnamh a éilítear a shainaithint, mar aon leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus na Ballstáit maidir leis an gcúnamh sin a thabhairt.

(*1)  Cinneadh 2012/389/CBES an 16 Iúil 2012 maidir le Misean an Aontais Eorpaigh um Fhothú Acmhainneachta sa tSomáil (EUCAP Somalia) (IO L 187, 17.7.2012, lch. 40)."

(*2)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).”;"

(2)

leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Riarfar costais choiteanna mhisean míleata an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509.”;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“9.   EUR 29 802 052 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh na gcostas coiteann a bhaineann le misean míleata an Aontais ar feadh na tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2024. 0 % a bheidh sa chéatadán den mhéid tagartha sin dá dtagraítear in Airteagal 51(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509 do ghealltanais, agus 0 % a bheidh sa chéatadán d'íocaíochtaí.”;

(3)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:

“2.   Cuirfear deireadh le sainordú mhisean míleata an Aontais an 31 Nollaig 2024.

3.   Déanfar an Cinneadh seo a aisghairm amhail ó dháta dúnta Cheanncheathrú an Aontais, na hoifige idirchaidrimh agus tacaíochta in Nairobi agus na cille tacaíochta sa Bhruiséil, i gcomhréir leis na pleananna arna bhformheas chun misean míleata an Aontais a fhoirceannadh, agus gan dochar do na nósanna imeachta maidir le cuntais mhisean míleata an Aontais a iniúchadh agus a thíolacadh, a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2021/509.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2010/96/CBES ón gComhairle an 15 Feabhra 2010 maidir le misean míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le hoiliúint Fhórsaí Slándála na Somáile (IO L 44, 19.2.2010, lch. 16).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/2032 ón gComhairle an 10 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh 2010/96/CBES maidir le Misean Míleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le hoiliúint fhórsaí slándála na Somáile (IO L 419, 11.12.2020, lch. 28).