13.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 319/83 |
CINNEADH (CBES) 2022/2442 ÓN gCOMHAIRLE
an 12 Nollaig 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/151 maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le haslonnú daoine fíorleochaileacha áirithe ón Afganastáin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 3 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/151 ón gComhairle (1). |
(2) |
Ón 1 Meitheamh 2021 ar aghaidh, tá an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) tar éis aslonnú Afganastánach a eagrú agus a bhainistiú, go háirithe iad siúd a d’oibrigh d’Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin, arna cheapadh le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/875/CBES ón gComhairle (2), nó do EUPOL AFGANASTÁIN, arna bhunú le Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/369/CBES ón gComhairle (3), chomh maith le haslonnú Afganastánach fíorleochaileach eile a chomhoibrigh leis an Aontas, agus a ngarghaolta cleithiúnacha. |
(3) |
Rinne SEGS liosta de na daoine atá incháilithe d’aslonnú faoi Chinneadh (CBES) 2022/151 (“an liosta”) a bhunú agus a nuashonrú. |
(4) |
Mar gheall ar chúrsaí san Afganastáin, ní féidir daoine atá ar an liosta, atá fós i mbaol agus iad san Afganastáin, a aslonnú faoin 31 Nollaig 2022. |
(5) |
Ba cheart síneadh a chur leis an ngníomhaíocht faoi Chinneadh (CBES) 2022/151 go dtí an 31 Nollaig 2023 chun aslonnú na ndaoine fíorleochaileacha atá ar an liosta a chumasú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2022/151, san abairt réamhráiteach, cuirtear an dáta “31 Nollaig 2022” in ionad an dáta “31 Nollaig 2023”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2022/151 ón gComhairle an 3 Feabhra 2022 maidir le gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le haslonnú daoine fíorleochaileacha áirithe ón Afganastáin (IO L 25, 4.2.2022, lch. 11).
(2) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2001/875/CBES ón gComhairle an 10 Nollaig 2001 a bhaineann le hIonadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh a cheapadh (IO L 326, 11.12.2001, lch. 1).
(3) Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2007/369/CBES ón gComhairle an 30 Bealtaine 2007 maidir le Misean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL AFGANASTÁIN) a bhunú (IO L 139, 31.5.2007, lch. 33).