13.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 319/66


CINNEADH (AE) 2022/2439 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Nollaig 2022

lena n-údaraítear do na Ballstáit, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, glacadh le haontachas na nOileán Filipíneach le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 81(3) i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (b), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá sé socraithe ag an Aontas gur ceann dá chuspóirí é cearta an linbh a chur chun cinn, mar a luaitear in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is cuid riachtanach den bheartas sin iad bearta chun leanaí a chosaint ar aistriú éagórach nó ar choinneáil éagórach.

(2)

Ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2019/1111 (2) (“Rialachán IIb na Bruiséile”), a bhfuil sé d’aidhm aige leanaí a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha de dheasca aistrithe éagóracha nó coinneáil éagórach agus nósanna imeachta a bhunú chun a áirithiú go dtugtar leanaí ar ais go pras go dtí an Stát ina bhfuil gnáthchónaí orthu, agus chun cosaint na gceart rochtana agus na gceart coimeádta a áirithiú chomh maith.

(3)

Le Rialachán IIb na Bruiséile, comhlánaítear agus treisítear Coinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí (“Coinbhinsiún na Háige 1980”) lena mbunaítear, ar an leibhéal idirnáisiúnta, córas oibleagáidí agus comhair idir Stáit Chonarthacha agus idir údaráis lárnacha agus go bhfuil sé mar aidhm aige a áirithiú go ndéanfar leanaí a aistríodh nó a coinníodh go héagórach a thabhairt ar ais go pras.

(4)

Is páirtithe iad na Ballstáit uile i gCoinbhinsiún na Háige 1980.

(5)

Molann an tAontas do thríú stáit aontú le Coinbhinsiún na Háige 1980 agus tacaíonn sé le cur chun feidhme ceart Choinbhinsiún na Háige 1980 trí pháirt a ghlacadh, in éineacht leis na Ballstáit, inter alia, sna coimisiúin speisialta arna n-eagrú ar bhonn rialta ag Comhdháil na Háige um an Dlí Príobháideach Idirnáisiúnta.

(6)

D’fhéadfadh sé gur chreat coiteann dlíthiúil infheidhme idir Ballstáit agus tríú stáit é an réiteach is fearr ar chásanna íogaire a bhaineann le fuadaigh idirnáisiúnta leanaí.

(7)

Sonraítear i gCoinbhinsiún na Háige 1980 go mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún idir an Stát aontach agus na Stáit Chonarthacha sin a mbeidh sé dearbhaithe acu go nglacann siad leis an aontachas.

(8)

Le Coinbhinsiún na Háige 1980 ní cheadaítear d’eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú eacnamaíoch, amhail an tAontas, a bheith ina bpáirtithe ann. Dá bhrí sin, ní féidir leis an Aontas aontú le Coinbhinsiún na Háige 1980, ná ní féidir leis dearbhú glactha a thaisceadh i ndáil le Stát aontach ach oiread.

(9)

De réir Thuairim 1/13 ó Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (3), is faoi inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais a thagann dearbhuithe glactha faoi Choinbhinsiún na Háige 1980.

(10)

Rinne na hOileáin Fhilipíneacha a n-ionstraim aontachais le Coinbhinsiún na Háige 1980 a thaisceadh an 16 Márta 2016. Tháinig Coinbhinsiún na Háige 1980 i bhfeidhm do na hOileáin Fhilipíneacha an 1 Meitheamh 2016.

(11)

Ba é ba chonclúid do mheasúnú ar an staid sna hOileáin Fhilipíneacha go bhfuil na Ballstáit in ann, ar mhaithe leis an Aontas, glacadh le haontachas na nOileán Filipíneach faoi théarmaí Choinbhinsiún na Háige 1980.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, na Ballstáit a údarú a ndearbhú glactha le haontachas na nOileán Filipíneach a thaisceadh, ar mhaithe leis an Aontas i gcomhréir leis na téarmaí a leagtar amach sa Chinneadh seo.

(13)

Tá Éire faoi cheangal ag Rialachán IIb na Bruiséile agus, dá bhrí sin, tá sí rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo.

(14)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear leis seo do na Ballstáit glacadh le haontachas na nOileán Filipíneach le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar mhaithe leis an Aontas.

2.   Déanfaidh na Ballstáit, tráth nach déanaí ná an 9 Nollaig 2023, dearbhú glactha a thaisceadh maidir le haontachas na nOileán Filipíneach le Coinbhinsiún na Háige 1980 ar mhaithe leis an Aontas, agus an fhoclaíocht seo a leanas ann:

“Dearbhaíonn [ainm iomlán AN BHALLSTÁIT] go nglacann sé le haontachas na nOileán Filipíneach le Coinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí, i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2022/2439 ón gComhairle”.

3.   Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún maidir lena ndearbhuithe glactha i ndáil le haontachas na nOileán Filipíneach a thaisceadh agus cuirfidh na Ballstáit téacs na ndearbhuithe sin in iúl don Choimisiún laistigh de 2 mhí tar éis iad a thaisceadh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

V. RAKUŠAN


(1)  IO C 224, 8.6.2022, lch. 159.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí (IO L 178, 2.7.2019, lch. 1).

(3)  ECLI:EU:C:2014:2303.