|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
“136.
|
JEBELLI Peyman
پیمان جبلی
|
Dáta breithe: 25.1.1967
Áit bhreithe: Tehran (Iran)
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Stiúrthóir Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB)
|
Is é Peyman Jebelli Stiúrthóir Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB), eagraíocht a bhfuil droch-cháil air as bheith ag bolscaireacht ar son an réimis atá i gcumhacht.
Cuireann IRIB srian daingean le saorghluaiseacht faisnéise, agus séanann sé an tsaorghluaiseacht faisnéise chéanna ar mhuintir na hÚcráine. Anuas air sin, tá IRIB páirteach go gníomhach in ‘admhálacha’ faoi éigeantas a bhaintear as lucht cáinte an réimis a eagrú agus a chraoladh, agus iad bainte astu trí imeaglú agus foréigean fíorghéar. Is minic a chraoltar na ‘hadmhálacha’ seo tar éis agóidí poiblí, nó roimh bhású mar bhealach le frithfhreagairt an phobail a laghdú. Agus é ina stiúrthóir ar IRIB, tá Jebelli freagrach as gníomhaíochtaí agus ábhar nuachta na heagraíochta sin.
|
12.12.2022
|
|
|
|
Cé gur éirigh roinnt de phearsanra cáiliúil craolacháin an stáit as a bpost le déanaí agus iad ag cáineadh fhreagairt fhoréigneach réimeas na hIaráine ar agóidí 2022, leanann Jebelli dá chúram mar atá. Bhí a cheapachán mar stiúrthóir phríomhfhoinse nuachta oifigiúil na hIaráine fógartha ag an gCeannaire Uachtarach Ali Khamenei, rud a thugann le fios go bhfuil luí idé-eolaíoch aige leis an réimeas.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
|
137.
|
REZVANI Ali
رضوانی علی
|
Dáta breithe: 1984
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Tuairisceoir agus láithreoir nuachta de chuid Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) maidir le cúrsaí polaitíochta agus slándála
|
Oibríonn Ali Rezvani mar thuairisceoir don Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) agus tá sé ina láithreoir nuachta ar an gclár nuachta 20.30 a bhíonn ar IRIB istoíche.
Is eagraíocht meán Iaránach é IRIB atá faoi smacht an stáit agus a bhfuil sé de chúram air faisnéis an rialtais a scaipeadh. Is é clár nuachta nuacht 20.30 IRIB ar Channel 2, príomchlár nuacht na tíre, agus meastar gurb é príomhardán IRIB chun cláir oibre na bhfórsaí slándála a chur chun feidhme, lena n-áirítear an Ministry of Intelligence (MOIS) agus an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC). Léirítear i gcásanna a bhfuil taifead déanta orthu go gcraolann nuacht 20.30 admhálacha faoi éigeantas.
|
12.12.2022
|
|
|
|
Ina cháil mar thuairisceoir de chuid IRIB, glacann Ali Rezvani páirt sa cheastóireacht a mbíonn admhálacha éigeantacha mar thoradh uirthi, agus bíonn sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine á ndéanamh agus á n-éascú go díreach aige dá bharr sin. Ina cháil mar láithreoir nuachta nuacht 20.30, cuireann Rezvani clár oibre fhórsaí slándála na hIaráine chun cinn, ina gceadaítear sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, amhail céastóireacht, chomh maith le gabháil agus coinneáil threallach. Bíonn Rezvani ag bolscaireacht chomh maith i gcoinne lucht cáinte an réimis chun imeaglú a dhéanamh orthu agus chun údar maith agus spreagadh a thabhairt le go gcaithfí go dona leo, rudaí a sháraíonn a gceart chun saoirse tuairimí a nochtadh.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
|
138.
|
ZABIHPOUR Ameneh Sadat
ذبیح پور آمنه سادات
|
Dáta breithe: 7.8.1984
Áit bhreithe: Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: baineann
Feidhm: Tuairisceoir de chuid an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB) agus ceann an ghrúpa meán eachtrach Peirsise ag IRIB atá ann
Uimh. Pas: 09324611
|
Tá Ameneh Sadat Zabihpour ina cheann ar an ngrúpa meán eachtrach Peirsise ag IRIB a bhfuil droch-cháil air as bheith ag bolscaireacht ar son an réimis atá i gcumhacht.
Cuireann IRIB srian daingean le saorghluaiseacht faisnéise, agus séanann sé an tsaorghluaiseacht faisnéise chéanna ar mhuintir na hÚcráine. Anuas air sin, tá IRIB páirteach go gníomhach in ‘admhálacha’ faoi éigeantas a bhaintear as lucht cáinte an réimis a eagrú agus a chraoladh, agus iad bainte astu trí imeaglú agus foréigean fíorghéar. Is minic a chraoltar na ‘hadmhálacha’ seo tar éis agóidí poiblí, nó roimh bhású mar bhealach le frithfhreagairt an phobail a laghdú.
Cé gur éirigh roinnt de phearsanra cáiliúil craolacháin an stáit as a bpost le déanaí agus iad ag cáineadh fhreagairt fhoréigneach réimeas na hIaráine ar agóidí 2022, leanann Zabihpour dá cúram mar atá. Tá ceastóireacht curtha aici ar lucht cáinte an réimis agus físeáin déanta aici d’admhálacha éigeantacha.
Tá sí freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
139.
|
KHATAMI Seyyed Ahmad
خاتمی سید احمد
|
Dáta breithe: 8.5.1960
Áit bhreithe: Semnan, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Imam le haghaidh phaidreoireacht na hAoine, Comhalta den Assembly of Experts for the Leadership
|
Is cléireach antoisceach é Seyyed Ahmad Khatami, chomh maith lena bheith ina imam le haghaidh phaidreoireacht na hAoine in Tehran a bhfuil tionchar mór aige. Tá Khatami ina chomhalta chomh maith den Assembly of Experts for the Leadership, eintiteas Iaránach a bhfuil baint aige féin le sáruithe ar chearta an duine mar gheall ar an gcaoi a bhfuil teipthe aige seasamh le forálacha bunreachtúla.
Agus é ina chléireach a bhfuil dlúthbhaint aige le húdaráis an stáit agus a bhfuil lucht leanúna mór aige, baineann sé leas as an stádas atá aige chun ionsaithe ó bhéal a dhéanamh ar agóideoirí agus foréigean a ghríosú ina gcoinne. Ní hamháin go gcosnaíonn sé gníomhaíochtaí cos ar bholg fhórsaí slándála na hIaráine, ach i roinnt cásanna, bhí sé ag tathant orthu a bheith anuas ar na hagóideoirí ar bhealach níos déine, agus pionós an bháis á mholadh aige i measc nithe eile.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
140.
|
MIRAHMADI Seyyed Majid
مجید سید میراحمدی
|
Áit bhreithe: Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine
|
Is an Briogáidire-Ghinearál Seyyed Majid Mirahmadi Leas-Aire Gnóthaí Baile na hIaráine, agus é freagrach as fórsaí slándála agus póilíní na hIaráine a mhaoirsiú, ar dreamanna iad atá páirteach i sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
Déanann fórsaí slándála agus póilíní na hIaráine cos ar bolg foréigneach ar agóidí, agus iad ag scaoileadh go díreach le hagóideoirí síochánta agus ag gabháil daoine go treallach, gan aird ar bith acu ar chearta na ndaoine sin.
Sna ráitis uaidh, déanann Mirahmadi tagairt do na hagóidí mar chíréibeacha ar gá deireadh a chur leo, agus tugann le fios, agus é ag bagairt orthu, gur coirpigh iad na daoine a ghlacann páirt sna hagóidí síochánta. Tá na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá déanta ag na fórsaí atá faoina smacht á gceilt go pearsanta aige; mar shampla, trína bheith ag maíomh gur chuir an t-agóideoir 16 bliana d’aois darb ainm Nika Shakrami lámh ina bás féin. Tugtar le fios sna tuairiscí gur rídhócha gur mharaigh na fórsaí slándála í.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
141.
|
MOUSAVI Sayyed Abdolrahim
موسوی سید عبدالرحیم
|
Dáta breithe: 1959/1960
Áit bhreithe: Qom, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Maor-Ghinearál
Feidhm: Ard-Cheannasaí Arm na hIaráine
|
Is é an Maor-Ghinearál Sayyed Abdolrahim Mousavi Ard-Cheannasaí Arm na hIaráine. Sa cháil sin, tá freagracht air as rannpháirtíocht Arm na hIaráine i bhfreagairt fhoréigneach an réimis ar agóidí 2022.
Chuir Mousavi síos roinnt uaireanta ar na hagóidí san Iaráin mar chíréibeacha a bhí eagraithe agus pleanáilte ag naimhde na hIaráine, agus é ag tabhairt le fios gur bagairt ar an tslándáil náisiúnta a bhí sna hagóidí céanna. Labhair sé go bagrach chomh maith i gcoinne daoine atá páirteach sa ghluaiseacht agóidíochta. Anuas air sin, mhol freagairt fhoréigneach fhórsaí slándála na hIaráine ar na hagóideoirí, agus é ag rá gur bealach éifeachtach é le naimhde na hIaráine a dhíothú.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
142.
|
BORMAHANI Mohsen
محسن برمهانی
|
Dáta breithe: 24.5.1979
Áit bhreithe: Neishabur, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Uimh. Pas: A54062245 (an Iaráin), a rachaidh in éag an 12 Iúil 2026
Uimh. Cárta Aitheantais Náisiúnta: 1063893488 (an Iaráin)
Feidhm: Leas-Stiúrthóir Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB)
|
Is é Mohsen Bormahani Leas-Stiúrthóir an Islamic Republic of Iran Broadcasting (IRIB), a bhíonn ag bolscaireacht ar son an réimis atá i gcumhacht.
Sa cháil atá aige, tá Bormahani freagrach as inneachar IRIB. Cuireann IRIB srian daingean le saorghluaiseacht faisnéise, agus séanann sé an tsaorghluaiseacht faisnéise chéanna ar mhuintir na hÚcráine. Anuas air sin, tá IRIB páirteach go gníomhach in ‘admhálacha’ faoi éigeantas a bhaintear as lucht cáinte an réimis a eagrú agus a chraoladh, agus iad bainte astu trí imeaglú agus foréigean fíorghéar. Is minic a chraoltar na ‘hadmhálacha’ seo tar éis agóidí poiblí, nó roimh bhású mar bhealach le frithfhreagairt an phobail a laghdú.
Cé gur éirigh roinnt de phearsanra cáiliúil craolacháin an stáit as a bpost le déanaí agus iad ag cáineadh fhreagairt fhoréigneach réimeas na hIaráine ar agóidí 2022 san Iaráin, leanann Bormahani dá chúram mar Leas-Stiúrthóir agus tá cosaint déanta aige ar an réimeas sna ráitis is déanaí uaidh.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
143.
|
JOKAR Morteza
جوکار مرتضا
(ar a dtugtar freisin JOWKAR Morteza)
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: Leas-Cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Sistan agus Baluchestan
|
Is é an Coirnéal Morteza Jokar Leas-Cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Sistan agus Baluchestan.
Sa bhfeidhm sin, tá sé freagrach as an gcniogbheartaíocht fhoréigneach a stiúradh ar agóideoirí sibhialta i gCúige Sistan agus Baluchestan tar éis bhás Mahsa Amini i mí Mheán Fómhair 2022. Tá fórsaí faoina cheannas freagrach as armlón beo a scaoileadh ag agóideoirí le linn sléacht an 30 Meán Fómhair 2022 in Zahedan agus sléacht an 4 Samhain 2022 in Khash, inar maraíodh agus inar gortaíodh na scórtha daoine. Rinneadh cniogbheartaíocht fhoréigneach eile ar agóidí i gcathracha cúigeacha eile (Saravan, Chabahar, Iranshahr, Rask, Sarbaz agus eile) a bhí faoi smacht aige freisin i bhfómhar 2022.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
144.
|
SOURI Majid
سوری مجید
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: Leas-Cheannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Lorestan
|
Tá an Coirnéal Majid Souri ina Leas-Cheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Lorestan.
Tá sé freagrach as an gcur faoi chois foréigneach a rinne na fórsaí slándála ar agóidí in 2022, go háirithe i gcathair Khorramabad, áit ar tháinig daoine le chéile chun bás Nika Shakrami a chaoineadh, déagóir ón Iaráin, a fuadaíodh go luath tar éis bhás Mahsa Amini.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
145.
|
KARIMI Mohsen
کریمی محصن
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Markazi
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Mohsen Karimi ina cheann ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Markazi.
Tá sé freagrach as cur faoi chois foréigneach na bhfórsaí slándála ar agóidí in 2022, as ar eascair freisin bás Mehrshad Shahidi, a bhí 19 mbliana d’aois, in ionad coinneála IRGC in Arak.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
146.
|
HEYDARNIA Alireza
حیدرنیا علیرضا
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Alborz
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Alireza Heydarnia ina Cheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Alborz.
Tá IRGC freagrach as agóideoirí a chur faoi chois go foréigneach, go háirithe i gcathair Karaj, i gcúige Alborz, in 2022. Sa chathair sin, rinne fórsaí slándála cniogbheartaíocht ar lucht agóide ar ócáid slógaí chun ómós a thabhairt d’íospartaigh na n-agóidí ag an 40ú lá tar éis a mbáis. An 17 Deireadh Fómhair 2022, d’fhuadaigh fórsaí slándála in Karaj Armita Abbasi, cailín 20 bliain d’aois, a fhuadach ón ospidéal agus rinne siad éigniú uirthi arís agus arís eile.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
147.
|
GARSHASBI Amanollah
گرشاسبی امانالله
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Leas-Cheannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Sistan agus Baluchestan
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Amanollah Garshasbi ina leas-cheannasaí ar an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Sistan agus Baluchestan. Tá an cór cúigeach, Salaman, faoina cheannas.
Is sa chúige Sistan agus Baluchestan a chonacthas an chuid is foréigní den chniogbheartaíocht a rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear fórsaí IRGC, le linn agóidí 2022. An 30 Meán Fómhair 2022, ba i Zahedan, príomhchathair an chúige, a tharla an eachtra ‘Aoine na fola’, nuair a scaoil fórsaí slándála urchair ar agóid a bhí ag dul ar aghaidh ag am phaidir na hAoine i Zahedan. Meastar gur lámhachadh agus gur maraíodh 70 agóideoir ar a laghad. Leanadh den fhoréigean i gcoinne rannpháirtithe in agóidí ó shin i leith.
Tá Garshasbi freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
148.
|
REYHANI Bahman
بهمن ریحانی
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Leas-Cheannasaí chór an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) in iarthair na hIaráine, atá freagrach as cúige ;Kermanshah’.
|
Is é an Briogáidire-Ghinearál Bahman Reyhani leas-cheannasaí an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i West of Iran, agus tá sé freagrach as cúige Kermanshah. Tá an cór cúigeach, Hazrat Nabi Akram faoina cheannas.
Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Kermanshah le linn agóidí 2022. Tá Reyhani ar dhuine de na daoine atá freagrach as foréigean IRGC i gcoinne agóideoirí i gcúige Kermanshah.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
149.
|
SHAHSAVARI Habib
شهسواری حبیب
|
Dáta breithe: 1963/1964
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige West Azerbaijan
|
Is é an Briogáidire-Ghinearál Habib Shahsavari ceannasaí ar chór cúigeach Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) do chúige West Azerbaijan.
Rinne trúpaí IRGC faoina cheannas oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, ón 15 Samhain 2022, rinneadh na hoibríochtaí sin i gcoinne agóideoirí i mbailte Piranshahr, Mahabad agus Bukan i West Azerbaijan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin. De réir mheastacháin eagraíochtaí neamhrialtasacha, ba oibríochtaí IRGC i mbailte Mahabad agus Bukan a ba chúis le marú ceathrar agus dáréag faoi seach.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
150.
|
ABDOLLAHPOUR Mohammad
عبدللاهپور محمد
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Gilan
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Abdollahpour ina cheannasaí ar chór cúigeach Quds an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Gilan.
Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcúige Gilan le linn agóidí 2022, faoi cheannas Abdollahpour.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
151.
|
MOSLEMI Siavash
مسلمی سیاوش
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Karbala an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Mazandaran
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Siavash Moslemi ina cheannasaí ar chór cúigeach Karbala an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Mazandaran ó mhí an Mheithimh 2020.
In 2022, bhain trúpaí IRGC faoina cheannas úsáid as fórsa díréireach i gcoinne agóideoirí i leith na n-oibríochtaí sin. Mar cheannasaí ar na trúpaí a bhí páirteach, tá Moslemi i measc na ndaoine atá freagrach as foréigean i gcoinne agóideoirí.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
152.
|
ZULQADR Ahmad
ذوالقدر احمد
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Seyyed al-Shohada an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Tehran
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Siavash Moslemi ina cheannasaí ar chór cúigeach Seyyed al-Shohada an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Tehran ó mhí na Samhna 2020. Tá sé ina leas-cheannasaí ar chór IRGC i gcathair Tehran freisin.
De réir tuairiscí ó na meáin, roghnaíodh Zulqadr don phost go háirithe mar gheall ar a shaineolas maidir le hagóidí a chur faoi chois. In 2022, bhí an chos ar bolg i gcoinne agóideoirí in Tehran fíorfhoréigneach.
Mar cheannasaí ar thrúpaí IRGC a bhí ag gabháil don fhoréigean sin i gcoinne agóideoirí, tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
153.
|
KASHKOULI Morteza
کشکولی مرتضی
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar chór cúigeach Hazrat Abulfazl an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gCúige Lorestan
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Morteza Kashkouli ina cheannasaí ar chór cúigeach Hazrat Abulfazl an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i gcúige Lorestan.
In 2022, rinne trúpaí IRGC faoina cheannas oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, rinneadh oibríochtaí i mbaile Khorramabad in Lorestan. Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin, agus armlón beo in úsáid acu i gcoinne agóideoirí.
Mar cheannasaí ar na fórsaí IRGC sin, tá Kashkouli i measc na ndaoine atá freagrach as an bhforéigean sin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
154.
|
BAYAT Isa
بیات عیسی
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: Ceannasaí an 364ú briogáid (Shahid Nasirzadeh) de chuid an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) i Mahabad, i gcúige West Azerbaijan
|
Ó mhí an Mheithimh 2022, tá an Coirnéal Isa Bayat ina cheannasaí ar an 364ú briogáid de chuid an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC), (Shahid Nasirzadeh), i Mahabad, i gcúige West Azerbaijan.
In 2022, rinne trúpaí IRGC faoina cheannas oibríochtaí míleata i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha na hIaráine. Go háirithe, ón 15 Samhain 2022, baineadh úsáid as fórsa díréireach i leith na n-oibríochtaí sin i gcoinne agóideoirí i Mahabad, agus inar maraíodh ceathrar mar thoradh ar sin.
Mar cheannasaí ar aonad de chuid IRGC a dhéanann na hoibríochtaí sin, tá Bayat freagrach as foréigean i gcoinne agóideoirí. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|
155.
|
ASANLOO Mohammad Taghi
آصانلو محمد تقی
|
Áit bhreithe: Zanjan province, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí ar cheanncheathrú réigiúnach an Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Hamzeh Seyed Al-Shohada in Iarthuaisceart na hIaráine
|
Is é an Briogáidire-Ghinearál Mohammad Taghi Asanloo an ceannasaí ar cheanncheathrú réigiúnach Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) Hamzeh Seyed Al-Shohada in Iarthuaisceart na hIaráine, agus tá sé freagrach as cúigí Kordestan agus West Azerbaijan.
Is é misean sonrach cheanncheathrú ‘Hamzeh Seyed Al-Shohada’ corraíl a chur faoi chois i réigiúin Choirdíneacha in Iarthuaisceart na hIaráine. In 2022, rinne trúpaí IRGC sa cheantar sin, faoi cheannas Asanloo, oibríochtaí míleata i gcoinne agóideoirí i réigiún Coirdíneach na hIaráine. Go háirithe, ón 15 Samhain 2022, rinne trúpaí IRGC faoi cheannas Asanloo oibríochtaí den sórt sin i gcoinne agóideoirí i mbailte Piranshahr, Mahabad agus Bukan.
Bhain trúpaí IRGC úsáid as fórsa díréireach sna hoibríochtaí sin. De réir mheastacháin eagraíochtaí neamhrialtasacha, ba oibríochtaí i gcoinne agóideoirí i réigiúin Choirdíneacha ba chúis le marú 42 duine ón 15 Samhain 2022.
Mar cheannasaí ar thrúpaí IRGC sa réigiún, tá Asanloo freagrach as foréigean a dhéanann a chuid trúpaí i gcoinne agóideoirí. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
12.12.2022
|