12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 318/136


CINNEADH (AE) 2022/2425 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2022

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Málta isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8743)

(Is iad na téacsanna Béarla agus Máltaise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Creatrialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le pleananna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (“FABanna”), pleananna nach mór spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a chuimsiú iontu i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna ar fud an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2)

Leagadh spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Ós rud é gur tarraingíodh suas na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2019 sular tharla ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, níor cuireadh san áireamh iontu an laghdú suntasach ar an aerthrácht i ngeall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(3)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh TT3, de mhaolú ar fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). Ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais amach le haghaidh TT3. Ar an mbonn sin, i mí Dheireadh Fómhair 2021 chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin dréachtphleananna feidhmíochta ina raibh spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe áitiúla le haghaidh TT3.

(4)

Is chuig an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn a díríodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún (6). Sa Chinneadh sin, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta faoi bhealach a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta Mhálta le haghaidh TT3 ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais, agus d’eisigh sé moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin.

(5)

Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a thosaigh an 24 Feabhra 2022, d’fhorchuir an tAontas bearta sriantacha lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthach de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile, ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht de chuid na Rúise faoi thuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti. Tháinig athruithe ar an aerthrácht in aerspás na hEorpa mar thoradh ar na bearta sriantacha sin agus ar na frithbhearta a ghlac an Rúis. Rinneadh difear géar do Bhallstáit áirithe leis an laghdú mór ar líon na dtraseitiltí san aerspás atá faoina gcúram. Ar leibhéal uile-Aontais, áfach, tá an tionchar breathnaithe ar an líon eitiltí teoranta i gcodarsnacht leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht ar fud na hEorpa mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19.

(6)

An 13 Iúil 2022, chuir Málta dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT3 (“an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe”) faoi bhráid an Choimisiúin lena mheasúnú.

(7)

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá comhairle maidir leis an measúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Maidir le gach príomhréimse feidhmíochta agus maidir leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(9)

Cuirtear sna himthosca athraithe dá dtagraítear in Aithris (5) san áireamh sa réamhaisnéis tráchta bhonnlíne ó Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”), a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022. Ar bhonn na réamhaisnéise sin, tugann an Coimisiún dá aire go meastar nach rachaidh athruithe díobhálacha ar thrácht le linn TT3 mar thoradh ar chogadh na Rúise san Úcráin i bhfeidhm ar Mhálta.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

(10)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Málta faoina bhráid maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta a dhéanann na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (“ANSPanna”), ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(11)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla arna moladh ag Málta i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

Málta

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

Spriocanna ar fud an Aontais (2024)

MATS

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

D

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

D

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

D

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

(12)

Tá na spriocanna sábháilteachta arna moladh ag Málta le haghaidh MATS comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais agus sáraíonn siad fiú na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais sna réimsí “beartas agus cuspóirí sábháilteachta”, “dearbhú sábháilteachta”, agus “cur chun cinn sábháilteachta” le haghaidh 2024.

(13)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach leis an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir Málta isteach bearta le haghaidh MATS chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, amhail lárionad oibríochtaí slándála agus lárionad oibríochtaí líonra a thabhairt isteach, bogearraí nua sábháilteachta a chur chun feidhme, speisialtóirí cibearshlándála a earcú chun bainistíocht riosca a fheabhsú, agus oiliúint a chur ar bhaill foirne chun na ceanglais maidir le bainistiú athruithe a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/373 a chomhlíonadh.

(14)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in Aithrisí (11), agus (13), agus de bhrí go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta ar fud an Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 le baint amach faoi bhliain dheireanach TT3, is é sin 2024, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

(15)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Málta isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3, is é sin an 2 Meitheamh 2021.

(16)

Maidir leis an mbliain 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaí na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla le haghaidh na bliana 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach ina ndréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta 2022, 2023, agus 2024.

(17)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil arna moladh ag Málta, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

Málta

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,80  %

1,80  %

1,80  %

Luachanna tagartha

1,80  %

1,80  %

1,80  %

(18)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna comhshaoil arna moladh ag Málta agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach bliana ó 2022 go 2024.

(19)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir Málta isteach sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bearta chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach lena n-áirítear aerspás saorbhealaigh os cionn leibhéal eitilte 195 a chur chun feidhme, dearadh limistéir nua ainlithe críochfoirt, agus nósanna imeachta nua teachta agus imeachta.

(20)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in Aithrisí (17) go (19), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(21)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir Málta isteach maidir leis an meánmhoill ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe agus atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Gréasáin a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3, is é sin an 2 Meitheamh 2021.

(22)

Maidir leis an mbliain 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaí na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach ina ndréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta 2022, 2023, agus 2024.

(23)

Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach arna moladh ag Málta le haghaidh TT3, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Gréasáin:

Málta

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,01

0,01

0,01

Luachanna tagartha

0,01

0,01

0,01

(24)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na dréachtspriocanna acmhainneachta arna moladh ag Málta agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha i gcás gach bliana ó 2022 go 2024.

(25)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir Málta i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta na bearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach. Cuimsítear leis na bearta sin méadú ar líon na gcoibhéisí lánaimseartha rialtóra aerthráchta faoi dheireadh an tríú tréimhse thagartha agus cur chun feidhme an aerspáis saorbhealaigh.

(26)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in Aithrisí (23) go (25), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta.

Athbhreithniú ar na dréachtspriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(27)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna spriocanna sin i gcás Mhálta.

Measúnú ar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

(28)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 nach raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta Mhálta a cuireadh isteach in 2021 i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Mhol Málta spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(29)

Sa tábla thíos léirítear na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta tosaigh TT3 faoi bhealach le haghaidh limistéar muirearaithe Mhálta, mar atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC a cuireadh isteach in 2021, agus na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe comhfhreagracha atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a cuireadh isteach in 2022.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 - 2021

2022

2023

2024

Spriocanna tosaigh costéifeachtúlachta faoi bhealach (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

21,50 EUR

22,98 EUR

44,08 EUR

31,85 EUR

24,83 EUR

24,85 EUR

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

21,50 EUR

22,98 EUR

44,08 EUR

27,44 EUR

21,61 EUR

22,09 EUR

(30)

Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna Málta athbhreithniú ar a spriocanna costéifeachtúlachta áitiúla le haghaidh na tréimhse ó 2022 go 2024, rud as a dtagann laghdú 12,3 % ar an gcostas aonaid foriomlán arna chinneadh (“DUC”) le linn na 3 bliana sin agus laghdú 8.7 % le linn TT3 ina iomláine, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021. Tagann na laghduithe DUC sin mar thoradh ar na toimhdí tráchta nuashonraithe a úsáideadh sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh gach bliana ó 2022 go 2024 agus ón athbhreithniú anuas ar na costais arna gcinneadh, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 le haghaidh na mblianta sin.

(31)

Sa tábla thíos cuirtear i láthair na hathruithe ar an réamhaisnéis tráchta le haghaidh gach bliana ó 2022 go 2024. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an réamhaisnéis tráchta a úsáideadh sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bunaithe ar réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR Eurocontrol le haghaidh mhí an Mheithimh 2022.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

2022

2023

2024

Réamhaisnéis tosaigh tráchta (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

714

957

1 002

Réamhaisnéis nuashonraithe tráchta (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

811

1 006

1 044

Difríocht

+13,6  %

+5,1  %

+4,3  %

(32)

Sa tábla thíos léirítear na costais athbhreithnithe arna gcinneadh le haghaidh gach bliana ó 2022 go 2024, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

23 mhilliún EUR

24 mhilliún EUR

25 mhilliún EUR

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

22 mhilliún EUR

22 mhilliún EUR

23 mhilliún EUR

Difríocht

-2,2  %

-8,5  %

-7,4  %

(33)

Is éard atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe réamhaisnéis bhoilscithe nuashonraithe i ndáil le Málta le haghaidh gach bliana ó 2022 go 2024, mar a leagtar amach sa tábla thíos.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

2022

2023

2024

Innéacs tosaigh boilscithe, agus an t-athrú réamh-mheasta bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (sonraí atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

106,7

(1,8  %)

108,8

(2,0  %)

111,0

(2,0  %)

Innéacs boilscithe athbhreithnithe, lena ngabhann an t-athrú bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (sonraí atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

109,7

(4,7  %)

112,8

(2,8  %)

115,1

(2,1  %)

(34)

Mar gheall ar nuashonrú na réamhaisnéise boilscithe, tá na costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla le haghaidh na bliana 2022 gan athrú den chuid is mó. Mar sin féin, tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna Málta athbhreithniú síos ar na costais ainmniúla arna gcinneadh le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

24 mhilliún EUR

25 mhilliún EUR

27 milliún EUR

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

24 mhilliún EUR

24 mhilliún EUR

26 mhilliún EUR

Difríocht

-0,2  %

-5,8  %

-4,5  %

(35)

Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe atá beartaithe do limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta ar bhonn na gcritéar a leagtar síos i bpointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(36)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún go sáraíonn treocht faoi bhealach an DUC ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, - 1,0 %, an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, + 1,0 %. Tugann an Coimisiún dá aire gur feabhas é sin ar threocht DUC +2.0 % arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(37)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach faoi bhealach an DUC le linn an dara tréimhse thagartha (“TT2”) agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, +0,3 %, ná an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, - 1,3 %. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, gur feabhas é sin ar threocht fhadtéarmach DUC +1,6 % arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(38)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne DUC Mhálta, mar atá, EUR 22,98 in EUR2017, 19,7 % níos lú ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 28,64 in EUR2017.

(39)

Mar a shonraítear in Aithris (36), is é an toradh a bhíonn ar spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe Mhálta treocht DUC le linn TT3 lena sáraítear go mór an treocht chomhfhreagrach ar fud an Aontais agus lena léirítear laghdú ar an DUC le linn na tréimhse tagartha. Ina theannta sin, ag tagairt d’Aithris (38), léiríonn Málta feidhmíocht mhaith chostéifeachtúlachta i ndáil lena luach bonnlíne le haghaidh 2019 atá i bhfad níos ísle ná meán comhfhreagrach an ghrúpa comparáide. Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire go ndearna Málta, ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, athbhreithniú síos ar na costais arna gcinneadh le haghaidh TT3 i dtéarmaí réadacha agus ainmniúla araon, agus go bhfuil sé beartaithe aige san am céanna freastal ar thrácht breise ar bhonn na réamhaisnéise nuashonraithe tráchta le haghaidh TT3. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún nach bhfágann an diall ón treocht fhadtéarmach DUC ar fud an Aontais a breathnaíodh in aithris (37), nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais i ndáil le Málta.

(40)

Ag féachaint do na barúlacha roimhe seo, tugann an Coimisiún dá aire gur thug Málta aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728.

(41)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in Aithrisí (29) go (40), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(42)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(43)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, chuir an Coimisiún ábhair imní in iúl maidir leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt arna moladh ag Málta sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, agus mheas sé gur cheart do Mhálta údar breise a thabhairt leis na spriocanna sin nó iad a athbhreithniú síos. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, go ndearna Málta athbhreithniú aníos, os a choinne sin, ar na spriocanna sin suas, seachas le haghaidh 2023, gan údair ghaolmhara a thabhairt.

(44)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfanann treocht DUC críochfoirt Mhálta de + 5.0 % le linn TT3 níos airde ná an treocht DUC faoi bhealach de -1.0 % le linn TT3 agus go bhfanann sé níos airde ná an treocht DUC críochfoirt iarbhír de + 0.6 % a breathnaíodh le linn RP2. Ina theannta sin, tá an treocht DUC críochfoirt i leith TT3 ag dul in olcas i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, inar breathnaíodh treocht DUC críochfoirt de + 4.3 %.

(45)

Ar bhonn na dtorthaí in Aithrisí (43) agus (44), measann an Coimisiún go bhfuil spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt Mhálta fós ina gcúis imní. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim, mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, gur cheart do Mhálta athbhreithniú síos a dhéanamh ar na spriocanna sin nó údair chuí a sholáthar le haghaidh na spriocanna sin, lena n-áirítear le haghaidh na méaduithe breise ar chostais a cuireadh i bhfeidhm sna blianta 2022 agus 2024. Iarrann an Coimisiún ar Mhálta aghaidh a thabhairt ar an mbreathnóireacht sin i dtaca lena phlean feidhmíochta deiridh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na spriocanna acmhainneachta

(46)

I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, maidir leis an measúnú ar na spriocanna acmhainneachta áitiúla, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachta atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe Mhálta. Rinne an Coimisiún scrúdú go háirithe ar an gcomhlíonann na scéimeanna dreasachtaí sin na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Tugann an Coimisiún dá aire nach ndearna Málta aon athrú ar na scéimeanna dreasachta sin i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(47)

Maidir leis na scéimeanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach arna moladh ag Málta, tá an Coimisiún go mór in amhras, ar bhonn comhairle shaineolach a sholáthair an comhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht, an imreodh na huas-mhíbhuntáistí airgeadais atá beartaithe, arb ionann iad agus 0,5 % agus 0,25 % de na costais arna gcinneadh faoi seach, aon tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(48)

Ba cheart do Mhálta, dá bhrí sin, i dtaca le glacadh a phlean feidhmíochta chríochnaithigh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, athbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachtaí chun na spriocanna acmhainneachta eitiltí faoi bhealach agus acmhainneacht críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar na huas-mhíbhuntáistí de bhun na scéimeanna dreasachtaí sin ar leibhéal a imreoidh tionchar ábhartha ar an ioncam atá i mbaol, mar a cheanglaítear go sonrach faoi Airteagal 11(3), pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, agus is é an tuairim ón gCoimisiún gur cheart go socrófaí, mar thoradh air sin, an t-uas-mhíbhuntáiste airgeadais ar leibhéal is ionann agus 1 % de na costais arna suíomh nó níos airde ná sin.

CONCLÚIDÍ

(49)

I bhfianaise a bhfuil thuas, cinneann an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir Málta isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Málta isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht Mhálta.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)   IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir Málta isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas amach go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

Málta

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

MATS

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

D

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

D

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

D

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

Málta

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,80  %

1,80  %

1,80  %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach ina nóiméid in aghaidh na heitilte

Málta

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,01

0,01

0,01

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna chinneadh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach Mhálta

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 - 2021

2022

2023

2024

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

21,50 EUR

22,98 EUR

44,08 EUR

27,44 EUR

21,61 EUR

22,09 EUR