12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 318/116


CINNEADH (AE) 2022/2423 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2022

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an tSualainn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoicméad C(2022)8716)

(Is é an téacs sa tSualainnis amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Creatrialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le pleananna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (FABanna), pleananna nach mór spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a chuimsiú iontu i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna ar fud an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2)

Leagadh spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Ós rud é gur tarraingíodh suas na spriocanna feidhmíochta uile-Aontais sin agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2019 sular tharla ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, níor cuireadh san áireamh iontu an laghdú suntasach ar an aerthrácht i ngeall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(3)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla i leith TT3, de mhaolú ar fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). Ghlac an Coimisiún, an 2 Meitheamh 2021, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 (5) lena leagtar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais amach le haghaidh TT3. Ar an mbonn sin, chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin i mí Dheireadh Fómhair 2021 dréachtphleananna feidhmíochta ina bhfuil spriocanna feidhmíochta áitiúla athbhreithnithe le haghaidh TT3.

(4)

Is chuig an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn a díríodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún (6). Sa Chinneadh sin, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta faoi bhealach a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Sualainne le haghaidh TT3 ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais, agus d’eisigh sé moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú.

(5)

Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, d’fhorchuir an tAontas bearta sriantacha lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthach de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile, ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht de chuid na Rúise faoi thuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti. Tháinig athruithe ar an aerthrácht in aerspás na hEorpa mar thoradh ar na bearta sriantacha sin agus ar na frithbhearta a ghlac an Rúis. Rinneadh difear tromchúiseach do Bhallstáit áirithe, lena n-áirítear an tSualainn, mar thoradh ar an laghdú suntasach atá tagtha ar an líon traseitiltí san aerspás faoina bhfreagracht. Ar leibhéal uile-Aontais, áfach, tá an tionchar iarbhír ar an líon eitiltí teoranta i gcodarsnacht leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht ar fud na hEorpa mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19.

(6)

An 13 Iúil 2022, chuir an tSualainn dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT3 (“an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe”) faoi bhráid an Choimisiúin lena mheasúnú.

(7)

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá comhairle maidir leis an measúnú ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Maidir le gach príomhréimse feidhmíochta agus maidir leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(9)

Cuirtear an t-athrú sna himthosca dá dtagraítear in aithris (5) san áireamh sa réamhaisnéis tráchta bonnlíne ó Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”), a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022. Ar bhonn na réamhaisnéise sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an tSualainn fós ag dul i ngleic leis an ionchas tráchta a bhfuil meath mór tagtha air ar feadh a mbeidh fágtha de TT3, mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ós rud é go mbíonn tionchar suntasach ag na hathruithe sin sna himthosca ar na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, ba cheart iad a chur san áireamh sa mheasúnú ar na spriocanna feidhmíochta áitiúla a chuimsítear ann.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

(10)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an tSualainn faoina bhráid maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta a dhéanann na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (“ANSPanna”), ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.1. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(11)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla a mhol an tSualainn le haghaidh an phríomhsholáthraí seirbhísí aerloingseoireachta, is é sin LFV, i ndáil le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir chuspóir na bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme:

An tSualainn

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

Spriocanna uile-Aontais (2024)

LFV

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

D

D

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

(12)

Tá na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta a mhol an tSualainn le haghaidh LFV i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

(13)

Tugann an Coimisiún dá aire nach leagtar amach leis an ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bearta sonracha le haghaidh LFV chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach. Mar sin féin, cuirtear i láthair leis an bplean bearta ginearálta amhail faireachán a dhéanamh ar bhearta maolaithe agus a gcur i bhfeidhm chun rioscaí sonracha a bhainistiú, agus measúnú a dhéanamh tríd an gcóras bainistíochta sábháilteachta ar na hathruithe a dhéantar ar an gcóras feidhmiúil. Ag féachaint don mheasúnú ar an gcomhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, tugann an Coimisiún dá aire go dtuairiscítear gur bhain LFV leibhéal na spriocanna uile-Aontais amach cheana agus dá bhrí sin, níor leag an tSualainn na bearta breise amach le haghaidh LFV maidir le baint amach na spriocanna sin.

(14)

Na spriocanna sábháilteachta a mhol an tSualainn le haghaidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i raon feidhme an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, is iad sin ACR, SDATS agus AFAB, tá siad i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais freisin. Tugann an Coimisiún dá aire freisin gur leag an tSualainn bearta amach le haghaidh na ANSPanna sin maidir le baint amach a spriocanna feidhmíochta sábháilteachta.

(15)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (11), (12), (13) agus (14), agus de bhrí nach mór na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta ar fud an Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 a bhaint amach faoi bhliain dheireanach TT3, is é sin 2024, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

(16)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an tSualainn isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.2. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil nuair a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3, is é sin an 2 Meitheamh 2021.

(17)

I leith na bliana féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaí na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach ina ndréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta féilire 2022, 2023, agus 2024.

(18)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a mhol an tSualainn, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

An tSualainn

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,05  %

1,05  %

1,05  %

Luachanna tagartha

1,05  %

1,05  %

1,05  %

(19)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil a mhol an tSualainn agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024.

(20)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an tSualainn i láthair sna bearta i ndáil leis an ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe chun na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena gcuimsítear cur chun feidhme beartaithe an aerspáis saorbhealaigh trasteorann leis an bPolainn.

(21)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (18), (19) agus (20), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(22)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an tSualainn isteach maidir leis an meánmhoill ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, ar bhonn an chritéir a leagtar síos i bpointe 1.3. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe agus a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Gréasáin a bhí ar fáil tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3, is é sin an 2 Meitheamh 2021.

(23)

I leith na bliana féilire 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, toisc go raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní fhéadfaí na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach ina ndréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta féilire 2022, 2023, agus 2024.

(24)

Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach a mhol an tSualainn le haghaidh TT3, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Gréasáin:

An tSualainn

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,07

0,08

0,08

Luachanna tagartha

0,07

0,08

0,08

(25)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta a mhol an tSualainn agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024.

(26)

Tugann an Coimisiún faoi deara gur chuir an tSualainn i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na bearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach. Cuimsítear leis na bearta sin cur chun feidhme Thionscadal Aerspáis na Sualainne (“SWEA”) agus méadú ar an líon coibhéisí lánaimseartha de rialtóirí aerthráchta (“ATCO”) in TT3 agus níos faide i gcéin chun freastal ar an éileamh tráchta a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear é sin a dhéanamh chun scor ATCOnna atá beartaithe a réamh-mheas. Tugann an Coimisiún dá aire, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, go ndearnadh athbhreithniú síos ar an líon coibhéisí lánaimseartha ATCO atá beartaithe in oibríochtaí i lárionaid rialaithe limistéir Stócólm agus Malmö mar gheall ar an athrú sna himthosca a leagtar amach in aithrisí (5) agus (9).

(27)

Ar bhonn na dtorthaí a leagtar amach in aithrisí (24), (25) agus (26), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta.

Athbhreithniú ar spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(28)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1.(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. Ní bhfuarthas ábhar imní sna spriocanna sin i gcás na Sualainne.

Measúnú ar spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

(29)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 nach raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Sualainne a cuireadh isteach in 2021 i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Mhol an tSualainn spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(30)

Leagtar amach sa tábla thíos spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta faoi bhealach le haghaidh TT3 le haghaidh limistéar muirearaithe na Sualainne, faoi mar a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta iad a cuireadh isteach in 2021, agus na dréachtspriocanna feidhmíochta athbhreithnithe comhfhreagracha a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020-2021

2022

2023

2024

Spriocanna tosaigh costéifeachtúlachta faoi bhealach (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

522,30 SEK

567,11 SEK

1 361,88 SEK

676,24 SEK

605,51 SEK

570,87 SEK

54,22 EUR

58,87 EUR

141,38 EUR

70,20 EUR

62,86 EUR

59,26 EUR

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

SEK 604,02

SEK 537,87

SEK 1 361,88

SEK 774,65

SEK 650,98

SEK 587,62

EUR 62,70

EUR 55,84

EUR 141,38

EUR 80,42

EUR 67,58

EUR 61,00

(31)

Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an tSualainn athbhreithniú ar a spriocanna costéifeachtúlachta áitiúla le haghaidh 2022, 2023 agus 2024, rud as a dtagann méadú 8,2 % ar an gcostas aonaid foriomlán arna chinneadh (“DUC”) sna blianta féilire sin agus méadú 7.1 % le linn TT3 ina iomláine, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021. Is ann do na méaduithe sin sa DUC mar gheall ar an meath mór ar an réamhaisnéis tráchta, arb é is cúis leis an laghdú ar an aerthrácht in aerspás na Sualainne mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, dá dtagraítear in aithrisí (5) agus (9). Mar sin féin, rinne an tSualainn líon níos ísle na n-aonad seirbhíse réamh-mheasta le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024 a fhritháireamh go páirteach trí na costais arna gcinneadh a laghdú.

(32)

Ina theannta sin, chuir an tSualainn coigeartú suas i bhfeidhm maidir leis an luach bonnlíne le haghaidh 2014 agus rinneadh an luach bonnlíne le haghaidh 2019 a choigeartú síos. Tugann an tSualainn míniú sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe gur coigeartaíodh na luachanna bonnlíne le haghaidh 2014 agus 2019 go príomha chun tionchar na méideanna suntasacha aonuaire a bhaineann le costais iarbhír na bpinsean arna dtaifeadadh le haghaidh na mblianta féilire sin a chur san áireamh agus a dhéanann difear d’inchomparáideacht le costais TT3 arna gcinneadh. Ina theannta sin, chuir an tSualainn dhá choigeartú breise i bhfeidhm maidir leis an luach bonnlíne le haghaidh 2019, a raibh údar cuí leo de bharr athruithe ar raon feidhme an limistéir muirearaithe faoi bhealach idir an dara tréimhse thagartha (“TT2”) agus TT3 agus trí athrú a dhéanamh ar an modh a chuir an tSualainn i bhfeidhm chun an cistiú poiblí a fuair ANSP a asbhaint ó na muirir bhealaigh arna n-íoc ag úsáideoirí.

(33)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na toimhdí tráchta a úsáidtear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bunaithe ar bhonn réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR Eurocontrol mhí an Mheithimh 2022. Déantar na haonaid seirbhíse faoi bhealach a réamh-mheastar maidir leis an limistéar muirearaithe le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024, i gcomparáid leis na figiúirí a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta, a chur i láthair sa tábla thíos.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

2022

2023

2024

An réamhaisnéis tráchta tosaigh (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

3 173

3 637

3 906

An réamhaisnéis tráchta nuashonraithe (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

2 724

3 248

3 367

Difríocht

-14,2  %

-10,7  %

-13,8  %

(34)

Sa ghar-raon idir -11 % agus -14 % atá na laghduithe bliantúla ar líon na n-aonad seirbhíse le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021. Dá réir sin, meastar go bhfanfaidh na haonaid seirbhísí faoi bhealach le haghaidh na Sualainne in 2024 11,1 % níos ísle ná an leibhéal a bhí acu roimh an bpaindéim (an bhliain féilire 2019), cé gur tuaradh roimhe sin go rachadh siad thar an leibhéal a bhí ann roimh an bpaindéim faoi 3.1 % i réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR mhí Dheireadh Fómhair 2021.

(35)

Mar sin féin, mar a léirítear sa tábla thíos, ní thuartar go dtiocfaidh laghdú ar na gluaiseachtaí aerárthaí in aerspás na Sualainne a oibrítear faoi na rialacha um eitilt de réir uirlisí (IFR) ag an ráta céanna leis na haonaid seirbhíse faoi bhealach. Tá an neamhréireacht sin ann mar gheall ar an laghdú nach beag ar thraseitiltí, rud a ghineann ar an meán líon comhréireach níos airde d’aonaid seirbhíse faoi bhealach ná eitiltí a thuirlingíonn agus a imíonn ó aerfoirt sa tSualainn.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

2022

2023

2024

An réamhaisnéis tráchta tosaigh (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina mílte gluaiseachtaí IFR

685

771

824

An réamhaisnéis tráchta nuashonraithe (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe), arna sloinneadh ina mílte gluaiseachtaí IFR

626

751

773

Difríocht

-8,6  %

-2,6  %

-6,2  %

(36)

Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún dá aire nach meastar go laghdófar ualach oibre ANSP, atá á spreagadh ag na gluaiseachtaí eitilte rialaithe, i gcomhghaol leis an laghdú ar ioncam a eascraíonn as líon níos ísle na n-aonad seirbhíse faoi bhealach.

(37)

Léirítear sa tábla thíos na costais athbhreithnithe arna gcinneadh le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017. Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an tSualainn athbhreithniú síos ar na costais arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha le haghaidh gach ceann de na blianta féilire sin.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

SEK 2 146 M

SEK 2 202 M

SEK 2 230 M

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

SEK 2 110 M

SEK 2 114 M

SEK 1 979 M

Difríocht

-1,7  %

-4,0  %

-11,3  %

(38)

Is éard atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe réamhaisnéis bhoilscithe nuashonraithe i ndáil leis an tSualainn le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024, mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

2022

2023

2024

Innéacs boilscithe tosaigh, lena ngabhann athrú réamh-mheasta bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (na sonraí a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

107,4

(1,3  %)

109,1

(1,6  %)

111,1

(1,8  %)

Innéacs boilscithe athbhreithnithe, lena ngabhann an t-athrú bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (na sonraí a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

112,4

(4,8  %)

114,9

(2,2  %)

116,9

(1,7  %)

(39)

Mar gheall ar nuashonrú na réamhaisnéise boilscithe, tháinig méadú ar na costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla le haghaidh na bliana féilire 2022 agus níor tháinig aon athrú ar na costais sin le haghaidh 2023. Le haghaidh na bliana féilire 2024, tá na costais ainmniúla arna gcinneadh níos ísle ná na costais sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

SEK 2 269 M

SEK 2 359 M

SEK 2 424 M

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

SEK 2 310 M

SEK 2 359 M

SEK 2 234 M

Difríocht

+1,8  %

0,0  %

-7,8  %

(40)

Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe a mhol an tSualainn, bunaithe ar na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4.(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(41)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil treocht faoi bhealach an DUC ar leibhéal an limistéir muirearaithe de + 2,2 % le linn TT3 ag feidhmiú go leordhóthanach i ndáil leis an treocht uile-Aontais de + 1,0 % le linn na tréimhse céanna. Tá tionchar diúltach ag an luach bonnlíne coigeartaithe le haghaidh 2019 arna leagan síos ag an tSualainn, dá dtagraítear in aithris (32), ar threocht ríofa an DUC. Tá treocht DUC na Sualainne imithe in olcas i gcomparáid leis an treocht DUC de + 0,2 % arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(42)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4.(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht fhadtéarmach faoi bhealach an DUC le linn TT2 agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá -0,3 %, ná an treocht uile-Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá -1,3 %. Tá tionchar dearfach ag an luach bonnlíne coigeartaithe le haghaidh 2014 arna leagan síos ag an tSualainn, dá dtagraítear in aithris (32), ar threocht fhadtéarmach ríofa an DUC. Tháinig feabhas ar threocht fhadtéarmach DUC na Sualainne i gcomparáid leis an treocht fhadtéarmach DUC de +1.0 % arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(43)

Mar a tugadh faoi deara in aithrisí (33) agus (34), meabhraíonn an Coimisiún go ndearnadh athbhreithniú suntasach síos ar réamhaisnéis aonaid seirbhíse na Sualainne le haghaidh TT3 mar thoradh ar na hathruithe tráchta a d’eascair as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Is gá agus is iomchuí, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh, chun críoch na gcritéar measúnaithe a scrúdaíodh in aithrisí (41) agus (42), féachaint an gcomhlíonfadh an tSualainn na treochtaí costéifeachtúlachta ar fud an Aontais in éagmais an laghdaithe thromchúisigh ar thrácht le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024 de dheasca na n-imthosca athraithe.

(44)

Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún treocht DUC na Sualainne le linn TT3 agus treocht fhadtéarmach DUC na Sualainne le linn TT2 agus TT3 a athríomh trí úsáid a bhaint as réamhaisnéis tráchta bhonnlíne Eurocontrol STATFOR mhí Dheireadh Fómhair 2021. Is é an toradh atá ar an athríomh sin, le haghaidh limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne, treocht coigeartaithe DUC de -1.5 % le linn TT3 agus treocht coigeartaithe fhadtéarmach DUC de -1.9 %. Tá an dá threocht choigeartaithe sin faoi bhun threochtaí comhfhreagracha uile-Aontais an DUC de + 1.0 % agus -1.3 % faoi seach. Dá bhrí sin, is é conclúid an Choimisiúin go gcomhlíonann an tSualainn na critéir mheasúnaithe a scrúdaíodh in aithrisí (41) agus (42) in éagmais na n-athruithe ar thrácht arb é cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine ba chúis leo.

(45)

Maidir leis an gcritéar a leagtar síos i bpointe 1.4.(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil an luach bonnlíne (arna shloinneadh ar phraghsanna 2017) le haghaidh an DUC ar leibhéal limistéar muirearaithe na Sualainne, arb ionann é agus EUR 55,84, 24,8 % níos airde ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, arbh ionann é agus EUR 44,74 in 2017.

(46)

Aithníonn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe le haghaidh limistéar muirearaithe na Sualainne níos airde ná na spriocanna tosaigh a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021. Mar sin féin, is iad na toimhdí tráchta i bhfad níos ísle is údar go hiomlán leis an meath sin. Nuair nach n-eisiatar tionchar diúltach na n-athruithe tráchta a eascraíonn as cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, is léir go gcomhlíonann an tSualainn treocht uile-Aontais an DUC agus treocht fhadtéarmach uile-Aontais an DUC araon.

(47)

Thairis sin, mar a tugadh faoi deara in aithris (37), meabhraíonn an Coimisiún gur laghdaigh an tSualainn a costais arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar feadh a mbeidh fágtha de TT3 mar fhreagairt ar na toimhdí tráchta atá imithe in olcas. Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil na bearta teorannaithe costas sin, ar an iomlán, i gcomhréir leis an líon níos ísle gluaiseachtaí IFR a réamh-mheastar le haghaidh na mblianta féilire 2022, 2023 agus 2024, mar a chuirtear i láthair in aithris (35).

(48)

Tríd is tríd, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur thug an tSualainn aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla.

(49)

Ar bhonn na dtorthaí in aithrisí (30) go (48), ba cheart a mheas go bhfuil na spriocanna a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta.

Athbhreithniú ar na spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(50)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagail 1(3) agus (4) den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach le hathbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1.(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(51)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, chuir an Coimisiún ábhair imní in iúl maidir leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt a mhol an tSualainn sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, agus mheas sé gur cheart don tSualainn údar breise a thabhairt leis na spriocanna sin nó iad a athbhreithniú síos.

(52)

Tugann an Coimisiún dá aire gur thug an tSualainn údar agus bunús cuí sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe maidir lena spriocanna éifeachtúlachta costais críochfoirt, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí thagairt a dhéanamh don líon laghdaithe eitiltí sa limistéar muirearaithe críochfoirt i gcomparáid le TT2 agus don tionchar láidir a bhí ag scor rialtóirí aerthráchta ar an mbonn costais críochfoirt le linn TT3. Níl aon bharúil bhreise ag an gCoimisiún maidir leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

CONCLÚIDÍ

(53)

I bhfianaise a bhfuil thuas, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an tSualainn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)   IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe aonair san aerspás Eorpach de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an tSualainn isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas amach go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

An tSualainn

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

LFV

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

D

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

An tSualainn

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,05  %

1,05  %

1,05  %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA ACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach ina nóiméid in aghaidh na heitilte

An tSualainn

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,07

0,08

0,08

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna chinneadh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Sualainne

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020-2021

2022

2023

2024

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

SEK 604,02

SEK 537,87

SEK 1 361,88

SEK 774,65

SEK 650,98

SEK 587,62

EUR 62,70

55,84 EUR

EUR 141,38

EUR 80,42

EUR 67,58

EUR 61,00