12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 318/96


CINNEADH (AE) 2022/2421 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2022

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ghréig isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

(a bhfuil fógra ina leith tugtha faoi dhoiciméad C(2022) 8733)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(Is é an téacs Gréigise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t-aerspás Eorpach aonair a chruthú (an Creatrialachán) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le pleananna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (“FABanna”), pleananna nach mór spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a chuimsiú iontu i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Ní mór na spriocanna feidhmíochta sin a bheith comhsheasmhach leis na spriocanna ar fud an Aontais arna nglacadh ag an gCoimisiún i leith na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2)

Leagadh spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Ós rud é gur tarraingíodh suas na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2019 sular tharla ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, níor cuireadh san áireamh iontu an laghdú suntasach ar an aerthrácht i ngeall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(3)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh TT3, de mhaolú ar fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). An 2 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún (5) lena leagtar amach spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3. Ar an mbonn sin, chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin i mí Dheireadh Fómhair 2021 dréachtphleananna feidhmíochta ina bhfuil spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe áitiúla le haghaidh TT3.

(4)

Is chuig an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn a díríodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún (6). Sa Chinneadh sin, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta agus acmhainneachta faoi bhealach a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Poblachta Heilléanaí (“an Ghréig”) le haghaidh TT3 ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais, agus d’eisigh sé moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin.

(5)

Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a thosaigh an 24 Feabhra 2022, d’fhorchuir an tAontas bearta sriantacha lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthach de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile, ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht de chuid na Rúise faoi thuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti. Tháinig athruithe ar an aerthrácht in aerspás na hEorpa mar thoradh ar na bearta sriantacha sin agus ar na frithbhearta a ghlac an Rúis. Rinneadh difear géar do Bhallstáit áirithe leis an laghdú mór ar líon na dtraseitiltí san aerspás atá faoina gcúram. Ar leibhéal uile-Aontais, áfach, tá an tionchar breathnaithe ar an líon eitiltí teoranta i gcodarsnacht leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht ar fud na hEorpa mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19.

(6)

An 13 Iúil 2022, chuir an Ghréig isteach dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT3 (an “dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe”).

(7)

Rinne an comhlacht athbhreithnithe feidhmíochta, a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil comhairle maidir leis an measúnú ar dhréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Maidir le gach príomhréimse feidhmíochta agus maidir leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(9)

Cuirtear an t-athrú sna himthosca maidir le haerthrácht in aerspás na hEorpa san áireamh sa réamhaisnéis tráchta bhonnlíne ó Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”), a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022. Ar bhonn na réamhaisnéise sin, tugann an Coimisiún dá aire go meastar nach rachaidh athruithe díobhálacha ar thrácht le linn TT3 mar thoradh ar chogadh na Rúise san Úcráin i bhfeidhm ar an nGréig.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

(10)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Ghréig faoina bhráid maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta a dhéanann na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (“ANSPanna”), i gcomhréir le pointe 1.1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(11)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla arna moladh ag an nGréig i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

An Ghréig

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

Spriocanna ar fud an Aontais (2024)

HASP

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

(12)

Tá na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta arna moladh ag an nGréig le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, is é sin Hellenic Aviation Service Provider (“HASP”), comhsheasmhach leis an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais.

(13)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ghréig isteach bearta le haghaidh HASP chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear bearta a bhaineann le hoiliúint a chur ar bhaill foirne, tarluithe a thuairisciú agus a imscrúdú, agus iniúchtaí ar an gcóras bainistithe sábháilteachta, suirbhéanna sábháilteachta, agus bainistiú athruithe a dhéanamh.

(14)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an méid a dúradh in aithrisí 11, 12 agus 13 agus de bhrí go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta ar fud an Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 le baint amach faoi bhliain dheireanach TT3, is é sin 2024, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

(15)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Ghréig isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil an 2 Meitheamh 2021, an dáta a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3.

(16)

I gcás na bliana 2020, ní dhearnadh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 athbhreithniú ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, a mhéid a raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní féidir na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla le haghaidh na bliana 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach sna dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta 2022, 2023, agus 2024.

(17)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil arna moladh ag an nGréig, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

An Ghréig

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,92  %

1,92  %

1,92  %

Luachanna tagartha

1,92  %

1,92  %

1,92  %

(18)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil arna moladh ag an nGréig agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach ceann de na blianta 2022, 2023 agus 2024.

(19)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir isteach an Ghréig ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bearta chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, ar bearta iad a chomhlíonann go príomha na ceanglais dhlíthiúla atá ann cheana faoi dhlí an Aontais agus cuimsítear leo plean aistrithe le haghaidh loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe, feabhsuithe ar bhealach aerspáis Saorbhealaigh agus aerspás saorbhealaigh 24 uair an chloig a chur chun feidhme.

(20)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an méid a dúradh in aithrisí (17), (18) agus (19), ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(21)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 nach raibh na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Gréige a cuireadh isteach in 2021 maidir leis an meánmhoill ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Mhol an Ghréig spriocanna acmhainneachta athbhreithnithe faoi bhealach ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(22)

I gcás na bliana 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, a mhéid a raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní féidir na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach sna dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta 2022, 2023, agus 2024.

(23)

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na dréachtspriocanna feidhmíochta acmhainneachta tosaigh le haghaidh TT3 faoi bhealach le haghaidh limistéar muirearaithe na Gréige, mar atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, agus na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochtaí Gréasáin a bhí ar fáil an 2 Meitheamh 2021, tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3.

An Ghréig

2022

2023

2024

Spriocanna acmhainneachta tosaigh faoi bhealach (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,26

0,20

0,20

Spriocanna acmhainneachta faoi bhealach (atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe), arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,14

0,15

0,15

Luachanna tagartha

0,14

0,15

0,15

(24)

Rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna acmhainneachta athbhreithnithe faoi bhealach a chuir an Ghréig isteach i gcomhréir le pointe 1.3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, trí na spriocanna sin a chur i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Gréasáin a bhí ar fáil an 2 Meitheamh 2021. Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta arna moladh ag an nGréig agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach ceann de na blianta 2022, 2023 agus 2024.

(25)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Ghréig i láthair ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na bearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach. Cuimsítear leis na bearta sin méadú ar líon na gcoibhéisí lánaimseartha rialtóra aerthráchta faoi dheireadh TT3, córas nua BAT a thabhairt isteach agus aerspás saorbhealaigh 24 uair an chloig a chur chun feidhme.

(26)

Measann an Coimisiún gur thug an Ghréig aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta acmhainneachta.

(27)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an méid a dúradh in aithrisí 23 go 26, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Athbhreithniú ar spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(28)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(29)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, chuir an Coimisiún ábhair imní in iúl maidir leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt arna moladh ag an nGréig sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, agus mheas sé gur cheart don Ghréig údar breise a thabhairt leis na spriocanna sin nó iad a athbhreithniú síos.

(30)

Chinn an Coimisiún nach bhfuil aon athrú ar spriocanna acmhainneachta críochfoirt na Gréige sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire gur thug an Ghréig údar agus bunús cuí maidir leis na spriocanna feidhmíochta sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis bhreise a sholáthar maidir le bearta feabhsúcháin acmhainneachta chun feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht i dtaca le moill ATFM isteach le linn TT3. Ina theannta sin, tuairiscíonn an Ghréig gur thionscain sí dlúthchomhar leis an mBainisteoir Gréasáin chun feabhas a chur ar fheidhmíocht ATFM i roinnt aerfort, lena n-áirítear aerfort na hAithne. Ag féachaint do na húdair a sholáthair an Ghréig, níl aon bharúil bhreise ag an gCoimisiún maidir leis na spriocanna acmhainneachta críochfoirt atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

Measúnú ar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

(31)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 go raibh na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Gréige a cuireadh isteach in 2021 i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Mhol an Ghréig spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(32)

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta tosaigh TT3 faoi bhealach le haghaidh limistéar muirearaithe na Gréige, mar atá i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC a cuireadh isteach in 2021, agus na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe comhfhreagracha a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a cuireadh isteach in 2022:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 - 2021

2022

2023

2024

Spriocanna tosaigh costéifeachtúlachta faoi bhealach (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

31,37 EUR

23,20 EUR

40,71 EUR

32,60 EUR

33,12 EUR

32,93 EUR

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

EUR 31,37

EUR 23,20

EUR 40,71

EUR 27,86

EUR 26,96

EUR 27,98

(33)

Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an Ghréig athbhreithniú ar a spriocanna costéifeachtúlachta áitiúla le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024. Is é an toradh a bhíonn ar na spriocanna sin, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, costas aonaid arna chinneadh go foriomlán (“DUC”) atá 16,1 % níos ísle le linn 2022, 2023 agus 2024 agus 11,6 % níos ísle le linn TT3 ina iomláine. Tagann na laghduithe DUC sin mar thoradh ar na toimhdí tráchta nuashonraithe a úsáideadh sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024 agus ón athbhreithniú anuas ar na costais arna gcinneadh, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017, le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024.

(34)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil an réamhaisnéis tráchta a úsáideadh sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bunaithe ar réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR Eurocontrol le haghaidh mhí an Mheithimh 2022. Cuirtear i láthair na hathruithe ar an réamhaisnéis tráchta le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024 sa tábla seo a leanas:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

2022

2023

2024

Réamhaisnéis tosaigh tráchta (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

5 445

5 888

6 140

Réamhaisnéis nuashonraithe tráchta (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

5 861

6 584

6 781

Difríocht

+7,6  %

+11,8  %

+10,4  %

(35)

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na costais athbhreithnithe arna gcinneadh le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

EUR 178 milliún

EUR 195 mhilliún

EUR 202 mhilliún

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

EUR 163 mhilliún

EUR 178 milliún

EUR 190 milliún

Difríocht

-8,0  %

-9,0  %

-6,1  %

(36)

Is éard atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe réamhaisnéis bhoilscithe nuashonraithe i ndáil leis an nGréig le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024, mar a leagtar síos sa tábla seo a leanas:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

2022

2023

2024

Innéacs tosaigh boilscithe, agus an t-athrú réamh-mheasta bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (sonraí atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

102,3

(0,8  %)

103,3

(1,0  %)

104,9

(1,6  %)

Innéacs boilscithe athbhreithnithe, lena ngabhann an t-athrú bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (na sonraí a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

106,5

(4,5  %)

107,9

(1,3  %)

109,7

(1,6  %)

(37)

Cé go bhfuil an réamhaisnéis bhoilscithe nuashonraithe níos airde, tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an Ghréig athbhreithniú síos ar na costais ainmniúla arna gcinneadh le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024, mar a leanas;

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

EUR 181 mhilliún

EUR 200 milliún

EUR 210 milliún

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

EUR 172 mhilliún

EUR 189 milliún

EUR 204 mhilliún

Difríocht

-4,8  %

-5,5  %

-2,6  %

(38)

Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe arna moladh ag an nGréig i gcomhréir le pointí 1.4(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(39)

A mhéid a bhaineann le pointe 1.4(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara gur measa treocht faoi bhealach an DUC ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, +4,8 %, ná an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, + 1,0 %. Tugann an Coimisiún dá aire gur feabhas é sin, áfach, ar an treocht DUC +9,1 % arna ríomh ar bhonn dhréachtphlean feidhmíochta na Gréige a cuireadh isteach in 2021.

(40)

A mhéid a bhaineann le pointe 1.4(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go gcomhlíonann treocht fhadtéarmach DUC faoi bhealach le linn an dara tréimhse thagartha (“TT2”) agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -1,3 %, an treocht ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %. Tugann an Coimisiún dá aire gur feabhas é sin ar an treocht DUC +0,5 % arna ríomh ar bhonn na ndréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(41)

A mhéid a bhaineann le pointe 1.4(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne DUC na Gréige, arna shloinneadh ar phraghsanna 2017, mar atá, EUR 23,20, 18,9 % níos lú ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide ábhartha, mar atá, EUR 28,59 in EUR2017.

(42)

Mar a shonraítear in aithris (40), is léir go mbíonn treocht fhadtéarmach DUC mar thoradh ar spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe na Gréige le linn TT2 agus TT3 a chomhlíonann an treocht chomhfhreagrach ar fud an Aontais. Ina theannta sin, tá luach bonnlíne na Gréige in 2019 níos ísle ná meán comhfhreagrach an ghrúpa comparáide faoi chorrlach suntasach. Ar deireadh, tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an Ghréig, ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, athbhreithniú síos ar na costais arna gcinneadh le haghaidh TT3 i dtéarmaí réadacha agus ainmniúla araon, agus go bhfuil sé beartaithe aige san am céanna freastal ar thrácht breise ar bhonn na réamhaisnéis nuashonraithe tráchta le haghaidh TT3. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, i ndáil leis an nGréig, nach bhfágann an diall ón treocht DUC ar fud an Aontais i leith TT3, nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais.

(43)

Dá bhrí sin, tugann an Coimisiún dá aire gur thug an Ghréig aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728.

(44)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an méid a dúradh in aithrisí (32) go (43), ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Athbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(45)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(46)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, chuir an Coimisiún ábhair imní in iúl maidir leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt arna moladh ag an nGréig sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, agus mheas sé go raibh an Ghréig le húdar breise a thabhairt leis na spriocanna sin nó iad a athbhreithniú síos. Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an Ghréig athbhreithniú síos ar na spriocanna sin le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023 agus athbhreithniú aníos le haghaidh na bliana 2024, gan údair chuí a thabhairt.

(47)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfanann treocht DUC críochfoirt na Gréige de +7,7 % le linn TT3 níos airde ná an treocht DUC críochfoirt iarbhír de -3,9 % a breathnaíodh le linn TT2. Ina theannta sin, tá an treocht DUC críochfoirt i leith TT3 ag dul in olcas agus tá sé níos airde ná an treocht DUC críochfoirt de + 6,8 % a breathnaíodh i ndréachtphlean feidhmíochta na Gréige a cuireadh isteach in 2021.

(48)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an mhéid a dúradh in aithrisí (46) agus (47), measann an Coimisiún go bhfuil spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt na Gréige ina n-ábhair imní gó fóill. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim gur cheart don Ghréig na spriocanna sin a athbhreithniú síos nó údair chuí a sholáthar le haghaidh na spriocanna sin, lena n-áirítear le haghaidh na gcostas breise a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2024. Iarrann an Coimisiún ar an nGréig aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin i dtaca lena phlean feidhmíochta deiridh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na spriocanna acmhainneachta

(49)

I gcomhréir le pointe 2.1(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta trí athbhreithniú a dhéanamh ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na scéimeanna dreasachtaí atá beartaithe na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(50)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an Ghréig le hathbhreithniú a dhéanamh ar a scéimeanna dreasachta chun na spriocanna acmhainneachta críochfoirt faoi bhealach a bhaint amach sa chaoi go socrófar an t-uasmhíbhuntáiste airgeadais a eascraíonn as na scéimeanna dreasachta sin ar leibhéal a bhfuil tionchar ábhartha aige ar an ioncam atá i mbaol. Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an Ghréig athbhreithniú ar a scéim dreasachta chun spriocanna acmhainneachta críochfoirt agus faoi bhealach a bhaint amach tríd an uasmhíbhuntáiste airgeadais a shocrú ar leibhéal atá cothrom le 2 % agus 1,5 % faoi seach de na costais arna gcinneadh. Tugtar aghaidh cuí leis an athbhreithniú sin ar na torthaí a chuir an Coimisiún in iúl i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728. Níl aon bharúil bhreise ag an gCoimisiún maidir leis na scéimeanna dreasachta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Gréige.

CONCLÚIDÍ

(51)

I bhfianaise a bhfuil thuas, cinneann an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ghréig isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ghréig isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Is chuig an bPoblacht Heilléanach a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)  IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Ghréig isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

An Ghréig

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme, i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

HASP

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

An Ghréig

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

1,92  %

1,92  %

1,92  %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach ina nóiméid in aghaidh na heitilte

An Ghréig

2022

2023

2024

Spriocanna acmhainneachta athbhreithnithe faoi bhealach, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,14

0,15

0,15

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna chinneadh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Gréige

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 - 2021

2022

2023

2024

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

EUR 31,37

EUR 23,20

EUR 40,71

EUR 27,86

EUR 26,96

EUR 27,98