9.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/66


CINNEADH (AE) 2022/2408 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Nollaig 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobal Iompair a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar rialacha nós imeachta an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, ar na Rialacháin Foirne, agus a mhéid a bhaineann le tabhairt isteach rialacha nós imeachta an Choiste Idir-réitigh agus rialacha maidir le réiteach díospóidí do Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 agus Airteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Shínigh an tAontas an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (“TCT”) i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle (1).

(2)

Formheasadh TCT thar ceann an Aontais an 4 Márta 2019 (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019.

(3)

Bunaíodh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach faoi TCT chun TCT a riar agus a chur chun feidhme mar is cuí.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 24(5) TCT go bhfuil an Coiste Stiúrtha Réigiúnach lena rialacha nós imeachta a ghlacadh. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 30 TCT go bhfuil sé chun rialacha Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a leagan síos.

(5)

Tá sé beartaithe go nglacfaidh an Coiste Stiúrtha Réigiúnach cinneadh lena leasaítear a rialacha nós imeachta, chun foráil a dhéanamh maidir le teorainn ama níos giorra chun an dréachtchlár oibre agus aon doiciméid ghaolmhara a dháileadh roimh chruinniú an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh, cinneadh lena nglactar rialacha nós imeachta an Choiste Idir-réitigh agus rialacha maidir le réiteach díospóidí is infheidhme maidir leis an mBuanrúnaíocht, chun díospóidí idir an Bhuanrúnaíocht agus comhaltaí dá foireann a rialú, agus cinneadh maidir leis na leasuithe ar Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair is gá de thoradh ar ghlacadh na rialacha sin.

(6)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Stiúrtha Réigiúnach a bhunú i ndáil leis na cinntí sin a ghlacadh, óir tá na cinntí sin riachtanach do dhea-fheidhmiú na Buanrúnaíochta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobal Iompair a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar a rialacha nós imeachta, ar rialacha nós imeachta an Choiste Idir-réitigh agus ar na rialacha maidir le réiteach díospóidí do Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, agus leis na leasuithe ar Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, beidh sé bunaithe ar dhréachtchinntí an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh ionadaithe an Aontais laistigh den Choiste Stiúrtha Réigiúnach toiliú le mionathruithe ar na dréachtchinntí sin gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KUPKA


(1)  Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1).

(2)  Cinneadh (AE) 2019/392 ón gComhairle an 4 Márta 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 71, 13.3.2019, lch. 1).


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2022 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

maidir le Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair a leasú

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Leasaítear Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, arna nglacadh mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair an 5 Meitheamh 2019, mar a leanas:

(a)

leasaítear Roinn 14 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b), fomhír (iii):

‘(iii)

ionadaí ón Uachtaránacht roimhe sin ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Is d’aon toil a dhéanfaidh an Coiste Idir-réitigh cinntí.’;

(b)

leasaítear Roinn 15 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Aon díospóid idir an Rúnaíocht agus ball foirne a bhaineann leis na Rialacháin Foirne seo, na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile, is é an Coimisiún Eorpach, ag gníomhú dó mar eadránaí, ag an dara céim, a dhéanfaidh iad a réiteach.’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

Tionólfar gach imeacht um réiteach díospóidí i mBéalgrád nó ar líne, agus is é an Béarla teanga na n-imeachtaí. Leagfaidh an Coiste Stiúrtha síos na rialacha maidir le réiteach díospóidí d’fhonn nós imeachta tráthúil lena ngabhann costais réasúnacha do na páirtithe a éascú.’.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2022 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

maidir le Rialacha Nós Imeachta an Choiste Idir-réitigh agus rialacha maidir le réiteach díospóidí is infheidhme maidir le Buanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair a ghlacadh

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(1) agus Airteagal 30 de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Glactar leis seo Rialacha mionsonraithe Nós Imeachta an Choiste Idir-réitigh agus na rialacha maidir le réiteach díospóidí le haghaidh Bhuanrúnaíocht an Chomhphobail Iompair, atá i gceangal leis an gcinneadh seo.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán


Rialacha Nós Imeachta an Choiste Idir-réitigh

I.   Ginearálta

1.

Leis na Rialacha Nós Imeachta seo bunaítear na nósanna imeachta inmheánacha le haghaidh fheidhmiú an Choiste Idir-réitigh dá dtagraítear i Roinn 14 de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, arna nglacadh de bhun Chinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair.

2.

I gcás ina mbeidh aon chontrárthacht idir na Rialacha seo agus na Rialacháin Foirne, na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile arna nglacadh ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, beidh feidhm ag forálacha na rialacha deireanacha sin.

3.

Chun críocha na Rialacha Nós Imeachta seo, ciallóidh ‘baill foirne’ oifigigh uile na Rúnaíochta, eadhon an Stiúrthóir, Leas-Stiúrthóirí agus gach ball foirne eile de chuid na bPáirtithe Conarthacha, iad ag obair go buan ag an Rúnaíocht i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, gan baill foirne áitiúla, saineolaithe ar iasacht agus saineolaithe atá ar conradh go háitiúil san áireamh.

4.

Aon díospóid idir an Rúnaíocht agus ball foirne a bhaineann leis na Rialacháin Foirne, na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile, is chuig Coiste Idir-réitigh (dá ngairtear ‘an Coiste’ feasta), ar an gcéad chéim, a chuirfear iad.

5.

Féadfaidh na baill foirne achomharc a chur faoi bhráid an Choiste Idir-réitigh maidir le Roinn 2.1, pointe12, de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair nó i gcás ina raibh siad thíos de dheasca iompar gan údar maith nó éagórach orthu ag duine atá os a gcionn.

II.   An Coiste Idir-réitigh

1.

Beidh údarás ag an gCoiste cinntí a mholadh maidir le hachomhairc arna dtaisceadh ag baill foirne i gcoinne cinntí riaracháin a dhéanann difear dóibh.

2.

Beidh na hionadaí seo a leanas ar na gCoiste :

a)

ionadaí ón Uachtaránacht reatha ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach;

b)

ionadaí ó Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh don chéad téarma eile agus

c)

ionadaí ón Uachtaránacht roimhe seo ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach.

Is é Uachtaránacht reatha ar an gCoiste Stiúrtha Réigiúnaigh a bheidh ina cathaoirleach ar an gCoiste.

3.

Agus a ndualgais á gcomhlíonadh ag comhaltaí an Choiste, beidh siad iomlán neamhspleách agus á dtreorú ag a mbreithiúnas neamhspleách, agus é sin amháin. Ní dhéanfaidh siad aon treoir a lorg ná a fháil ón Rúnaíocht, déanfaidh siad a gcúraimí a chomhlíonadh faoi neamhspleáchas iomlán agus déanfaidh siad coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Beidh pléití an Choiste faoi rún. Déanfaidh comhaltaí an Choiste rúndacht na sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs achomharc ó bhall foirne a áirithiú.

4.

Bunófar an Coiste laistigh de 30 lá féilire ón dáta a thaiscfear achomharc leis an Stiúrthóir nó le hUachtaránacht an Choiste Stiúrtha. Cuirfidh an Stiúrthóir an t-achomharc ar aghaidh laistigh de 10 lá féilire ón achomharc a fháil, chuig Cathaoirleach an Choiste.

5.

Nuair a gheobhaidh Cathaoirleach an Choiste achomharc a thaisctear leis an gCoiste, tabharfaidh an Cathaoirleach comhaltaí an Choiste le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar an achomharc. I gcás díospóide maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an Coiste inniúil, is é an Coiste a chinnfidh an t-ábhar.

6.

A mhéid is féidir, beidh an comhdhéanamh céanna ag an gCoiste ar feadh na tréimhse iomláine is gá chun an cás a réiteach.

7.

Cinnfidh an Coiste an méid seo a leanas:

(a)

infhaighteacht an achomhairc;

(b)

na teorainneacha ama maidir leis an bhfreagra ar an achomharc i gcoinne na díospóide a thíolacadh ag an Rúnaíocht agus ag an mball foirne lena mbaineann ar chur isteach fianaise; agus na teorainneacha ama maidir le fianaise agus ábhair nós imeachta eile is ábhartha a thíolacadh;

(c)

ábhair eile a bhaineann leis an idir-réiteach, lena n-áirítear cé acu a thionólfar éisteachtaí ó bhéal nó a chinnfear an t-achomharc ar bhonn na ndoiciméad arna dtíolacadh amháin; agus,

(d)

an nós imeachta atá le leanúint maidir le héisteachtaí an Choiste.

Seolfar an nós imeachta ar bhealach lena dtabharfaí an deis do na páirtithe lena mbaineann fíorais agus imthosca is ábhartha maidir leis an achomharc a chur chun cinn.

8.

Déanfaidh an Coiste cinneadh maidir leis an achomharc i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, leis na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó i gcomhréir le rialacha ábhartha eile. Ábhair a bhaineann leis an léirmhíniú ar an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, ní bheidh siad faoi inniúlacht an Choiste.

9.

Cuirfidh an Cathaoirleach an Stiúrthóir, Leas-Stiúrthóir na Rúnaíochta agus an ball foirne lena mbaineann ar an eolas faoi gach céim nós imeachta a bhaineann leis an gcás.

10.

Tionólfar seisiúin an Choiste i mBéalgrád nó ar líne, agus is é an Béarla teanga na n-imeachtaí. Is iad Acmhainní Daonna agus Riarachán na Rúnaíochta a sholáthróidh tacaíocht riaracháin don Eadránaí.

11.

Má bhaineann achomhairc chomhthráthacha arna dtaisceadh leis an gCoiste leis an tsaincheist chéanna, féadfaidh an Coiste cinneadh a dhéanamh na hachomhairc a láimhseáil le chéile agus aon chinneadh amháin a fhoirmliú.

12.

Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht achomhairc má tharraingíonn an ball foirne lena mbaineann siar a (h)achomharc nó má thagtar ar shocraíocht trí chomhaontú frithpháirteach. Cuirfidh an ball foirne lena mbaineann Cathaoirleach an Choiste ar an eolas faoi i scríbhinn. Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht achomhairc i gcás sárú ar chuid III, pointe 5.

III.   Nós imeachta achomhairc

1.

Féadfaidh an ball foirne agus an Rúnaíocht araon réiteach neamhfhoirmiúil a thionscnamh ar na saincheisteanna lena mbaineann, tráth ar bith sula roghnaíonn an ball foirne an t-ábhar a shaothrú go foirmiúil nó ina dhiaidh sin.

2.

Ní bheidh achomharc infhaighte ag an gCoiste má réitíodh an díospóid a eascraíonn as cinneadh faoi chonspóid trí chomhaontú ar thángthas air trí réiteach neamhfhoirmiúil.

3.

Mar sin féin, féadfaidh ball foirne achomharc a chur faoi bhráid an Choiste go díreach chun cur chun feidhme comhaontaithe ar thángthas air trí réiteach neamhfhoirmiúil a fhorfheidhmiú laistigh de 90 lá féilire ón sprioc-am cur chun feidhme mar a shonraítear sa chomhaontú réitigh neamhfhoirmiúil nó, i gcás nach bhfuil aon ní luaite i leith an ábhair sin sa chomhaontú réitigh neamhfhoirmiúil, laistigh de 90 lá féilire ón tríochadú lá féilire ón dáta a síníodh an comhaontú.

4.

Aon bhall foirne ar mian leis agóid fhoirmiúil a dhéanamh in aghaidh cinneadh riaracháin, cuirfidh sé, mar chéad chéim, achomharc i scríbhinn faoi bhráid an Stiúrthóra nó faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha, i gcás ina mbaineann an gearán leis an Stiúrthóir le haghaidh meastóireacht ón gCoiste ar an gcinneadh riaracháin.

5.

Ní cheadaítear don bhall foirne lena mbaineann ná d’aon ionadaí de chuid na Rúnaíochta ábhar an achomhairc a phlé le comhaltaí an Choiste le linn an nós imeachta achomhairc ná dul i dteagmháil leo, ar bhealach ar bith, maidir le hábhar an achomhairc, seachas mar a fhoráiltear i gCuid II, pointe 7.

6.

Ní bheidh achomharc le haghaidh meastóireacht ón gCoiste ar an gcinneadh riaracháin infhaighte ag an Stiúrthóir ná ag Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha, ach amháin i gcás ina seoltar é laistigh de 30 lá féilire ón dáta a fuair an ball foirne fógra maidir leis an gcinneadh riaracháin a gcuirfear ina aghaidh. Féadfaidh an Rúnaíocht síneadh a chur leis an sprioc-am sin go dtí go ndéanfar iarrachtaí chun an díospóid a réiteach go neamhfhoirmiúil.

7.

Ag deireadh an mheasúnaithe, tarraingeoidh an Coiste tuarascáil suas. Leagfar amach sa tuarascáil na céimeanna nós imeachta a leanadh, na fíorais agus na himthosca is ábhartha maidir leis an achomharc agus a thogra deiridh le haghaidh cinnidh.

IV.   Cinnteoireacht

1.

Déanfaidh an Coiste cinneadh d’aon toil.

2.

Déanfar an togra le haghaidh cinneadh maidir leis an gcinneadh riaracháin faoi chonspóid laistigh de 120 lá féilire ón lá a cuireadh an t-achomharc faoi bhráid an Stiúrthóra nó Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha.

3.

Déanfar an togra le haghaidh cinnidh a chur in iúl i scríbhinn don bhall foirne lena mbaineann, chomh maith don Stiúrthóir agus do na Leas-Stiúrthóirí. Féadfar an cinneadh a chur isteach i gcomhad pearsanta an bhaill foirne.

4.

Maidir le freagairt na Rúnaíochta, lena léireofar toradh mheastóireacht an Choiste, cuirfear in iúl i scríbhinn í don bhall foirne laistigh de 30 lá féilire tar éis an togra le haghaidh cinnidh a fháil ón gCoiste.

V.   Gníomhaíocht a chur ar fionraí

1.

Ní bheidh d'éifeacht le hachomharc le haghaidh meastóireacht ón gCoiste a thíolacadh nó achomharc a chur faoi bhráid an Eadránaí go gcuirfear ar fionraí cur chun feidhme an chinnidh riaracháin faoi chonspóid.

2.

Mar sin féin, i gcás ina bhfuil gá le meastóireacht ón gCoiste ar chinneadh riaracháin:

(a)

féadfaidh ball foirne iarraidh a chur faoi bhráid na Rúnaíochta chun cur chun feidhme an chinnidh riaracháin faoi chonspóid a chur ar fionraí go dtí go mbeidh meastóireacht an Choiste curtha i gcrích agus go mbeidh fógra faighte ag an mball foirne maidir leis an toradh. Féadfaidh an Rúnaíocht cur chun feidhme cinnidh a chur ar fionraí i gcásanna práinne ar leith agus i gcás ina ndéanfaí dochar doleasaithe mar gheall ar a chur chun feidhme. Níl cinneadh na Rúnaíochta maidir le hiarraidh den sórt sin faoi réir achomhairc;

(b)

i gcásanna lena mbaineann scaoileadh ó sheirbhís, féadfaidh ball foirne iarraidh ar an Rúnaíocht cur chun feidhme an chinnidh a chur ar fionraí go dtí go mbeidh meastóireacht an Choiste curtha i gcrích agus go mbeidh fógra faighte ag an mball foirne maidir leis an toradh. Féadfaidh an Rúnaíocht cur chun feidhme cinnidh i gcás ina gcinnfidh sí nár cuireadh an cinneadh atá faoi chonspóid chun feidhme go fóill, i gcásanna práinne ar leith agus i gcás ina ndéanfaí dochar doleasaithe do chearta an bhaill foirne mar gheall ar a chur chun feidhme. Má dhiúltaíonn an Rúnaíocht don iarraidh, féadfaidh an ball foirne iarraidh a chur faoi bhráid an Choiste chun gníomhaíocht a chur ar fionraí.

VI.   Forálacha críochnaitheacha

1.

Déanfar aon leasú ar na Rialacha Nós Imeachta seo a ghlacadh le cinneadh ón gCoiste Stiúrtha.

2.

Bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Rialacha seo nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, ar bhonn taithí phraiticiúil a gheobhaidh an Rúnaíocht ar a gcur i bhfeidhm, féadfaidh sí leasuithe ar na Rialacha seo a mholadh de réir mar a mheasfaidh sí a bheith úsáideach nó riachtanach. I gcás inar mian le comhalta den Choiste Stiúrtha leasú den sórt sin a mholadh, rachaidh an comhalta i gcomhairle leis an Rúnaíocht ar dtús.

3.

Tiocfaidh na Rialacha seo i bhfeidhm an lá a ghlacfaidh an Coiste Stiúrtha iad.

Rialacha maidir le Réiteach Díospóidí

I.   Faisnéis Ghinearálta

1.

Leis na Rialacha seo maidir le réiteach díospóidí, tagraítear do Roinn 15 de Rialacháin Foirne an Chomhphobail Iompair, a glacadh de bhun Chinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair, chun nós imeachta tráthúil a éascú lena ngabhann costais réasúnta ar na páirtithe.

2.

I gcás ina mbeidh aon chontrárthacht idir na Rialacha seo agus na Rialacháin Foirne, na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile arna nglacadh ag an gCoiste Stiúrtha Réigiúnach, beidh feidhm ag forálacha na rialacha deireanacha sin.

3.

Ní fhéadfaidh baill foirne nó an Rúnaíocht achomharc a chur faoi bhráid Eadránaí ach amháin chun cur i gcoinne an togra le haghaidh cinnidh a rinne an Coiste Idir-réitigh mar chéad chéim.

4.

Maidir le haon díospóid a bheidh fós ann idir an Rúnaíocht agus an ball foirne maidir leis na Rialacháin Foirne, na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó rialacha ábhartha eile, cuirfear faoi bhráid Eadránaí í, ag an dara céim.

II.   Eadránaí

1.

Gníomhóidh an Coimisiún Eorpach mar Eadránaí le linn an dara céim.

2.

Beidh an tEadránaí go hiomlán neamhspleách agus is é a bhreithiúnas neamhspleách amháin a threoróidh é. Ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh sé aon treoir ón Rúnaíocht, déanfaidh sé a chúraimí a chomhlíonadh go lán-neamhspleách agus déanfaidh sé coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Beidh imeachtaí na hEadrána faoi rún. Áiritheoidh an tEadránaí rúndacht na sonraí pearsanta arna bpróiseáil i gcomhthéacs achomhairc foirne.

3.

Ceapfar an tEadránaí laistigh de 30 lá féilire ón dáta a chuirfear achomharc faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh.

4.

Beidh sainordú ag an Eadránaí ar feadh na tréimhse iomláine is gá chun an cás a shocrú.

5.

Cinnfidh an tEadránaí na nithe seo a leanas:

a)

na teorainneacha ama maidir leis an bhfreagra ar an achomharc i gcoinne na díospóide a thíolacadh ag an Rúnaíocht agus na teorainneacha ama maidir le fianaise a thíolacadh ag an mball foirne lena mbaineann; agus,

b)

ábhair eile a bhaineann leis na himeachtaí, lena n-áirítear cé acu a thionólfar éisteachtaí ó bhéal nó a chinnfear an t-achomharc ar bhonn na ndoiciméad arna dtíolacadh amháin.

Seolfar an nós imeachta ar bhealach ina mbeidh deis ag na páirtithe lena mbaineann fíorais agus imthosca is ábhartha don achomharc a chur i láthair.

6.

Tabharfaidh an tEadránaí breith ar an díospóid i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne, leis na Rialacha maidir le hearcaíocht, dálaí oibre agus cothromaíocht gheografach nó le rialacha ábhartha eile. Ní thiocfaidh ábhair a bhaineann le léirmhíniú an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair faoi inniúlacht an Eadránaí.

7.

Áirítear ar inniúlacht an Eadránaí an t-údarás beart eatramhach a ordú tráth ar bith le linn na n-imeachtaí, beart nach bhfuil faoi réir achomhairc, chun faoiseamh sealadach a thabhairt do cheachtar páirtí i gcás inar cosúil, prima facie, go bhfuil an cinneadh faoi chonspóid neamhdhleathach, i gcásanna práinn ar leith, agus i gcás ina mbeadh cur chun feidhme an chinnidh ina chúis le damáiste doleigheasta. Féadfar a áireamh ar fhaoiseamh sealadach den sórt sin cur chun feidhme an chinnidh riaracháin faoi chonspóid a chur ar fionraí, ach amháin i gcásanna ceapacháin nó foirceanta.

8.

Tionólfar imeachtaí díospóide i mBéalgrád nó ar líne agus is é an Béarla teanga na n-imeachtaí. Is iad Acmhainní Daonna agus Riarachán na Rúnaíochta a sholáthróidh tacaíocht riaracháin don Eadránaí.

9.

Cuirfidh an tEadránaí an ball foirne lena mbaineann agus an Rúnaíocht ar an eolas faoi gach céim nós imeachta a bhaineann leis an gcás.

10.

Má bhainfidh dhá achomharc nó níos mó arna gcur faoi bhráid an Eadránaí leis an tsaincheist chéanna, féadfaidh an tEadránaí a chinneadh iad a láimhseáil le chéile agus cinneadh aonair a dhéanamh.

11.

Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht díospóide má tharraingíonn an ball foirne lena mbaineann a achomharc siar nó má thagtar ar réiteach trí chomhaontú frithpháirteach. Cuirfidh an ball foirne lena mbaineann an tEadránaí ar an eolas faoi i scríbhinn . Cuirfear deireadh láithreach leis an imeacht achomhairc i gcás sárú ar chuid III, pointe 3.

III.   Nós imeachta achomhairc

1.

Féadfaidh ceachtar den dá pháirtí achomharc a thaisceadh i gcoinne cinneadh riaracháin faoi chonspóid. Cuirfear faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh é laistigh de 30 lá féilire tar éis an togra ón gCoiste Idir-réitigh le haghaidh cinnidh a fháil. Ní ghlacfaidh Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh le hachomharc mura gcomhlíonfar an sprioc-am.

2.

I gcás ina gcuirfear achomharc faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh ag an dara céim, cuirfear forghníomhú cinnidh ar fionraí, ar cinneadh faoi chonspóid é agus atá bunaithe ar thogra ón gCoiste Idir-réitigh.

3.

Ní cheadaítear don bhall foirne lena mbaineann ná d’aon ionadaí de chuid na Rúnaíochta ábhar an achomhairc a phlé leis an Eadránaí ná dul i dteagmháil leis an Eadránaí ar bhealach ar bith, le linn an imeachta, seachas mar a fhoráiltear dó i gcuid II, pointe 5.

4.

Tráth réitithe an díospóide, tarraingeoidh an tEadránaí tuarascáil suas. Leagfar amach sa tuarascáil na céimeanna nós imeachta a leanadh, na fíorais agus na himthosca a bhí ábhartha don achomharc agus an réiteach críochnaitheach a bhí leis.

IV.   Cinnteoireacht

1.

Déanfaidh an tEadránaí cinneadh maidir leis an gcinneadh riaracháin faoi chonspóid laistigh de 90 lá féilire ón lá a cuireadh an t-achomharc faoi bhráid Uachtaránacht an Choiste Stiúrtha.

2.

Déanfar an cinneadh a chur in iúl i scríbhinn don bhall foirne lena mbaineann agus don Rúnaíocht agus féadfar an cinneadh a chur i gcomhad pearsanta an bhaill foirne.

3.

Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh an Eadránaí agus beidh sé ina cheangal ar gach páirtí.

V.   Forálacha críochnaitheacha

1.

Déanfar aon leasú ar na Rialacha seo maidir le réiteach díospóidí a ghlacadh le cinneadh ón gCoiste Stiúrtha.

2.

Bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Rialacha seo nó tráth ar bith ina dhiaidh, ar bhonn taithí phraiticiúil a gheobhaidh an Rúnaíocht ar a gcur i bhfeidhm, féadfaidh sí leasuithe ar na Rialacha seo a mholadh de réir mar a mheasfaidh sí a bheith úsáideach nó riachtanach. I gcás inar mian le comhalta den Choiste Stiúrtha leasú den sórt sin a mholadh, rachaidh sé i gcomhairle leis an Rúnaíocht ar dtús.

3.

Tiocfaidh na Rialacha seo i bhfeidhm an lá a ghlacfaidh an Coiste Stiúrtha iad.

DRÉACHT

CINNEADH Uimh. …/2022 Ó CHOISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR

an …

maidir le rialacha nós imeachta Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair a leasú

TÁ COISTE STIÚRTHA RÉIGIÚNACH AN CHOMHPHOBAIL IOMPAIR,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair, agus go háirithe Airteagal 24(5) de,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Cheannteideal IV, pointe 4, de Rialacha Nós Imeachta Choiste Stiúrtha Réigiúnach an Chomhphobail Iompair:

‘4.

Comhaontóidh an Uachtaránacht agus an Leas-Uachtaránacht dréachtchlár oibre an chruinnithe. Déanfar an dréachtchlár oibre agus aon doiciméad a bhaineann leis a dháileadh ar na comhaltaí agus ar na breathnóirí 4 seachtaine ar a laghad roimh an gcruinniú ábhartha. Féadfaidh na comhaltaí barúlacha a thabhairt agus a mholadh go gcuirfear míreanna nua isteach. Maidir le hábhar ar spéis le stáit eile, le heagraíochtaí idirnáisiúnta nó le comhlachtaí eile arna dtabhairt cuireadh dóibh i gcomhréir le mír 3 de Roinn II é, déanfar é sin a dháileadh ar na stáit, ar na heagraíochtaí idirnáisiúnta nó ar na gcomhlachtaí eile sin chomh maith.’.

Thar ceann an Choiste Stiúrtha Réigiúnaigh

An tUachtarán