6.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 314/97


CINNEADH (CBES) 2022/2377 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Nollaig 2022

lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Nollaig 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/788/CBES (1).

(2)

An 12 Nollaig 2016, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2016/2231 (2) mar fhreagra ar na bacainní a cuireadh ar an bpróiseas toghchánaíochta i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (PDC) agus ar na sáruithe ar chearta an duine a bhí bainteach leo. Le Cinneadh (CBES) 2016/2231, leasaíodh Cinneadh 2010/788/CBES agus tugadh isteach bearta sriantacha breise in Airteagal 3(2) de Chinneadh 2010/788/CBES.

(3)

I bhfianaise thromchúis na staide in PDC, measann an Chomhairle gur cheart na critéir ainmniúcháin i gCinneadh 2010/788/CBES a leasú chun go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a chothaíonn an choinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht nó an neamhshláine in PDC, a thacaíonn léi nó a bhaineann tairbhe aisti.

(4)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2010/788/CBES a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (2):

“2.   Déanfar bearta sriantacha dá bhforáiltear in Airteagail 4(1) agus 5(1) agus (2) a fhorchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, ar eintitis nó ar chomhlachtaí:

(a)

bac a chur ar réiteach comhthoiliúil síochánta ar thoghcháin in PDC, lena n-áirítear trí ghníomhartha foréigin, cos ar bolg nó foréigean a ghríosú, nó tríd an mbonn a bhaint den smacht reachta;

(b)

bainteach le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine in PDC;

(c)

freagrach as an gcoinbhleacht armtha, an éagobhsaíocht nó an neamhshláine a chothú in PDC;

(d)

tacaíocht a sholáthar do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)

foréigean a ghríosú i ndáil leis na gníomhaíochtaí a luaitear i bpointí (b), (c) agus (d);

(f)

saothrú a dhéanamh ar an gcoinbhleacht armtha, as an éagobhsaíocht nó as an neamhshlándáil in PDC, lena n-áirítear trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil nó a shaothrú go haindleathach;

(g)

a bhaineann leis na le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (e) nó (f);

mar a liostaítear in Iarscríbhinn II.”

;

(2)

in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2)”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KUPKA


(1)  Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).

(2)  Cinneadh (CBES) 2016/2231 ón gComhairle an 12 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 336 I, 12.12.2016, lch. 7).