|
3.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 311/8 |
CINNEADH (CBES) 2022/2369 ÓN gCOMHAIRLE
an 3 Nollaig 2022
lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/512/CBES (1). |
|
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
|
(3) |
An 6 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1909 (2), lenar tugadh isteach díolúine ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann le hamhola nó táirgí peitriliam de thionscnamh na Rúise nó a onnmhairítear ón Rúis a iompar de mhuir chuig tríú tíortha, is é sin amhola nó táirgí peitriliam arna gceannach de réir caidhp phraghais réamhshocraithe arna comhaontú ag Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, nó faoi bhun na caidhpe praghais sin. Tá sé beartaithe, leis an díolúine sin, na drochiarmhairtí ar sholáthar fuinnimh chuig tríú tíortha a mhaolú agus géarmhéadú na bpraghsanna de bharr dálaí urghnácha sa mhargadh a laghdú, agus ioncam ola na Rúise a theorannú san am céanna. |
|
(4) |
I bhfianaise na staide, agus na pléití i gComhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, agus éifeachtacht an bhirt i dtéarmaí na dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo, comhlíonadh idirnáisiúnta shásra na caidhpe praghais agus ailíniú neamhfhoirmiúil leis, mar aon leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit á gcur san áireamh, is iomchuí an chaidhp phraghais ar amhola a thabhairt isteach; is é sin an praghas in aghaidh an bhairille ar a bhfuil nó faoina bhun atá amhola ón Rúis díolmhaithe ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais, a bhaineann leis an muiriompar chuig tríú tíortha, a sholáthar. |
|
(5) |
Is iomchuí freisin bearta breise a thabhairt isteach. Go háirithe, is iomchuí soiléiriú a dhéanamh ar an toirmeasc atá ann faoi láthair maidir le hamhola agus táirgí peitriliam de chuid na Rúise a thrádáil nó bróicéireacht a dhéanamh maidir leo agus leathnaítear an díolúine ón gcaidhp phraghais nuair a thrádáiltear na hearraí sin ag an gcaidhp phraghais nó faoina bun. |
|
(6) |
Is iomchuí freisin síneadh a chur leis an idirthréimhse is infheidhme maidir le hiompar amhola agus táirgí peitriliam áirithe tar éis gach athrú ina dhiaidh sin ar an gcaidhp phraghais ar feadh tréimhse 90 lá chuig soláthar, go díreach nó go hindíreach, cúnaimh theicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnaimh airgeadais, a bhaineann leis an iompar, faoi réir na gcoinníollacha céanna. Tá gá leis an mbeart sin chun a áirithiú go gcuirfidh gach oibreoir an chaidhp phraghais chun feidhme go comhsheasmhach. |
|
(7) |
Is iomchuí freisin idirthréimhse 45 lá a thabhairt isteach le haghaidh soithí a bhfuil amhola de thionscnamh na Rúise á hiompar acu, is é sin amhola a ceannaíodh agus a luchtaíodh ar an soitheach roimh an 5 Nollaig 2022 agus a díluchtaíodh ag an gcalafort cinn scríbe deiridh roimh an 19 Eanáir 2023. |
|
(8) |
Thairis sin, is iomchuí a shoiléiriú maidir leis an toirmeasc ar sheirbhísí a sholáthar a bhaineann le hiompar amhola nó táirgí peitriliam de chuid na Rúise a dhéanann soitheach faoi bhratach tríú tír, go bhfuil feidhm ag an toirmeasc sin i ndáil le soithí a d’iompair na hearraí sin a ceannaíodh ar phraghas atá os cionn na caidhpe praghais san am atá caite, ar choinníoll go raibh a fhios ag an oibreoir a bhí freagrach as an iompar gurb amhlaidh an cás nó go raibh cúis réasúnach aige amhras a bheith air faoin méid sin. Is gá an méid sin a dhéanamh chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú. |
|
(9) |
Is iomchuí díolúine a thabhairt isteach ón toirmeasc ar mhuiriompar a sholáthar agus ón toirmeasc ar chúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar, a bhaineann leis an muiriompar chuig tríú tíortha, i gcás inar gá sin chun teagmhas ar dócha go mbeidh tionchar tromchúiseach mór aige ar shláinte agus sábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol a chosc nó a mhaolú go práinneach, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha. |
|
(10) |
Ar deireadh, is iomchuí athbhreithniú rialta a thabhairt isteach ar shásra na caidhpe praghais chun éifeachtacht an bhirt a chur san áireamh i dtéarmaí na dtorthaí a meastar a bheidh aige, a chur chun feidhme, comhlíonadh idirnáisiúnta shásra na caidhpe praghais agus an t-ailíniú neamhfhoirmiúil leis, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an Aontas agus ar a Bhallstáit, agus chun freagairt ar fhorbairtí sa mhargadh, lena n-áirítear aon suaitheadh a d’fhéadfadh tarlú. Leis an athbhreithniú sin, ní mór cuspóirí na caidhpe praghais a chur san áireamh, lena n-áirítear a chumas ioncam ola na Rúise a laghdú, chomh maith leis an bprionsabal gur cheart don chaidhp praghais a bheith 5 % ar a laghad faoi bhun mheánphraghas an mhargaidh do tháirgí ola agus peitriliam de chuid na Rúise. Ba cheart meánphraghas an mhargaidh a ríomh i gcomhar leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh. Aon cheist a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmiú agus do théarmaí na caidhpe praghais, dhéanfaí í a ardú le Comhghuaillíocht na Caidhpe Praghais, tar éis plé sa Chomhairle. Chun meastóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sa mhargadh go tráthúil, ba cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh ó lár mhí Eanáir 2023 agus ba cheart don Chomhairle filleadh ar an tsaincheist gach 2 mhí ina dhiaidh sin. |
|
(11) |
Agus na cúinsí atá ann faoi láthair á gcur san áireamh, atá dúshlánach d’iomaíochas loingseoireacht an Aontais, agus gur earnáil den gheilleagar é tionscal na loingseoireachta atá ag téarnamh de réir a chéile, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bearta tacaíochta iomchuí a ghlacadh go práinneach, lena n-áirítear trí na hionstraimí atá ann cheana a fhorbairt tuilleadh faoin 5 Feabhra 2023 ar a dhéanaí, agus é mar aidhm inchreidteacht agus tábhacht straitéiseach thionscal loingseoireachta an Aontais a chaomhnú, iomaíochas loingseoireacht an Aontais a chothabháil agus a fheabhsú tuilleadh, agus leas oibriú iomaíoch long a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain acu a chosaint ag an am céanna, chomh maith le hathrú bratach long chuig cláir long na mBallstát a spreagadh. |
|
(12) |
Ní mór don Aontas tuilleadh a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(13) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/512/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 4p mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/1909 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 259I, 6.10.2022, lch. 122).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn XI a ghabhann le Cinneadh 2014/512/CBES, cuirtear an tábla seo a leanas léi:
|
“Cód AC |
Tuairisc |
Praghas in aghaidh an bhairille (USD) |
Dáta cur i bhfeidhm |
|
2709 00 |
Olaí peitriliam agus olaí a fhaightear ó mhianraí biotúmanacha, iad amh |
60 |
an 5 Nollaig 2022”. |