29.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 308/16


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2331 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2022

maidir le Cathaoirleach ar an mBord Réitigh Aonair agus comhalta lánaimseartha den Bhord Réitigh Aonair a cheapadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (1), agus go háirithe Airteagal 56(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don fhormheas ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 28 Meán Fómhair 2022, tar éis éisteacht a thabhairt don Bhord Réitigh Aonair (“an Bord”) ina sheisiún iomlánach, ghlac an Coimisiún gearrliostaí iarrthóirí chun Cathaoirleach ar an mBord agus comhalta lánaimseartha den Bhord a cheapadh agus chuir sé ar fáil do Pharlaimint na hEorpa iad.

(2)

Cuireadh an Chomhairle ar an eolas freisin faoi na gearrliostaí a cuireadh ar fáil do Pharlaimint na hEorpa.

(3)

De bhun Airteagal 56(5) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, 5 bliana a mhairfidh téarma oifige an Chathaoirligh ar an mBord agus an chomhalta den Bhord.

(4)

An 12 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún togra chun Dominique LABOUREIX a cheapadh ina Chathaoirleach ar an mBord, agus Tuija TAOS a cheapadh ina comhalta lánaimseartha den Bhord, agus chuir sé an togra seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas.

(5)

D’fhormheas Parlaimint na hEorpa an togra sin an 10 Samhain 2022,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, ceaptar an duine seo a leanas mar Chathaoirleach ar an mBord Réitigh Aonair ar feadh téarma oifige 5 bliana ón 9 Eanáir 2023:

Dominique LABOUREIX.

2.   Leis seo, ceaptar an duine seo a leanas mar chomhalta lánaimseartha den Bhord Réitigh Aonair ar feadh téarma oifige 5 bliana ón 22 Márta 2023:

Tuija TAOS.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 225, 30.7.2014, lch. 1.