|
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 300/31 |
CINNEADH (CBES) 2022/2275 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Samhain 2022
mar thaca le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón (AAMVS) a bhailíochtú chun leathadh aindleathach a chosc
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Straitéis an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma aindleathacha (“SALW”) agus a n-armlón, dar teideal “Airm a dhaingniú, saoránaigh a chosaint” (“Straitéis SALW an Aontais”). Is é cuspóir Straitéis SALW an Aontais gníomhaíocht Eorpach chomhtháite, chomhchoiteann agus chomhordaithe a threorú chun fáil aindleathach SALW agus a n-armlón ag sceimhlitheoirí, ag coirpigh agus ag gníomhaithe neamhúdaraithe eile, a chosc agus a shrianadh, agus chun cuntasacht agus freagracht maidir le trádáil dhlíthiúil arm a chur chun cinn. |
|
(2) |
Léirítear i Straitéis SALW an Aontais gur príomhchúis le hatreorú arm agus armlón ó na margaí dleathacha chuig na margaí aindleathacha is ea drochshlándáil stoc-charn. Geallann an tAontas agus a Bhallstáit go gcuideoidh siad le tíortha eile feabhas a chur ar bhainistiú agus ar shlándáil stoc-charn atá i seilbh an stáit trí na creata reachtacha agus riaracháin náisiúnta a neartú agus na hinstitiúidí náisiúnta a neartú a rialaíonn soláthar dlisteanach agus bainistiú stoc-charn SALW. |
|
(3) |
Tá caighdeáin agus dea-chleachtais forbartha ag Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí Dí-armála (UNODA) chun mionairm agus armlón a bhainistiú, go háirithe na Treoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin (IATG) agus an Choimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC), ar a dtugtaí na Caighdeáin Rialaithe Idirnáisiúnta um Mionairm (ISACS). Le Straitéis SALW an Aontais, cuirtear de cheangal ar an Aontas caighdeáin agus dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. |
|
(4) |
An 30 Meitheamh 2018, ag an tríú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú, glacadh doiciméad deiridh ina ndearna na Stáit athnuachan ar a ngealltanas atreorú mionarm agus arm éadrom a chosc agus a chomhrac. D’athdhearbhaigh na Stáit go bhfuil siad le dhá oiread iarrachta a dhéanamh ar bhonn náisiúnta foráil a dhéanamh maidir le bainistiú sábháilte, slán agus éifeachtach stoc-charn mionarm agus arm éadrom atá i seilbh rialtais, go háirithe i staid coinbhleachta agus iarchoinbhleachta. D’aithin na Stáit freisin cur i bhfeidhm na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha maidir le cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe chun Gach Gné den Trádáil Aindleathach i Mionairm agus in Armáin Éadroma a Chosc, a Chomhrac agus a Dhíothú a neartú. |
|
(5) |
An 24 Nollaig 2021, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Rún 76/233 lena mbunaítear meitheal neamhiata chun tacar de ghealltanais pholaitiúla a ullmhú mar chreat domhanda nua lena dtabharfar aghaidh ar na bearnaí atá ann faoi láthair i mbainistiú armlóin tríd an saol. In 2022, ag “Ochtú Cruinniú Débhliantúil na Stát le féachaint ar chur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe” (“BMS8”), tugadh dá aire an mheitheal neamhiata sin. |
|
(6) |
Dearbhaítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe NA nach mór cur i gcoinne na trádála aindleathaí i mionairm agus in airm éadroma chun go leor de na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le hinstitiúidí láidre, leis an mbochtaineacht a laghdú, leis an bhfás eacnamaíoch, leis an tsláinte, le comhionannas inscne agus le cathracha sábháilte. Dá bhrí sin, i Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 16.4, gheall na Stáit uile go bhféachfaidís leis na sreafaí aindleathacha airgeadais agus arm a laghdú go suntasach. |
|
(7) |
Sa Chlár Oibre um Dhí-armáil dar teideal “Securing our Common Future” [Ár dTodhchaí Choiteann a Shlánú], a cuireadh i láthair an 24 Bealtaine 2018, d’iarr Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe go dtabharfaí aghaidh ar charnadh iomarcach gnáth-arm agus ar thrádáil aindleathach gnáth-arm agus d’iarr sé go dtacófaí le cineálacha cur chuige ar leibhéal na tíre maidir le mionairm. Tá cinneadh déanta ag an Aontas tacú le Gníomhaíocht 22 an Chláir Oibre: “Stoic-chairn iomarcacha ar beag cúram a dhéantar díobh a chosaint”. |
|
(8) |
An 4 Nollaig 2017, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún 72/55 maidir le fadhbanna a eascraíonn as carnadh barrachas gnáthstoc-chairn armlóin. Leis an rún sin, tacaítear le tionscnaimh ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta a thugann léargas ar bhainistiú inbhuanaithe armlóin a fheabhsú, lena n-áirítear trí IATG a chur chun feidhme. |
|
(9) |
Cuireann Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD) leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta sa Chomhrac i gcoinne Mianach a fhorbairt, a athbhreithniú agus a chur chun cinn, agus, trína Fhoireann Chomhairleach um Bainistíocht Armlón (AMAT), cuireann sé le forbairt, athbhreithniú agus scaipeadh IATG. Cruthaíodh AMAT mar thoradh ar thionscnamh comhpháirteach idir GICHD agus UNODA mar fhreagairt ar an ngéarghá atá le tacaíocht do Stáit i ndáil le bainistiú sábháilte, slán agus éifeachtach armlóin, i gcomhréir le IATG. |
|
(10) |
Tá an tAontas ag féachaint an bhféadfaí córas a bhunú a aithnítear go hidirnáisiúnta chun beartas agus cleachtas arm agus armlóin a bhailíochtú ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal na n-úsáideoirí deiridh. Le Cinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle (1), cuireadh de chúram ar AMAT tionscadal AAMVS a fhorbairt a aithnítear go hidirnáisiúnta chun leathadh aindleathach agus pléascanna tionóisceacha a chosc. |
|
(11) |
Cé go bhfuil caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta éagsúla ann maidir le bainistiú agus slándáil stoc-charn, níl aon mhodheolaíocht ann faoi láthair a aithnítear go hidirnáisiúnta chun dearbhuithe a sholáthar maidir le cumas tríú tír nó úsáideoirí deiridh “atreorú”, dá dtagraítear in Airteagal 11 den Chonradh Trádála Arm ina stoc-chairn arm agus armlón a chosc. Le modheolaíocht a aithnítear go hidirnáisiúnta chun comhlíonadh na gcaighdeán idirnáisiúnta um bainistiú arm a bhailíochtú go neamhspleách, beifear in ann an tionchar a bheidh ag cúnamh an Aontais do thríú tíortha maidir le bainistiú stoc-charn arm a thomhas, agus tacóidh sé freisin leis an measúnú riosca i gcomhthéacs rialú ar onnmhairiú arm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. D’fhonn Straitéis SALW an Aontais a chur chun feidhme, is é is cuspóir don Chinneadh seo tacú le hiarrachtaí chun bainistiú slán sábháilte SALW agus armlóin a áirithiú trí fheabhas a chur ar phróisis chinnteoireachta na bpáirtithe leasmhara atá ag obair i rialú onnmhairí agus i gcomhar agus cúnamh idirnáisiúnta.
2. De bhun mhír 1, is iad seo a leanas cuspóirí an Chinnidh seo:
|
(a) |
AAMVS oibríochtúil a chruthú, agus |
|
(b) |
iarrachtaí eagraíochtaí réigiúnacha agus a gcuid Ballstát a spreagadh chun AAMVS dá gcuid féin a fhorbairt. |
3. Leagtar amach tuairisc mhionsonraithe ar an tionscadal sin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
1. Cuirfear de chúram ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) an Cinneadh seo a chur chun feidhme.
2. Is é Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD), agus a shainghníomhaireacht, an Fhoireann Chomhairleach um Bainistiú Armlón (AMAT), a dhéanfaidh cur chun feidhme teicniúil an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
3. Déanfaidh GICHD agus AMAT a chuid cúraimí faoi fhreagracht an Ardionadaí. Chun na críche sin, déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá le GICHD.
Airteagal 3
1. Is é EUR 1 792 690,84 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail arna mhaoiniú ag an Aontas.
2. Bainisteofar an caiteachas a mhaoinítear leis an méid tagartha a leagtar amach i mír 1 i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar dhea-bhainistiú an chaiteachais dá dtagraítear i mír 1. Chuige sin, tabharfaidh sé an comhaontú is gá i gcrích le GICHD. Sonrófar sa chomhaontú sin go n-áiritheoidh GICHD infheictheacht ranníocaíocht an Aontais, atá iomchuí dá méid.
4. Déanfaidh an Coimisiún iarracht an comhaontú dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt i gcrích a luaithe agus is féidir tar éis theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas maidir le haon deacrachtaí sa phróiseas sin agus maidir leis an dáta a thabharfar an comhaontú chun críche.
Airteagal 4
1. Tuairisceoidh an tArdionadaí don Chomhairle ar chur chun feidhme an Chinnidh seo ar bhonn tuarascálacha insinte rialta arna n-ullmhú ag GICHD. Beidh na tuarascálacha sin mar bhonn don mheasúnú a dhéanfaidh an Chomhairle.
2. Tuairisceoidh an Coimisiún ar ghnéithe airgeadais an tionscadail dá dtagraítear in Airteagal 1.
Airteagal 5
1. Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag 36 mhí tar éis an dáta a thabharfar an comhaontú dá dtagraítear in Airteagal 3(3) i gcrích. Rachaidh sé in éag 6 mhí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm, áfach, mura mbeidh an comhaontú sin tugtha i gcrích faoin tréimhse sin.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle an 7 Iúil 2020 a thacaíonn le córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlóin a bhailíochtú de réir caighdeáin idirnáisiúnta oscailte (IO L 218, 8.7.2020, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
DOICIMÉAD TIONSCADAIL
CÓRAS A FHORBAIRT, A AITHNÍTEAR GO hIDIRNÁISIÚNTA, LENA nDÉANTAR BAINISTIÚ ARM AGUS ARMLÓN (AAMVS) A BHAILÍOCHTÚ CHUN LEATHADH AINDLEATHACH A CHOSC
1. Cúlra
Tá comhdhearcadh ag teacht chun cinn, laistigh den phobal um rialú arm, maidir leis an ról lárnach atá ag bainistiú éifeachtach stoc-charn chun bearta coiscthe ar atreorú rialaithe onnmhairí a neartú. Sa pháipéar oibre a ullmhaíodh don seachtú Comhdháil de Stáit is Páirtithe (CSP7) sa Chonradh Trádála Arm (ATT), d’iarr uachtaránacht CSP7 ar na Stáit is Páirtithe “gach gné de bhainistiú stoc-charn a mheas roimh údarú onnmhairiúcháin agus stóráil shábháilte agus shlán iarsheachadta.” Ina theannta sin, agus chomh maith le faisnéis a chomhroinnt maidir le gníomhaíochtaí aindleathacha (Airteagail 11 (5) agus 15(4) CTA), mhol sé “Stáit allmhairithe agus onnmhairithe chun aontú le coinníollacha agus dearbhuithe sonracha maidir le saoráidí stórála, marcáil ítimí nó rialuithe úsáideoirí deiridh, roimh onnmhairiú.” Ar deireadh, agus mar bhealach chun Airteagal 13(2) a chomhlíonadh, mhol uachtaránacht CSP7 go bhféadfadh na Stáit is Páirtithe tuarascáil a thabhairt maidir leis na bearta a rinneadh chun an tslándáil fhisiciúil agus bainistiú stoc-charn (PSSM) a neartú mar léiriú ar na gníomhaíochtaí a rinneadh chun atreorú a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air (1).
Is dúshlán i gcónaí é dearbhú a sholáthar, mar a thuairiscítear i nDoiciméad Oibre CSP7, a bhaineann le cleachtais bainistithe stoc-charn tríú tír. Tá an réimse teicniúil, agus caitear leis an bhfaisnéis mar fhaisnéis an-íogair. Fágann sé sin go mbíonn sé níos casta faisnéis a chomhroinnt. In go leor earnálacha — príobháideacha agus poiblí — úsáidtear measúnuithe comhréireachta chun dearbhuithe a sholáthar maidir le héifeachtúlacht, sábháilteacht agus slándáil táirgí agus seirbhísí. Le measúnuithe comhréireachta soláthraítear modhanna a aithnítear go hidirnáisiúnta lena chinneadh an gcomhlíonann an táirge nó an tseirbhís noirm agus caighdeáin a nglactar leo. Cé go bhfuil caighdeáin, treoirlínte agus dea-chleachtais idirnáisiúnta éagsúla ann maidir le bainistiú agus slándáil stoc-charn, níl aon mhodheolaíocht ann faoi láthair a aithnítear go hidirnáisiúnta chun dearbhuithe a sholáthar maidir le cumas tríú tír nó úsáideoirí deiridh atreorú (Airteagal 11(1), ATT) ina stoc-chairn arm agus armlón a chosc.
Ina fhianaise sin, ó 2020 i leith, tá an tAontas Eorpach (AE) ag féachaint an bhféadfaí córas a bhunú a aithnítear go hidirnáisiúnta chun beartas agus cleachtas arm agus armlóin a bhailíochtú ar leibhéal an stáit agus ar leibhéal na n-úsáideoirí deiridh. Trí Chinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle a ghlacadh agus arna leasú le Cinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle, chuir an tAontas de chúram ar Fhoireann Chomhairleach um Bainistíocht Armlón Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD) “córas a fhorbairt, a aithnítear go hidirnáisiúnta, lena ndéantar bainistiú arm agus armlón (AAMVS) a bhailíochtú chun leathadh aindleathach agus pléascthaí tionóisceacha a chosc”. Iarracht ilbhliantúil a bhí ansin, agus í comhroinnte ina céimeanna nithiúla le cuspóirí agus aschuir thiomnaithe.
Leis an gcéad chéim (CBES 2020/979), féachadh le scrúdú a dhéanamh ar a indéanta a bheadh sé córas bailíochtaithe de mhionairm agus d’armáin éadroma (SALW) agus de chleachtais bainistithe armlóin a chruthú a bheadh aitheanta go hidirnáisiúnta. Rinneadh measúnú ar indéantacht an chórais maidir le seacht gcinn de catagóirí: teicniúil, polaitiúil, dlíthiúil, eacnamaíoch, slándáil mhíleata, sábháilteacht agus slándáil chomhphobail, agus tráthúlacht. Fuarthas amach sa staidéar, cé nach raibh aon “bhratacha dearga” ann a chuirfeadh cosc ar fhorbairt córais den sórt sin, go mbeadh toilteanas polaitiúil na ngeallsealbhóirí páirt a ghlacadh i gcóras den sórt sin ag brath sa deireadh thiar ar an dearadh deiridh. Dá bhrí sin, ní raibh geallsealbhóirí in ann gealltanas a thabhairt go dtí go raibh na ceisteanna maidir le dearadh deiridh an chórais soiléir.
Leis an dara céim (CBES 2021/2075), féachadh le forbairt a dhéanamh ar an uirlis mheasúnaithe a bheadh mar bhunús leis an gcóras agus le roghanna oiriúnacha a shainiú do AAMVS. Cruthaíodh uirlis féinmheasúnaithe agus rinneadh iniúchadh ar roghanna féideartha do chóras bailíochtaithe. Cuireadh deireadh leis an tionscadal le cur chuige molta maidir le AAMVS oibríochtúil a fhorbairt.
Cad é AAMVS?
Faisnéis faoi staid ghinearálta na gcleachtas bainistithe arm agus armlóin chun leasa geallsealbhóirí éagsúla, idir geallsealbhóirí intíre agus eachtracha. Mar shampla, d’fhéadfadh na húdaráis rialaithe onnmhairiúcháin a measúnuithe riosca maidir le hatreorú a dhéantar roimh údarú ceadúnais onnmhairiúcháin a neartú trí fheabhas a chur ar a n-anailís ar an gcéim stórála iarsheachadta, agus ag an am céanna is féidir le comhar idirnáisiúnta agus soláthar cúnaimh díriú níos fearr ar riachtanais ón anailís ar na cumais reatha.
Tá AAMVS ceaptha chun malartú faisnéise a éascú maidir le cumas na n-úsáideoirí deiridh stoc-chairn shábháilte shlána a chothabháil. Déantar é sin trí mheasúnú a dhéanamh ar chumais struchtúir chóras bainistíochta úsáideoirí deiridh i gcoinne dea-chleachtais a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a fhaightear sna Treoirlínte Teicniúla Idirnáisiúnta maidir le Muinisin agus i gCoimre ar na Modúil maidir le Rialú Mionarm (MOSAIC).
I gcroílár AAMVS tá na huirlisí a forbraíodh le linn chur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle. Le féinmheasúnú caighdeánaithe, ceann de na príomh-aschuir a forbraíodh le linn chur chun feidhme CBES 2021/2075, soláthraítear modheolaíocht lena ndéantar anailís ar shofaisticiúlacht an chreata córais bainistíochta mar a shainmhínítear sna línte cumasúcháin cumais a leagtar amach in IATG 01:35. Tá an féinmheasúnú seo ceangailte le treoirdhoiciméad cúil a threoraíonn léirmhíniú na dtorthaí. Is féidir leis an uirlis féin feidhmiú mar uirlis malartaithe faisnéise dhéthaobhach maidir le staid ghinearálta na gcleachtas bainistithe arm agus armlóin ag fórsaí armtha.
Déantar “córas” den AAMVS nuair a úsáidtear an uirlis go coitianta ar fud eagraíochta chun tacú leis na comhriachtanais. Is príomhiarrthóirí iad eagraíochtaí atá comhdhéanta de Bhallstáit ag a bhfuil comhcheanglais rialaithe onnmhairí, rialacháin allmhairiúcháin, spriocanna fothaithe acmhainneachta nó riachtanais faireacháin maidir le hionstraimí a chur chun feidhme chun tairbhe a bhaint as córas a chruthú. I ngach cás, éascaíonn ardán coiteann malartú faisnéise a thuilleadh. D’fhéadfaí an measúnú caighdeánaithe a úsáid chun freastal ar riachtanais geallsealbhóirí éagsúla. D’fhéadfadh féinmheasúnú a bheith bailí ar feadh roinnt blianta, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí anailís atá údaraithe cheana féin a roinnt le geallsealbhóirí formheasta. D’fhéadfadh sé sin an t-ualach tuairiscithe ar an úsáideoir deiridh a laghdú, agus ag an am céanna cur le héifeachtúlacht chumas na n-oifigeach rialaithe onnmhairiúcháin rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir le dálaí stórála iarsheachadta úsáideoirí deiridh allmhairithe féideartha, le linn na céime réamhúdarúcháin.
Tá roghanna éagsúla ann chun córas AAMVS a chruthú. Ligeann sé sin d’eagraíocht an córas a chur in oiriúint dá riachtanais ar leith. D’fhéadfadh eagraíochtaí áirithe leas a bhaint as córas bailíochtaithe a chruthú, inar féidir anailís chaighdeánaithe amháin a roinnt idir úsáideoirí údaraithe. Féadfaidh eagraíochtaí eile fadhbanna a aimsiú maidir le bailíochtú agus dá bhrí sin féadfaidh siad roghanna comhroinnte faisnéise nach bhfuil chomh sonrach céanna a roghnú. Beidh sé ríthábhachtach a chinneadh cé na gnéithe atá inghlactha ag gach eagraíocht i bhforbairt chórais AAMVS.
Ag cur leis na haschuir agus leis na torthaí thuasluaite, díreofar i gCéim III den tionscadal ar fhorbairt AAMVS a chur chun cinn. Glacfar cur chuige réigiúnach chun córais bailíochtaithe a fhorbairt – agus béim á leagan ar struchtúir agus sásraí eagraíochtúla réigiúnacha atá ann cheana a shainaithint agus a fhorbairt chun faisnéis a roinnt agus modheolaíochtaí agus uirlisí saincheaptha a fhorbairt chun córais náisiúnta bainistithe arm agus armlóin a bhailíochtú (lena n-áirítear trí uirlis féinmheasúnaithe a fhorbairt agus treoir chomhfhreagrach chun torthaí measúnaithe a dhéanamh agus a léirmhíniú).
2. Cur chuige teicniúil
Forbróidh an tionscadal seo Córais Bailíochta neamhspleácha i ndáil le Bainistiú Arm agus Armlón (AAMVS) laistigh de struchtúir eagraíochtúla réigiúnacha atá ann cheana. Feidhmeoidh gach Córas go neamhspleách agus cuirfidh sé leis na huirlisí agus leis an treoir mhodheolaíoch a forbraíodh le linn chur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle. Áirítear leis an uirlis modheolaíocht chaighdeánaithe féinmheasúnaithe atá saincheaptha do chomhthéacs agus do chaighdeáin an réigiúin, próiseas comhaontaithe bailíochtaithe nó scórála lenar féidir leas a bhaint as saineolas an réigiúin chun anailís a dhéanamh ar na torthaí féinmheasúnaithe, ardán comhroinnte faisnéise chun aistriú faisnéise áirithe chuig údaráis iarrthacha údaraithe a éascú, agus creat rialachais beag chun inbhuanaitheacht an chórais a chothabháil.
Tríd an tionscadal seo a chur chun feidhme, dhéanfadh an tAontas an chéad chóras réigiúnach AAMVS a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil agus a chur chun feidhme. D’fhónfadh AAMVS an Aontais mar ardán do na Ballstáit chun faisnéis maidir le cleachtais bainistithe arm agus armlóin a chomhroinnt agus a rochtain, i bhformáid chaighdeánaithe, bunaithe ar fhéinmheasúnuithe arna ndéanamh ag úsáideoirí deiridh i dtríú tíortha. Rannchuideodh an tAontas go gníomhach le gach gné den chóras a dhearadh, trí leas a bhaint as líonra saineolaithe laistigh den Aontas agus de Bhallstáit an Aontais chun comhairle a thabhairt maidir le gach réimse den dearadh. Is faoi GICHD a bheidh sé an plé leis an líonra a éascú agus an dearadh a chur chun feidhme.
Neartódh AAMVS an Aontais cumas na Meithle um Onnmhairiú Gnáth-Arm (foghrúpa COARM), cumas údaráis rialaithe onnmhairiúcháin na mBallstát agus cumas na Saoráide Eorpaí Síochána (EPF) anailís a dhéanamh ar na rioscaí iarsheachadta agus ar na rioscaí pléasctha taismigh a bhaineann le córas bainistithe arm agus armlóin an úsáideora deiridh. Thacódh an fhaisnéis sin lena measúnuithe riosca maidir le hatreorú a rinneadh roimh údarú ceadúnaithe. D’fhéadfadh féinmheasúnú AAMVS tacú freisin leis an Meitheal um Neamhleathadh agus Onnmhairiú Arm (foghrúpa CONOP) agus le próisis idirnáisiúnta cúnaimh agus fothaithe acmhainneachta Bhallstáit an Aontais trí mheasúnú caighdeánaithe a chur ar fáil ar an gcaoi a gcomhlíonann an creat bainistithe arm agus armlóin na dea-chleachtais idirnáisiúnta. Thacódh sé sin le laigí agus riachtanais a shainaithint, agus ar an gcaoi sin dhéanfaí iarrachtaí fothaithe acmhainní a dhíriú ar na háiteanna is mó a bhfuil gá leis na hacmhainní.
Déanfaidh an tionscadal seo foréigiúin eile a íogrú le AAMVS agus na buntáistí a bhaineann le cur chuige caighdeánaithe a fhorbairt chun faisnéis faoi chleachtais bainistithe arm agus armlóin a mheasúnú agus a chomhroinnt. Is é cuspóir na híograithe seo eagraíochtaí réigiúnacha eile a spreagadh chun córais shaincheaptha AAMVS a fhorbairt agus tacú le húsáid na huirlise féinmheasúnaithe. Cuirfidh an iarracht sin leis na hiarrachtaí for-rochtana a rinneadh le linn chur chun feidhme Chinntí (CBES) 2020/979 agus (CBES) 2021/2075 ón gComhairle. Más rud é, le linn na híograithe, go n-iarrann eagraíocht réigiúnach tacaíocht chun AAMVS a fhorbairt, d’fhéadfadh an tionscadal acmhainní a atreorú chun tacú leis an iarracht sin.
3. Cuspóirí foriomlána
Is é príomhaidhm an tionscadail seo tacú le hiarrachtaí chun bainistiú slán sábháilte SALW agus armlóin a áirithiú trí fheabhas a chur ar phróisis chinnteoireachta na ngeallsealbhóirí atá ag obair i rialú onnmhairí agus i gcomhar agus cúnamh idirnáisiúnta.
Bainfear an sprioc sin amach trí thrédhearcacht SALW agus cleachtais bainistithe armlóin arna gcur chun feidhme ag úsáideoirí deiridh i dtríú tír a mhéadú. Agus feasacht níos fearr ar na cleachtais sin, beidh geallsealbhóirí in ann cinntí níos fearr a dhéanamh maidir le húdarú aistrithe agus tionscnaimh forbartha acmhainní.
Chun an sprioc sin a bhaint amach, oibreoidh an tionscadal i dtreo dhá phríomhchuspóir:
|
(1) |
Córas oibríochtúil AAMVS a chruthú. |
|
(2) |
Iarrachtaí na n-eagraíochtaí réigiúnacha agus a gcuid Ballstát a spreagadh chun AAMVS dá gcuid féin a fhorbairt. |
4. Cur síos ar na gníomhaíochtaí
Cuspóir 1: Córas oibríochtúil AAMVS a chruthú
Bliain 1: Creat Chóras AAMVS a chomhdhlúthú
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ |
|
ASCHUIR |
||||||||
|
Líonra comhairleach de chuid an Aontais a bhunú ina mbeidh geallsealbhóirí leasmhara ar féidir leo sainchomhairle a chur ar fáil maidir le treoir shubstainteach agus oibríochtúil ar ábhair a bhaineann le beartas agus gníomhaíochtaí an Aontais. Iarrfar ar na comhairleoirí sin ionchur a chur ar fáil le linn chéim forbartha AAMVS an Aontais chun a chinntiú go mbeidh an córas oiriúnach do chuspóirí an Aontais. Beidh Foireann Tionscadail GICHD freagrach as a gcomhairle a chur i bhfeidhm. Déanfar iarrachtaí chun roinnt cruinnithe pearsanta a eagrú i rith na bliana. Is é is cuspóir don líonra comhairleach a chinntiú go mbeidh geallsealbhóirí an Aontais ar thús cadhnaíochta maidir le córas a cheapadh a oirfidh dá riachtanais agus dá bpróisis oibre. Rannchuideoidh na comhairleoirí leis na gnéithe córais seo a leanas a shainiú:
|
|
Cur chun feidhme uirlisí Aontais atá curtha in oiriúint do chritéir an Aontais agus arna mbailíochtú ag an Aontas. |
||||||||
|
Doiciméad réime le haghaidh chóras AAMVS an Aontais, mar aon le straitéis forbartha, a dhréachtú. |
||||||||||
|
An anailís féinmheasúnaithe agus bailíochtaithe a bhailíochtú. Ní mór do shaineolaithe teicniúla an Aontais na huirlisí féinmheasúnaithe cineálacha a forbraíodh agus Cinneadh (CBES) 2021/2075 ón gComhairle á chur chun feidhme a athbhreithniú, a shaincheapadh agus a bhailíochtú chun a áirithiú go mbeidh siad oiriúnach do riachtanais gheallsealbhóirí an Aontais. Bailíochtú teicniúil a dhéanamh ar na huirlisí féinmheasúnaithe arna bhformheas ag na saineolaithe téamacha (bainistiú arm agus armlóin agus rialú onnmhairithe). Measúnú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le dearadh gréasáin chun an t-ardán comhroinnte faisnéise a chruthú. Bunaithe ar na moltaí ó chomhairleoirí an Aontais, cinnfear leis an measúnú na ceanglais ríomhchláraithe chun an t-ardán gréasáin inmhianaithe a chruthú. |
|
Nótaí agus comhfhreagras a tógadh ó chumarsáid le líonra comhairleach an Aontais a bheith ann. |
||||||||
|
Plean forbartha ardán gréasáin lena n-áirítear dearadh, forbairt, tástáil agus bailchríoch a bhunú. |
Bliain 2: Tástáil a dhéanamh ar uirlisí agus ar chórais
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ |
|
ASCHUIR |
||||||
|
Uirlisí féinmheasúnaithe a thástáil i dtríú tíortha. Beidh trí ghné ag roinnt leis na trialacha:
|
|
Tuarascáil mheasúnachta ar an triail féinmheasúnaithe. |
||||||
|
an t-ardán gréasáin a dhearadh, a thástáil agus a bhailíochtú de réir na sonraíochtaí a leagann líonra comhairleach an Aontais Eorpaigh amach. |
|
Ábhair oiliúna ar leithligh chun féinmheasúnú agus bailíochtú a dhéanamh. |
||||||
|
Ábhair oiliúna agus nósanna imeachta oibriúcháin a dhréachtú chun tacú le hiarrachtaí an féinmheasúnú a thabhairt chun críche, chun an próiseas bailíochtaithe a chaighdeánú agus chun meicníocht mhaoirseachta an chórais a threorú. |
|
Beartais agus nósanna imeachta oibriúcháin a dhréachtú maidir le bailíochtú a sheoladh agus maidir le meicníocht mhaoirseachta an chórais. |
||||||
|
Dréachtdoiciméid bheartais maidir le AAMVS a oibriú agus maoirseacht a dhéanamh orthu. |
|
Ardán gréasáin chun faisnéis AAMVS a chomhroinnt. |
||||||
|
Líonra comhairleach an Aontais a thabhairt cothrom le dáta maidir le stádas an chur chun feidhme agus dúshláin agus ceisteanna a thagann chun cinn a phlé. |
|
Nótaí do chomhairleoirí AE. |
Cuspóir 2: Eagraíochtaí eile a spreagadh chun a AAMVS réigiúnach féin a fhorbairt.
Bliain 1: AAMVS a chur i láthair dhá eagraíocht réigiúnacha; leanúint d’iniúchadh a dhéanamh ar naisc le hionstraimí idirnáisiúnta
|
GNÍOMHAÍOCHTAÍ |
|
ASCHUIR |
|
For-rochtain a dhéanamh le dhá eagraíocht réigiúnacha agus lena mBallstáit chun coincheap réigiúnach AAMVS a chur chun cinn. Beidh suas le trí chuairt ar an réigiún i gceist leis sin. Úsáidfear an chéad chruinniú leis an eagraíocht réigiúnach chun forbairt AAMVS réigiúnach a spreagadh agus, más gá, chun tús a chur le pleanáil na gcéad chéimeanna eile. D’fhreastalódh Ballstáit uile an Aontais ar an dara cruinniú agus bhainfí leas as chun an córas agus na tairbhí a chur i láthair. Meastar go ndéanfar cruthú AAMVS réigiúnach a spreagadh agus a phleanáil tuilleadh le cruinnithe leantacha. |
|
Eagraíochtaí réigiúnacha agus a gcuid Ballstát curtha ar an eolas faoi chóras AAMVS an Aontais agus faoi na buntáistí a bhaineann lena gcórais féin a chruthú. |
|
Páirt a ghlacadh i gcruinnithe na n-ionstraimí réigiúnacha agus idirnáisiúnta um rialú arm. Mar chuid de sin, d’fhéadfaí imeachtaí comhthreomhara nó imeachtaí eile a reáchtáil chun AAMVS agus forbairt AAMVS de chuid an Aontais a chur chun cinn. |
|
|
Bliain 2 agus 3: AAMVS a chur i láthair do dhá eagraíocht réigiúnacha in aghaidh na bliana, leanúint de bheith á chur chun cinn go hidirnáisiúnta
Nóta: i mBlianta 2 agus 3, tá athrú amháin sa phlean tionscadail ag brath ar thoradh iarrachtaí na bliana roimhe sin chun AAMVS a chur chun cinn go réigiúnach. Is é an plean bunaidh dhá ghníomhaíocht for-rochtana réigiúnacha a reáchtáil in aghaidh na bliana de réir na formáide a thuairiscítear i mBliain 1. Mar sin féin, má dhearbhaíonn eagraíocht réigiúnach gur mian léi AAMVS a chur chun feidhme, iarrfaidh AMAT cead ón Aontas cuid de na hacmhainní a atreorú chun AAMVS a fhorbairt sa réigiún atá ina bhfuiltear ag iarraidh an córas a chur chun feidhme. Is é an toradh a bheadh air sin go dtiocfadh laghdú ar líon na n-eagraíochtaí réigiúnacha a bheadh rannpháirteach in aghaidh na bliana, ach d’fhéadfadh méadú teacht ar líon na stát a bhainfeadh úsáid as creat AAMVS agus a bhainfeadh tairbhe as.
5. Gníomhaireacht cur chun feidhme theicniúil
Is é Lárionad Idirnáisiúnta na Ginéive um Dhímhianú Daonnúil (GICHD), trí a ghníomhaireacht speisialaithe, AMAT, an phríomhghníomhaireacht a bheidh i gceannas ar chur chun feidhme an tionscadail. Go sonrach, beidh AMAT ar thús cadhnaíochta i mbainistiú agus i gcur chun feidhme ghníomhaíochtaí uile an tionscadail seo agus is air a bheidh an fhreagracht as an mbuiséad agus as an tuairisciú. Ar an gcaoi chéanna, bhí foireann AMAT freagrach as bainistiú agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi Chinntí (CBES) 2020/979 agus (CBES) 2021/2075 ón gComhairle.
Tá sé i gceist ag AMAT sainchomhairleoirí a fhostú chun tacú le gnéithe éagsúla den tionscadal seo. Déanfar, go háirithe, saineolaithe i réimsí na forbartha gréasáin, an mheasúnaithe comhréireachta agus bhainistiú SALW a earcú chun tacú le gnéithe den tionscadal a chur chun feidhme. Roghnófar na comhairleoirí sin trí phróiseas earcaíochta údaraithe.
6. Ábharthacht
Tá an tionscadal seo, lena n-áirítear a chuspóirí, a ghníomhaíochtaí agus a aschuir, ailínithe leis an iliomad straitéisí agus comhaontuithe polaitiúla de chuid an Aontais Eorpaigh.
Straitéis 2018 an Aontais i gcoinne airm thine, mionarm agus armáin éadroma aindleathacha, agus a n-armlón (Straitéis SALW)
Is é is aidhm do Straitéis 2018 an Aontais maidir le SALW gníomhaíocht Eorpach chomhtháite, chomhchoiteann agus chomhordaithe a threorú chun fáil aindleathach SALW agus a n-armlón...a chosc agus a shrianadh, agus chun cuntasacht agus freagracht maidir le trádáil dhlíthiúil arm a chur chun cinn” (2). Foráiltear le Straitéis 2018 maidir le SALW do ghníomhaíochtaí sonracha maidir le bainistiú stoc-charn agus cuirtear de cheangal ar an Aontas tacú leis an gcomhar agus leis an gcúnamh chun Clár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe (PoA) a chur chun feidhme, lena n-áirítear bainistiú stoc-charn; caighdeáin agus dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chur chun feidhme maidir le láimhseáil mionarm (ISACS [MOSAIC anois]) agus armlón (IATG).
Rannchuideodh AAMVS de chuid an Aontais le hiarrachtaí an Aontais Straitéis SALW 2018 a chur chun feidhme:
|
— |
Is cuspóir sonraithe de chuid AAMVS é atreorú a chosc agus cuntasacht a chur chun cinn laistigh de thrádáil dhlíthiúil SALW. Is féidir le AAMVS de chuid an Aontais tacú le measúnuithe riosca ar atreorú a dhéantar sula dtugtar údaruithe le haghaidh ceadúnais onnmhairiúcháin. |
|
— |
Is féidir le AAMVS de chuid an Aontais tacú leis an gcomhar agus leis an gcúnamh i réimse an bhainistithe stoc-charn trí laigí i gcóras an bhainistithe a shainaithint agus trí bheith ina uirlis faireacháin chun athruithe nó feabhsuithe sa chleachtas a rianú. |
|
— |
Leis an modheolaíocht féinmheasúnaithe, déantar cur chun feidhme MOSAIC agus IATG a chur chun cinn mar na caighdeáin ar dá réir a thomhaistear an measúnú comhréireachta. |
Plean Gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le Gáinneáil ar Airm Thine
Aithnítear i bplean gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine chun aghaidh a thabhairt ar gháinneáil aindleathach laistigh den Aontas agus de chomhpháirtithe Oirdheisceart na hEorpa (na Balcáin Thiar, an Mholdóiv agus an Úcráin) gur gá slándáil stoc-charn a mhéadú in Oirdheisceart na hEorpa agus tacaíonn sé le réigiún na mBalcán Thiar (3). Leis an treochlár, foráiltear freisin do shlándáil an bhainistithe stoc-charn a mhéadú, na rialacháin a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh cuí (4). Ina theannta sin, le Gníomhaíocht 4.2, ní mór bainistiú níos fearr stoc-charn a spreagadh i réigiún na Saiheile.
Cé nach bhfuil fócas réigiúnach ag AAMVS an Aontais, is féidir leis tacú le hiarrachtaí chun laigí struchtúracha i gcleachtais bainistithe stoc-charn úsáideora deiridh a shainaithint. Tá modheolaíocht an fhéinmheasúnaithe an-oiriúnach chun easnaimh sna rialacháin slándála a shainaithint.
Comhsheasamh 2008 an Aontais maidir le hOnnmhairiú Arm (Comhsheasamh an Aontais) agus Treoir dheonach d’Úsáideoirí maidir leis an gComhsheasamh (5)
Tá ocht gcritéar i gComhsheasamh an Aontais ina leagtar amach ceithre shraith de rioscaí nach mór do na Ballstáit a láimhseáil mar fhorais chun ceadúnas onnmhairiúcháin a dhiúltú agus ceithre shraith d’fhachtóirí nach mór do stáit “a chur san áireamh” agus iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin á mheas acu. Tagraíonn critéar 7 do “bhaol a bheith ann go ndéanfar an teicneolaíocht mhíleata nó an trealamh míleata a atreorú laistigh de thír an cheannaitheora nó go n-athonnmhaireofar é faoi choinníollacha neamh-inmhianaithe” mar fhachtóir amháin ba cheart don onnmhaireoir a mheas. Deirtear sa Chomhsheasamh gur cheart don onnmhaireoir, agus measúnú á dhéanamh aige ar an riosca go ndéanfaí atreorú, “cumas na tíre is faighteoir rialuithe onnmhairiúcháin éifeachtacha a chur i bhfeidhm” a mheas.
Leis an Treoir d’Úsáideoirí maidir le Comhsheasamh an Aontais — lena gcuirtear treoracha breise, ach neamhcheangailteacha, ar fáil maidir le conas forálacha an doiciméid seo a chur chun feidhme — iarrtar ar onnmhaireoirí a mheas an ndéantar (a) “bainistiú stoc-charn agus slándáil” sa tír is faighteoir “de réir caighdeán leordhóthanach (lena n-áirítear MOSAIC agus IATG)”; agus (b) ar tharla “cásanna aitheanta ina raibh fadhbanna ann ó thaobh caillteanas ó stoc-charn” (6).
Sa Treoir d’Úsáideoirí, tagraítear don tábhacht a bhaineann le slándáil éifeachtach agus bainistiú stoc-charn, ní hamháin i ndáil le cur chun feidhme chritéar 7 agus le measúnú ar riosca an atreoraithe ach freisin i ndáil le cur i bhfeidhm chritéir 1 agus 2 de Chomhsheasamh an Aontais lena gcumhdaítear urraim do na hoibleagáidí idirnáisiúnta agus urraim do chearta an duine agus don dlí daonnúil idirnáisiúnta faoi seach. Go háirithe, déantar breithniú sa Treoir maidir le cloí leis na caighdeáin atá beartaithe le PoA na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear na caighdeáin sin lena gcumhdaítear bainistiú stoc-charn, atá ábhartha chun urraim na bhfaighteoirí d’oibleagáidí idirnáisiúnta de réir chritéar 1 (7) a mheas. Ina theannta sin, tagraítear sa Treoir do “nósanna imeachta leordhóthanacha” a bheith ann le haghaidh “bainistiú agus slándáil stoc-charn, lena n-áirítear le haghaidh farasbarr arm agus armlóin” agus d’fhadhb a bheith ann maidir le “gadaíocht agus caillteanas ó stoc-chairn” i dtír an úsáideora deiridh shonraithe, mar eilimintí atá le meas chun a mheas an bhfuil riosca ann go bhféadfaí na hairm onnmhairithe a úsáid de shárú ar chearta an duine nó ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta amhail de réir chritéar 2. (8)
Le Comhsheasamh an Aontais agus leis an Treoir d’Úsáideoirí, tugtar treoir ábhartha freisin maidir le comhroinnt faisnéise, cuid thábhachtach de AAMVS. Ceanglaítear le hAirteagal 4 de Chomhsheasamh an Aontais go malartaíonn na Ballstáit faisnéis maidir le diúltú ceadúnas onnmhairiúcháin agus go dtéann siad i gcomhairle le chéile agus iad ag smaoineamh ar cheadúnas a fhormheas a bhí “comhionann go bunúsach” le ceadúnas a dhiúltaigh Ballstát eile roimhe sin. Neartaítear an fhoráil sin tuilleadh le hAirteagal 7 de Chomhsheasamh an Aontais lena gceanglaítear ar na Ballstáit “a gcomhar a threisiú agus a gcóineasú a chur chun cinn” i réimse na rialuithe ar onnmhairiú arm trí “faisnéis ábhartha a mhalartú” ní hamháin maidir le diúltuithe ach maidir le beartais onnmhairiúcháin arm freisin. Leis an Treoir d’Úsáideoirí, moltar do na Ballstáit faisnéis a roinnt laistigh den Mheitheal um Neamhleathadh agus Onnmhairiú Arm (COARM) agus freisin trí “córas ar líne COARM, nó, má mheastar go bhfuil an t-aicmiú ‘Srianta’ iomchuí, trí theachtaireachtaí COREU”. Ba cheart, le malartú faisnéise, go gcumhdófaí freisin faisnéis a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do Bhallstáit eile chun riosca an atreoraithe a chosc (9).
Le Comhsheasamh an Aontais, déantar naisc shoiléire idir an beartas bunaithe agus AAMVS. Bunaíodh an nasc i gCinneadh (CBES) 2020/979 ón gComhairle agus ceapadh AAMVS an Aontais go sonrach chun tacú leis na húdaráis rialaithe onnmhairiúcháin chritéir 7 de Chomhsheasamh an Aontais a chur i bhfeidhm trí bheith ina uirlis theicniúil lenar féidir anailís a dhéanamh ar na bearta sábháilteachta agus slándála arna gcur chun feidhme ag stát ionchasach allmhairiúcháin. Tá an mhodheolaíocht a úsáidtear comhsheasmhach leis an treoir atá sa Treoir d’Úsáideoirí maidir leis an gcaighdeán a mheas le hais an dea-chleachtais atá ann cheana a nglactar leis go hidirnáisiúnta. Bunaítear le hAirteagal 4 den Chomhsheasamh freisin bonn cirt polaitiúil leis an gcuid sin de AAMVS an Aontais a bhaineann le comhroinnt faisnéise.
Cinneadh (AE) (CBES) 2021/38 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena mbunaítear cur chuige comhchoiteann maidir le heilimintí deimhnithe úsáideora deiridh i gcomhthéacs onnmhairiú mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón
Le Cinneadh 2021/38/CBES ón gComhairle bunaítear cur chuige comhchoiteann maidir le heilimintí deimhnithe úsáideora deiridh i gcomhthéacs onnmhairiú mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón (10). Áirítear sa Chinneadh dhá “eilimintí roghnacha” lena mbreithniú ag stáit atá ábhartha go díreach do AAMVS: (c) a cheadú don stát onnmhairiúcháin fíorú iar-loingsithe ar an láthair a dhéanamh; (d) chun dearbhuithe a thabhairt lena léirítear acmhainneacht an úsáideora deiridh maidir le harmáin agus armlón a bhainistiú go sábháilte agus go slán, lena n-áirítear acmhainneacht an úsáideora sin na stoc-chairn ina stórálfar na hearraí a bhainistiú go sábháilte agus go slán.
Is féidir modheolaíocht fíoraithe iarsheachadta a bheith san AAMVS chun tacú leis na héilimh a dhéantar san fhéinmheasúnú a fhíorú ar an láthair. Leis sin, is fearr fós a bheadh leibhéal an dearbhaithe.
7. An straitéis infheictheachta agus chumarsáide
Ceanglófar ar AMAT gach beart iomchuí chun a phoibliú gur mhaoinigh an tAontas an tionscadal seo, i gcomhréir leis na Ceanglais maidir le Cumarsáid agus Infheictheacht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais - 2018, arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach. Tabharfar aitheantas do thacaíocht an Aontais Eorpaigh freisin i gcuirí agus i ndoiciméid eile a chomhroinnfear le rannpháirtithe na n-imeachtaí éagsúla. Áiritheoidh AMAT go ndéanfar ionadaíocht thar ceann an Aontais, i gcás inar féidir, ag imeachtaí a dtacaítear leo faoin gCinneadh seo.
Go sonrach, aithneofar, ag gach imeacht réigiúnach agus idirnáisiúnta ina gcuirtear AAMVS i láthair, gurb é an tAontas ceannaire an tionscadail. D’fhéadfadh AAMVS an Aontais a bheith ina spreagadh iontach d’eagraíochtaí réigiúnacha eile agus, mar sin, molfaidh AMAT don Aontas iarrachtaí a dhéanamh, agus tacóidh sé leis na hiarrachtaí sin, chun an uirlis a chur chun cinn i suíomhanna éagsúla rialaithe arm. Iarrfar ar ionadaithe de chuid an Aontais barúlacha a thabhairt agus taispeánfar lógó an Aontais i gcuir i láthair agus i bhfógraí.
(1) Dréacht-Pháipéar Oibre Uachtarán CSP7: Iarrachtaí a neartú chun deireadh a chur leis an trádáil aindleathach i mionairm agus in armáin éadroma agus bainistiú éifeachtach stoc-charn a áirithiú.
(2) Comhairle an Aontais Eorpaigh, Conclúidí ón gComhairle maidir le Straitéis de chuid an Aontais a ghlacadh i gcoinne airm thine, mionairm aindleathacha agus armáin éadroma agus a n-armlón, an Bhruiséil, an 19 Samhain 2018, 13581/18, <https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-13581-2018-INIT/en/pdf>.
(3) An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh in aghaidh gáinneáil ar airm thine 2020-2025 (nóta 30).
(4) Féach Sprioc 7 den Roadmap for a sustainable solution to the illegal possession, misuse and trafficking of Small Arms and Light Weapons (SALW)/firearms and their ammunition in the Western Balkans by 2024 [Treochlár le haghaidh réiteach inbhuanaithe ar shealbhú neamhdhleathach, mí-úsáid agus gáinneáil neamhdhleathach mionarm agus armán éadrom (SALW)/arm tine agus a n-armlón sna Balcáin Thiar faoi 2024], Londain, an 10 Iúil 2018, <https://www.seesac.org/f/docs/publications-salw-control-roadmap/Regional-Roadmap-for-a-sustainable-solution-to-the.pdf>.
(5) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle, an 8 Nollaig 2008, lena sainmhínítear comhrialacha faoina rialaítear rialú easpórtálacha trealaimh agus teicneolaíochta míleata, (nóta 7).
(6) Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 129.
(7) Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 24.
(8) Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 58.
(9) Comhairle an Aontais Eorpaigh, ‘Treoir d’úsáideoirí maidir le Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (arna leasú le cinneadh (CBES) 2019/1560 ón gComhairle), lch. 159.
(10) Cinneadh (CBES) 2021/38 ón gComhairle an 15 Eanáir 2021 lena mbunaítear cur chuige comhchoiteann maidir le heilimintí deimhnithe úsáideora deiridh i gcomhthéacs onnmhairiú mionarm agus armán éadrom agus a n-armlón, (IO L 14, 18.1.2021, lch. 4),<https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32021D0038&from=GA>.