15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 294/25


CINNEADH (CBES) 2022/2245 ÓN gCOMHAIRLE

an 14 Samhain 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine, ar ar chuir Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin oiliúint le trealamh míleata, agus ardáin, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 (1), bunaíodh Saoráid Eorpach Síochána (SES) chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú de bhun Airteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2), pointe (b)(i), de Chinneadh (CBES) 2021/509, le SES is féidir gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá doimhniú an idirphlé agus an chomhair i réimse na slándála agus na cosanta ar cheann de phríomhchuspóirí an Chomhaontaithe Comhlachais leis an Úcráin. (2) Bhí an comhar feabhsaithe i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) agus ailíniú le CBES idir an tAontas agus an Úcráin ar cheann de na torthaí ón 22ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin an 6 Deireadh Fómhair 2020, comhar a neartaíodh tuilleadh ag an 23ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin, a bhí ar siúl i gCív an 12 Deireadh Fómhair 2021.

(3)

Tháinig géarú mór ar fhogha na Rúise faoin Úcráin ó 2014 i leith i mí Feabhra 2022 le hionradh gan chúis ar an Úcráin. Leanann Fórsaí Armtha na hÚcráine d’iomláine chríochach na hÚcráine a chosaint agus dá sibhialtaigh a chosaint leis na hacmhainní teoranta atá ar fáil.

(4)

An 30 Meán Fómhair 2022, ba dhíol sásaimh chomhpháirtigh d’Aire Gnóthaí Eachtracha agus Aire Cosanta na hÚcráine tacaíocht an Aontais d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine agus d’iarr siad ar an Aontas Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) a sheoladh chun acmhainneachtaí Fhórsaí Armtha na hÚcráine a neartú.

(5)

An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin. (3) Mar a cuireadh i bhfios go láidir sa Chinneadh sin, tá an Misean mar chuid de Chur Chuige Comhtháite an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht a chur ar fáil don Úcráin, lena n-áirítear bearta cúnaimh a thacaíonn le Fórsaí Armtha na hÚcráine.

(6)

Tá sé le cur de chúram ar EUMAM Ukraine an Beart Cúnaimh a chur chun feidhme. Tá sé le bheith freagrach as aisíoc armlóin, trealaimh nó ardán a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh arna soláthar ag na Ballstáit chun tacú le gníomhaíochtaí oiliúna, chomh maith le haisíoc seirbhísí, lena n-áirítear an trealamh míleata sin a iompar, a choimeád, a chothabháil agus a dheisiú. Beidh gá le dlúthchomhar idir Foireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, EUMAM Ukraine agus ceanncheathrú eile an mhisin, agus idir na Ballstáit atá i mbun na ngníomhaíochtaí oiliúna.

(7)

Tá an Beart Cúnaimh le cur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, agus go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (4), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoi SES.

(8)

A luaithe is gá agus ar a dhéanaí nuair a bheidh an méid tagartha airgeadais EUR 16 000 000 a leithdháileadh ar dtús geallta go hiomlán, breithneoidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála saincheist na leithdháiltí breise chun leanúint de mhaoiniú na tacaíochta do na riachtanais oiliúna bunaithe ar mheasúnú tapa arna dhéanamh ag EUMAM agus ar a thuarascálacha rialta, faoin mBeart Cúnaimh.

(9)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe na hÚcráine (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (SES) (“an Beart Cúnaimh”).

2.   Is é cuspóir an Bhirt Cúnaimh tacú le fothú acmhainneachta Fhórsaí Armtha na hÚcráine ag Misean Cúnaimh Mhíleata an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine), chun cur ar chumas Fhórsaí Armtha na hÚcráine iomláine chríochach agus ceannasacht na hÚcráine a chosaint agus an pobal sibhialtach a chosaint ar an bhfogha míleata atá ar siúl faoi láthair.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar na nithe seo a leanas ag na Ballstáit:

(a)

armlón, trealamh míleata, agus ardáin, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, de réir mar is gá chun riachtanais oibríochtúla EUMAM Ukraine a chomhlíonadh; agus,

(b)

seirbhísí, lena n-áirítear iompar, coimeád, cothabháil agus deisiú na n-earraí faoi phointe (a) arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, le haghaidh oiliúint faoi EUMAM Ukraine.

4.   Ach a gcríochnófar an oiliúint nó a gcuirfear deireadh le EUMAM Ukraine, déanfar coimeád an armlóin, an trealaimh mhíleata agus na n-ardán a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, agus a cuireadh ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, a aistriú ar ais chuig an tairbhí.

5.   Mairfidh an Beart Cúnaimh 24 mhí ó ghlacadh an Chinnidh seo.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 16 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais tosaigh a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas le haghaidh oibríochtaí arna maoiniú faoi SES a chur chun feidhme.

3.   I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um oibríochtaí glao ar ranníocaíochtaí tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 16 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um oibríochtaí ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste a bunaíodh le Cinneadh (CBES) 2021/509 sa bhuiséad leasaitheach lena mbaineann a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.

4.   Beidh caiteachas a bhaineann le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh incháilithe ó dháta seolta EUMAM Ukraine.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní arna soláthar faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil ar aon sócmhainní arna soláthar faoin mBeart Cúnaimh a bheidh leordhóthanach chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré; agus,

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar chuig daoine nó eintitis iad ag deireadh a saolré seachas na daoine nó na heintitis sin a shainaithnítear sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí sin de shárú ar na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme, i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoi SES, ar bhealach comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Cuirfidh EUMAM Ukraine na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) chun feidhme, a bhaineann le haisíoc agus faireachán a dhéanamh ar armlón, ar threalamh míleata, agus ar ardáin, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, arna soláthar ag na Ballstáit.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán maidir le comhlíonadh a oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Úsáidfear an faireachán sin, chun feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí sin, agus rannchuideofar le neamhchomhlíonadh den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid Fhórsaí Armtha na hÚcráine dá dtugtar tacaíocht faoin mBeart Cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh tar éis a loingsithe a eagrú i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoi SES a mheasúnú agus a shainaithint.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an Beart Cúnaimh curtha i gcrích, chun a mheasúnú ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh sin leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí don Choiste Polaitiúil agus Slándála (CPS) tuarascálacha gach sé mhí maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509, chomh maith le tuarascáil in am trátha sula ngeallfar go hiomlán an méid tagartha airgeadais tosaigh. Cuirfidh an riarthóir um oibríochtaí, le tacaíocht ó Cheannasaí an Mhisin, an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear tríd an fhaisnéis atá ar fáil a sholáthar faoin trealamh a cuireadh ar fáil.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

Féadfaidh CPS cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Ina theannta sin, féadfaidh CPS a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an Beart Cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (IO L 161, 29.5.2014, lch. 3).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/1968 an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (IO L 270, 18.10.2022, lch. 85).

(4)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear rialú onnmhairithe teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).