|
|
Ainm
|
Faisnéis aitheantais
|
Cúiseanna
|
Dáta an liostaithe
|
|
“108.
|
ABNOUSH Salar
سالار آبنوش
|
Dáta breithe: 2.5.1962
Áit bhreithe: Hamedan, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Leas-Cheannasaí an Basij Resistance Force
|
Is é Salar Abnoush Leas-Cheannasaí an Basij Resistance Force (liostaithe ag an Aontas).
Is eagraíocht pharaimíleata dheonach é an Basij atá ag feidhmiú faoin Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC) le brainsí ar fud na hIaráine. Tá sé de chúram ar IRGC tacaíocht an phobail a threorú do réimeas na hIaráine.
Tá clú agus cáil ar an Basij as saorálaithe a earcú, ar leanaí sna déaga iad go leor acu, agus as ionsaithe toinne daonna le linn an chogaidh idir an Iaráin agus an Iaráic. Tar éis thoghcháin uachtaránachta chonspóidte na hIaráine in 2009, chuir an Basij agóidí ar neamhní go brúidiúil agus rinne siad ionsaí ar shuanliosanna mac léinn. Tá dhá mhisean ag an Basij: oiliúint mhíleata chosantach a sholáthar chun an réimeas a chosaint ar ionradh eachtrach, agus gníomhaíocht intíre i gcoinne an réimis a chur faoi chois trí fhoréigean sráide agus imeaglú.
Tá an Basij ar cheann de na fórsaí a d’ordaigh an rialtas agóidí Mheán Fómhair/Deireadh Fómhair 2022 a chur faoi chois. Gortaíodh agus maraíodh roinnt agóideoirí. Léiríonn foinsí go ndearna baill an Basij faoi cheannas Salar Abnoush sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
109.
|
REZAEI Qasem (dá ngairtear freisin REZAEI Ghasem)
رضایی قاسم
|
Dáta breithe: 27.9.1961
Áit bhreithe: Abhar, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: D10005996 (an Iaráin)
Feidhm: Leas-Cheannasaí Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF)
|
Is é Qasem Rezaei Leas-Cheannasaí Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine.
Rinne sé maoirseacht dhíreach ar ghníomhartha foréigin in aghaidh cimithe, lena n-áirítear céasadh agus bualadh. Thug sé údar le gníomhaíochtaí na bhfórsaí slándála tar éis dóibh forneart a úsáid go marfach i gcoinne agóideoirí san Iaráin agus d’iarr sé go leanfaí den fhoréigean i gcoinne agóideoirí i mí na Bealtaine 2022.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
110.
|
AMANOLLAHI Manouchehr (dá ngairtear freisin AMANOLLAHI BAHARVAND Manouchehr)
منوچهر امن اللهي
|
Dáta breithe: Mí an Mhárta 1965 nó 1966
Áit bhreithe: Khorramabad, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: Ceannasaí Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF) i gcúige Chaharmahal agus Bakhtiari
|
Is é Manouchehr Amanollahi Ceannasaí Law Enforcement Forces of the Islamic Republic of Iran (LEF), atá liostaithe ag an Aontas Eorpach, i gcúige Chaharmahal agus Bakhtiari.
Le linn a théarma oifige, chuir an LEF deireadh le hagóidí sa chúige in 2021 mar fhreagairt ar easpa uisce agus in 2022 mar fhreagairt ar chiondáil bia. D’úsáid aonaid LEF faoi cheannas Amanollahi armlón beo i gcoinne agóideoirí agus na hagóidí á gcur faoi chois acu, tháinig básanna iomadúla as an gcur faoi chois sin. Mar chomhairleoir do cheannaireacht LEF, bhí baint ag Amanollahi freisin le freagra LEF ar agóidí ar fud na tíre i mí na Samhna 2019, a raibh bás na gcéadta agóideoirí mar thoradh air.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
111.
|
HEIDARI Kiyumars (dá ngairtear freisin HEYDARI Kioumars, HEYDARI Amir Kyomarth)
حیدری کیومرث
|
Dáta breithe: 1964
Áit bhreithe: Kermanshah, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Ceannasaí an Iranian Army Ground Forces
|
Is é an Briogáidire-Ghinearál Kiyumars Heidari Ceannasaí Ground Forces den Iranian Army agus tuairiscíonn sé go díreach don Cheannaire Uachtarach den Islamic Republic of Iran.
D’admhaigh sé go poiblí go raibh baint aige agus ag a fhórsa leis an bhfreagairt fhoréigneach ar agóidí mhí na Samhna 2019, rud ba chúis le bás na gcéadta agóideoirí. Tá cur síos cuimsitheach déanta cheana féin ar na sáruithe follasacha tromchúiseacha ar chearta an duine atá déanta ag na fórsaí, amhail lámhach neamh-idirdhealaitheach agóideoirí síochánta le harmlón beo, lena n-áirítear leanaí, ó cuireadh tús i lár mhí Mheán Fómhair 2022 le hagóidí a bhain le bás Mahsa Amini. Fuair os cionn 70 agóideoir bás agus gortaíodh na céadta go dona. Bhí baint ag na Army Ground Forces, atá faoi smacht Heidari, leis na hagóidí a chur faoi chois agus maraíodh duine amháin ar a laghad. Dúirt Heidari féin gur úsáideadh a chuid fórsaí chun déileáil le hagóidí 2022.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
112.
|
MAJID Vahid Mohammad Naser
وحید مجید
|
Dáta breithe: 15.8.1964
Áit bhreithe: Isfahan, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Uimhir cárta aitheantais náisiúnta: 3874409929 (an Iaráin)
Feidhm: Ceann Iranian Cyber Police
|
Tá Vahid Mohammad Naser Majid ina cheann ar an Iranian Cyber Police (liostaithe ag an Aontas).
Bíonn tionchar ag an Iranian Cyber Police ar an rochtain ar an idirlíon san Iaráin agus déanann siad daoine a ghabháil go treallach as réimeas na hIaráine a cháineadh ar líne. Tá an Cyber Police páirteach i sraith náisiúnta gabhálacha agus ionchúiseamh. Tacaíonn sé le réimeas na hIaráine ina fhreagairt fhoréigneach ar agóidí ar fud na tíre i gcoinne daoine a labhraíonn amach chun a gcearta dlisteanacha a chosaint.
Dá bhrí sin, ina cháil mar Cheann ar an Iranian Cyber Police, tá Vahid Mohammad Naser Majid freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
113.
|
NEJAT Hossein (dá ngairtear freisin ZIBAYINEJAD Mohammad-Hossein)
حسین نجات
|
Dáta breithe: 1955
Áit bhreithe: Shiraz, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: Leas-Cheannasaí ar Sarallah (dá ngairtear freisin Tharullah, Thar-Allah, Tharallah, Tharallollah)
|
Is é an Briogáidire-Ghinearál Hossein Nejat an Leas-Cheannasaí ar Sarallah, struchtúr slándála tiomnaithe de chuid stát na hIaráine atá nasctha le IRGC agus bunaithe in Tehran, ón 21 Meitheamh 2020.
Tá Sarallah ríthábhachtach do shlándáil Tehran, toisc gurb í an cheanncheathrú atá freagrach as an gcaipiteal agus institiúidí rialtais a chosaint ar aon bhagairtí amhail coups nó agóidí i gcoinne an rialtais.
Tá sé de chúram ar thrúpaí Sarallah, faoi cheannasacht dhíreach Nejat, deireadh a chur le hagóidí i gcoinne an rialtais, an cur faoi chois foréigeanach ar agóidí síochánta in 2022 san áireamh.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
114.
|
MAROUFI Hossein
حسین معروفی
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Ginearál
Feidhm: Leas-Cheann Slógtha Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Sistan agus Baluchestan
|
Is é an Ginearál Sardar Hossein Maroufi Leas-Cheann Slógtha Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Sistan agus Baluchestan. Dá réir sin, tá sé ina phríomhbhall de IRGC sa chúige sin.
Is sa chúige Sistan agus Baluchestan a chonacthas an chuid is foréigní den chniogbheartaíocht a rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear fórsaí IRGC, le linn an rabharta agóide in 2022. An 30 Meán Fómhair 2022, ba i Zahedan, príomhchathair an chúige, a tharla an eachtra “Aoine na fola”, nuair a scaoil fórsaí slándála urchair ar agóid a bhí ag dul ar aghaidh ag am phaidir na hAoine. Meastar gur lámhachadh agus gur maraíodh 70 agóideoir ar a laghad. Ó shin i leith, leanadh den fhoréigean i gcoinne rannpháirtithe in agóidí ina dhiaidh sin.
Tá Sardar Hossein Maroufi ar dhuine de na daoine atá freagrach as foréigean IRGC i gcoinne agóideoirí sa chúige Sistan agus Baluchestan, go háirithe timpeall an ama a tharla “Aoine na fola”.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
115.
|
ABSALAN Parviz
آبسالان پرویز
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Ginearál
Feidhm: Leas-Cheann an IRGC i gcúige Sistan agus Baluchestan
|
Is é an Ginearál Parviz Absalan Leas-Cheann an IRGC i gcúige Sistan agus Baluchestan. Is gné lárnach d’fhórsaí slándála na hIaráine sa chúige sin é IRGC, áit a dtugtar “Salman army” air freisin.
Tá foréigean brúidiúil á dhéanamh ag na fórsaí slándála i gCúige Sistan agus Baluchestan, i gcoinne agóideoirí síochánta sa bhabhta agóidí i bhfómhar na bliana 2022, lena n-áirítear i gcoinne leanaí.
Mar Leas-Cheannan IRGC i gcúige Sistan agus Baluchestan, tá Parviz Absalan freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
116.
|
SHAFAHI Ahmad (dá ngairtear freisin SHAFAI Ahmad)
احمد شفاهی
|
Dáta breithe: 21.5.1968
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: ceannasaí agus oifigeach caidrimh phoiblí an IRGC i gCúige Sistan agus Baluchestan
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Ahmad Shafahi ina cheannasaí ar IRGC i gcúige Sistan agus Baluchestan, agus tá sé freagrach as an gcaidreamh poiblí. Is gné lárnach d’fhórsaí slándála na hIaráine sa chúige sin é IRGC, áit a dtugtar “Salman army” air freisin.
Tá foréigean brúidiúil á dhéanamh ag na fórsaí slándála i gcúige Sistan agus Baluchestan, i gcoinne agóideoirí síochánta sa bhabhta agóidí i bhfómhar na bliana 2022, lena n-áirítear i gcoinne leanaí.
Mar cheannasaí ar IRGC i gCúige Sistan agus Baluchestan, dá bhrí sin, tá Sardar Ahmed Shafahi freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
117.
|
KOCHZAEI Ebrahim (dá ngairtear freisin KOCHZAI Ebrahim, KOUCHAKZAEI Ebrahim)
کوچزایی ابراهیم
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcathair Chabahar i gcúige Sistan agus Baluchestan
|
Is é an Coirnéal Ebrahim Kochzaei an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcathair Chabahar i gcúige Sistan agus Baluchestan.
Tá foréigean brúidiúil á dhéanamh ag na fórsaí slándála i gcúige Sistan agus Baluchestan, lena n-áirítear in Chabahar, i gcoinne agóideoirí síochánta sa bhabhta agóidí i bhfómhar na bliana 2022, lena n-áirítear i gcoinne leanaí.
Ainmníodh Kochzaei freisin mar dhéantóir éignithe cailín 15 bliana d’aois i mí Mheán Fómhair 2022, a bhí faoi choimeád póilíneachta in Chabahar.
Tá Ebrahim Kochzaei freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
118.
|
TAHERI Ahmad
طاهری احمد
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Sistan agus Baluchestan
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Ahmed Taheri ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Sistan agus Baluchestan na hIaráine.
Tá foréigean brúidiúil á dhéanamh ag na fórsaí slándála i gcúige Sistan agus Baluchestan, i gcoinne agóideoirí síochánta sa bhabhta agóidí i bhfómhar na bliana 2022, lena n-áirítear i gcoinne leanaí.
Agus é ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Sistan agus Baluchestan, tá Ahmed Taheri freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
119.
|
HOSSEINI Seyed Sadegh
سید صادق حسینی
|
Dáta breithe: 1963 nó 1964
Áit bhreithe: Dehloran, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Ginearál
Feidhm: an ceann ar IRGC i gcúige Kurdistan
|
Tá an Ginearál Seyed Sadegh Hosseini ina cheann ar an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Kurdistan.
Tá foréigean tromchúiseach déanta i gcúige Kurdistan ag fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, i gcoinne rabharta agóide 2022. Thairis sin, baineann IRGC úsáid as cúige Kurdistan mar bhonn chun oibríochtaí míleata a sheoladh i gcoinne Kurdistan na hIaráice, agus fuair corradh le dáréag neamhchomhraiceoirí bás mar thoradh air sin.
Dá bhrí sin, tá Seyed Sadegh Hosseini ar dhuine de na daoine atá freagrach as foréigean IRGC i gcoinne agóideoirí i gcúige Kurdistan. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
120.
|
RAJABPOUR Sereng Hossein
رجبپور سرنگ حسین
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: ceannasaí fhórsa Beit al-Maqdis (IRGC in Kurdistan) i gcathair Sanandaj
|
Is é an Coirnéal Sereng Hossein Rajabpour an ceannasaí ar fhórsa Beit al-Maqdis (IRGC in Kurdistan) i gcathair Sanandaj i gcúige Kurdistan.
Tá foréigean tromchúiseach déanta i gcúige Kurdistan ag fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, i gcoinne rabharta agóide 2022, go háirithe i gcathair Sanadaj.
Dá bhrí sin, tá Sereng Hossein Rajabpour ar dhuine de na daoine atá freagrach as an bhforéigean i gcoinne agóideoirí i gcúige Kurdistan. Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
121.
|
ASL Gholamhossein Mohammadi
اصل غلامحسین محمدی
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: an ceann ar IRGC i gcúige Ardabil
|
Tá Gholamhossein Mohammadi Asl ina cheann ar Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gCúige Ardabil - cúige ina bhfuil mionlach eitneach Azeri.
Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcúige Ardabil le linn agóidí 2022. Tuairiscítear go ndearna fórsaí slándála cailín scoile ón Iaráin darb ainm Asra Panahi a bhatráil chun báis toisc gur dhiúltaigh sí amhrán an réimis a chanadh.
Tá Gholamhossein Mohammadi Asl, dá bhrí sin, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
122.
|
ABDI Shakar
عبدی شکار
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: an leas-cheann ar IRGC i gcúige Ardabil
|
Tá an Coirnéal Shakar Abdi ina leas-cheann ar an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Ardabil – cúige ina bhfuil mionlach eitneach Azeri.
Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcúige Ardabil le linn agóidí 2022. Tuairiscítear go ndearna fórsaí slándála cailín scoile ón Iaráin darb ainm Asra Panahi a bhatráil chun báis toisc gur dhiúltaigh sí amhrán an réimis a chanadh.
Tá Shakar Abdi freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
123.
|
HASSANZADEH Hasan
حسنزاده حسن
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: an ceann ar IRGC i gcúige Ardabil
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Hasan Hassanzadeh ina cheann ar an Islamic Revolutionary Guards Corps (IRGC) i gcúige Tehran.
Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine i gcúige Tehran le linn agóidí 2022.
Tá Hasan Hassanzadeh freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
124.
|
AGHAEI Morteza Mir (dá ngairtear freisin MIRAGHAEI Morteza)
آقایی مرتضا میر
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: an ceann ar an Basij i gcathair Sanandaj
|
Is é an Coirnéal Morteza Mir Aghaei an ceann ar an Basij i gcathair Sanandaj i gcúige Kurdistan.
Rinne fórsaí slándála na hIaráine, lena n-áirítear IRGC agus a Basij, sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine in Sanandaj le linn agóidí 2022.
Tá Morteza Mir Aghaei, dá bhrí sin, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
125.
|
MOHAMMADIAN Abbas-Ali
محمدیان عباس-علی
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Alborz (Karaj)
|
Tá Abbas-Ali Mohammadian ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Alborz (Karaj) ó 2017.
Is cúige é Alborz (Karaj) ina bhfuil mórléirsithe ar siúl ó mhí Mheán Fómhair 2022 a ndearna na póilíní foréigean iomarcach orthu. Bhí fórsaí slándála ag scaoileadh go minic go díreach ar agóideoirí síochánta, rud ba chúis le go leor básanna, leanaí san áireamh.
Mar cheann ar LEF i gcúige Alborz (Karaj), tá Abbas-Ali Mohammadian freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
126.
|
JAHANBAKHSH Rahim
جهانبخش رحیم
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige West Azerbaijan
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Rahim Jahanbakhsh ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige West Azerbaijan.
Is cúige é West Azerbaijan ina bhfuil mórléirsithe ar siúl ó mhí Mheán Fómhair 2022 a ndearna na póilíní foréigean iomarcach orthu.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
127.
|
SHEIKHNEJAD Hassan
شیخنژاد حسن
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine in Urumeh (dá ngairtear freisin Ouroumieh), príomhchathair chúige West Azerbaijan.
|
Tá an Coirnéal Hassan Sheikhnejad ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine in Urumeh, príomhchathair chúige West Azerbaijan.
In Urumeh, rinne fórsaí slándála na hIaráine sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine le linn agóidí 2022.
Tá sé freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
128.
|
SAADATI Mahmoud
سعادتی محمود
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Coirnéal
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcathair Zahedan i gcúige Sistan agus Baluchestan
|
Is é an Coirnéal Mahmoud Saadati an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcathair Zahedan i gcúige Sistan agus Baluchestan.
In Zahedan, rinne fórsaí slándála na hIaráine sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine le linn agóidí 2022.
Tá Mahmoud Saadati freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
129.
|
MIRZAI Morteza
میرزای مرتضا
|
Áit bhreithe: Khorram Abad, an Iaráin
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Briogáidire-Ghinearál
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Mazandaran.
|
Tá an Briogáidire-Ghinearál Morteza Mirzai ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Mazandaran.
I gcúige Mazandaran, rinne fórsaí slándála na hIaráine sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine le linn agóidí 2022.
Tá Morteza Mirzai freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
130.
|
MALIKI Azizullah
عزیزالله ملکی
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Ginearál
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Gilan
|
Tá an Ginearál Azizullah Maliki ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcúige Gilan.
In 2022, stiúir Azizullah Maliki cniogbheartaíocht fhoréigneach i gcoinne na n-agóidí i gcúige Gilan. Bhí sé glórach sna meáin, agus chosain sé freagairt fhoréigneach na bhfórsaí slándála ar na hagóidí i mí Mheán Fómhair agus i mí Dheireadh Fómhair 2022.
Mar cheann ar LEF i gcúige Gilan, tá Azizullah Maliki freagrach, dá bhrí sin, as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
131.
|
MORADI Ali-Reza
مرادی علی-رضا
|
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Feidhm: an ceann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcathair Sanandaj
|
Tá Ali-Reza Moradi ina cheann ar Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine i gcathair Sanandaj i gcúige Kurdistan ó Nollaig 2018.
Ina cháil sin, tuairiscíonn Ali-Reza Moradi d’fhoireann ghinearálta na bhfórsaí armtha san Iaráin, go díreach faoi údarás an Cheannaire Uachtarach i bPoblacht Ioslamach na hIaráine.
Tá Moradi freagrach as ollghabháil agóideoirí agus d’ordaigh sé go n-úsáidfí airm mharfacha i gcoinne agóideoirí neamharmtha le linn agóidí ar fud na tíre i Sanandaj i mí na Samhna 2019, a raibh bás beirt agóideoirí ar a laghad mar thoradh orthu.
Tá cur síos déanta cheana féin ar na sáruithe follasacha tromchúiseacha ar chearta an duine atá déanta ag na fórsaí póilíneachta i Sanandaj, amhail lámhach neamh-idirdhealaitheach agóideoirí síochánta le harmlón beo, lena n-áirítear leanaí, ó cuireadh tús le hagóidí a bhain le bás Mahsa Amini, agus a thosaigh i lár mhí Mheán Fómhair 2022.
Mhol Moradi go poiblí freisin cur chuige fíordhian i leith daoine a ghlacann páirt sna léirsithe. Ó thús na léirsithe in 2022, tá an iliomad cosantóirí chearta an duine agus iriseoirí coinnithe go treallach ag fórsaí póilíneachta.
Tá Ali-Reza Moradi freagrach dá bhrí sin as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
132.
|
RAFIEI Enayatollah
رفیعی عنایاتولله
|
Dáta breithe: 1970
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Captaen
Feidhm: ceannasaí an scuaid a ghabh Mahsa Amini
|
Tá an Captaen Enayatollah Rafiei ina bhall de na Póilíní Moráltachta (liostaithe ag an Aontas), ar póilíní reiligiúnacha Ioslamacha iad atá mar chuid de Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine. Tá sé ina cheannasaí ar an scuad a ghabh Mahsa Amini.
An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh Rafiei agus triúr ball eile dá scuad Mahsa Amini, 22 bliana d’aois, go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hijab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh “rang oideachais agus treoraíochta”. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin.
Mar cheannasaí an scuaid, tá an Captaen Enayatollah Rafiei freagrach as bás Amini agus, dá bhrí sin, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
133.
|
KHOSHNAMVAND Ali
خوشناموند علی
|
Dáta breithe: 1995
Áit bhreithe: Khoshnamvand, (Khushnamvand) sa Kouhdasht district de chúige Lorestan in western Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: fireann
Grád: Sáirsint
Feidhm: Ball den scuad a ghabh Mahsa Amini
|
Tá an Sáirsint Ali Khoshnamvand ina bhall de na Póilíní Moráltachta (liostaithe ag an Aontas), ar póilíní reiligiúnacha Ioslamacha iad atá mar chuid de Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine. Tá sé ar dhuine de na hoifigigh sa scuad a ghabh Mahsa Amini.
An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh Khoshnamvand agus triúr ball eile de scuad Mahsa Amini, 22 bliana d’aois, go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hijab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh “rang oideachais agus treoraíochta”. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin.
Mar dhuine de na hoifigigh a ghabh Amini, tá an Sáirsint Ali Khoshnamvand freagrach as bás Amini agus, dá bhrí sin, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
134.
|
GHORBAN-HOSSEINI Fatemeh
قربان-حسینی فاطمه
|
Dáta breithe: 1995
Áit bhreithe: Teheran, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: baineann
Feidhm: Comhalta den scuad a ghabh Mahsa Amini
|
Tá Fatemeh Ghorban-Hosseini ina ball de na Póilíní Moráltachta (atá liostaithe ag an Aontas), ar póilíní reiligiúnacha Ioslamacha iad atá mar chuid de Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine. Tá sí ar dhuine de na hoifigigh sa scuad a ghabh Mahsa Amini.
An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh Ghorban-Hosseini agus triúr ball eile de scuad Mahsa Amini, 22 bliana d’aois, go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hijab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh “rang oideachais agus treoraíochta”. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin.
Mar dhuine de na hoifigigh a ghabh Amini, tá Fatemeh Ghorban-Hosseini freagrach as bás Amini agus, dá bhrí sin, tá sí freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022
|
|
135.
|
SAFARI Parastou
سفری پرستو
|
Dáta breithe: 1986
Áit bhreithe: Kermanshah, Iran
Náisiúntacht: Iaránach
Inscne: baineann
Feidhm: Comhalta den scuad a ghabh Mahsa Amini
|
Ball de na Póilíní Moráltachta is ea Parastou Safari (atá liostaithe ag an Aontas), ar póilíní reiligiúnacha Ioslamacha iad atá mar chuid de Law Enforcement Forces (LEF) na hIaráine. Tá sí ar dhuine de na hoifigigh sa scuad a ghabh Mahsa Amini.
An 13 Meán Fómhair 2022, ghabh Safari agus triúr ball eile de scuad Mahsa Amini, 22 bliana d’aois, go treallach in Tehran, agus iad ag maíomh go raibh an hijab á chaitheamh go míchuí aici. Ina dhiaidh sin, tógadh í chuig ceanncheathrú na bPóilíní Moráltachta le haghaidh “rang oideachais agus treoraíochta”. De réir tuairiscí agus finnéithe iontaofa, buaileadh go brúidiúil í agus tugadh drochíde di agus í faoi choimeád, rud a d’fhág san ospidéal í agus bhásaigh sí dá bharr an 16 Meán Fómhair. Ní hí an eachtra sin an t-aon eachtra amháin ina raibh iompar na bPóilíní Moráltachta drochídeach agus tá neart fianaise ann chuige sin.
Mar dhuine de na hoifigigh a ghabh Amini, tá Parastou Safari freagrach as bás Amini agus, dá bhrí sin, freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine san Iaráin.
|
14.11.2022”.
|