11.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/47


CINNEADH (AE) 2022/2198 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2022

maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí ina iomláine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (1) (“an Comhaontú”), síníodh é an 28 Bealtaine 2015 agus tá sé á chur i bhfeidhm go sealadach ón dáta sin (2) chun taisteal chuig an Aontas a éascú do shaoránaighVanuatú agus chun taisteal chuig Vanuatú a éascú do shaoránaigh an Aontais.

(2)

Tá an Comhaontú bunaithe ar chomhmhian na bPáirtithe Conarthacha teagmhálacha duine le duine a spreagadh, borradh a chur faoin turasóireacht agus faoin ngnó idir an tAontas agus Vanuatú.

(3)

Faoi Airteagal 8(4) den Chomhaontú, féadfaidh ceachtar den dá pháirtí an Comhaontú a chuir ar fionraí ina iomláine nó go páirteach, go háirithe ar chúiseanna a bhaineann leis an mbeartas poiblí agus chun an tslándáil náisiúnta a chosaint. Tabharfar fógra don pháirtí eile faoin gcinneadh fionraíochta 2 mhí ar a dhéanaí roimh an dáta a mbeidh sé beartaithe go dtiocfaidh an cinneadh fionraíochta i bhfeidhm. Más rud é nach ann a thuilleadh do na cúiseanna leis an gcur ar fionraí sin, is é an páirtí a chuir an Comhaontú ar fionraí a chuirfidh an páirtí eile ar an eolas láithreach agus a chuirfidh deireadh leis an gcur ar fionraí.

(4)

Tá scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí i bhfeidhm ag Vanuatú trína bhfuil náisiúntacht Vanuatú bronnta ag Vanuatú do náisiúnaigh tíortha eile nach raibh aon bhaint acu le Vanuatú roimhe seo, agus eisíonn sé cinntí dearfacha maidir le formhór na n-iarratas. Ar bhonn na faisnéise a chuir Oifig Pas Vanuatú ar fáil an 14 Meitheamh 2021, faoi mhí an Mhárta 2021, d’eisigh sí breis agus 10 500 pas agus bhí ráta diúltaithe an-íseal ann. Eascraíonn amhras as an staid sin maidir le hiontaofacht an scagtha slándála agus leis an dícheall cuí a dhéanann údaráis Vanuatú.

(5)

Ina theannta sin, áirítear ar thíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí ar éirigh leo náisiúntacht Vanuatú a fháil roinnt tíortha a bhfuil sé de cheangal ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha an Aontais dóibh.

(6)

I malartuithe idir an Coimisiún agus údaráis Vanuatú i mí Dheireadh Fómhair 2017, mí na Samhna 2019, mí an Mheithimh 2020 agus mí an Mhárta 2021, chuir an Coimisiún in iúl gur údar mór imní dó scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí, go háirithe saoránachta a dheonú do dhaoine a liostaítear i mbunachair sonraí Interpol, an easpa ceanglas maidir le láithreacht fhisiceach nó cónaí, tréimhsí gearra próiseála na scéimeanna agus an easpa malartaithe chórasaigh faisnéise le tíortha tionscnaimh nó le príomháit chónaithe na n-iarratasóirí roimhe seo, agus thug sé rabhadh do Rialtas Vanuatú go bhféadfaí an ceanglas víosa a athbhunú mura dtabharfaí aghaidh ar na húdair imní sin. Níor leor na mínithe a thug Vanuatú chun na húdair imní sin a mhaolú.

(7)

Dá bhrí sin cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí go páirteach le Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle (3). Tá an cur ar fionraí teoranta do ghnáthphasanna arna n-eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh, dáta a tháinig méadú suntasach ar líon na n-iarratasóirí ar éirigh leo faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí.

(8)

Cé gur cuireadh an Comhaontú ar fionraí go páirteach le Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle, níor mhór foráil a dhéanamh chomh maith maidir leis an gcur ar fionraí ar leibhéal dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, ar bhonn Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), an 27 Aibreán 2022 ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 (5) lena gcuirtear ar fionraí go sealadach an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh Vanuatú a bhfuil gnáthphasanna ina seilbh acu arna n-eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh ar feadh 9 mí, cur ar fionraí is infheidhme ón 4 Bealtaine 2022 go dtí an 3 Feabhra 2023.

(9)

Tar éis theacht i bhfeidhm an chur ar fionraí sealadach na díolúine ón gceanglas víosa i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1806, sheol an Coimisiún idirphlé feabhsaithe le Vanuatú d’fhonn na himthosca ba chúis leis an bhfionraí shealadach sin a leigheas.

(10)

Cé gur cuireadh tús leis an idirphlé feabhsaithe le Vanuatú an 12 Bealtaine 2022, níor ghlac Vanuatú páirt ann ar aon bhealach fiúntach ó shin. Dá bhrí sin, le linn na tréimhse 9 mí a leagadh síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693, níorbh fhéidir na himthosca a leigheas as ar tháinig cur ar fionraí sealadach na díolúine ón gceanglas víosa.

(11)

Leanann na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí atá á n-oibríú ag Vanuatú de bheith ina riosca méadaithe do shlándáil inmheánach na mBallstát maille le dul timpeall nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus ar an measúnú ar rioscaí slándála agus imirce a bhaineann leis an nós imeachta sin. In éagmais rannpháirtíocht Vanuatú a mheid a bhaineann leis na himthosca sin a leigheas, ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle a aisghairm agus ba cheart cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe a chur ar fionraí ina iomláine a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh uile Vanuatú.

(12)

Is éard atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (6). Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (“an Comhaontú”), déantar an Comhaontú sin a chur ar fionraí ina iomláine a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh Vanuatú, ón 4 Feabhra 2023 ar aghaidh.

Airteagal 2

Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) den Chomhaontú.

Airteagal 3

Déantar Cinneadh (AE) 2022/366 a aisghairm le héifeacht ón 4 Feabhra 2023.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  IO L 173, 3.7.2015, lch. 48.

(2)  Cinneadh (AE) 2015/1035 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2015 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (IO L 173, 3.7.2015, lch. 46).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach (IO L 69, 4.3.2022, lch. 105).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach (IO L 129, 3.5.2022, lch. 18).

(6)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).