|
11.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 292/12 |
CINNEADH (AE) 2022/2193 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Nollaig 2021
maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht Pheiriú in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 de, i gcomhar le hAirteagal 218(5) agus (6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 21 Meán Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh lena n-údaraítear tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le comhaontú idir an tAontas agus Poblacht Pheiriú lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht Pheiriú in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais. |
|
(2) |
Rinne Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht Pheiriú in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais (“an Comhaontú”) a chaibidil ina dhiaidh sin. |
|
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Pheiriú lena mbunaítear creat do rannpháirtíocht Phoblacht Pheiriú in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais Eorpaigh a fhormheas, leis seo, thar ceann an Aontais (1).
Airteagal 2
Leis seo, údaraítear d’Uachtarán na Comhairle an duine (na daoine) a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige/acu an Comhaontú a shíniú d’fhonn an tAontas a cheangal.
Airteagal 3
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) den Chomhaontú (2).
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Féach leathanach 14 den Iris Oifigiúil seo.
(2) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.