9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 288/81


CINNEADH (CBES) 2022/2186 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1894 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 11 Samhain 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1894 (1) a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir.

(2)

Rinne an Chomhairle athbhreithniú ar na bearta sriantacha a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2019/1894. Bunaithe ar an athbhreithniú sin, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sin go dtí an 12 Samhain 2023.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2019/1894 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8 de Chinneadh (CBES) 2019/1894:

“Airteagal 8

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 12 Samhain 2023 agus leanfar d’athbhreithniú leanúnach a dhéanamh air. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Cinneadh (CBES) 2019/1894 ón gComhairle an 11 Samhain 2019 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí druileála neamhúdaraithe na Tuirce sa Mheánmhuir Thoir (IO L 291, 12.11.2019, lch. 47).