9.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 288/80


CINNEADH (CBES) 2022/2185 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Nollaig 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1939 (1).

(2)

An 7 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/919 (2), lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 agus lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse cur chun feidhme do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de go dtí an 30 Samhain 2022.

(3)

An 7 Meitheamh 2022 agus an 6 Meán Fómhair 2022, d’iarr Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta agus Oifig na Náisiún Aontaithe um an bhFrithsceimhlitheoireacht, faoi seach, ina gcáil mar ghníomhaireachtaí cur chun feidhme, síneadh 7 mí le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/1939 go dtí an 30 Meitheamh 2023, i bhfianaise na moille leanúnaí ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/1939 mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19.

(4)

Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1939 go dtí an 30 Meitheamh 2023 a fheidhmiú gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2018/1939 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 5 de Chinneadh (CBES) 2018/1939, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na dara fomhíre:

“Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1939 ón gComhairle an 10 Nollaig 2018 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 314, 11.12.2018, lch. 41).

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/919 ón gComhairle an 7 Meitheamh 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1939 maidir le tacaíocht ón Aontas ar mhaithe le huiliú agus cur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Gníomhartha Sceimhlitheoireachta Núicléiche a Dhíchur (IO L 201, 8.6.2021, lch. 27).