|
28.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 280/46 |
CINNEADH (CBES) 2022/2085 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh 2010/573/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 27 Meán Fómhair 2010, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2010/573/CBES (1). |
|
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú ar Chinneadh 2010/573/CBES, ba cheart síneadh a chur leis na bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an staid maidir leis na bearta sriantacha tar éis 6 mhí. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2010/573/CBES a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In ionad Airteagal (4)2 de Chinneadh 2010/573/CBES cuirtear leis seo an méid a leanas:
“2. Beidh feidhm ag an gCinneadh seo go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023. Déanfar é a choimeád faoi athbhreithniú leanúnach. Déanfar é a athnuachan nó a leasú, de réir mar is iomchuí, má mheasann an Chomhairle nár comhlíonadh a chuspóirí.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh 2010/573/CFSP ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2010 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne cheannaireacht réigiún Tras-dnístria Phoblacht na Moldóive (IO L 253, 28.9.2010, lch. 54).