|
28.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 280/27 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2082 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Cipire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) a d’eascair as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ag éirí as iarraidh ón gCipir an 6 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 (2), cúnamh airgeadais don Chipir i bhfoirm iasachta arb ionann é agus uasmhéid EUR 479 070 000 le meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Cipire a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus freagairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. |
|
(2) |
Bhí an iasacht bhreise le húsáid ag an gCipir chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. |
|
(3) |
Ag éirí as an dara hiarraidh ón gCipir an 10 Márta 2021, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/680 (3) lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344, EUR 124 700 000 de chúnamh airgeadais breise don Chipir trí huasmhéid na hiasachta a mhéadú go EUR 603 770 000 le meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Cipire a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus freagairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. |
|
(4) |
Bhí an iasacht bhreise le húsáid ag an gCipir chun bearta scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, bearta dá dtagraítear in Airteagal 3 lena leasaítear de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/680. |
|
(5) |
De bharr ráig COVID-19 cuireadh bac ar chuid shuntasach de lucht saothair na Cipire i gcónaí. Mar thoradh air sin, tá mórmhéaduithe tobanna leanúnacha tagtha ar an gcaiteachas poiblí sa Chipir i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (c), (e), (f), (g), (h) agus (i) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. |
|
(6) |
Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Chipir chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a chur ar an ráig sin agus ar a tionchar socheacnamaíoch agus a tionchar ar chúrsaí sláinte, d’imir siad tionchar ollmhór ar an airgeadas poiblí agus imríonn go fóill. In 2020 bhí easnamh rialtais ginearálta 5,8 % agus agus fiachas 115,0 % den olltáirgeacht intíre (OTI) ag an gCipir, a laghdaigh go 1,7 % agus go 103,6 % faoi seach faoi dheireadh 2021. De réir réamhaisnéis an earraigh 2022 ón gCoimisiún, táthar á thuar go mbeidh easnamh rialtais ginearálta 0,3 % agus fiachas 93,9 % de OTI ag an gCipir faoi dheireadh 2022. De réir réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh 2022 ón gCoimisiúin, meastar go dtiocfaidh méadú 3,2 % ar OTI na Cipire in 2022. |
|
(7) |
An 5 Meán Fómhair 2022 d’iarr an Chipir cúnamh airgeadais breise ar an Aontas de mhéid EUR 29 200 000 d’fhonn leanúint dá hiarrachtaí náisiúnta ar tugadh fúthu in 2020, 2021 agus 2022 a chomhlání chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt ar iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe. Go sonrach, rinne an Chipir scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí (8) go (13) a shíneadh nó a leasú a thuilleadh. |
|
(8) |
Ba iad “Dlí 27(I)/2020” (4), “Dlí 49(I)/2020” (5), “Dlí 140(I)/2020” (6), “Dlí 36(I)/2021” (7) agus “Dlí 120(I)/2021” (8) an bunús chun roinnt gníomhartha rialaitheacha míosúla a thabhairt isteach (9), lena leagtar amach bearta chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19. Ar bhonn na ndlíthe sin, thug na húdaráis isteach an “scéim lena dtacaítear le cuideachtaí maidir le fionraíocht pháirteach oibríochtaí”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (c), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Cuirtear cúiteamh pá ar fáil leis sin d’fhostaithe gnólachtaí ina bhfuil meath tagtha ar an láimhdeachas mar thoradh ar an bpaindéim, agus é ar an gcoinníoll go gcoinnítear an fhostaíocht. Clúdaíonn an cúiteamh 60 % de thuarastal an fhostaí nó 60 % d’aonaid árachais shóisialta an fhostaí a tuilleadh in 2018, cibé acu is mó. Tá an cúiteamh idir EUR 1 214 sa mhí ar a mhéad agus EUR 360 ar a laghad. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse ó mhí an Mhárta 2020 go dtí mí an Mheithimh 2020 agus cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin chun an tréimhse ó mhí Eanáir 2021 go dtí mí Lúnasa 2021 a chumhdach. |
|
(9) |
Thairis sin, ba iad “Dlí 27(I)/2020”, “Dlí 49(I)/2020”, “Dlí 140(I)/2020”, “Dlí 36(I)/2021” agus “Dlí 120(I)/2021” agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla (10) an bunús leis an “scéim speisialta le haghaidh aonaid óstáin agus cóiríocht turasóireachta”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (e), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis sin, cuirtear cúiteamh pá ar fáil chun tacú le fostaithe i dtionscal na n-óstán agus i ngnólachtaí eile a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí ar chuir a bhfostóir oibríochtaí ar fionraí go hiomlán nó inar tháinig laghdú os cionn 40 % ar an láimhdeachas. Tá rannpháirtíocht sa scéim ag brath ar fhostaíocht a choinneáil. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse ó mhí an Mheithimh 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2020 agus cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin chun an tréimhse ó mhí na Samhna 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021 a chumhdach. |
|
(10) |
Thairis sin, ba iad “Dlí 27(I)/2020”, “Dlí 49(I)/2020”, “Dlí 140(I)/2020”, “Dlí 36(I)/2021” agus “Dlí 120(I)/2021” agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla (11) an bunús leis an “scéim speisialta chun tacú le gnólachtaí a bhaineann leis an tionscal turasóireachta nó a ndéanann an turasóireacht difear dóibh nó a bhaineann le gnólachtaí atá faoi réir fionraíocht iomlán shainordaitheach”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (f), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis an scéim, cuirtear cúiteamh pá ar fáil do na fostaithe i dtionscal na n-óstán agus i ngnólachtaí eile a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí ina cuireadh oibríochtaí ar fionraí go hiomlán nó inar tháinig laghdú os cionn 40 % ar an láimhdeachas in ionad laghdú 55 % mar a bhí sa scéim bhunaidh, agus é ar an gcoinníoll go gcoinnítear an fhostaíocht. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse ó mhí an Mheithimh 2020 go dtí mí Lúnasa 2020 agus cuireadh síneadh leis ina dhiaidh sin chun an tréimhse ó mhí Mheán Fómhair 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021 a chumhdach |
|
(11) |
Thairis sin, ba iad “Dlí 27(I)/2020”, “Dlí 49(I)/2020”, “Dlí 140(I)/2020”, “Dlí 36(I)/2021” agus “Dlí 120(I)/2021” agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla (12) an bunús le “Scéim speisialta lena dtacaítear le gnólachtaí a dhéanann gníomhaíochtaí speisialta réamhshainithe”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (g) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis an scéim sin, cuirtear cúiteamh pá ar fáil do 50 % d’fhoireann na ngnólachtaí a théann isteach sa scéim. Cumhdaíonn an tacaíocht 60 % de thuarastal an fhostaí nó 60 % d’aonaid árachais shóisialta an fhostaí a tuilleadh sa bhliain tagartha iomchuí, cibé acu is mó. Tá an cúiteamh idir EUR 1 214 sa mhí ar a mhéad agus EUR 360 ar a laghad. Tá rannpháirtíocht sa scéim ag brath ar fhostaíocht a choinneáil. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús ó mhí an Mheithimh 2020 go dtí mí Lúnasa 2020 agus cuireadh síneadh leis chun an tréimhse ó mhí Mheán Fómhair 2020 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021 a chumhdach. |
|
(12) |
Ina theannta sin, leis an “scéim fóirdheontais” a bunaíodh le “Buiséad Forlíontach, Creat Sealadach le haghaidh bearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar le linn ráig COVID-19 atá ann faoi láthair”, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (h), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344, tugadh isteach fóirdheontais d’fhiontair an-bheaga agus d’fhiontair bheaga agus do dhaoine féinfhostaithe a fhostaíonn suas le 50 fostaí. Níor iarradh ach an chuid sin den chaiteachas a bhaineann le tacaíocht do dhaoine féinfhostaithe agus do chuideachtaí aonbhaill. Cuireann na fóirdheontais sin deontas cnapshuime ar fáil chun tacú le costais oibriúcháin gnólachtaí beaga agus daoine féinfhostaithe. Rinneadh athbhreithniú ar mhéideanna na ndeontas cnapshuime maidir le catagóirí éagsúla gnólachtaí bunaithe ar an líon fostaithe. Ina theannta sin, comhaontaíodh deontais le haghaidh na ngnólachtaí sin a chuir a n-oibríochtaí ar fionraí ó bhí mí an Mhárta 2020 ann de mhéid EUR 10 000 i gcás ina bhfuil suas le 9 bhfostaí acu agus EUR 15 000 i gcás ina bhfuil níos mó ná 9 bhfostaí acu. Is féidir an scéim fóirdheontais a mheas mar bheart atá cosúil le scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, ós rud é gurb é is aidhm di an duine féinfhostaithe nó catagóirí comhchosúla oibrithe a chosaint ar laghdú nó ar chaillteanas ioncaim. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse ó mhí Aibreáin 2020 go dtí mí na Bealtaine 2020, leasaíodh é agus cuireadh síneadh leis go dtí mí na Samhna 2020 i mí na Samhna 2020. Cuireadh síneadh leis an scéim arís i mí an Mhárta 2021 agus i mí Aibreáin 2021, agus cumhdaíodh léi gnólachtaí d’aon líon fostaithe a raibh orthu a gcuid oibríochtaí a chur ar fionraí go hiomlán de réir Foraitheanta ón Aire Sláinte. |
|
(13) |
Thairis sin, ba iad “Dlí 27(I)/2020”, “Dlí 49(I)/2020”, “Dlí 140(I)/2020”, “Dlí 36(I)/2021” agus “Dlí 120(I)/2021” agus roinnt gníomhartha rialála riaracháin míosúla (13) an bunús le haghaidh “scéim sochair breoiteachta”, dá dtagraítear in Airteagal 3(i) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. Leis an scéim sin, cuirtear cúiteamh pá ar fáil d’fhostaithe na hearnála príobháidí agus do dhaoine féinfhostaithe, ar an gcoinníoll go n-aicmítear iad mar dhaoine leochaileacha de réir liosta a d’fhoilsigh an Aireacht Sláinte, go gcuireann na húdaráis i gcoraintín iad, nó mar dhaoine atá ionfhabhtaithe le COVID-19. Bhí an beart i bhfeidhm ar dtús le haghaidh na tréimhse ó mhí an Mhárta 2020 go dtí mí an Mheithimh 2020 agus cuireadh síneadh leis chun an tréimhse ó mhí na Samhna 2020 go dtí mí an Mheithimh 2021 a chumhdach. |
|
(14) |
Comhlíonann an Chipir na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Chipir fianaise chuí ar fáil don Choimisiún a léiríonn go bhfuil méadú EUR 777 840 000 tagtha ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus ar an gcaiteachas poiblí beartaithe ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann mar thoradh ar na bearta náisiúnta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é sin mar go mbaineann sé freisin le síneadh nó le leasú ar na bearta náisiúnta atá ann cheana a bhaineann go díreach leis an scéim oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Cipire. Tá sé beartaithe ag an gCipir EUR 144 870 000 den mhéid méadaithe caiteachais a mhaoiniú trí chistí de chuid an Aontais. |
|
(15) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCipir agus d’fhíoraigh sé an mórméadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus an caiteachas poiblí atá beartaithe a bhaineann go díreach le bearta scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear san iarraidh an 5 Meán Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672. |
|
(16) |
Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an gCipir aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch ghéir a tharla de dheasca ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta. |
|
(17) |
Ós rud é go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a thugtar i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 imithe in éag, tá gá le tréimhse infhaighteachta nua le haghaidh an chúnaimh airgeadais breise. Ba cheart síneadh 21 mhí a chur leis an tréimhse infhaighteachta 18 mí le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 agus, dá thoradh sin, ba cheart an tréimhse infhaighteachta iomlán a bheith 39 mí dar tús an chéad lá tar éis theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344. |
|
(18) |
Ba cheart don Chipir agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. |
|
(19) |
Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar don toradh ar aon nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh, nósanna imeachta a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear leis an gCinneadh seo an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi Airteagal 108 den Chonradh faoi chásanna státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
(20) |
Ba cheart don Chipir an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta faoi cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí bheartaithe, chun a chur ar chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Chipir an caiteachas sin chun feidhme. |
|
(21) |
Rinneadh an cinneadh chun cúnamh airgeadais a sholáthar agus riachtanais reatha agus riachtanais ionchasacha na Cipire á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm an tráth céanna, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2020/1344 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3: “Airteagal 3 Féadfaidh an Chipir na bearta seo a leanas a mhaoiniú:
|
Airteagal 2
Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Cipire.
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi don seolaí
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 maidir le tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 a dheonú do Phoblacht na Cipire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19, (IO L 314, 29.9.2020, lch. 13).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/680 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1344 lena dtugtar tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Cipire chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19, IO L 144, 27.4.2021, lch. 19.
(4) Ε.Ε., Παρ.Ι(I), Αρ.4748, 27/3/2020
(5) Ε.Ε., Παρ.Ι(I), Αρ.4756, 26/5/2020
(6) Ε.Ε., Παρ.Ι(I), Αρ.4780, 12/10/2020
(7) Ε.Ε., Παρ.Ι(I), Αρ.4823, 29/3/2021
(8) Ε.Ε., Παρ.Ι(I), Αρ.4846, 16/7/2021
(9) Gníomhartha Riaracháin Rialála, 131/188/239/2020 agus Gníomhartha Riaracháin Rialála 16/84/124/169/219/276/331/370/2021.
(10) Gníomhartha Riaracháin Rialála, 269/317/393/418/498/533/631/2020 agus 3/81/121/166/216/271/329/368/402/431/2021.
(11) Gníomhartha Riaracháin Rialála, 270/318/394/419/499/534/632/2020 agus Gníomhartha Riaracháin Rialála 14/82/122/167/217/274/330/369/403/432/2021.
(12) Gníomhartha Riaracháin Rialála, 272/320/396/420/500/535/633/2020 agus Gníomhartha Riaracháin Rialála 404/433/2021.
(13) Gníomhartha Riaracháin Rialála, 128/185/236/539/637/2020 agus Gníomhartha Riaracháin Rialála 19/87/127/172/222/273/2021.