28.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 280/23


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2081 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Phoblacht Heilléanach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandáil (SURE) a d’eascair as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ag éirí as iarraidh ón nGréig an 6 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346 (2), cúnamh airgeadais don Ghréig i bhfoirm iasachta arb ionann é agus uasmhéid EUR 2 728 000 000 le meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí ag gabháil leis, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Gréige a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin ar oibrithe agus ar dhaoine féinfhostaithe.

(2)

Bhí an iasacht le húsáid ag an nGréig chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346.

(3)

I bhfianaise an dara hiarraidh ón nGréig an 09 Márta 2021, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/679 (3) lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346, cúnamh airgeadais breise arb ionann é agus EUR 2 537 000 000 don Ghréig tríd an uasmhéid iasachta a mhéadú go EUR 5 265 000 000 agus meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí ag gabháil leis, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Gréige a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin ar oibrithe agus ar dhaoine féinfhostaithe.

(4)

Bhí an iasacht bhreise le húsáid ag an nGréig chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/679.

(5)

De bharr ráig COVID-19 cuirtear bac ar chuid shuntasach de lucht saothair na Gréige. Mar thoradh air sin, tá mórmhéaduithe tobanna leanúnacha tagtha ar an gcaiteachas poiblí sa Ghréig i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a) agus (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346.

(6)

Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Ghréig chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a chur ar an ráig sin agus a dtionchar socheacnamaíoch agus a dtionchar ar chúrsaí sláinte, d’imir siad tionchar ollmhór ar an airgeadas poiblí agus imríonn go fóill. In 2020, bhí easnamh rialtais ginearálta 10,2 % agus ollfhiachas rialtais ghinearálta de 206,3 % den olltáirgeacht intíre (OTI) ar an nGréig, méid a chúngaigh go 7,4 % agus go 193,3 % faoi seach faoi dheireadh 2021. De réir réamhaisnéis an earraigh ón gCoimisiún in 2022, táthar ag súil go mbeidh easnamh rialtais ginearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta de 4,3 % agus 185,7 % de OTI faoi seach ag an nGréig faoi dheireadh 2022. De réir réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh ón gCoimisiúin in 2022, tuartar go dtiocfaidh méadú 4,0 % ar OTI na Gréige in 2022.

(7)

An 1 Meán Fómhair 2022 d’iarr an Ghréig cúnamh airgeadais breise dar luach EUR 900 000 000 ar an Aontas d’fhonn leanúint dá hiarrachtaí náisiúnta ar tugadh fúthu in 2020, 2021 agus 2022 a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige ar oibrithe. Go háirithe, rinne an Ghréig na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí (8) agus (9) a fhadú a thuilleadh.

(8)

Go sonrach, baineann iarraidh na Gréige le “Gníomh Dlí an 14 Márta 2020” (4) dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a), de Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346, lenar tugadh isteach liúntas speisialta i gcomhair fostaithe san earnáil phríobháideach ar cuireadh a gconarthaí ar fionraí. Is é is aidhm don bheart sin fostaíocht a chosaint i gcuideachtaí a scoireann dá n-oibríochtaí de réir ord poiblí nó i gcuideachtaí a bhaineann le hearnálacha a ndearnadh ráig COVID-19 difear mór dóibh, agus baineann sé le soláthar liúntais speisialta EUR 534 d’fhostaithe a bhfuil a gconarthaí saothair ar fionraí. Is é an réamhchoinníoll chun tairbhe a bhaint as an scéim go gcoinníonn an fostóir an líon céanna fostaithe, is é sin na fostaithe ceannann céanna, ar feadh tréimhse atá cothrom leis an tréimhse inar cuireadh an conradh saothair ar fionraí. Cuireadh síneadh leis an mbeart go dtí an 31 Eanáir 2022.

(9)

Sa bhreis air sin, thug na húdaráis maoiniú Stáit isteach i gcomhair cumhdach slándála sóisialta na bhfostaithe a bhaineann tairbhe as an liúntas speisialta dá dtagraítear in aithris (8), dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346. Is é an réamhchoinníoll chun tairbhe a bhaint as an scéim go gcoinníonn an fostóir an líon céanna fostaithe, is é sin na fostaithe ceannann céanna, ar feadh tréimhse atá cothrom leis an tréimhse inar cuireadh an conradh saothair ar fionraí.

(10)

Comhlíonann an Ghréig na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Ghréig fianaise chuí ar fáil don Choimisiún ina léirítear go bhfuil méadú EUR 6 477 014 989 tagtha ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus ar an gcaiteachas poiblí beartaithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh mar thoradh ar na bearta náisiúnta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é sin mar go mbaineann sé freisin le bearta atá ann faoi láthair a fhadú ar bearta iad a bhaineann go díreach leis an scéim oibre gearr-ama agus le bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Gréige. Tá sé beartaithe ag an nGréig EUR 312 014 989 a mhaoiniú trína maoiniú féin.

(11)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGréig agus d’fhíoraigh sé an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus beartaithe a bhaineann go díreach leis na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear san iarraidh an 1 Meán Fómhair 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an nGréig aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch thromchúisigh de dheasca ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.

(13)

Ós rud é go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a thugtar i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346 imithe in éag, tá gá le tréimhse nua infhaighteachta le haghaidh an chúnaimh airgeadais breise. Ba cheart síneadh 21 mhí a chur leis an tréimhse infhaighteachta 18 mí a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346 agus, dá thoradh sin, ba cheart 39 mí a bheith sa tréimhse infhaighteachta iomlán dar tús an chéad lá tar éis do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346 a theacht i bhfeidhm.

(14)

Ba cheart don Ghréig agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.

(15)

Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh, nósanna imeachta a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear leis an gCinneadh seo an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chásanna Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 108 den Chonradh.

(16)

Ba cheart don Ghréig an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá bheartaithe, chun a chur ar chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Ghréig an caiteachas sin chun feidhme.

(17)

Rinneadh an cinneadh chun cúnamh airgeadais a sholáthar agus riachtanais reatha agus ionchasacha na Gréige á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm an tráth céanna,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2020/1346 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Ghréig arb ionann é agus uasmhéid EUR 6 165 000 000. Beidh meánaibíocht uasta 15 bliana ag gabháil leis an iasacht sin.

2.   39 mí a bheidh sa tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear leis an gCinneadh seo dar tús an chéad lá tar éis don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchuid eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb ábhartha, beidh siad faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontaithe iasachta leasaithe a thugtar i gcrích idir an Ghréig agus an Coimisiún a chuirfear in ionad an chomhaontaithe iasachta bhunaidh.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Féadfaidh an Ghréig na bearta seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

liúntas speisialta a sholáthraítear d’fhostaithe ar cuireadh a gconarthaí saothair ar fionraí, dá bhforáiltear le hAirteagal 13 de Ghníomh Dlí an 14 Márta 2020, arna shíneadh go deireanach le Dlí 4778/2021 an 19 Feabhra 2021 agus le ‘Cinneadh Aireachta 3512/2022’;

(b)

cumhdach slándála sóisialta na bhfostaithe faoin mbeart dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo, dá bhforáiltear le hAirteagal 13 de Ghníomh Dlí an 14 Márta 2020, arna shíneadh go deireanach le Dlí 4778/2021 an 19 Feabhra 2021 agus le ‘Cinneadh Aireachta 3512/2022’;

(c)

liúntas speisialta i gcomhair gairmithe atá féinfhostaithe, dá bhforáiltear le hAirteagal 8 de ‘Gníomh Dlí an 20 Márta 2020’;

(d)

scéim oibre gearr-ama, dá bhforáiltear in Airteagal 31 de ‘Dlí 4690/2020’;

(e)

ranníocaíochtaí slándála sóisialta ó fhostóirí le haghaidh fostaithe i bhfiontair shéasúracha san earnáil seirbhísí, dá bhforáiltear in Airteagal 123 de ‘Dlí 4714/2020’.”.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig an bPoblacht Heilléanach.

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a dtabharfar fógra faoi don seolaí.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Phoblacht Heilléanach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19 (IO L 314, 29.9.2020, lch. 21).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/679 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1346 lena dtugtar tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 don Phoblacht Heilléanach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19 (IO L 144, 27.4.2021, lch. 16).

(4)   “Gníomh Dlí an 14 Márta 2020 ” (IO A΄ 64/2020) arna dhaingniú le hAirteagal 3 de “Dhlí 4682/2020” (IO A΄ 76/2020); “Gníomh Dlí an 1 Bealtaine 2020 ” (IO A΄ 90/2020) arna dhaingniú le hAirteagal 2 de “Dhlí 4690/2020” (IO A΄ 104/2020); “Dlí 4714/2020” (IO A΄ 148/2020); “Dlí 4722/2020” (IO A΄ 177/2020); “Dlí 4756/2020” (IO A΄ 235/2020); “Dlí 4778/2021” (IO A΄ 26/2021); “Cinneadh Aireachta 12998/232/2020” (IO B΄ 1078/2020), “Cinneadh Aireachta 16073/287/2020” (IO B΄ 1547/2020), “Cinneadh Aireachta 17788/346/2020” (IO B΄ 1779/2020), “Cinneadh Aireachta 23102/477/2020” (IO B΄ 2268/2020), “Cinneadh Aireachta 49989/1266/2020” (IO B΄ 5391/2020); “Cinneadh Aireachta 45742/1748/2020” (IO B’ 5515/2020); “Cinneadh Aireachta 3208/108” (IO B’ 234/2021); “Cinneadh Aireachta 4374/131” (IO B’ 345); “Cinneadh Aireachta 9500/322/2021” (IO B’ 821/2021); “Cinneadh Aireachta 22547/2021” (IO B’ 1683/2021); “Cinneadh Aireachta 28631” (IO B’ 2012/2021); “Cinneadh Aireachta 47100/2021” (IO B’ 2975/2021); “Cinneadh Aireachta 51320/2021” (IO B’ 3127/2021); “Cinneadh Aireachta 58921/2021” (IO B’ 3637/2021); “Cinneadh Aireachta 74831/2021” (IO B’ 4593/2021); “Cinneadh Aireachta 105596/2021” (IO B’ 6076/2021); “Cinneadh Aireachta 109412/2021” (IO B’ 6368/2021); agus “Cinneadh Aireachta 3512/2022” (IO B’ 103/2022).