26.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 276/142


CINNEADH (AE) 2022/2063 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 13 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/637 maidir le nósanna imeachta creidiúnúcháin le haghaidh monaróirí ítimí slána euro agus ítimí euro

(BCE/2022/35)

Tá Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 128(1) de,

ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus go háirithe Airteagal 12.1, Airteagal 16 agus Airteagail 34.3 de,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2532/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir leis na cumhachtaí atá ag an mBanc Ceannais Eorpach smachtbhannaí a fhorchur (1) agus go háirithe Airteagal 2 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtúil agus go praiticiúil na ceanglais eiticiúla a bhaineann le creidiúnú monaróirí de bhun Chinneadh (AE) 2020/637 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/24) (2), ba cheart an Cinneadh sin a thabhairt cothrom le dáta.

(2)

Ba cheart an Cinneadh a thabhairt cothrom le dáta chun a shoiléiriú gur cheart d’iniúchóirí neamhspleácha díriú ar chur chun feidhme agus oibriú cláir um chomhlíontacht chorparáideach a dheimhniú agus ba cheart dó raon feidhme an tsainmhínithe ar “iniúchóir neamhspleách” a shoiléiriú tuilleadh chun an fheidhm iniúchta inmheánaigh atá ag banc ceannais náisiúnta a áireamh i gcás inarb iomchuí.

(3)

Is gá a shonrú freisin gur cheart ciontú le breithiúnas críochnaitheach a bheith faoi réir scoith-thréimhse shainithe chomhchuibhithe a dhéanann tagairt don uair a tharla an t-iompar mí-eiticiúil

(4)

Ba cheart raon feidhme an chláir um chomhlíontacht chorparáideach a shoiléiriú freisin ionas go gcuirfear caighdeán comhlíontachta amháin ar a laghad chun feidhme go héifeachtach.

(5)

Ba cheart an chomhlíontacht i dtaca leis na caighdeáin eiticiúla arna mbunú le Cinneadh (AE) 2020/637 (BCE/2020/24) a bheith faoi réir féindearbhú ón monaróir creidiúnaithe chun a áirithiú go léirítear agus go dtaifeadtar an chomhlíontacht sin go soiléir. Chun dóthain ama a thabhairt do mhonaróirí ullmhú, is gá go leagfaí síos an dáta faoinar cheart an chéad fhéindearbhú lena ndeimhnítear an chomhlíontacht sin a thíolacadh.

(6)

Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe atá beartaithe ón dáta a shonraítear in Airteagal 24(3) de Chinneadh (AE) 2020/637, eadhon an 16 Samhain 2022.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (AE) 2020/637 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2020/24) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe

Leasaítear Cinneadh (AE) 2020/637 (BCE/2020/24) mar a leanas:

1.

Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

scriostar pointe (15);

(b)

scriostar pointe (16);

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (22):

“(22)

ciallaíonn ‘eintiteas rialúcháin’ an comhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta atá ag monaróir, nó aon duine dlítheanach de réir bhrí Airteagal 5(4) de Chinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle (*1), a d’fhéadfadh ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an mhonaróra nó cinntí a dhéanamh thar ceann an mhonaróra nó rialú a fheidhmiú ar an monaróir; maidir le monaróir ar cuid de BCN ar bhonn dlíthiúil agus eagraíochtúil é, is é comhlacht cinnteoireachta an BCN an t-eintiteas rialúcháin.

(*1)  Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).”;"

(d)

scriostar pointe (23);

(e)

scriostar pointe (24);

(f)

scriostar pointe (25);

(g)

scriostar pointe (26);

(h)

scriostar pointe (27);

(i)

scriostar pointe (28);

(j)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (31):

“(31)

ciallaíonn ‘iniúchóir neamhspleách’ eintiteas aitheanta atá inniúil chun a mheasúnú agus a dhearbhú, maidir leis an gclár um chomhlíontacht chorparáideach atá ag monaróir, go gcomhlíontar leis an gclár sin na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le hiompar eiticiúil gnó, lena n-áirítear an roinn inmheánach ábhartha de chuid BCN le haghaidh monaróir ar cuid den BCN sin ar bhonn dlíthiúil agus eagraíochtúil é, nó ar duine dlítheanach ar leithligh é i gcásanna ina bhfeidhmíonn an BCN rialú ar an duine dlítheanach sin atá comhchosúil leis an rialú a fheidhmíonn sé ar a ranna féin.”;

2.

in Airteagal 3(1), cuirtear an pointe (e) seo a leanas leis:

“(e)

na ceanglais sócmhainneachta seo a leanas:

(i)

nach bhfuil an monaróir faoi réir imeachtaí féimheachta, dócmhainneachta nó foirceanta;

(ii)

nach bhfuil sócmhainní an mhonaróra á riaradh ag leachtaitheoir nó ag an gcúirt;

(iii)

níl socrú ag an monaróir le creidiúnaithe;

(iv)

nach bhfuil gníomhaíochtaí gnó an mhonaróra curtha ar fionraí;

(v)

nach bhfuil an monaróir faoi réir aon nós imeachta nó aon imthoisc atá comhchosúil leo siúd dá dtagraítear i bpointí (i) go (iv) a bhfuil feidhm acu faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta is infheidhme.”;

3.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Ceanglais eiticiúla

1.   Comhlíonfaidh monaróir creidiúnaithe nó aon cheann dá eintitis rialúcháin na ceanglais eiticiúla uile seo a leanas:

(a)

nach raibh an monaróir creidiúnaithe sin ná aon cheann dá eintitis rialúcháin faoi réir ciontú faoi bhreithiúnas críochnaitheach maidir le haon iompar díobh seo a leanas i gcás inar tharla an t-iompar sin tar éis an 15 Samhain 2017 agus go bhfuil an monaróir creidiúnaithe sin creidiúnaithe roimh an 16 Samhain 2022, nó i gcás inar tharla iompar den sort sin 5 bliana ar a luaithe roimh dháta na hiarrata ar chreidiúnú de bhun Airteagal 5 den Chinneadh seo:

(i)

rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil, lena n-áirítear na cineálacha iompair a leagtar amach in Airteagal 2 de Chinneadh Réime 2008/841/CGB;

(ii)

éilliú gníomhach agus éilliú éighníomhach mar a shainmhínítear in Airteagal 3 den Choinbhinsiún maidir leis an gcomhrac i gcoinne an éillithe a bhfuil oifigigh de chuid na gComhphobal Eorpach nó oifigigh de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i dtreis ann (*2) agus in Airteagal 2(1) de Chinneadh Réime 2003/568/CGB (*3) ón gComhairle maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach;

(iii)

calaois de réir bhrí Airteagal 1 den Choinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (*4);

(iv)

cionta sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 12 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5);

(v)

sciúradh airgid, mar a shainmhínítear in Airteagal 1(3) agus (4) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6);

(vi)

gáinneáil ar dhaoine, lena n-áirítear aon cheann de na gníomhartha intinniúla dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), agus an gríosú, an cuidiú, an neartú agus an iarracht ghaolmhar dá bhforáiltear in Airteagal 3 den Treoir sin;

(vii)

aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile atá díobhálach do leasanna airgeadais an Aontais, BCE nó na BCNanna.

(b)

nár ghabh an monaróir creidiúnaithe sin ná aon cheann dá eintitis rialúcháin d’aon iompar díobh seo a leanas a tharla tar éis an 15 Samhain 2017 i gcás inar creidiúnaíodh é roimh an 16 Samhain 2022, nó a tharla 5 bliana ar a luaithe roimh dháta na hiarrata ar chreidiúnú de bhun Airteagal 5 den Chinneadh seo:

(i)

sárú ar oibleagáidí a bhaineann le cánacha agus/nó ranníocaíochtaí slándála sóisialta a íoc i gcás inar suíodh é sin le cinneadh breithiúnach nó riaracháin a bhfuil éifeacht chríochnaitheach cheangailteach aige i gcomhréir le forálacha dlíthiúla na tíre ina bhfuil an monaróir creidiúnaithe bunaithe nó i gcomhréir le forálacha dlíthiúla Ballstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht ítime sláine euro nó an ghníomhaíocht ítime euro;

(ii)

mí-iompar gairmiúil tromchúiseach, lena n-áirítear cásanna tromchúiseacha neamhchomhlíontachta i dtaca le dualgais ghairmiúla, i gcás ina gcinneann na húdaráis inniúla é sin;

(iii)

comhaontuithe a dhéanamh arb é is aidhm dóibh iomaíocht a shaobhadh laistigh den mhargadh ábhartha, i gcás inar chinn na húdaráis inniúla é sin;

(iv)

aon ghníomhaíocht eile ar dócha go ndéanfaí difear léi do shláine nótaí bainc euro mar mhodh íocaíochta éifeachtaí.

2.

Bunóidh agus coimeádfaidh monaróir creidiúnaithe clár um chomhlíontacht chorparáideach arna chur chun feidhme go hiomlán agus atá ag feidhmiú go hiomlán chun na gníomhaíochtaí go léir a dhéantar ar a láithreán monaraíochta creidiúnaithe a bhainistiú. Beidh feidhm ag an gclár um chomhlíontacht chorparáideach sin freisin maidir le gníomhaíochtaí seachtracha a dhéantar lasmuigh dá láithreán monaraíochta creidiúnaithe i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin comhchosúil leis na gníomhaíochtaí euro nó na gníomhaíochtaí slána euro a bhfuil BCE tar éis creidiúnú a dheonú ina leith.

3.

Sa chlár um chomhlíontacht chorparáideach dá dtagraítear i mír 2, áireofar agus cuirfear chun feidhme, ar a laghad, na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach i gceann amháin díobh seo a leanas:

(a)

Airteagal 10 de Rialacha an Chomhlachais Idirnáisiúnta Tráchtála maidir leis an Éilliú a Chomhrac (*8);

(b)

an Tionscnamh um Eitic Nótaí Bainc (*9);

(c)

caighdeán ISO 37001;

(d)

aon chlár coibhéiseach eile.

(*2)  IO C 195, 25.6.1997, lch. 2."

(*3)  Cinneadh Réime 2003/568/CGB ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir leis an éilliú a chomhrac san earnáil phríobháideach (IO L 192, 31.7.2003, lch. 54)."

(*4)  Coinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO C 316, 27.11.1995, lch. 48)."

(*5)  Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6)."

(*6)  Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73)."

(*7)  Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lch. 1)."

(*8)  Le fáil ar shuíomh gréasáin an Chomhlachais Idirnáisiúnta Tráchtála ag www.iccwbo.org."

(*9)  Le fáil ar shuíomh Gréasáin an Tionscnaimh um Eitic Nótaí Bainc ag www.bnei.com.”;"

4.

in Airteagal 5, leasaítear mír 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

“(f)

foirm féindearbhúcháin chomhlánaithe, a bhfuil an teimpléad lena haghaidh le fáil ar eislíon nótaí bainc BCE, arna síniú ag ionadaithe dlíthiúla an mhonaróra, lena ndeimhnítear go gcomhlíonann an monaróir na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b), (d) agus (e) den Chinneadh seo;”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

"(g)

dearbhú i scríbhinn arna eisiúint agus arna shíniú ag iniúchóir neamhspleách nó deimhniú lena ndeimhnítear go ndearnadh clár corparáideach um chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3) a chur chun feidhme agus a oibriú;”;

5.

Leasaítear Airteagal 6 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Déanfaidh BCE measúnú ar chomhlíontacht monaróra i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) go (e) agus in Airteagal 3(3) i gcomparáid leis an doiciméadacht arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 5 den Chinneadh seo.”

;

(b)

leasaítear an chéad abairt de mhír 4 mar a leanas:

“4.   Má chomhlíonann monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1)(b) go (e), nó má deonaíodh, de bhun Airteagal 3(4), díolúine don mhonaróir ó na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3(1)(c), soláthróidh BCE doiciméadacht ina bhfuil na ceanglais chreidiúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(a) don mhonaróir.”

;

6.

Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (3):

“(3)   BCE a chur ar an eolas láithreach i scríbhinn i gcás ina gcúlghairtear aon deimhniú a bhaineann leis na ceanglais chreidiúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 3(1)(d) nó, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 4(2) agus (3);”

;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (4):

“(4)   gach ceann díobh seo a leanas a sholáthar, ar bhonn bliantúil, agus laistigh de dhá mhí ó dheireadh na bliana féilire:

(a)

foirm féindearbhúcháin chomhlánaithe, a bhfuil an teimpléad lena haghaidh le fáil ar eislíon nótaí bainc BCE, arna síniú ag ionadaí dlíthiúil an mhonaróra, lena ndeimhnítear gur chomhlíon an monaróir creidiúnaithe agus a eintitis rialúcháin na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1)(a) agus (b);

(b)

dearbhú i scríbhinn arna eisiúint agus arna shíniú ag iniúchóir neamhspleách nó deimhniú lena ndeimhnítear go ndearnadh clár corparáideach um chomhlíonadh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3) a chur chun feidhme agus a oibriú ar feadh na bliana iomláine féilire.

Tíolacfaidh monaróirí creidiúnaithe an chéad fhoirm féindearbhúcháin, mar a cheanglaítear faoi phointe (a), agus an chéad dearbhú i scríbhinn arna eisiúint agus arna shíniú ag iniúchóir neamhspleách nó deimhniúchán, mar a cheanglaítear de bhun phointe (b), faoi dheireadh mhí Feabhra 2024, sa dhá chás a chumhdaíonn an bhliain féilire 2023 iomlán.”

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe (9):

‘(9)   BCE a chur ar an eolas láithreach i scríbhinn i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

ní chomhlíonann an monaróir creidiúnaithe nó aon cheann dá eintitis rialúcháin na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 4(1)(b);

(b)

tá fianaise ag an monaróir creidiúnaithe nó ag aon cheann dá eintitis rialúcháin go bhfuil sé faoi réir imscrúduithe riaracháin nó pionóis maidir le haon iompar díobh siúd a liostaítear in Airteagal 4(1)(a) nó neamhchomhlíontacht i dtaca le haon cheann de na ceanglais a liostaítear in Airteagal 4(1)(b);

(c)

má bhí an monaróir creidiúnaithe nó aon cheann dá eintitis rialaithe faoi réir ciontú le breithiúnas críochnaitheach in aon cheann de na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 4(1)(a);”.

Airteagal 2

Forálacha Deiridh

1.   Gabhfaidh éifeacht leis an mbreith seo an lá a dtabharfar fógra faoi do na seolaithe.

2.   Beidh feidhm aige ón 16 Samhain 2022.

Airteagal 3

Seolaithe

Tá an Cinneadh seo dírithe ar mhonaróirí agus ar mhonaróirí creidiúnaithe ítimí euro slána agus ítimí euro.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Do Chomhairle Rialaithe an BCE

Uachtarán an BCE

Christine LAGARDE


(1)  IO L 318, 27.11.1998, lch. 4.

(2)  OJ L 149, 12.5.2020, p. 12.