|
26.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 276/139 |
CINNEADH (AE) 2022/2062 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Deireadh Fómhair 2022
maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais atá le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Coiste sin a mhaoiniú, a mhéid a bhaineann leis an tríú tráthchuid le haghaidh 2022
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú na cabhrach ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le leithdháileadh an chúnaimh airgeadais ar Thíortha agus ar Chríocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (1), agus go háirithe Airteagal 7(2) i gcomhar le hAirteagal 14(3) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme i dtaca leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (2), agus go háirithe Airteagal 19(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 19 go 22 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Coimisiún le togra a chur i láthair faoin 10 Deireadh Fómhair 2022 ina leagfar amach méid an tríú tráthchuid den ranníocaíocht le haghaidh 2022. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/1877, tá an Banc Eorpach Infheistíochta (“BEI”) le meastacháin nuashonraithe ar ghealltanais agus ar íocaíochtaí faoi na hionstraimí a bhainistíonn sé a sheoladh chuig an gCoimisiún. |
|
(3) |
De bhun Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) 2018/1877, agus glaonna á ndéanamh ar ranníocaíochtaí, tá na méideanna a leagtar síos do Chistí Eorpacha Forbraíochta (“CEFanna”) a bhí ann roimhe sin le hídiú ar dtús. Ba cheart, dá bhrí sin, glao ar chistí de bhun Rialachán (AE) 2018/1877 a dhéanamh le haghaidh an Choimisiúin agus le haghaidh BEI. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 152 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (3) (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), tá Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an “Ríocht Aontaithe”) chun leanúint de bheith ina páirtí sa Chiste Eorpach Forbraíochta go dtí go ndúnfar an 11ú CEF agus gach CEF eile roimhe sin atá fós gan dúnadh. De bhun Airteagal 153 den Chomhaontú um Tharraingt siar, mar sin féin, níl sciar na Ríochta Aontaithe de chistí saortha ó thionscadail faoin 11ú CEF le hathúsáid i gcás ina ndearnadh na cistí sin a shaoradh tar éis an 31 Nollaig 2020, nó faoi CEFanna roimhe sin. |
|
(5) |
Le Cinneadh (AE) 2021/1941 ón gComhairle (4), socraítear méid bliantúil na ranníocaíochta a bheidh le híoc ag na páirtithe in CEF le haghaidh 2022 ag EUR 2 500 000 000 le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh agus ag EUR 300 000 000 le haghaidh an BEI. |
|
(6) |
Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Íocfaidh na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta ranníocaíochtaí aonair CEF leis an gCoimisiún Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, i leith an tríú tráthchuid le haghaidh 2022, i gcomhréir leis an Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) IO L 210, 6.8.2013, lch. 1
(2) IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.
(3) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(4) Cinneadh (AE) 2021/1941 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 maidir leis na ranníocaíochtaí airgeadais a bheidh le híoc ag na páirtithe sa Chiste Eorpach Forbraíochta chun an Ciste sin a mhaoiniú, lena n-áirítear an uasteorainn le haghaidh 2023, an méid bliantúil le haghaidh 2022, méid na chéad tráthchoda le haghaidh 2022 agus réamhaisnéis tháscach neamhcheangailteach i dtaca leis na méideanna bliantúla a mheastar a bheidh sna ranníocaíochtaí le haghaidh na mblianta 2024 agus 2025 (IO L 396, 10.11.2021, lch. 61).
IARSCRÍBHINN
AN TRÍÚ TRÁTHCHUID 2022 (EUR) ATÁ LE HÍOC LEIS AN GCOIMISIÚN AGUS LE BEI
|
NA BALLSTÁIT & AN RÍOCHT AONTAITHE |
Scála 11ú CEF % |
|
An Coimisiún |
|
BEI |
|
An Coimisiún + BEI |
|
11ú CEF |
11ú CEF |
Méid iomlán an tríú tráthchuid 2022 |
|||||
|
AN BHEILG |
3,24927 |
|
19 495 620 |
|
3 249 270 |
|
22 744 890 |
|
AN BHULGÁIR |
0,21853 |
|
1 311 180 |
|
218 530 |
|
1 529 710 |
|
AN tSEICIA |
0,79745 |
|
4 784 700 |
|
797 450 |
|
5 582 150 |
|
AN DANMHAIRG |
1,98045 |
|
11 882 700 |
|
1 980 450 |
|
13 863 150 |
|
AN GHEARMÁIN |
20,57980 |
|
123 478 800 |
|
20 579 800 |
|
144 058 600 |
|
AN EASTÓIN |
0,08635 |
|
518 100 |
|
86 350 |
|
604 450 |
|
ÉIRE |
0,94006 |
|
5 640 360 |
|
940 060 |
|
6 580 420 |
|
AN GHRÉIG |
1,50735 |
|
9 044 100 |
|
1 507 350 |
|
10 551 450 |
|
AN SPÁINN |
7,93248 |
|
47 594 880 |
|
7 932 480 |
|
55 527 360 |
|
AN FHRAINC |
17,81269 |
|
106 876 140 |
|
17 812 690 |
|
124 688 830 |
|
AN CHRÓIT |
0,22518 |
|
1 351 080 |
|
225 180 |
|
1 576 260 |
|
AN IODÁIL |
12,53009 |
|
75 180 540 |
|
12 530 090 |
|
87 710 630 |
|
AN CHIPIR |
0,11162 |
|
669 720 |
|
111 620 |
|
781 340 |
|
AN LAITVIA |
0,11612 |
|
696 720 |
|
116 120 |
|
812 840 |
|
AN LIOTUÁIN |
0,18077 |
|
1 084 620 |
|
180 770 |
|
1 265 390 |
|
LUCSAMBURG |
0,25509 |
|
1 530 540 |
|
255 090 |
|
1 785 630 |
|
AN UNGÁIR |
0,61456 |
|
3 687 360 |
|
614 560 |
|
4 301 920 |
|
MÁLTA |
0,03801 |
|
228 060 |
|
38 010 |
|
266 070 |
|
AN ÍSILTÍR |
4,77678 |
|
28 660 680 |
|
4 776 780 |
|
33 437 460 |
|
AN OSTAIR |
2,39757 |
|
14 385 420 |
|
2 397 570 |
|
16 782 990 |
|
AN PHOLAINN |
2,00734 |
|
12 044 040 |
|
2 007 340 |
|
14 051 380 |
|
AN PHORTAINGÉIL |
1,19679 |
|
7 180 740 |
|
1 196 790 |
|
8 377 530 |
|
AN RÓMÁIN |
0,71815 |
|
4 308 900 |
|
718 150 |
|
5 027 050 |
|
AN tSLÓIVÉIN |
0,22452 |
|
1 347 120 |
|
224 520 |
|
1 571 640 |
|
AN tSLÓVAIC |
0,37616 |
|
2 256 960 |
|
376 160 |
|
2 633 120 |
|
AN FHIONLAINN |
1,50909 |
|
9 054 540 |
|
1 509 090 |
|
10 563 630 |
|
AN tSUALAINN |
2,93911 |
|
17 634 660 |
|
2 939 110 |
|
20 573 770 |
|
AN RÍOCHT AONTAITHE |
14,67862 |
|
88 071 720 |
|
14 678 620 |
|
102 750 340 |
|
IOMLÁN AE-27 & AN RÍOCHT AONTAITHE |
100,00 |
|
600 000 000 |
|
100 000 000 |
|
700 000 000 |