20.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/22


CINNEADH (AE) 2022/1981 ÓN mBANC CEANNAIS EORPACH

an 10 Deireadh Fómhair 2022

ar úsáid seirbhísí de chuid an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais ag údaráis inniúla (BCE/2022/33)

TÁ COMHAIRLE RIALAITHE AN BHAINC CEANNAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe, Airteagal 127(6) agus Airteagal 132 de,

Ag féachaint do Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 34 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) i gcomhar le hAirteagal 6(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuirtear Seirbhísí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais (CEBC) ar fáil do bhainc cheannais laistigh de CEBC chun tacú go hindíreach le comhlíonadh a gcúraimí. Déanann banc ceannais amháin nó níos mó na seirbhísí CEBC a fhorbairt, a reáchtáil agus a chothabháil (na ‘bainc cheannais soláthair’ anseo feasta) agus stiúrann Coiste CEBC iad. Maoiníonn na bainc cheannais rannpháirteacha na seirbhísí CEBC (na “bainc cheannais rannpháirteacha” anseo feasta), a sainmhínítear a ranníocaíochtaí faoi seach i gclúdaigh airgeadais a cheadaíonn an Chomhairle Rialaithe. Leagtar amach cearta agus oibleagáidí na mbanc ceannais rannpháirteach i ngníomhartha dlí an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), mar atá amhlaidh i gcás bonneagar eochrach poiblí CEBC (CEBC-PKI), agus/nó i gcomhaontuithe idir na bainc cheannais rannpháirteacha.

(2)

Tá sé riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) go rianúil, éifeachtúil, comhsheasmhach go n-áirítear ar shocruithe praiticiúla don chomhar idir BCE agus na húdaráis inniúil náisiúnta (ÚINanna) laistigh de SAM socruithe chun go n-úsáidfidh NCAnna seirbhísí CEBC chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

(3)

De bhun Chinneadh (AE) 2022/1982 ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE/2022/34) (2), féadfaidh údaráis inniúla seirbhísí CEBC a úsáid chun comhoibriú le CEBC agus lena chéile chun a gcúraimí a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

(4)

Ba cheart na seirbhísí CEBC ba chóir a chur ar fáil d’údaráis inniúla a shainiú trí thagairt a dhéanamh do liostaí uileghabhálacha de (a) sheirbhísí CEBC ar cheart go gceanglófaí ar gach údarás inniúil iad a úsáid agus a gcúraimí SAM á ndéanamh acu chun éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht i bhfeidhmiú na Seirbhísí SAM a áirithiu agus (b) sheirbhísí CEBC a fhéadfaidh údaráis inniúla a chinneadh a úsáid ar bhonn deonach chun a gcúraimí SAM a dhéanamh.

(5)

Ba cheart d’údaráis inniúla a úsáideann seirbhísí CEBC agus iad i mbun a gcúraimí faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an creat dlíthiúil lena rialaítear gach seirbhís CEBC a chomhlíonadh, á chur san áireamh nach bhfuil údaráis inniúla mar chuid de chreat rialachais CEBC. Go háirithe, ba cheart d’údaráis inniúla den sórt sin rannchuidiú le costais seirbhísí CEBC lena mbaineann a fhorbairt agus a oibriú de réir creat aisíocaíochta sainithe, ar cheart dó a bheith bunaithe ar eochair leithdháilte costas. Níor cheart go mbeadh ar údaráis inniúla dearbhú rannpháirtíochta a chur isteach maidir le seirbhísí CEBC a cheanglaítear orthu a úsáid, ach ba cheart dóibh na ceanglais maidir le seirbhísí den sórt sin mar a leagtar amach sa Chinneadh seo a chomhlíonadh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil náisiúnta nó an Banc Ceannais Eorpach (BCE);

(2)

ciallaíonn “údarás inniúil náisiúnta” (ÚIN) údarás inniúil náisiúnta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus, chun críocha an Chinnidh seo, folaíonn sé freisin, maidir leis na cúraimí maoirseachta sannta dóibh, bainc cheannais náisiúnta ar sannadh cúraimí maoirseachta áirithe dóibh faoin dlí náisiúnta agus nach bhfuil ainmnithe mar ÚINanna;

(3)

ciallaíonn “seirbhísí CEBC” aon cheann nó níos mó de na feidhmchláir, córais, ardáin, bunachair sonraí agus seirbhísí leictreonacha a liostaítear in Iarscríbhinní I agus II;

(4)

ciallaíonn “banc ceannais soláthair” banc ceannais a dhéanann seirbhís CEBC a fhorbairt, a reáchtáil agus a choimeád.

Airteagal 2

Úsáid seirbhísí CEBC ag údaráis inniúla

1.   Úsáidfidh údaráis inniúla na seirbhísí CEBC a liostaítear in Iarscríbhinn I chun a gcúraimí a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

2.   Féadfaidh údaráis inniúla úsáid a bhaint as na seirbhísí CEBC a liostaítear in Iarscríbhinn I chun a gcúraimí a dhéanamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.

3.   Déanfaidh údaráis inniúla a chinneann seirbhísí CEBC a úsáid a leagtar amach in Iarscríbhinn II dearbhú a chur faoi bhráid na Comhairle Rialaithe trína ndeimhneoidh siad a rannpháirtíocht agus trína nglacfaidh siad le comhlíonadh na n-oibleagáidí gaolmhara, lena n-áirítear an oibleagáid a gcuid ranníocaíochtaí a íoc go díreach leis an mbanc ceannais soláthair i gcomhréir le hAirteagal 3.

4.   Comhlíonfaidh údaráis inniúla a úsáideann seirbhísí CEBC an creat dlíthiúil lena rialaítear gach seirbhís CEBC, lena n-áirítear na comhaontuithe idir na bainc cheannais rannpháirteacha agus soláthair. Féadfaidh na comhaontuithe idir na páirtithe caidrimh chonarthacha dhíreacha a bhunú idir na bainc cheannais soláthair agus na húdaráis inniúla.

5.   Agus na seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn I á n-úsáid acu, comhlíonfaidh na húdaráis inniúla na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Airteagal 3

Socruithe airgeadais

Beidh údaráis inniúla a úsáideann seirbhísí CEBC rannpháirteach leis na costais a bhaineann leis na seirbhís CEBC faoi seach a fhorbairt agus a oibriú de réir creat aisíocaíochta sainithe, atá bunaithe ar eochair leithdháilte costas, mar a shonraítear a thuilleadh sna clúdaigh airgeadais faoi seach de réir na rialacha aisíocaíochta is infheidhme.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  IO L 287, 29.10.2013, lch. 63.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1982 ón mBanc Ceannais Eorpach an 10 Deireadh Fómhair 2022 maidir le húsáid sheirbhísí chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag údaráis inniúla agus ag údaráis chomhoibríocha, agus lena leasaítear cinneadh BCE/2013/1 (féach leathanach 29 den Iris Oifigiúil seo).


IARSCRÍBHINN I

Seirbhísí CEBC a cheanglaítear ar údaráis inniúla a úsáid

CoreNet3

Bus Seirbhíse Fiontair (Enterprise Service Bus, ESB)

Identity and Access Management Service (IAM)


IARSCRÍBHINN II

Seirbhísí CEBC a fhéadfaidh údaráis inniúla a úsáid

Córas Teileachomhdhála CEBC

Ríomhphost Slán CEBC (Secure ESCB Email, SEE)

Bonneagar Eochair Phoiblí CEBC (ESCB Public Key Infrastructure, CEBC PKI)

ESCB Performing Survey Initiative LimeSurvey-based Solution (EPSILON)

Uirlis samhaltaithe ENTM agus stóras (ENTM modelling tool and repository, ENTM)


IARSCRÍBHINN III

Riachtanais le haghaidh seirbhísí CEBC a cheanglaítear ar údaráis inniúla a úsáid

(1)

Ní mór d’údaráis inniúla na tascanna a dhéanamh agus na freagrachtaí a ghabhann lena ról sa tseirbhís ábhartha CEBC a ghlacadh.

(2)

Ní mór d’údaráis inniúla a gcórais inmheánacha agus a gcomhéadain a choigeartú chun oibriú gan bhriseadh leis an tseirbhís CEBC.

(3)

Beidh údaráis inniúla faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó damáiste a thabhaítear mar thoradh ar aon ghníomh agus/nó neamhghníomh d'aon ghnó nó faillí agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu. Beidh feidhm dá réir ag na teorainneacha dliteanais a leagtar síos sa Chomhaontú Leibhéal 2 —Leibhéal 3.

(4)

Beidh an dualgas cruthúnais ar údaráis inniúla a thaispeáint nár sháraigh siad a ndualgas cúraim réasúnta agus a n-oibleagáidí á gcomhlíonadh acu, lena n-áirítear agus na saoráidí teicniúla á n-oibriú.

(5)

Beidh seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh ag údarás inniúil do thríú páirtithe gan dochar do dhliteanas an údaráis inniúil sin.

Ní fhéadfaidh údaráis inniúla tascanna a bhfuil nó a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar chomhlíonadh na gceanglas a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a sheachfhoinsiú, a tharmligean nó a ligean ar fochonradh chuig tríú páirtí ach a mhéid a fuair siad toiliú sainráite, roimh ré agus i scríbhinn (nó toiliú a mheastar a bheith tugtha mar a fhoráiltear i mír (6)) ó bhainc cheannais an Eurochórais, nó bainc cheannais CEBC, de réir mar a bheidh. Ní theastaíonn aon toiliú den sórt sin más comhchleamhnaí leis an údarás inniúil ábhartha an tríú páirtí agus má fhanann cearta agus oibleagáidí an údaráis inniúil sin gan athrú go hábhartha.

(6)

Ní mór d’údaráis inniúla réamhfhógra réasúnta a thabhairt maidir le haon seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh pleanáilte dá dtagraítear i mír 5 agus ní mór dóibh sonraí a sholáthar faoi na ceanglais a bheartaítear a chur i bhfeidhm maidir le seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh den sórt sin.

Ní mór don Choiste inniúil CEBC freagra a thabhairt ar aon iarraidh ar thoiliú faoi mhír 5 laistigh de dhá mhí tar éis dó a bheith curtha ar an eolas faoin seachfhoinsiú, tarmligean nó ligean ar fochonradh atá beartaithe. Ní mór na cúiseanna leis an diúltú sin a bheith in éineacht le haon diúltú toiliú a thabhairt. Mura bhfaigheann an t-údarás inniúil aon fhreagra laistigh de spriocdháta dhá mhí, féadfaidh sé a iarratas a chur in iúl don Choiste inniúil CEBC. Beidh mí amháin eile ag bainc cheannais an Eurochórais, nó bainc cheannais CEBC, de réir mar a bheidh, chun freagra a thabhairt ar an dara fógra. Mura mbeidh aon fhreagra ann laistigh den tréimhse ama sin, measfar go bhfuair an t-údarás inniúil toiliú le dul ar aghaidh leis an seachfhoinsiú, an tarmligean nó an ligean ar fochonradh.

(7)

Ní mór d’údaráis inniúla gach faisnéis agus fios gnó íogair, faoi cheilt nó rúnda a choinneáil faoi rún (cibé acu an fhaisnéis sin a bheith de chineál tráchtála, airgeadais, rialála, teicniúil nó eile) atá marcáilte mar sin agus a bhaineann leis an mbanc ceannais solathair agus/nó le bainc cheannais eile CEBC/Eurochórais, agus ní fhéadfaidh siad an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon tríú páirtí gan toiliú sainráite, roimh ré agus i scríbhinn ón mbanc/na bainc cheannais lena mbaineann.

(8)

Ní mór d’údaráis inniúla rochtain ar an bhfaisnéis nó an fios gnó dá dtagraítear i mír 7 a shrianadh chuig a bhfoireann theicniúil ábhartha, agus ní féidir an rochtain sin a fheidhmiú seachas i gcásanna soiléire riachtanais oibríochta.

(9)

Ní mór d’údaráis inniúla bearta iomchuí a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis rúnda nó fios gnó ag daoine seachas an fhoireann theicniúil ábhartha a chosc.

(10)

Sa chás eisceachtúil ina mbaineann úsáid na seirbhíse CEBC le sonraí pearsanta a phróiseáil ag an údarás inniúil, ní mór don údarás inniúil an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Ní mór do bhainc cheannais an Eurochórais, nó do bhainc cheannais CEBC, de réir mar a bheidh, cinneadh ar na críocha ar féidir sonraí pearsanta a phróiseáil ina leith agus na modhanna inar féidir iad a phróiseáil. Maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ba cheart don údarás inniúil agus do bhainc cheannais an Eurochórais, nó do bhainc cheannais CEBC, de réir mar a bheidh, iarracht a dhéanamh conradh a thabhairt i gcrích lena soiléireofaí na gnéithe riachtanacha den chaidreamh idir an rialtóir agus an próiseálaí.

Ní mór don údarás inniúil a dhearbhú do na húdaráis inniúla um chosaint sonraí, má éilítear amhlaidh faoin reachtaíocht um chosaint sonraí is infheidhme maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs na seirbhíse ábhartha CEBC.

(11)

Ní fhéadfar rochtain ar shonraí pearsanta a dheonú seachas dóibh siúd a bhfuil riachtanas acu eolas a bheith acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh maidir leis an tseirbhís ábhartha CEBC.