20.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 272/21


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1980 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/626 lena ndéantar Tairseach InvestEU a bhunú agus a shonraíochtaí teicniúla a leagan amach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (1), agus go háirithe Airteagal 26 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart leasú a dhéanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/626 ón gCoimisiún (2) lena ndéantar Tairseach InvestEU a bhunú chun gur féidir tionscadail ó Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) a fhoilsiú ar Thairseach InvestEU.

(2)

Ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/626 a leasú freisin chun aibíocht na dtionscadal atá incháilithe lena bhfoilsiú ar Thairseach InvestEU a shoiléiriú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 2 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/626 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

“(e)

beidh an tionscadal lonnaithe san Aontas, i Stát de chuid Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) nó i dtír nó i gcríoch thar lear atá nasctha le Ballstát mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh. I gcás tionscadal trasteorann, déanfar an phríomhchuid de chur chun feidhme an tionscadail san Aontas, i Stáit CSTE nó i dtír nó i gcríoch thar lear atá nasctha le Ballstát mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gConradh;”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

“(g)

cuireadh tús le cur chun feidhme an tionscadail cheana nó tá coinne leis go dtosóidh sé laistigh de 3 bliana ón dáta a cuireadh faoi bhráid Thairseach InvestEU é;”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 107, 26.3.2021, lch. 30.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/626 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 lena ndéantar Tairseach InvestEU a bhunú agus a shonraíochtaí teicniúla a leagan amach (IO L 131, 16.4.2021, lch. 183).