|
20.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 272/14 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1979 ÓN gCOIMISIÚN
an 31 Lúnasa 2022
lena mbunaítear an fhoirm agus na bunachair sonraí chun an fhaisnéis a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 6124)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 21(5) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le hAirteagal 18(1) de Threoir 2012/18/AE, ní mór do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na mórthionóiscí a tharla laistigh dá gcríoch agus a chomhlíonann critéir Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo, agus leas á bhaint as an bhfoirm shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2009/10/CE ón gCoimisiún (2). |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE, ní mór do na Ballstáit faisnéis áirithe a sholáthar don Choimisiún freisin maidir le bunaíochtaí a chumhdaítear leis an Treoir sin, agus leas á bhaint as an bhfoirm shonrach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún (3). |
|
(3) |
Chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE a thuairisciú, ní mór do na Ballstáit leas a bhaint as na bunachair sonraí dá dtagraítear faoi seach in Airteagal 21(3) agus in Airteagal 21(4) den Treoir sin agus ní mór don Choimisiún iad a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta. |
|
(4) |
De réir Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ní mór don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA), i gcomhthéacs an Ghréasáin Eorpaigh um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (Eionet), sonraí a bhailiú, a phróiseáil agus a anailísiú, go háirithe maidir le cáilíocht an chomhshaoil agus maidir leis na brúnna atá air, agus maidir leis na ceimiceáin atá guaiseach don chomhshaol. Chun na sineirgí leis na bunachair sonraí atá ann cheana, agus atá forbartha ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, a mhéadú, chun an fhaisnéis maidir leis na tionchair chomhshaoil a eascraíonn ó na gléasraí sin a chomhdhlúthú, chun feabhas a chur ar cháilíocht na faisnéise a chuirtear ar fáil don phobal agus do lucht ceaptha beartas agus chun aithint rioscaí féideartha a éascú (e.g. éifeachtaí na ndúradán), is iomchuí go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, thar ceann an Choimisiúin, na bunachair sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21(3) agus in Airteagal 21(4) de Threoir 2012/18/AE a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta. Ba cheart do na Ballstáit na bunachair sonraí sin a úsáid agus iad ag tuairisciú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE. |
|
(5) |
Leis na foirmeacha tuairiscithe agus na bunachair sonraí a úsáidtear de bhun Threoir 2012/18/AE ba cheart a fhágáil go mbeifí in ann faisnéis chuíchóirithe, a chuireann na Ballstáit isteach, a chur in iúl agus ba cheart an fhaisnéis sin a bheith le fáil, chun cruinneas, úsáideacht agus inchomparáideacht na faisnéise a sholáthraítear a uasmhéadú agus chun an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a íoslaghdú, agus na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) á n-urramú san am céanna. |
|
(6) |
Chun an leas is mó is féidir a bhaint as na sineirgí idir an fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit agus an tuairisciú a leagtar amach le haghaidh gléasraí tionsclaíocha comhchosúla, ba cheart na foirmeacha agus na bunachair sonraí a bheith comhchosúil agus comhoiriúnach leis na foirmeacha agus na bunachair sonraí a úsáidtear le haghaidh tuairisciú faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus faoi Rialachán (AE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), a mbunaítear a bhformáid, a minicíocht agus a n-ábhar faoi seach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1135 ón gCoimisiún (8) agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún (9). |
|
(7) |
Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, is iomchuí go dtabharfar cothrom le dáta an fhoirm tuairiscithe nach mór do na Ballstáit a úsáid agus iad ag soláthar na faisnéise faoi bhunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE, mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE. Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE a aisghairm dá réir sin. |
|
(8) |
Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil forbairt an dá bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 21(3) agus in Airteagal 21(4) de Threoir 2012/18/AE a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig 2025. Is é sin an fáth gur tar éis an dáta sin, agus dá éis sin amháin, ba cheart tosú ar thuairisciú na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 21(3) den Treoir sin. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a leagadh síos le hAirteagal 27 de Threoir 2012/18/AE, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, thar ceann an Choimisiúin, na bunachair sonraí leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 21(3) agus in Airteagal 21(4) de Threoir 2012/18/AE a chur ar bun agus a choinneáil cothrom le dáta.
2. Chun críche tuairiscithe i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus le hAirteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE, bainfidh na Ballstáit leas as na bunachair sonraí leictreonacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
3. Bainfidh na Ballstáit leas as an bhfoirm tuairiscithe a leagtar síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo agus iad ag soláthar na faisnéise faoi bhunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE.
4. Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthrófar don Choimisiún i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE le héifeacht ón 31 Nollaig 2025.
Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.
Airteagal 3
Beidh feidhm ag Airteagal 1(1) ón 1 Eanáir 2023.
Beidh feidhm ag Airteagail 1(2) go (4) ón 1 Eanáir 2026.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 31 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Virginijus SINKEVIČIUS
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 197, 24.7.2012, lch. 1.
(2) Cinneadh 2009/10/CE ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2008 lena mbunaítear foirm tuairiscithe mórthionóisce de bhun Threoir 96/82/CE ón gComhairle maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha (IO L 6, 10.1.2009, lch. 64).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2014 lena mbunaítear an fhormáid lena gcuirtear in iúl an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha (IO L 355, 12.12.2014, lch. 51).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol. (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).
(5) Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
(6) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(8) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1135 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2018 lena mbunaítear cineál, formáid agus minicíocht na faisnéise atá le cur ar fáil ag na Ballstáit chun críoch tuairiscithe ar chur chun feidhme Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO L 205, 14.8.2018, lch. 40).
(9) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1741 ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2019 lena mbunaítear formáid agus minicíocht na sonraí atá le cur ar fáil ag na Ballstáit chun críoch tuairiscithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 267, 21.10.2019, lch. 3).
IARSCRÍBHINN
Lena mbunaítear an fhoirm tuairiscithe sonraí atá le cur ar fáil ag na Ballstáit chun críoch tuairiscithe faoi Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE
Nóta:
|
— |
Is réimsí éigeantacha iad na réimsí a bhfuil réiltín ag gabháil leo. |
|
— |
Na réimsí sin nach bhfuil réiltín ag gabháil leo, tá iolracht 0-1 acu faoi INSPIRE, agus ní réimsí éigeantacha iad dá bhrí sin. |
|
— |
Déanfar faisnéis rúnda a mharcáil amhlaidh le tásc, i gcás gach cineáil sonraí, ar fhorais an diúltaithe i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
|
1. |
Faisnéis chomhthéacsúil |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cineál |
Formáid |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1.1 |
Aitheantóir tíre* |
Aitheantas na tíre ina bhfuil an bhunaíocht tuairiscithe suite. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
1.2 |
An bhliain tuairiscithe |
An bhliain féilire dá dtagraíonn an tuairisciú. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2 |
Faisnéis faoi údarás inniúil na bunaíochta |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cineál |
Formáid |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2.1 |
Ainm an údaráis inniúil* |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2.2 |
Seoladh an údaráis inniúil* |
Seoladh poist ina bhfuil uimhir an fhoirgnimh, sráid, cathair/baile, cód poist, tír. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2.3 |
Ríomhphost an údaráis inniúil* |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2.4 |
Uimhir ghutháin an údaráis inniúil* |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2.5 |
Barúlacha |
Barúlacha ar mhian leis an úsáideoir a thabhairt maidir leis an údarás inniúil tuairiscithe. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3 |
Faisnéis faoin suíomh inar cuid de “láithreán táirgthe” í bunaíocht Seveso nó faoin suíomh ina gcomhfhreagraíonn sí do “láithreán táirgthe” (2). |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cineál |
Formáid |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3.1 |
InspireId* |
Aitheantóir uathúil an “láithreáin táirgthe” a chomhlíonann ceanglais Threoir 2007/2/CE. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3.2 |
ThematicId |
Aitheantóir oibiachta téamaí an “láithreáin táirgthe”. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3.3 |
Geoiméadracht* |
Domhanleithead agus domhanfhad (comhordanáidí le haghaidh neaslár an láithreáin táirgthe) arna sloinneadh le tagairt do chóras tagartha comhordanáidí ETRS89 (2D)-EPSG:4258 go dtí an cúigiú deachúil. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
3.4 |
Ainm an láithreáin táirgthe |
Ainmníocht oifigiúil nó ainm ceart nó gnáthainm an láithreáin táirgthe. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4 |
Faisnéis faoi bhunaíocht Seveso |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cineál |
Formáid |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.1 |
InspireId* |
Aitheantóir uathúil na bunaíochta (3) a chomhlíonann ceanglais Threoir 2007/2/CE. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.2 |
ThematicId |
Aitheantóir oibiachta téamaí na saoráide táirgthe. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.3 |
Sraith bhunaíochta Seveso* |
Tásc i dtaobh cé acu is bunaíocht íos-sraithe nó bunaíocht uas-sraithe í i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2012/18/AE. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.4 |
Stádas* |
Stádas oibríochtúil na bunaíochta. (feidhmiúil, tréigthe, díchoimisiúnaithe). |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.5 |
Ainm na bunaíochta* |
Ainmníocht oifigiúil nó ainm ceart nó gnáthainm na bunaíochta. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.6 |
Ainm na máthairchuideachta |
Is éard is máthairchuideachta ann cuideachta ar faoina húinéireacht nó faoina rialú atá an chuideachta a oibríonn an bhunaíocht (trí níos mó ná 50 % de scairchaipiteal na cuideachta nó trí thromlach chearta vótála na scairshealbhóirí nó na gcomhlach a bheith aici, mar shampla) — féach Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.7 |
Seoladh na bunaíochta* |
Seoladh poist na bunaíochta ina bhfuil uimhir an fhoirgnimh, sráid, cathair/baile, cód poist, tír. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.8 |
Geoiméadracht* |
Domhanleithead agus domhanfhad (comhordanáidí le haghaidh neaslár na bunaíochta) arna sloinneadh le tagairt do chóras tagartha comhordanáidí ETRS89 (2D)-EPSG:4258 go dtí an cúigiú deachúil. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.9 |
An cineál tionscail* de réir aicmiúchán NACE Eurostat. (I gcás ina mbainfidh bunaíocht le breis agus aon chód NACE amháin, déanfar idirdhealú idir gníomhaíocht phríomha agus gníomhaíochtaí tánaisteacha) |
Cód NACE: Is éard atá in NACE an caighdeán tionsclaíoch Eorpach a bhaineann le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha, arb é atá ann cód 6 dhigit. Táthar ag dréim leis go gcuirfidh an t-úsáideoir bunaíocht Seveso leis an scéim aicmithe seo, agus tagairt á déanamh do na chéad 4 dhigit, sa bhreis nó mar mhalairt ar na cóid SPIRS. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.10 |
An cineál tionscail de réir chód SPIRS. Is féidir catagóir thionscail thánaisteach roghnach a roghnú freisin lena sainítear cineál na guaise a thuilleadh. (I gcás ina mbainfidh bunaíocht le breis agus aon chód SPIRS amháin, déanfar idirdhealú idir gníomhaíocht phríomha agus gníomhaíochtaí tánaisteacha) |
D’fhéadfadh sé gur mhaith leis an úsáideoir Cód SPIRS a thuairisciú. An cineál tionscail atá le léiriú i gcomhréir le Cóid SPIRS:
Gníomhaíochtaí tánaisteacha;
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.11 |
Nasc chuig an suíomh gréasáin ina bhfuil faisnéis faoin daonra* |
Seoladh an tsuímh gréasáin ina bhfuil an fhaisnéis dá bhforáiltear le hAirteagal 14 (Faisnéis don phobal) de Threoir 2012/18/AE. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.12 |
Nasc chuig an suíomh gréasáin cineálach |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.13 |
Dáta an iniúchta deiridh (5) |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.14 |
Nasc chuig na conclúidí ón iniúchadh deiridh |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
4.15 |
Barúlacha |
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5. |
Substaintí arna gcóireáil ag an mbunaíocht |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cineál |
Formáid |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5.1 |
|
An gnáthainm nó an t-ainm cineálach nó aicmiú na guaise. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5.2 |
|
Is éard atá in Uimhir Chláraithe na Seirbhíse Achoimreachtaí Ceimiceán aitheantóir uimhriúil uathúil, nach n-ainmnítear léi ach an t-aon substaint amháin, nach bhfuil aon tábhacht cheimiceach aici agus ar nasc í chuig an iliomad faisnéise faoi shubstaint cheimiceach shonrach. Féadfar suas le 10 ndigit a bheith inti, í deighilte ina trí chuid le fleiscíní. (http://www.cas.org/content/chemical-substances) |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5.3 |
|
Méid gach substainte guaisí ina tonaí lena ngníomhachtófar stádas Seveso. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5.4 |
|
Dálaí stórála faoina gcoinnítear an tsubstaint ar bun, amhail an staid (staid sholadach, leachtach, ghásach), an ghráinneacht (púdar, millíní, etc.), an brú, an teocht, etc. |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
5.5 |
|
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
(2) “Láithreán táirgthe” mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1253/2013, pointe 8.2.4 d’Iarscríbhinn IV: “an talamh uile ag suíomh geografach sainiúil ina mbíodh, ina bhfuil, nó ina mbeartaítear a bheidh an tsaoráid táirgthe suite. Áirítear leis sin an bonneagar, an trealamh agus na hábhair uile” agus cumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 nó le Treoir 2012/18/AE é.
(3) Chun críoch an tuairiscithe sa Chinneadh seo, is ionann “bunaíocht” agus “saoráid táirgthe” mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 1089/2010, pointe 8.2.1 d’Iarscríbhinn IV
(4) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(5) Mar a shainítear in Airteagal 3, pointe (19) de Threoir 2012/18/AE