18.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 270/62


CINNEADH (AE) 2022/1962 ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Deireadh Fómhair 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Eorpach um ullmhú Caighdeán i réimse na Loingseoireachta Intíre agus sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin maidir le caighdeáin a ghlacadh a bhaineann le soithí loingseoireachta intíre agus seirbhisí faisnéise tráchta abhann

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin an 17 Deireadh Fómhair 1868, arna leasú leis an gCoinbhinsiún lena leasaítear an Coinbhinsiún Athbhreithnithe maidir le Loingseoireacht ar an Réin, a síníodh in Strasbourg an 20 Samhain 1963 (“an Coinbhinsiún”), tháinig sé i bhfeidhm an 14 Aibreán 1967.

(2)

De bhun an Choinbhinsiúin, is féidir leis an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”) ceanglais theicniúla a ghlacadh le haghaidh soithí loingseoireachta uiscebhealaí intíre le haghaidh deimhnithe arna n-eisiúint faoi Airteagal 22 den Choinbhinsiún.

(3)

Faoin gCoinbhinsiún, is féidir le CCNR a chreat rialála a bhaineann le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (“RIS”) a mhodhnú trí thagairt a dhéanamh do na caighdeáin arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um ullmhú caighdeán i réimse na loingseoireachta intíre (“CESNI”) agus trí na caighdeáin sin a dhéanamh sainordaitheach faoi chuimsiú chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin.

(4)

Bunaíodh CESNI an 3 Meitheamh 2015 faoi chuimsiú CCNR chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt le haghaidh uiscebhealaí intíre i réimsí éagsúla, go háirithe a mhéid a bhaineann le soithí, teicneolaíocht faisnéise agus criú.

(5)

Le gníomhaíocht ón Aontas in earnáil na loingseoireachta intíre, ba cheart díriú ar an aonfhoirmeacht a áirithiú i bhforbairt na gceanglas teicniúil agus na sonraíochtaí teicniúla a chuirtear i bhfeidhm san Aontas, go háirithe a mhéid a bhaineann le soithí loingseoireachta intíre agus RIS.

(6)

Chun críche iompair éifeachtúil agus loingseoireachta sábháilte ar uiscebhealaí intíre, tá sé tábhachtach go mbeidh na ceanglais theicniúla le haghaidh soithí agus RIS comhsheasmhach agus chomh comhchuibhithe agus is féidir faoi réimeanna dlíthiúla éagsúla san Eoraip. Go sonrach, na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de CCNR freisin, ba cheart dóibh tacú le cinntí lena ndéantar rialacha CCNR a chomhchuibhiú leis na rialacha a chuirtear i bhfeidhm san Aontas.

(7)

Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh ag CESNI an 13 Deireadh Fómhair 2022, táthar ag súil go nglacfaidh CESNI an Caighdeán Eorpach lena leagtar síos Ceanglais Theicniúla le haghaidh soithí Loingseoireachta Intíre 2023/1 (“ES-TRIN 2023/1”) agus an Caighdeán Eorpach maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann 2023/1 (“ES-RIS 2023/1”).

(8)

Le caighdeán ES-TRIN 2023/1 leagtar síos ceanglais theicniúla aonfhoirmeacha atá riachtanach chun sábháilteacht soithí loingseoireachta intíre a áirithiú. Áirítear ann forálacha maidir leis an longthógáil, an feistiú agus trealamh le haghaidh soithí loingseoireachta intíre, forálacha speisialta maidir le haicmí sonracha soithí amhail soithí paisinéirí, conbhuanna a bhrúitear agus soithí coimeádáin, forálacha maidir le trealamh an chórais aitheantais uathoibríoch, forálacha maidir le haitheantas soithigh, samhail de na deimhnithe agus samhail den chlár, agus forálacha idirthréimhseacha, chomh maith le treoracha maidir leis an gcaighdeán teicniúil a chur i bhfeidhm.

(9)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) is tagairt do na ceanglais a sholáthraítear in ES-TRIN 2021/1 atá sa tagairt do na ceanglais theicniúla le haghaidh árthach. Tugtar de chumhacht don Choimisiún an tagairt sin in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin a nuashonrú ionas go dtagraítear don leagan is déanaí de chaighdeán ES-TRIN, agus dáta chur i bhfeidhm an leagain sin a shocrú. Dá bhrí sin, le ES-TRIN 2023/1 déanfar difear do Threoir (AE) 2016/1629.

(10)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI a bhunú, ós rud é go bhféadfaidh tionchar cinntitheach a bheith ag ES-TRIN 2023/1 ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Treoir (AE) 2016/1629.

(11)

Le ES-RIS 2023/1, leagtar síos sonraíochtaí teicniúla aonfhoirmeacha agus caighdeáin theicniúla aonfhoirmeacha chun tacú le RIS agus chun a n-idir-inoibritheacht a áirithiú. Na sonraíochtaí teicniúla agus na caighdeáin theicniúla faoi ES-RIS 2023/1, comhfhreagraíonn siad do na sonraíochtaí teicniúla agus na caighdeáin theicniúla sin nach mór a ghlacadh de réir Threoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), go háirithe sna réimsí seo a leanas: córas taispeána cairteacha leictreonacha agus faisnéise um loingseoireacht intíre; tuairisciú leictreonach long; fógraí do scipéirí; córais rianaithe agus lorgaireachta soithí agus comhoiriúnacht an trealaimh atá riachtanach chun RIS a úsáid.

(12)

I dtaca le sonraíochtaí teicniúla maidir le RIS, is sonraíochtaí iad atá bunaithe ar na prionsabail theicniúla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2005/44/CE agus cuirtear san áireamh leo an obair a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha sa réimse sin.

(13)

Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CESNI a leagan síos, ós rud é go bhféadfadh tionchar cinntitheach a bheith ag ES-RIS 2023/1 ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon na sonraíochtaí teicniúla ceangailteacha a glacadh faoi chuimsiú Threoir 2005/44/CE.

(14)

Tá coinne leis go nglacfaidh CCNR, ag seisiún iomlánach a bheidh ann amach anseo, rúin lena leasófar Rialacháin CCNR chun tagairt do ES-TRIN 2023/1 agus do ES-RIS 2023/1 a áireamh. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais in CCNR a leagan síos chomh maith.

(15)

Níl an tAontas ina chomhalta de CCNR ná de CESNI. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit atá ina gcomhaltaí de na comhlachtaí sin, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, seasamh an Aontais a chur in iúl.

(16)

Is é an seasamh atá beartaithe ag an Aontas ES-TRIN 2023/1 agus ES-RIS 2023/1 a ghlacadh toisc go n-éascaítear leo an leibhéal sábháilteachta is airde i réimse na loingseoireachta intíre, leanann siad an éabhlóid theicniúil san earnáil sin agus áirithítear leo comhoiriúnacht na gceanglas le haghaidh soithí agus comhoiriúnacht na seirbhísí faisnéise tráchta abhann san Eoraip,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Eorpach um ullmhú Caighdeán i réimse na Loingseoireachta Intíre (“CESNI”) maidir le caighdeáin Eorpacha ES-TRIN 2023/1 agus ES-RIS 2023/1 a ghlacadh, aontú lena nglacadh.

2.   Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin (“CCNR”), tacú leis na tograí uile lena ndéantar Rialacháin CCNR a ailíniú le ES-TRIN 2023/1 agus ES-RIS 2023/1.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit sin atá ina gcomhaltaí de CESNI, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(1) a chur in iúl.

2.   Déanfaidh na Ballstáit sin atá ina gcomhaltaí de CCNR, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach chun leas an Aontais, an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1(2) a chur in iúl.

Airteagal 3

Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe teicniúla ar na seasaimh a leagtar amach in Airteagal 1 gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. BLAŽEK


(1)  Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).

(2)  Treoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal (IO L 255, 30.9.2005, lch. 152).