17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 269/20


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1954 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Deireadh Fómhair 2022

maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hárthaí áineasa agus báid phearsanta, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), táirgí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna de chaighdeáin chomhchuibhithe, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, glactar leis gur táirgí iad atá i gcomhréir leis na ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2013/53/AE lena dtugtar aghaidh ar na buncheanglais níos déine a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE agus in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, i gcomparáid le Treoir 94/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, treoir a aisghaireadh (4).

(3)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 iarradh ar CEN agus CENELEC caighdeáin a athbhreithniú freisin, caighdeáin ar foilsíodh na tagairtí dóibh le Teachtaireacht 2018/C 209/05 ón gCoimisiún (5).

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 10087:2019 maidir le haitheantas árthaí agus córas códúcháin i ndáil le hárthaí beaga, caighdeán a gcuimsítear an tagairt dó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 ón gCoimisiún (6) .. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN ISO 10087:2022 maidir le haitheantas árthaí agus córas códúcháin i ndáil le hárthaí beaga.

(5)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe sin an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736.

(6)

Comhlíonann caighdeán EN ISO 10087:2022 na buncheanglais arb é is aidhm dó iad a chumhdach, ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Threoir 2013/53/AE, agus i bPáirt A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin chomh maith. Dá bhrí sin, is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)

Tá caighdeán EN ISO 10087:2022 le cur in ionad chaighdeán EN ISO 10087:2019. Dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán EN ISO 10087:2019, is gá í a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(8)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do leagan athbhreithnithe chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 10087:2019, is gá tarraingt siar na tagartha don chaighdeán sin a chur siar.

(9)

Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE agus a chomhlíonann na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach, ba cheart liosta iomlán de na tagairtí sin a fhoilsiú in aon ghníomh amháin. Na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE, is i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 ón gCoimisiún agus i dTeachtaireacht 2018/C 209/05 atá siad foilsithe faoi láthair.

(10)

Rinneadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, agus ós rud é gur gá leasú breise a dhéanamh ar an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, ba cheart an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin a ionadú.

(11)

Tarraingíodh siar go leor de na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh i dTeachtaireacht 2018/C 209/05. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919, déantar foráil maidir le tarraingt siar na dtagairtí atá fágtha do na caighdeáin chomhchuibhithe a foilsíodh leis an Teachtaireacht sin. Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúnaíocht, ba cheart Teachtaireacht 2018/C 209/05 a aisghairm. Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a gcuid táirgí a oiriúnú do na leaganacha athbhreithnithe de na caighdeáin lena mbaineann, ba cheart go leanfadh Teachtaireacht 2018/C 209/05 d’fheidhm a bheith aici go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe lena mbaineann a foilsíodh leis an Teachtaireacht sin.

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis na tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hárthaí áineasa agus báid phearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE, tagairtí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo, foilsítear leis seo iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919.

Airteagal 3

Aisghairtear Teachtaireacht 2018/C 209/05.

Beidh feidhm aici go fóill, áfach, i leith na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, Lch. 12.

(2)  Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, Lch. 90).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2015) 8736 final ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le hárthaí áineasa agus báid phearsanta chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE.

(4)   OJ L 164, 30.6.1994, p. 15–38.

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún faoi chuimsiú chur chun feidhme Threoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hárthaí áineasa agus báid phearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (Foilsiú teideal caighdeán comhchuibhithe agus tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais) (IO C 209, 15.6.2018, lch. 137).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/919 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2019 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh árthaí áineasa agus báid phearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 146, 5.6.2019, Lch. 106).


IARSCRÍBHINN I

Uimhir

An tagairt don chaighdeán

1.

EN ISO 6185-1:2018

Báid inséidte - Cuid 1: Báid a bhfuil uasrátáil cumhachta mótair 4,5 kW acu (ISO 6185-1:2001)

2.

EN ISO 6185-2:2018

Báid inséidte - Cuid 2: Báid a bhfuil uasrátáil cumhachta mótair 4,5 kW go 15 kW acu agus an dá rátáil sin san áireamh (ISO 6185-2:2001)

3.

EN ISO 6185-3:2018

Báid inséidte - Cuid 3: Báid a bhfuil cabhail níos lú ná 8 m acu agus a bhfuil rátáil mótair 15 kW agus níos mó ná sin acu (ISO 6185-3:2014)

4.

EN ISO 6185-4:2018

Báid inséidte - Cuid 4: Báid a bhfuil cabhail atá idir 8 m agus 24 m acu agus a bhfuil rátáil cumhachta mótair 15 kW agus níos mó acu (ISO 6185-4:2011, Leagan ceartaithe 2014-08-01)

5.

EN ISO 7840:2021

Árthaí beaga - Píobáin bhreosla dhódhíonacha (ISO 7840:2021)

6.

EN ISO 8099-1:2018

Árthaí beaga - Córais dramhaíola - Cuid 1: Coinneáil fuíolluisce (ISO 8099-1:2018)

7.

EN ISO 8099-2:2021

Árthaí beaga - Córais dramhaíola - Cuid 2: Córais cóireála séarachais (ISO 8099-2:2020)

8.

EN ISO 8469:2021

Árthaí beaga - Píobáin bhreosla neamh-dhódhíonacha (ISO 8469:2021)

9.

EN ISO 8665:2017

Árthaí beaga - Innill dócháin inmheánaigh fhrithingeacha le haghaidh cumhacht tiomána muirárthaí - Tomhais agus dearbhuithe cumhachta (ISO 8665:2006)

10.

EN ISO 8666:2020

Árthaí beaga - Na príomhshonraí (ISO 8666:2020)

EN ISO 8666:2020/A11:2021

11.

EN ISO 8846:2017

Árthaí beaga - Feistí leictreacha - Cosaint i gcoinne adhaint na ngás inadhainte máguaird (ISO 8846:1990)

12.

EN ISO 8847:2021

Árthaí beaga - Fearas stiúrtha - Córais chábla ar ulóg (ISO 8847:2021)

13.

EN ISO 8848:2017

Árthaí beaga - Córais stiúrtha chianda (ISO 8848:1990)

14.

EN ISO 8849:2021

Árthaí beaga - Caidéil ruma a oibrítear go leictreach (ISO 8849:2020)

15.

EN ISO 9093:2021

Árthaí beaga - Comhlaí farraige agus feistis trí chabhail (ISO 9093:2020)

16.

EN ISO 9094:2017

Árthaí beaga - Cosaint ar dhóiteán (ISO 9094:2015)

17.

EN ISO 10087:2022

Árthaí beaga - Sainaithint árthaí - Córas códaithe (ISO 10087:2022)

18.

EN ISO 10088:2017

Árthaí beaga - Córais breoslaí atá suiteáilte go buan (ISO 10088:2013)

19.

EN ISO 10133:2017

Árthaí beaga - Córais leictreacha - Suiteálacha voltais d.c. an-ísil (ISO 10133:2012)

20.

EN ISO 10239:2017

Árthaí beaga - Córais gáis peitriliam leachtaithe (GPL) (ISO 10239:2014)

21.

EN ISO 10592:2017

Árthaí beaga - Córais stiúrtha hiodrálacha (ISO 10592:1994)

22.

EN ISO 11105:2020

Árthaí beaga - Aeráil urranna innill peitril agus/nó umair peitril (ISO 11105:2020)

23.

EN ISO 11192:2018

Árthaí beaga - Siombailí grafacha (ISO 11192:2005)

24.

EN ISO 11547:2018

Árthaí beaga - Cosaint ar thosú i ngiar (ISO 11547:1994)

25.

EN ISO 11592-1:2016

Árthaí beaga - An uasrátáil cumhachta tiomána a chinneadh trí úsáid a bhaint as an luas ainlithe - Cuid 1: Árthaí a bhfuil cabhail níos lú ná 8 m acu (ISO 11592-1:2016)

26.

EN ISO 11592-2:2021

Árthaí beaga - An uasrátáil cumhachta tiomána a chinneadh trí úsáid a bhaint as an luas ainlithe - Cuid 2: Árthaí a bhfuil cabhail atá idir 8 m agus 24 m acu (ISO 11592-2:2021)

27.

EN ISO 11812:2018

Árthaí beaga - Cróite uiscedhíonacha agus cróite meardhraenála (ISO 11812:2001)

28.

EN ISO 12215-1:2018

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 1: Ábhair: Roisíní teirmithéachtacha, atreisiú snáithíní gloine, lannán tagartha (ISO 12215-1:2000)

29.

EN ISO 12215-2:2018

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 2: Ábhair: Príomhábhair le haghaidh tógáil srathaithe, ábhair leabaithe (ISO 12215-2:2002)

30.

EN ISO 12215-3:2018

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 3: Ábhair: Cruach, cóimhiotail alúmanaim, adhmad, ábhair eile (ISO 12215-3:2002)

31.

EN ISO 12215-4:2018

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 4: Ceardlann agus monaraíocht (ISO 12215-4:2002)

32.

EN ISO 12215-5:2019

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 5: Brúnna dearaidh le haghaidh monachabhailí, strusanna dearaidh, cinneadh sáilíní (ISO 12215-5:2019)

33.

EN ISO 12215-6:2018

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 6: Socruithe agus sonraí struchtúracha (ISO 12215-6:2008)

34.

EN ISO 12215-8:2018

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 8: Stiúracha (ISO 12215-8:2009, lena n-áirítear Cor 1:2010)

35.

EN ISO 12215-9:2018

Árthaí beaga - Tógáil cabhlach agus sáilíní - Cuid 9: Aguisíní árthaí seoltóireachta (ISO 12215-9:2012)

36.

EN ISO 12216:2018

Árthaí beaga - Fuinneoga, sliosphoill, haistí, comhlaí sliosphoill agus doirse - Ceanglais maidir le neart agus uiscedhíonacht (ISO 12216:2002)

37.

EN ISO 12217-1:2017

Árthaí beaga - An tseasmhacht agus an tsnámhacht a mheasúnú agus a chatagóiriú - Cuid 1: Báid nach báid seoltóireachta iad a bhfuil cabhail níos mó ná nó cothrom le 6 m acu (ISO 12217-1:2015)

38.

EN ISO 12217-2:2017

Árthaí beaga - An tseasmhacht agus an tsnámhacht a mheasúnú agus a chatagóiriú - Cuid 2: Báid seoltóireacht a bhfuil cabhail níos mó ná nó cothrom le 6 m acu (ISO 12217-2:2015)

39.

EN ISO 12217-3:2017

Árthaí beaga - An tseasmhacht agus an tsnámhacht a mheasúnú agus a chatagóiriú - Cuid 3: Báid a bhfuil cabhail níos lú ná 6 m acu (ISO 12217-3:2015)

40.

EN ISO 13297:2018

Árthaí beaga - Córais leictreacha - Suiteálacha srutha ailtéarnaigh (ISO 13297:2014)

41.

EN ISO 13590:2018

Árthaí beaga - Árthaí uisce pearsanta - Ceanglais tógála agus suiteála córais (ISO 13590:2003)

42.

EN ISO 13929:2017

Árthaí beaga - Fearas stiúrtha - Córais nasctha ghiaráilte (ISO 13929:2001)

43.

EN ISO 14509-1:2018

Árthaí beaga - Fuaim aeriompartha a dhéanann árthaí áineasa cumhachtaithe - Cuid 1: Nósanna imeachta maidir leis an torann a dhéantar ag dul thar bráid a thomhas (ISO 14509-1:2008)

44.

EN ISO 14509-3:2018

Árthaí beaga - Fuaim aeriompartha a dhéanann árthaí áineasa cumhachtaithe - Cuid 3: Measúnú fuaime a dhéanamh trí úsáid a bhaint as nósanna imeachta ríomha agus tomhais (ISO 14509-3:2009)

45.

EN ISO 14895:2016

Árthaí beaga - Soirn agus fearais téimh a bhreoslaítear le breoslaí leachtacha (ISO 14895:2016)

46.

EN ISO 14945:2021

Árthaí beaga - Pláta tógálaí (ISO 14945:2021)

47.

EN ISO 14946:2021

Árthaí beaga - Uasacmhainn ualaigh (ISO 14946:2021)

48.

EN ISO 15083:2018

Árthaí beaga - Córais caidéalaithe ruma (ISO 15083:2003)

49.

EN ISO 15084:2018

Árthaí beaga - Ancaireacht, múráil agus tarraingt - Pointí láidre (ISO 15084:2003)

50.

EN ISO 15085:2003

Árthaí beaga - Cosaint ó thitim thar bord agus daoine i bhfarraige a tharrtháil (ISO 15085:2003)

EN ISO 15085:2003/A1:2009

EN ISO 15085:2003/A2:2018

51.

EN ISO 15584:2017

Árthaí beaga - Innill pheitril istigh - Comhpháirteanna breosla, agus leictreacha atá feistithe ar inneall (ISO 15584:2001)

52.

EN 15609:2021

Trealamh agus oiriúintí GPL - Córais tiomána GPL do bháid, luaimh agus árthaí uisce eile - Ceanglais suiteála

53.

EN ISO 16147:2021

Árthaí beaga - Innill díosail istigh - Comhpháirteanna breosla, ola agus leictreacha atá feistithe ar inneall (ISO 16147:2020)

54.

EN ISO 16180:2018

Árthaí beaga - Soilse loingseoireachta - Suiteáil, socrú agus infheictheacht (ISO 16180:2013)

55.

EN ISO 16315:2016

Árthaí beaga - Córas tiomána leictreach (ISO 16315:2016)

56.

EN ISO 18854:2015

Árthaí beaga - Innill dócháin inmheánaigh fhrithingeacha a thomhas - Astaíochtaí sceite gásacha agus cáithníneacha a thomhas le clár tástála (ISO 18854:2015)

57.

EN ISO 19009:2015

Árthaí beaga - Soilse loingseoireachta leictreacha - Feidhmíocht soilse LED (ISO 19009:2015)

58.

EN ISO 21487:2018

Árthaí beaga - Umair bhreosla le haghaidh peitril agus díosail atá suiteáilte go buan (ISO 21487:2012, lena n-áirítear Amd 1:2014 agus Amd 2:2015)

59.

EN ISO 23411:2021

Árthaí beaga - Rothaí stiúrtha (ISO 23411:2020)

60.

EN ISO 25197:2018

Árthaí beaga - Córais rialaithe leictreacha/leictreonacha maidir le stiúradh, athrú agus scóig (ISO 25197:2012, lena n-áirítear Amd 1:2014)

61.

EN 60092-507:2015

Suiteálacha leictreacha i longa - Cuid 507 - Soithí beaga (IEC 60092-507:2014)


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

1.

EN ISO 7840:2018

Árthaí beaga - Píobáin bhreosla dhódhíonacha (ISO 7840:2013)

An 27 Feabhra 2023

2.

EN ISO 8469:2018

Árthaí beaga - Píobáin bhreosla neamh-dhódhíonacha (ISO 8469:2013)

27 Feabhra 2023

3.

EN ISO 8666:2018

Árthaí beaga - Na príomhshonraí (ISO 8666:2016)

An 29 Nollaig 2023

4.

EN ISO 8847:2017

Árthaí beaga - Fearas stiúrtha - Córais chábla ar ulóg (ISO 8847:2004)

An 10 Meán Fómhair 2023

5.

EN ISO 9093-1:2018

Árthaí beaga - Comhlaí farraige agus feistis trí chabhail - Cuid 1: EN ISO 9093-1:1994

An 27 Feabhra 2023

6.

EN ISO 9093-2:2018

Árthaí beaga - Comhlaí farraige agus feistis trí chabhail - Cuid 2: Neamh-mhiotalach (EN ISO 9093-2:2002)

An 27 Feabhra 2023

7.

EN ISO 9775:2017

Árthaí beaga - Córais stiúrtha chianda le haghaidh innill transaim aonair de chumhacht 15 kW go 40 kW (ISO 9775:1990)

An 27 Feabhra 2023

8.

EN ISO 10087:2019

Córas sainaitheanta agus códaithe árthaí le haghaidh árthaí beaga

An 17 Aibreán 2024

9.

EN 15609:2012

Trealamh agus oiriúintí GPL - Córais tiomána GPL do bháid, luaimh agus árthaí eile

An 29 Nollaig 2023

10.

EN ISO 15652:2017

Árthaí beaga - Córais stiúrtha chianda le haghaidh mionbháid scairde istigh (ISO 15652:2003)

An 27 Feabhra 2023

11.

EN ISO 16147:2017

Árthaí beaga - Innill díosail istigh - Comhpháirteanna breosla, agus leictreacha atá feistithe ar inneall (ISO 16147:2002, lena n-áirítear Amd 1:2013)

An 27 Feabhra 2023