17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 269/17


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1953 ÓN gCOIMISIÚN

an 7 Deireadh Fómhair 2022

maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (1), agus go háirithe Airteagal 19(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh gach bliain den tréimhse 2013 go 2020 agus sásra chun comhlíonadh na dteorainneacha sin a mheasúnú go bliantúil. Leagtar amach i gCinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún (3) leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát agus iad arna sloinneadh i dtonaí de choibhéis CO2. Socraítear na coigeartuithe ar na leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí i gcomhair gach Ballstáit i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún (4).

(2)

Déantar foráil in Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir le nós imeachta chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát chun measúnú a dhéanamh i dtaca le comhlíonadh Chinneadh Uimh. 406/2009/CE. An t-athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013, rinneadh é ar bhonn na sonraí maidir le hastaíochtaí le haghaidh na bliana 2020 a tuairiscíodh don Choimisiún i mí an Mhárta 2022 i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún (5) agus in Iarscríbhinn XVI a ghabhann leis an Rialachán sin.

(3)

Agus an ríomh á dhéanamh maidir le méid iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE le haghaidh na bliana 2020 i gcomhair gach Ballstáit, ba cheart aird a thabhairt ar na ceartúcháin theicniúla agus na meastacháin athbhreithnithe a ríomhadh le linn an athbhreithnithe bhliantúil mar atá sna tuarascálacha deiridh maidir le hathbhreithniú arna dtarraingt suas de bhun Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) Uimh. 749/2014 agus ba cheart na ceartúcháin agus na meastacháin sin a chur san áireamh.

(4)

Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe chun go mbeidh sé ailínithe le forálacha Airteagal 19(7) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 lena socraítear gurb é dáta foilsithe an Chinnidh seo túsphointe na tréimhse 4 mhí a mbeidh cead lena linn ag na Ballstáit úsáid a bhaint as na sásraí solúbthachta faoi Chinneadh Uimh. 406/2009/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo suim iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE i gcomhair gach Ballstáit le haghaidh na bliana 2020 a eascraíonn as na sonraí fardail ceartaithe ar chríochnú don athbhreithniú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 19(2) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 165, 18.6.2013, lch. 13.

(2)  Cinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát chun a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ionas go gcomhlíonfaí gealltanais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go dtí 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).

(3)  Cinneadh 2013/162/AE ón gCoimisiún an 26 Márta 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a chinneadh le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 90, 28.3.2013, lch. 106).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/634/AE ón gCoimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2013 maidir le leithdháileacháin bhliantúla astaíochtaí na mBallstát a choigeartú le haghaidh na tréimhse ó 2013 go 2020 de bhun Chinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 292, 1.11.2013, lch. 19).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2014 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú na faisnéise arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 203, 11.7.2014, lch. 23).


IARSCRÍBHINN

Ballstát

Astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Cinneadh Uimh. 406/2009/CE, le haghaidh na bliana 2020 (tonaí de choibhéis dé-ocsaíde carbóin)

an Bheilg

64 904 157

an Bhulgáir

25 735 613

an tSeicia

58 650 330

an Danmhairg

30 835 287

an Ghearmáin

407 410 808

an Eastóin

5 934 829

Éire

44 721 180

an Ghréig

42 893 855

an Spáinn

184 188 341

an Fhrainc

307 767 715

an Chróit

16 518 244

an Iodáil

254 001 457

an Chipir

4 243 155

an Laitvia

8 436 245

an Liotuáin

14 042 972

Lucsamburg

7 687 843

an Ungáir

43 906 325

Málta

1 311 233

an Ísiltír

90 196 821

an Ostair

46 543 211

an Pholainn

205 093 211

an Phortaingéil

38 536 930

an Rómáin

77 123 535

an tSlóivéin

9 754 284

an tSlóvaic

18 877 704

an Fhionlainn

28 120 096

an tSualainn

29 384 094

an Ríocht Aontaithe

298 936 220