14.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 268/29


CINNEADH (AE) 2022/1946 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh (AE) 2015/1937 a mhéid a bhaineann le fad shainordú chomhaltaí an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún (1), bunaíodh Bord Fioscach Eorpach neamhspleách comhairleach. Tá forálacha sa Chinneadh maidir le misean agus cúraimí, comhdhéanamh, neamhspleáchas agus feidhmiú an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh (“an Bord”) agus a rúnaíochta.

(2)

Cuireann an Bord comhairle ar an gCoimisiún agus an Coimisiún ag feidhmiú a chuid feidhmeanna maidir le faireachas fioscach iltaobhach.

(3)

Cheap an Coimisiún Cathaoirleach an Bhoird agus ceathrar comhaltaí de an 19 Deireadh Fómhair 2016 (2), agus rinneadh a sainordú a athnuachan an 10 Aibreán 2019 (3). An 9 Meán Fómhair 2020, d’éirigh comhalta den Bhord as oifig, agus cheap an Coimisiún comhalta nua ar feadh téarma 3 bliana ina dhiaidh sin. Rachaidh sainordú an Chathaoirligh agus an triúr comhaltaí eile den Bhord in éag an 19 Deireadh Fómhair 2022.

(4)

Cuireadh athbhreithniú ar chreat fioscach an Aontais ar feitheamh mar gheall ar phaindéim COVID-19. Rinneadh é a athsheoladh ansin le Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal The EU economy after COVID-19: implications for economic governance [Geilleagar an Aontais tar éis COVID-19: impleachtaí ó thaobh an rialachais eacnamaíoch de] agus tá sé fós ar siúl.

(5)

I bhfianaise thionchar phaindéim COVID-19, mhol an Coimisiún an 20 Márta 2020 go ndéanfaí clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a ghníomhachtú. D’fhormhuinigh an Chomhairle an togra. Beidh an clásal á chur i bhfeidhm fós in 2023.

(6)

Agus paindéim COVID-19 á cur san áireamh, sin agus an cogadh foghach atá an Rúis a chur ar an Úcráin, agus an ghéarchéim fuinnimh atá ag eascairt as an gcogadh sin, na dálaí eacnamaíocha eisceachtúla atá ann faoi láthair, imríonn siad tionchar ar chleachtais faireachais fhioscaigh freisin.

(7)

Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann síneadh breise a chur le sainordú chomhaltaí an Bhoird aimsir imthosca eisceachtúla.

(8)

De bhun Airteagal 3(7) agus 3(8) den Chinneadh, faigheann an Bord tacaíocht ó rúnaíocht. Ba cheart é a bheith ar chumas an údaráis ceapacháin sa Choimisiún na socruithe riachtanacha a dhéanamh ionas go mbeidh leanúnachas ann ó thaobh na rúnaíochta de, sa chaoi go mbeidh sé ag teacht le sainordú an Bhoird, ar na cúiseanna céanna.

(9)

Dá bhrí sin ba cheart Cinneadh (AE) 2015/1937 a leasú dá réir,

TAR ÉIS A CINNEADH MAR A LEANAS:

Airteagal 1

In Airteagal 3, mír 4, de Chinneadh (AE) 2015/1937, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

“Aimsir imthosca eisceachtúla, féadfar síneadh suas le 2 bhliain a chur lena sainorduithe”.

Airteagal 2

In Airteagal 3, mír 8, de Chinneadh (AE) 2015/1937, cuirtear an abairt seo a leanas isteach:

“Aimsir imthosca eisceachtúla, féadfaidh an t-údarás ceapacháin síneadh a chur le sainordú Cheann na Rúnaíochta i gcomhréir le sainordú an Bhoird.”

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  Cinneadh (AE) 2015/1937 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2015 lena mbunaítear Bord Fioscach Eorpach neamhspleách comhairleach (IO L 282, 28.10.2015, lch. 37).

(2)  PV(2016) 2186 final, Lch. 10.

(3)  PV(2019) 2291 final, Lch. 22.