|
12.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 265/81 |
CINNEADH (AE) 2022/1928 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Deireadh Fómhair 2022
lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,
Ag féachaint don fhógra a thug Éire gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2022/585 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 514/2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, (AE) Uimh. 516/2014 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus (AE) 2021/1147 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (1), agus gur mian léi a bheith faoi cheangal ag an Rialachán sin,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I litir dar dáta an 14 Iúil 2022, thug Éire fógra foirmiúil, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal Uimh. 21, gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2022/585 agus a bheith faoi cheangal aige. |
|
(2) |
Ní bhaineann aon choinníoll le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585. |
|
(3) |
Chun a áirithiú go gcuirfear Rialachán (AE) 2022/585 i bhfeidhm a luaithe is féidir agus chun a áirithiú gur féidir le hÉirinn leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear ann, is iomchuí a fhoráil go bhfuil feidhm ag rogha na hÉireann a bheith páirteach sa Rialachán ón dáta a tugadh fógra foirmiúil gur mian léi glacadh le Rialachán (AE) 2022/585 agus a bheith faoi cheangal aige. |
|
(4) |
Dá bhrí sin ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 331(1) den Chonradh, rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585 a dheimhniú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2022/585 deimhnithe.
2. Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2022/585 maidir le hÉirinn ón 14 Iúil 2022.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN