7.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 261/60


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1914 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le gairis snámhachta phearsanta — áiseanna snámhachta, seaicéid tarrthála, agus gabhálais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) agus Airteagal 11(1), pointe (a), de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh cosanta pearsanta atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin sin, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh.

(2)

Le litir M/031 dar teideal “Sainordú caighdeánaithe do CEN/Cenelec maidir le caighdeáin i ndáil le trealamh cosanta pearsanta”, rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt agus a tharraingt suas chun tacú le Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (3). Ar bhonn iarraidh M/031 um chaighdeánú, dhréachtaigh CEN roinnt caighdeáin nua agus rinne sé athbhreithniú ar roinnt caighdeáin chomhchuibhithe a bhí ann cheana, lena n-áirítear na caighdeáin i ndáil le gairis snámhachta phearsanta.

(3)

An 19 Samhain 2020, chuaigh iarraidh M/031 um chaighdeánú in éag agus cuireadh iarraidh nua um chaighdeánú ina hionad faoi mar a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924 ón gCoimisiún (4).

(4)

Ar bhonn iarraidh M/031 um chaighdeánú agus ar bhonn na hiarrata um chaighdeánú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, dhréachtaigh CEN agus Cenelec na caighdeáin chomhchuibhithe nua EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020 i ndáil le seaicéid tarrthála, EN ISO 12402-5:2020 i ndáil le háiseanna snámhachta, EN ISO 12402-6:2020 i ndáil le seaicéid tarrthála agus áiseanna snámhachta sainfheidhme, agus EN ISO 12402-8:2020 i ndáil le gabhálais gaireas snámhachta pearsanta.

(5)

I mí na Samhna 2020, rinne an tSualainn agóid fhoirmiúil in aghaidh na gcaighdeán comhchuibhithe EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020, agus EN ISO 12402-4:2020, caighdeáin nár foilsíodh na tagairtí dóibh go dtí sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(6)

Ceapadh na caighdeáin EN ISO 12402-5:2020, EN ISO 12402-6:2020 agus EN ISO 12402-8:2020 lena n-úsáid i gcomhar leis na caighdeáin EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020 ar chaoi gur ceanglais faoi na caighdeáin EN ISO 12402-5:2020, EN ISO 12402-6:2020 agus EN ISO 12402-8:2020 cuid d’inneachar na gcaighdeán EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020, nó inneachar iomlán na gcaighdeán sin. Dá bhrí sin, níor foilsíodh na tagairtí do na caighdeáin EN ISO 12402-5:2020, EN ISO 12402-6:2020 ná EN ISO 12402-8:2020 go fóill in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh toisc gurbh ábhar agóide foirmiúla ón tSualainn iad EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020.

(7)

San fhógra ón tSualainn faoi Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, luaitear an agóid fhoirmiúil a chuir sí isteach roimhe sin i mí Mheán Fómhair 2014 i leith na gcaighdeán EN ISO 12402-2:2006, EN ISO 12402-3:2006 agus EN ISO 12402-4:2006 i ndáil le seaicéid tarrthála, caighdeáin a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 89/686/CEE.

(8)

Chinn an Coimisiún na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 12402-2:2006, EN ISO 12402-3:2006 agus EN ISO 12402-4:2006 a fhoilsiú, agus srian ag gabháil leo, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1217 ón gCoimisiún (5).

(9)

De réir na Sualainne, an locht a cuireadh in iúl san agóid fhoirmiúil a chuir sí isteach in 2014, tá sé fós ar na caighdeáin EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020 faoi Rialachán (AE) 2016/425. Tagann Údarás na Sualainne um an Timpeallacht Oibre, sa mheastóireacht uaidh, ar an gconclúid nach bhfágann na caighdeáin i ndáil le seaicéid tarrthála sin go nglactar leis go bhfuil na seaicéid tarrthála inséidte i gcomhréir le pointí 1.1.1, 1.2.1 agus 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425, agus nach bhfágann na caighdeáin sin go nglactar leis go bhfuil comhréireacht ann le hítim 5 de na réamhbharúlacha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425 maidir leis an measúnú riosca ón monaróir agus na ceanglais ó thaobh na húsáide a bheartaítear i réimsí úsáide intuartha.

(10)

D’fhreagair Coiste Teicniúil 162 — Meitheal 6 CEN na pointí a luaigh an tSualainn agus chuir in iúl go raibh inneachar sna moltaí Sualannacha lena gcuirfí srian ar an dearadh, gur tháinig na saineolaithe ar an gconclúid go bhfuil ceanglais sna caighdeáin atá i gceist chun a áirithiú go gcumhdaítear agus go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta, agus dá bharr sin ar fad nárbh fhéidir a mheas go raibh údar leis an agóid.

(11)

I ráiteas uathu i mí na Nollag 2020, dúirt an International Lifesaving Appliance Manufacturers’ Association (Comhlachas Idirnáisiúnta Mhonaróirí na bhFearas Tarrthála) go gcloífidís le gach moladh leasaithe arna dhéanamh le linn an phlé le coiste teicniúil ISO um Threalamh Sábháilteachta Pearsanta (TC188 SC1) agus le húdaráis na Sualainne, agus chuir siad imní in iúl maidir leis an bhféidearthacht go ndiúltófaí na caighdeáin athbhreithnithe EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020.

(12)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020 in éineacht le hionadaithe na mBallstát agus na bpáirtithe leasmhara sa Sainghrúpa um Threalamh Cosanta Pearsanta, tháinig sé ar an gconclúid, i dtaca leis na clásail, sna caighdeáin chomhchuibhithe sin, arb aidhm dóibh na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 maidir le Prionsabail an Dearaidh — Eirgeanamaíocht, i bpointe 1.2.1 maidir le Neamhurchóideacht TCP — Easpa rioscaí dúchasacha agus tosca núise eile, agus i bpointe 3.4 maidir le Cosaint i leachtanna d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425, nach dtugann na clásail sin aghaidh go leordhóthanach ar na rioscaí gaolmhara, go háirithe riosca an bhá i gcás na seaicéad tarrthála inséidte. Is amhlaidh nach bhfuil ceanglais shonracha sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha chun a áirithiú go n-oibreodh an gaireas séidte i gceart faoi gach cúinse réasúnta úsáide nó faoi gach cúinse réasúnta intuartha i dtaca le hiompar an úsáideora, chun cosaint leordhóthanach ar riosca an bhá a sholáthar. Dá bhrí sin, fuair an Coimisiún, maidir le táirgí arna ndearadh agus arna monarú de réir na gcaighdeán sin, go bhféadfaidís fós a bheith ina gcúis timpistí agus teagmhas d’úsáideoirí gairmiúla agus do thomhaltóirí.

(13)

Dá ainneoin sin, measann an Coimisiún, maidir leis na clásail eile de na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 12402-5:2020, EN ISO 12402-6:2020 agus EN ISO 12402-8:2020, nach ábhar agóide foirmiúla iad, go bhfuil siad fós bailí chun a fhágáil go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta i Rialachán (AE) 2016/425 is aidhm dóibh a chumhdach.

(14)

Ba cheart, dá bhrí sin, na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus srian ag gabháil leo. Ba cheart go n-eisiafaí leis an srian sin na clásail shonracha de na caighdeáin sin arb aidhm dóibh na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a chumhdach a leagtar amach i bpointe 1.1.1 maidir le Prionsabail an Dearaidh — Eirgeanamaíocht, i bpointe 1.2.1 maidir le Neamhurchóideacht TCP — Easpa rioscaí dúchasacha agus tosca núise eile, agus i bpointe 3.4 maidir le Cosaint i leachtanna, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

(15)

Caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 12402-5:2020, EN ISO 12402-6:2020 agus EN ISO 12402-8:2020, comhlíonann siad na ceanglais is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/425. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(16)

Is gá na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe EN ISO 12402-5:2006, EN ISO 12402-6:2006 agus EN ISO 12402-8:2006 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin sin.

(17)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na buncheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(18)

Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a mhéid a bhaineann le foilsiú na gcaighdeán comhchuibhithe EN ISO 12402-2:2020, EN ISO 12402-3:2020 agus EN ISO 12402-4:2020 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur chun Feidhme (AE) 2020/668 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo;

(3)

leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

(2)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).

(3)  Treoir 89/686/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta (IO L 399, 30.12.1989, lch. 18).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 maidir le hiarraidh um chaighdeánú i ndáil le trealamh cosanta pearsanta ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus chuig Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1217 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2019 maidir leis na caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le gairis snámhachta phearsanta — seaicéid tarrthála arna ndréachtú chun tacú le Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 192, 18.7.2019, lch. 32).


IARSCRÍBHINN I

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“39.

EN ISO 12402-5:2020

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 5: Áiseanna snámhachta (leibhéal 50) — Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-5:2020)

40.

EN ISO 12402-6:2020

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 6: Seaicéid tarrthála agus áiseanna snámhachta sainfheidhme — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála breise (ISO 12402-6:2020)

41.

EN ISO 12402-8:2020

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 8: Gabhálais — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála (ISO 12402-8:2020)”.


IARSCRÍBHINN II

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

Dáta an tarraingt siar

“30.

EN ISO 12402-5:2006

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 5: Áiseanna snámhachta (leibhéal 50) — Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-5:2006)

7 Deireadh Fómhair 2022

31.

EN ISO 12402-6:2006

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 6: Seaicéid tarrthála agus áiseanna snámhachta sainfheidhme — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála breise (ISO 12402-6:2006)

7 Deireadh Fómhair 2022

32.

EN ISO 12402-8:2006

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 8: Gabhálais — Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála (ISO 12402-8:2006)

7 Deireadh Fómhair 2022”.


IARSCRÍBHINN III

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/668, cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas:

Uimh.

An tagairt don chaighdeán

“4.

EN ISO 12402-2:2020

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 2: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 275 — Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-2:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

5.

EN ISO 12402-3:2020

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 3: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 150 — Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-3:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

6.

EN ISO 12402-4:2020

Gairis snámhachta phearsanta — Cuid 4: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 100 — Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-4:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní fhágann sé go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis an mbuncheanglas sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.”